22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/45


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/1631 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2022

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid luaidhe i gcáblaí agus sreanga forsheoltacha ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait agus luaidhe ina naisc leictreacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí monatóireachta agus rialúcháin agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí TLL a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é luaidhe a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

An 25 Márta 2019, fuair an Coimisiún iarratas arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid luaidhe i bhforsheoltóir ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait lena húsáid i gcáblaí agus sreanga agus luaidhe i naisc leictreacha ábhartha le comhpháirteanna TLL eile (“an díolúine a iarradh”). Is féidir BSCCO atá dópáilte le luaidhe a úsáid chun ciorcaid mhaighnéadacha fhorsheoltacha a chruthú i gcomhair feistí leighis agus ionstraimí rialúcháin agus monatóireachta.

(5)

Mar chuid den mheastóireacht ar an iarraidh ar dhíolúine, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(6)

Úsáidtear sádair a bhfuil luaidhe iontu chun cáblaí agus sreanga forsheoltacha a nascadh le comhpháirteanna TLL eile. Faoi láthair níl rogha malartach saor ó luaidhe ar fáil ar an margadh a thabharfadh leibhéal leordhóthanach iontaofachta maidir le feidhmeanna ina bhfuil gá le hairíonna amhail insínteacht agus friotachas leictreach íseal ag teochtaí ísle.

(7)

Maidir le meastóireacht na díolúine a iarradh, inar áiríodh staidéar measúnaithe teicniúil agus eolaíoch (2), ba é a conclúid go dtugtar buntáistí teicniúla agus feidhmiúla le luaidhe a chur le BSCCO nach dtugtar gan luaidhe a úsáid. Íomhánna níos mine le haghaidh diagnóis leighis nó le haghaidh taighde agus nuálaíochta, agus modh oibrithe níos cobhsaí le haghaidh na feidhmeanna ábhartha, is iad sin na buntáistí teicniúla agus feidhmiúla. Is féidir trealamh níos éifeachtúla agus iontaofa a tháirgeadh le luaidhe a chur le BSCCO, rud a théann chun tairbhe don chúram sláinte agus don nuálaíocht.

(8)

Tá sé dodhéanta faoi láthair luaidhe a ionadú nó a dhíothú san ábhar forsheoltach agus sna sádair bhainteacha a bhfuil an fheidhmíocht theicniúil chéanna acu, agus ní mheasfar go mbeidh sé indéanta sa todhchaí is intuartha. Tá an díolúine a iarradh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú.

(10)

D’fhéadfadh sé go mbeadh acmhainneacht ag na buntáistí teicniúla maidir le hábhar BSCCO atá dópáilte le luaidhe chun feabhsuithe agus nuálaíocht a spreagadh sa diagnóisic leighis agus sa taighde. Ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad thréimhse na díolúine ar an nuálaíocht. Dá bhrí sin, is iomchuí an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse bhailíochta fhada, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Márta 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar sheacht n-iarratas ar dhíolúine a bhaineann le hIarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

“48.

Luaidhe i gcáblaí agus sreanga forsheoltacha ocsaíd chopair chailciam strointiam biosmait (BSCCO) agus luaidhe sna naisc leictreacha a ghabhann leis na sreanga sin

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2027.”