19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 323/4


CINNEADH (AE) 2022/2481 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dteachtaireacht uaidh an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an bealach Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití] (“an Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach”) leag an Coimisiún amach an fhís atá aige do 2030 maidir le saoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú le claochlú digiteach (“an Deacáid Dhigiteach”). Maidir le bealach an Aontais i dtreo chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí, ba cheart ceannasacht dhigiteach a chuimsiú ar bhealach oscailte, le hurraim do chearta bunúsacha, don smacht reachta agus don daonlathas, cuimsiú, inrochtaineacht, comhionannas, inbhuanaitheacht, athléimneacht, slándáil, feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil, infhaighteacht seirbhísí agus urraim do chearta agus do mhianta na saoránach. Leis sin, ba cheart rannchuidiú le geilleagar agus sochaí san Aontas a bheidh dinimiciúil acmhainn-éifeachtúil agus cothrom.

(2)

Ní féidir an claochlú digiteach a dhéanamh gan tacaíocht láidir a thabhairt don eolaíocht, don taighde, don fhorbairt agus don phobal eolaíochta, ar cinn feadhna iad ar an réabhlóid theicneolaíoch dhigiteach. Thairis sin, ós rud é gur buntaca criticiúil d’athléimneacht eacnamaíoch agus shochaíoch é méid digiteála an gheilleagair nó na sochaí, agus gur gné é dá dtionchar domhanda, is gá do ghníomhaíocht idirnáisiúnta an Aontais struchtúr a chur ar raon leathan an chomhair atá ann cheana i gcomhréir le colúin na Deacáide Digití. Léirítear an gá atá leis an struchtúrú sin freisin sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal The Global Gateway “An Tairseach Dhomhanda”, trína bhfuil sé beartaithe ag an Aontas rannchuidiú leis an mbearna infheistíochta dhomhanda a laghdú, bunaithe ar chur chuige daonlathach, luachthiomáinte, lena gcothófar ardchaighdeáin agus comhpháirtíochtaí trédhearcacha chun freastal ar riachtanais forbartha bonneagair dhomhanda.

(3)

I ráiteas uathu an 25 Márta 2021, mheas comhaltaí na Comhairle Eorpaí gur céim í an Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach i dtreo fhorbairt dhigiteach an Aontais a rianú don deacáid atá romhainn agus dhearbhaigh siad an fhís a leagtar amach sa teachtaireacht sin, lena n-áirítear an coincheap maidir le clár beartais ag a mbeadh creat rialachais éifeachtúil chun cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta, a bhfuil gá leo le haghaidh chlaochlú digiteach an Aontais i réimsí criticiúla, a éascú. D’iarr siad ar an gCoimisiún freisin bosca uirlisí beartais an Aontais maidir leis an gclaochlú digiteach a leathnú, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil ó bheartas tionsclaíoch, trádála agus iomaíochta, scileanna agus oideachas, beartas taighde agus nuálaíochta agus ionstraimí cistiúcháin fadtéarmacha chun an claochlú digiteach a éascú.

(4)

Leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití “an Dearbhú Eorpach” cuirfear an pobal i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh, is é is aidhm dó prionsabail an chlaochlaithe dhigitigh a chur chun cinn, i gcomhréir le luachanna comhroinnte Eorpacha agus dlí comhroinnte Eorpach agus tá sé beartaithe rannchuidiú le cuspóirí ginearálta an Chinnidh seo a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na prionsabail dhigiteacha agus na cearta digiteacha a leagtar amach sa Dearbhú Eorpach a chur san áireamh agus iad ag comhoibriú, d’fhonn na cuspóirí ginearálta a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach.

(5)

Mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa], is gá don Aontas córais teicneolaíochtaí criticiúla agus earnálacha straitéiseacha a shainaithint, aghaidh a thabhairt ar laigí straitéiseacha agus ar spleáchais ardriosca a bhféadfadh ganntanais soláthair nó rioscaí cibearshlándála teacht astu, agus an claochlú digiteach a chothú. Cuireann an méid sin i bhfios a thábhachtaí atá sé go rachaidh Ballstáit i gcomhar lena chéile agus go dtacóidh siad le hiarrachtaí an tionscail aghaidh a thabhairt ar na spleáchais sin agus ar a bhfuil riachtanach chun acmhainneacht straitéiseach a fhorbairt. Is freagra é sin freisin ar an anailís ón gCoimisiún a leagtar amach i dteachtaireacht uaidh an 8 Meán Fómhair 2021 dar teideal 2021 Strategic Foresight Report — The EU’s capacity and freedom to act [Tuarascáil 2021 um Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach – Acmhainneacht an Aontais agus an tsaoirse chun gníomhú]. Faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ullmhúchán na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mhol an Coimisiún do na Ballstáit a n-iarrachtaí a chomhordú d’fhonn, inter alia, tionscadail ilnáisiúnta sa réimse digiteach a bhunú.

Léirigh an t-eispéireas sin gur gá don Choimisiún tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí comhordúcháin na mBallstát, agus gur gá don Aontas sásraí cur chun feidhme lena n-éascaítear infheistíochtaí comhpháirteacha a bheith aige chun tionscadail ilnáisiúnta a bhunú. I gcomhar le tionscnaimh eile an Choimisiúin, amhail Faireachlann an Aontais Eorpaigh um Theicneolaíochtaí Criticiúla, dá dtagraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 dar teideal Action Plan on synergies between civil, defence and space industries [Plean Gníomhaíochta maidir le sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis], ba cheart struchtúr rialachais a bhunú lena gcuirfí chun feidhme an Chompáis Dhigitigh, ba cheart dó bheith ina chabhair chun spleáchais straitéiseacha dhigiteacha an Aontais atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shainaithint agus ba cheart dó rannchuidiú le ceannasacht dhigiteach an Aontais a neartú ar bhealach oscailte.

(6)

I dteachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], chuir an Coimisiún i dtábhacht gur cheart don Aontas leas a bhaint as acmhainn an chlaochlaithe dhigitigh, rud atá ina phríomhchumasóir chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ba cheart don Aontas an claochlú digiteach is gá a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh ann, de bhrí gur cumasóirí criticiúla iad teicneolaíochtaí digiteacha mar aon le modhanna agus próisis nua chun na spriocanna inbhuanaitheachta den Chomhaontú Glas don Eoraip, de Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (4) agus de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach i roinnt earnálacha éagsúla. Ba cheart teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, 5G, 6G, blocshlabhra, an néalríomhaireacht agus an imeallríomhaireacht, agus idirlíon na rudaí nithiúla dlús a chur le beartais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an comhshaol a chosaint agus tionchar na mbeartas sin a uasmhéadú, lena n-áirítear trí shaolréanna inbhuanaithe. I gcomhar le loingseoireacht satailíte agus logánú, cuirtear deiseanna nua ar fáil freisin leis an digiteáil chun cianfhaireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir agus uisce, agus chun faireachán a dhéanamh ar úsáid fuinnimh agus acmhainní nádúrtha agus an úsáid sin a bharrfheabhsú. Teastaíonn ón Aontas earnáil dhigiteach ag a bhfuil an inbhuanaitheacht ina croílár, lena n-áirítear slabhra soláthair na hearnála sin, lena seachnófar spleáchas iomarcach ar amhábhair chriticiúla, lena n-áiritheofar ar bhonn infhíoraithe go mbeidh an bonneagar agus na teicneolaíochtaí digiteacha níos inbhuanaithe, níos inathnuaite agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus lena rannchuideofar le geilleagar inbhuanaithe ciorclach aeráidneodrach agus sochaí inbhuanaithe chiorclach aeráidneodrach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

(7)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na beartais agus ag na hinfheistíochtaí sa bhonneagar digiteach nascacht a áirithiú, a bheidh inrochtana do chách ar fud an Aontais, chomh maith le rochtain idirlín a bheith ar fáil, chun an bhearna dhigiteach ar fud an Aontais a dhúnadh, agus béim ar leith á leagan ar an deighilt idir limistéir gheografacha éagsúla.

(8)

Ba cheart na bearta a bheartaítear sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach a chur chun feidhme, chun na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa straitéis arna tíolacadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020, dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú] a neartú, agus chun tógáil ar ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana, amhail cláir faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ar Rialacháin (AE) 2021/523 (7), (AE) 2021/690 (8), (AE) 2021/694 (9), (AE) 2021/695 (10), (AE) 2021/1153 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus chun tógáil ar na cistí arna leithdháileadh ar an gclaochlú digiteach faoi Rialachán (AE) 2021/241. Leis an gCinneadh seo ba cheart clár beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhunú chun claochlú digiteach rathúil ar gheilleagar agus ar shochaí an Aontais a ghnóthú, a bhrostú agus a mhúnlú.

(9)

Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais, an 17 Samhain 2017, in Göteborg na Sualainne, iarrtar an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha ar dhea-chaighdeán, lena n-áirítear cumarsáid dhigiteach, chomh maith leis an gceart chun oideachais, oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach.

(10)

Chun conair an Aontais a leanúint maidir le luas an chlaochlaithe dhigitigh, ba cheart spriocanna digiteacha a shuí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na spriocanna digiteacha sin a nascadh le réimsí nithiúla a meastar go ndéanfar dul chun cinn comhchoiteann ina dtaobh laistigh den Aontas. Tá na spriocanna digiteacha bunaithe ar na ceithre phríomhphointe ar sainaithníodh sa Teachtaireacht maidir le Compás Digiteach gur réimsí bunriachtanacha iad le haghaidh chlaochlú digiteach an Aontais: scileanna digiteacha, bonneagair dhigiteacha, gnólachtaí a dhigiteáil, agus seirbhísí poiblí a dhigiteáil.

(11)

Tá an Cinneadh seo gan dochar d’Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(12)

Tá scileanna digiteacha, scileanna bunúsacha agus ardscileanna, chomh maith le scileanna eile, lena n-áirítear i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM), bunriachtanach chun dlús a chur le coigeartú thionscal an Aontais le haghaidh athruithe struchtúracha. Tá sé beartaithe go bhfuil saoránaigh a bhfuil cumas agus ábaltacht dhigiteach acu, lena n-áirítear saoránaigh faoi mhíchumas, in ann leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an Deacáid Dhigiteach. Chun an aidhm sin a bhaint amach, ba cheart béim láidir a leagan ar an oideachas lena áirithiú go mbeidh oiliúint leormhaith ar an bpobal oideachais, go mbeidh dóthain scileanna agus acmhainní ag an earnáil, go háirithe ag múinteoirí, chun úsáid éifeachtach a bhaint as an teicneolaíocht ina modhanna múinteoireachta agus chun a bheith in ann teicneolaíochtaí digiteacha a theagasc lena áirithiú gurbh fhearr a bheadh sé d’acmhainn ag mic léinn dul isteach i margadh an tsaothair sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. Ba cheart don oideachas digiteach agus don oiliúint dhigiteach feabhas a chur freisin ar tharraingteacht an Aontais do ghairmithe ardoilte a bhfuil ardscileanna digiteacha faighte acu agus ar a n-infhaighteacht ar mhargadh saothair an Aontais.

San Innéacs um an nGeilleagar agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2021 a d’fhoilsigh an Coimisiún, luaitear go raibh deacrachtaí, fiú roimh phaindéim COVID-19, ag gnólachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), líon leordhóthanach gairmithe teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a aimsiú. Dá bhrí sin, ba cheart don oiliúint dhigiteach agus don oideachas digiteach tacú leis na gníomhaíochtaí uile chun a áirithiú go mbeidh na scileanna ag an lucht saothair atá riachtanach faoi láthair agus a bheidh riachtanach amach anseo, scileanna lena dtacaítear le slógadh agus dreasacht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as tionchar na n-infheistíochtaí i bhfeabhsú na scileanna reatha (uas-sciliú) agus in oiliúint chun scileanna nua a fháil (athsciliú), agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil arna déanamh ag an bpobal gníomhach, chun a áirithiú go mbainfear lántairbhe as na deiseanna a thugtar le digiteáil na tionsclaíochta agus na seirbhísí. Ba cheart oiliúint dhigiteach neamhfhoirmiúil a chuireann fostóirí ar fáil i bhfoirm foghlama trí ghníomhaíocht a chothú freisin. Le hoideachas agus le hoiliúint tiocfaidh dreasachtaí nithiúla gairme freisin chun na difríochtaí sna deiseanna atá ann d’fhir agus do mhná agus na difríochtaí sa tslí a chaitear le fir agus mná a sheachaint agus deireadh a chur leo.

(13)

Is cumasóirí criticiúla iad bonneagar digiteach inbhuanaithe le haghaidh nascachta, micrileictreonaic agus an cumas chun ollsonraí a phróiseáil chun leas a bhaint as tairbhí na digiteála, chun forbairtí teicneolaíocha breise a dhéanamh agus chun ceannaireacht dhigiteach an Aontais a bhaint amach. I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 dar teideal A long-term Vision for the EU’s Rural Areas — Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe AE – I dtreo ceantair thuaithe atá níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040, tá gá le nascacht iontaofa, ghasta agus shlán do chách agus i ngach áit san Aontas, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin inar tearc an daonra chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí. Tá riachtanais na sochaí le bandaleithead uaslódála agus íoslódála atá cóineasaithe ag fás de shíor. Faoi 2030, ba cheart líonraí ar luas gigighiotáin a bheith ar fáil dóibh siúd a bhfuil a leithéid de thoilleadh ag teastáil uathu nó a bhfuil gá acu leis. Ba cheart d’úsáideoirí deiridh uile an Aontais a bheith in ann úsáid a bhaint as seirbhísí gigighiotáin, arna soláthar ag líonraí, ag suíomh fosaithe agus a imscartar a fhad le críochphointe an líonra. Thairis sin, ba cheart na limistéir uile ina gcuireann daoine fúthu a chumhdach le líonra ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach ar a laghad le 5G aige. Ba cheart do na gníomhaithe margaidh uile a bhaineann tairbhe as an gclaochlú digiteach a bhfreagrachtaí sóisialta a ghlacadh orthu féin agus rannchuidiú cothrom comhréireach a dhéanamh leis na hearraí poiblí, na seirbhísí poiblí agus na bonneagair phoiblí, ar mhaithe le saoránaigh san Aontas.

(14)

Is prionsabal í neodracht theicneolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 3(4)(c) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lenar cheart beartais dhigiteacha an Aontais agus beartais náisiúnta a threorú le haghaidh bonneagar nascachta digití ag a mbeidh an fheidhmíocht, an athléimneacht, an tslándáil agus an inbhuanaitheacht is airde chun tairbhe a bhaint as an rathúnas. Dá bhrí sin, na teicneolaíochtaí agus na córais tarchurtha uile atá in ann rannchuidiú le nascacht ghigighiotáin a bhaint amach, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta faoi láthair agus atá ar na bacáin maidir le snáithín, satailít, 5G nó aon éiceachóras eile a bheidh ann amach anseo agus Wi-Fi na chéad ghlúine eile, ba cheart déileáil leo mar a bheidís comhionann, i gcás gurb ionann dá bhfeidhmíocht líonra.

(15)

Tá leathsheoltóirí bunriachtanach d’fhormhór na bpríomh-luachshlabhraí straitéiseacha agus meastar go mbeidh éileamh níos mó fós orthu amach anseo ná mar atá faoi láthair, go háirithe sna réimsí teicneolaíocha is nuálaí. Ós rud é go bhfuil leathsheoltóirí lárnach sa gheilleagar digiteach, is cumasóirí criticiúla iad freisin don aistriú inbhuanaitheachta agus rannchuidíonn siad, dá bhrí sin, le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Rannchuidíonn leathsheoltóirí ag a bhfuil lorg ísealfhuinnimh freisin leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis na teicneolaíochtaí digiteacha inbhuanaithe. Tá sé beartaithe athléimneacht an luachshlabhra leathsheoltóirí agus an acmhainneacht táirgeachta leathsheoltóirí a neartú (lena n-áirítear ábhar, trealamh, dearadh, monarú, próiseáil agus pacáistiú), inter alia trí bhonneagar nuálach ar mórscála a thógáil i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil. Mar shampla, is cumasóirí criticiúla iad acmhainneacht chandamach agus leathsheoltóirí ísealchumhachta chun aeráidneodracht na n-imeallnód ardslándála a bhaint amach lena ráthaítear rochtain ar sheirbhísí sonraí ag a bhfuil aga folaigh íseal, gan beann ar shuíomh an úsáideora.

(16)

Diomaite dá bheith ina gcumasóirí, beidh na teicneolaíochtaí atá ann cheana agus na teicneolaíochtaí a bheidh ann amach anseo i gcroílár táirgí nua, próiseas monaraithe nua agus samhlacha nua gnó a bheidh bunaithe ar chomhroinnt chóir agus shlán sonraí sa gheilleagar sonraí, agus cosaint éifeachtach príobháideachais agus sonraí pearsanta á n-áirithiú an tráth céanna. Braitheann claochlú gnólachtaí ar a gcumas teicneolaíochtaí digiteacha nua a ghlacadh go pras agus go cuimsitheach, lena n-áirítear in éiceachórais thionsclaíocha agus éiceachórais seirbhísí atá ag titim ar gcúl faoi láthair. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gclaochlú sin do FBManna, a bhfuil dúshláin fós le sárú acu maidir le glacadh réiteach digiteach.

(17)

Moltar do na Ballstáit prionsabal na haonuaire a chur i bhfeidhm laistigh dá riarachán poiblí, lena gcothaítear athúsáid sonraí, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí, ionas nach mbeidh aon ualach breise ann ar shaoránaigh ná ar ghnólachtaí.

(18)

Braitheann an saol daonlathach agus na príomhsheirbhísí poiblí go mór ar theicneolaíochtaí digiteacha freisin. Ba cheart do gach saoránach agus gach gnólacht a bheith in ann idirghníomhú go digiteach le riaracháin phoiblí. Ba cheart faireachán a dhéanamh in DESI ar roinnt paraiméadar d’idirghníomhaíochtaí den sórt sin, lena n-áirítear úsáideoirlárnacht agus trédhearcacht. Ba cheart rochtain iomlán ar bhonn deonach a bheith ag daoine ar phríomhsheirbhísí poiblí, lena n-áirítear ríomhthaifid sláinte, trí thimpeallacht dhigiteach den aicme is fearr lena bhforáiltear do sheirbhísí agus uirlisí atá éasca le húsáid, éifeachtúil, iontaofa agus pearsantaithe lena mbaineann ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachais. Ba cheart a chumhdach freisin leis na príomhsheirbhísí poiblí sin seirbhísí atá ábhartha do mhórtheagmhais saoil na ndaoine nádúrtha, amhail post a chailleadh agus a fháil, staidéar a dhéanamh, carr a bheith ina seilbh acu nó é a thiomáint, nó gnólacht a thosú, agus do mhórtheagmhais saoil daoine dlítheanacha ina saolré ghairmiúil. Mar sin féin, ba cheart inrochtaineacht a choinneáil ar sheirbhísí as líne le linn an aistrithe chuig uirlisí digiteacha.

(19)

Ba cheart do theicneolaíochtaí digiteacha rannchuidiú le torthaí sochaíocha níos leithne a bhaint amach nach bhfuil teoranta don réimse digiteach, ach a bhfuil tionchar dearfach acu freisin ar ghnáthshaol agus ar dhea-bhail na saoránach. Má tá rath le bheith air, ba cheart don chlaochlú digiteach a bheith fite fuaite le feabhsuithe maidir leis an daonlathas, leis an dea-rialachas, leis an gcuimsiú sóisialta agus le seirbhísí poiblí níos éifeachtúla.

(20)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna digiteacha sin agus ar na sainmhínithe ábhartha sin faoi mhí an Mheithimh 2026 chun a mheas an gcomhlíonann siad fós ardleibhéal uaillmhéine an chlaochlaithe dhigitigh. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, i gcás ina measann sé go bhfuil gá le leasuithe ar na spriocanna digiteacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha agus sochaíocha, go háirithe i réimsí an gheilleagair sonraí, na hinbhuanaitheachta agus na cibearshlándála.

(21)

I gcás ina n-úsáidfear cistí poiblí, tá sé ríthábhachtach go ngnóthófar an luach is mó is féidir don tsochaí agus do ghnólachtaí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag cistiú poiblí go mbeadh rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach ar aschuir na dtionscadal arna gcistiú, ach amháin, i gcásanna cuí-réasúnaithe comhréireacha, nuair a mheastar gurb iomchuí a mhalairt a dhéanamh.

(22)

Maidir le dul chun cinn comhchuí cuimsitheach seasmhach i dtreo claochlú digiteach agus i dtreo spriocanna digiteacha an Aontais a bhaint amach, teastaíonn cineál rialachais cuimsitheach, láidir, iontaofa, solúbtha agus trédhearcach ar bhonn dlúthchomhair agus comhordúcháin idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit chun é sin a dhéanamh. Le sásra iomchuí, ba cheart comhordú ar chóineasú, malartú na ndea-chleachtas- agus comhsheasmhacht agus éifeachtacht beartas agus beart ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú agus ba cheart freisin gníomhachtú sineirgí iomchuí a spreagadh idir cistí an Aontais agus cistí náisiúnta, agus idir tionscnaimh agus cláir an Aontais freisin. Chuige sin, d’fhéadfadh an Coimisiún treoir agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le conas an leas is fearr a bhaint as na sineirgí is oiriúnaí. Chuige sin, is gá forálacha a leagan síos maidir le sásra faireacháin agus comhair lena gcuirtear chun feidhme an Compás Digiteach. Ba cheart éagsúlacht na gcásanna ar fud na mBallstát agus laistigh díobh a chur san áireamh sa sásra sin, ba cheart é a bheith comhréireach, go háirithe maidir leis an ualach riaracháin, agus ba cheart a cheadú, leis an sásra sin, do na Ballstáit leibhéal níos airde uaillmhéine a leanúint agus a gcuspóirí náisiúnta á mbunú acu.

(23)

Ba cheart a áireamh sa sásra faireacháin agus comhair lena gcuirtear chun feidhme an Compás Digiteach córas feabhsaithe faireacháin chun bearnaí in acmhainneachtaí straitéiseacha digiteacha an Aontais a shainaithint. Ba cheart a áireamh ann freisin sásra chun tuairisciú a dhéanamh, inter alia, ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, agus ar staid ghinearálta chomhlíonadh na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach sa Chinneadh seo. Ba cheart a shuí leis creat comhoibritheach idir an Coimisiún agus na Ballstáit ar mhaithe le réitigh a shainaithint, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar laigí agus ar mhaithe le gníomhaíochtaí spriocdhírithe le haghaidh leigheasanna éifeachtacha a mholadh.

(24)

Ba cheart DESI a chomhtháthú sa tuarascáil ar staid na Deacáide Digití (“an Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach”) agus ba cheart é a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha. Ba cheart anailís a bheith san áireamh le faireachán den sórt sin, is é sin anailís ar na táscairí lena ndéanfar an dul chun cinn ar leibhéal na mBallstát a thomhas, anailís ar na beartais agus tionscnaimh náisiúnta arb é is aidhm dóibh na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach, mar aon le hanailísí cothrománacha agus téamacha lena rianófar claochlú digiteach gheilleagair an Aontais agus rangú dhul chun cinn na mBallstát dá bharr. Go háirithe, ba cheart gnéithe agus táscairí DESI a ailíniú leis na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo. Maidir le gach sprioc dhigiteach, ba cheart eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) a leagan amach sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfaidh an Coimisiún. Ba cheart na ETFanna a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá ar mhaithe le faireachán éifeachtach leanúnach agus ar mhaithe le forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh. Ba cheart an sásra bailithe sonraí laistigh de na Ballstáit a threisiú, i gcás inarb iomchuí, chun staid reatha chuimsitheach a chur i láthair maidir leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha, mar aon le faisnéis maidir le beartais, cláir agus tionscnaimh ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart, i gcás inar féidir, sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne agus ó thaobh réigiúin de a áireamh inti i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Ar bhonn na n-athbhreithnithe ón gCoimisiún agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, amlíne a ullmhú do riachtanais bailithe sonraí sa todhchaí. Agus DESI á bhunú, ba cheart don Choimisiún a bheith ag brath, den chuid is mó, ar staidreamh oifigiúil a bhailítear i suirbhéanna éagsúla an Aontais i ndáil leis an tsochaí faisnéise faoi Rialacháin (AE) 2019/1700 (13) agus (AE) 2019/2152 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as staidéir shonracha chun sonraí a bhailiú le haghaidh táscairí ábhartha nach ndéantar a thomhas i suirbhéanna an Aontais nó a bhailítear trí chleachtaí tuairiscithe eile, amhail faoi chuimsiú na straitéise a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2008 dar teideal “Think Small First” - A “Small Business Act” for Europe (“Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús” — an tAcht um “Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip], lena n-áirítear a athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht FBManna. Ní fasaigh le haghaidh ETFanna iad na sainmhínithe a bhaineann leis na spriocanna digiteacha faoin gCinneadh seo agus ní chuireann siad bac ar bhealach ar bith ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna sin a thomhas trí ETFanna.

(25)

Chun na comhreachtóirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh dhul chun cinn an chlaochlaithe dhigitigh san Aontas, ba cheart don Choimisiún Tuarascáil bhliantúil ar an Deacáid Dhigiteach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeadh forléargas agus anailís ar chlaochlú digiteach an Aontais agus meastóireacht ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí ginearálta an Chinnidh seo agus maidir leis na spriocanna digiteacha don tréimhse go dtí 2030. Ba cheart an Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, go háirithe DESI, a bheith ina hionchur sa Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ba cheart do na beartais mholta, na bearta molta agus na gníomhaíochtaí molta a áirítear sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach na moltaí tírshonracha a chomhlánú.

(26)

Ó 2019 i leith, tá Scórchlár na mBan sa Ré Dhigiteach san áireamh in DESI, ina ndéantar measúnú ar fheidhmíocht na mBallstát i réimsí úsáide an idirlín, scileanna úsáideora an idirlín chomh maith le sainscileanna agus sainfhostaíocht, bunaithe ar 12 tháscaire. Le Scórchlár na mBan sa Ré Dhigiteach a áireamh sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, ba cheart faireachán a éascú ar an mbearna dhigiteach idir na hinscní.

(27)

Go háirithe, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt sa Tuarascáil uaidh ar an Deacáid Dhigiteach ar a éifeachtaí a cuireadh cuspóirí ginearálta an Chinnidh seo chun feidhme i mbeartais, bearta nó gníomhaíochtaí, agus ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna digiteacha a bhaint amach, agus sonraí á dtabhairt ar mhéid dhul chun cinn an Aontais i ndáil le conairí réamh-mheasta le haghaidh gach sprice, an measúnú ar na hiarrachtaí is gá chun gach sprioc a bhaint amach, lena n-áirítear aon bhearnaí infheistíochta ar bith in acmhainneachtaí digiteacha agus sa nuálaíocht, mar aon le feasacht a mhúscailt i dtaobh na ngníomhaíochtaí is gá chun ceannasacht dhigiteach a mhéadú ar bhealach oscailte. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil freisin measúnú ar chur chun feidhme tograí rialála ábhartha chomh maith le measúnú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

(28)

Ar bhonn an mheasúnaithe ón gCoimisiún, ba cheart beartais mholta shonracha, bearta molta sonracha agus gníomhaíochtaí molta sonracha a áireamh sa tuarascáil. Agus beartais, bearta agus gníomhaíochtaí á moladh aige sa tuarascáil, ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na sonraí is déanaí atá ar fáil, na gealltanais chomhpháirteacha a tugadh, na beartais agus na bearta arna sainiú ag na Ballstáit chomh maith leis an dul chun cinn maidir le gníomhaíochtaí molta a sainaithníodh i dtuarascálacha roimhe sin agus ar tugadh aghaidh orthu trí bhíthin an tsásra chomhoibrithigh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na difríochtaí acmhainneachta atá ag na Ballstáit aonair rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a bhaint amach, chomh maith leis na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí atá ann cheana féin a mheastar iad a bheith iomchuí chun na spriocanna sin a bhaint amach, fiú murab ann dá n-éifeachtaí go fóill.

(29)

D’fhonn a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, agus go rannchuideoidh gach Ballstát go héifeachtach leis sin, ba cheart do dhearadh agus cur chun feidhme an tsásra faireacháin agus comhair a áirithiú go ndéanfar malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas trí idirphlé cuiditheach agus cuimsitheach idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthúil maidir le toradh an idirphlé.

(30)

Chun go mbainfidh an tAontas amach na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, conairí réamh-mheasta a bhunú ina dtaobh. Ba cheart do na Ballstáit na conairí réamh-mheasta sin a thiontú, i gcás inar féidir, ina gconairí réamh-mheasta náisiúnta, agus ba cheart, i gcás inarb iomchuí, aird chuí a thabhairt ar an ngné réigiúnach. Ba cheart acmhainneacht éagsúil agus túsphointí éagsúla na mBallstát aonair chun rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha a chur san áireamh agus a léiriú sna conairí réamh-mheasta náisiúnta. Ba cheart do na conairí réamh-mheasta náisiúnta cuidiú leis an dul chun cinn le himeacht ama, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, a mheasúnú.

(31)

Lena áirithiú go mbeidh an comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit éifeachtúil agus éifeachtach, ba cheart do na Ballstáit treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an deacáid dhigiteach lena gclúdófar an tréimhse go 2030 (“na treochláir náisiúnta”) a chur faoi bhráid an Choimisiúin, treochláir lena molfar, i gcás inar féidir agus inarb intomhaiste ar an leibhéal náisiúnta, conairí réamh-mheasta náisiúnta lena dtabharfar tuairisc ar gach ionstraim atá beartaithe, gach ionstraim a glacadh agus gach ionstraim a cuireadh chun feidhme d’fhonn rannchuidiú leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann faisnéis ar bheartais, bearta agus gníomhaíochtaí atá le déanamh ar an leibhéal réigiúnach a áireamh ina gcuid treochlár náisiúnta. Ba cheart na treochláir náisiúnta sin a dhréachtú tar éis dul i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí, amhail eagraíochtaí gnó, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, na -comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear daoine scothaosta agus an óige, chomh maith le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha agus ba cheart iad a bheith ina n-uirlis ríthábhachtach chun beartais na mBallstát a chomhordú agus chun intuarthacht a áirithiú don mhargadh. Ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh ábhartha earnála, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, a chur san áireamh agus comhsheasmhacht leo a chothú. Má gheallann Ballstát treochlár náisiúnta a sholáthar chun rannchuidiú leis na spriocanna digiteacha ar leibhéal an Aontais, ní chuireann an gealltanas sin cosc ar an mBallstát céanna straitéisí a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach ná speisialtóireacht a dhéanamh i réimsí tionsclaíocha nó digiteacha áirithe.

(32)

Le linn na dtimthriallta comhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit, d’fhéadfadh Ballstáit coigeartuithe ar a dtreochláir náisiúnta a mholadh chun forás an chlaochlaithe dhigitigh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh agus chun freagairt, go háirithe, ar bheartais, bearta agus gníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún. Chun cur chuige comhsheasmhach agus inchomparáide a chothú ar fud na mBallstát agus chun ullmhú a dtreochláir náisiúnta a éascú, ba cheart don Choimisiún treoir a sholáthar ina leagfar amach ar bhealach níos mionsonraithe na príomhghnéithe den struchtúr atá ag treochláir náisiúnta agus, go háirithe, na gnéithe coiteanna ba cheart a áireamh sna treochláir náisiúnta go léir. Ba cheart foráil a dhéanamh sa treoir freisin maidir le cur chuige ginearálta a bheidh le leanúint ag na Ballstáit agus a gconairí réamh-mheasta náisiúnta á bhforbairt acu.

(33)

Ba cheart tús a chur leis an sásra comhair agus faireacháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit le measúnú ar a dtreochláir náisiúnta agus ba cheart é a bhunú ar na sonraí a soláthraíodh agus ar an measúnú sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, agus ar an aiseolas a fuarthas ó na geallsealbhóirí ábhartha amhail eagraíochtaí gnó, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, chomh maith le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha.

(34)

Maidir le huainiú an chomhair, ba cheart a chur san áireamh gur gá torthaí na dtimthriallta comhair roimhe seo, chomh maith le beartais, bearta, gníomhaíochtaí agus na coigeartuithe féideartha ar na treochláir náisiúnta, a léiriú gach 2 bhliain.

(35)

Chun dul i dtreo na spriocanna digiteacha i gcomhréir leis na conairí réamh-mheasta ba cheart do Bhallstáit, a meastar sa tuarascáil nach bhfuil a dóthain dul chun cinn déanta acu i réimse faoi leith, coigeartuithe a mholadh ar bheartais, bearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn acu tabhairt fúthu chun dul chun cinn a chothú sa réimse criticiúil sin. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi inar thug na Ballstáit, go comhchoiteann agus ina n-aonar, aghaidh ar na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí a luadh i dtuarascáil na bliana roimhe sin. Ba cheart do Bhallstát a bheith in ann a iarraidh go seolfaí próiseas athbhreithnithe piaraí chun deis a thabhairt do Bhallstáit eile a dtuairimí a thabhairt i dtaobh moltaí a bhfuil sé ar intinn aige iad a chur i láthair ina threochlár náisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann lena n-oiriúnacht chun sprioc shonrach a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún malartú eispéireas agus dea-chleachtas a éascú trí bhíthin an phróisis athbhreithnithe piaraí.

(36)

Ba cheart don Choimisiún agus do Bhallstát amháin nó níos mó, nó ar a laghad dhá Bhallstát, a bheith in ann gealltanais chomhpháirteacha a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí comhordaithe ar mhaith leo iad a dhéanamh chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach, tionscadail ilnáisiúnta a bhunú, agus comhaontú a dhéanamh ar aon bheartas, aon bhearta agus aon ghníomhaíochtaí eile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil sé de chuspóir acu dul i dtreo na spriocanna sin i gcomhréir leis na conairí réamh-mheasta. Is tionscnamh chun comhoibriú é gealltanas comhpháirteach, agus é d’aidhm aige go háirithe rannchuidiú leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach. Ba cheart trí Bhallstát ar a laghad a bheith san áireamh i dtionscadail ilnáisiúnta agus i gcuibhreannais don bhonneagar digiteach Eorpach (EDICanna).

(37)

Agus faireachán á dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí ginearálta an Chinnidh seo agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach ann, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhoibriú go dílis i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit obair leantach iomchuí a dhéanamh ar aon ghlao ar chomhar a dhéanfaidh an Coimisiún, go háirithe i gcás ina n-imítear go mór ó chonair réamh-mheasta náisiúnta Ballstáit nó i gcás nár tugadh aghaidh ar imeacht den sórt sin ar feadh tréimhse shubstaintiúil.

(38)

Tá sé ríthábhachtach na beartais mholta, na bearta molta agus na gníomhaíochtaí molta, na treochláir náisiúnta agus na coigeartuithe a rinneadh orthu a chur chun feidhme go héifeachtach chun cuspóirí ginearálta an Chinnidh seo agus na spriocanna digiteacha a leagtar amach ann a bhaint amach. Tá idirphlé struchtúrtha le Ballstáit aonair bunriachtanach chun treoir agus tacaíocht a thabhairt dóibh sin maidir leis na bearta iomchuí a shainaithint agus a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo a gconairí réamh-mheasta náisiúnta, go háirithe i gcás ina measann na Ballstáit go bhfuil gá lena dtreochláir náisiúnta a choigeartú ar bhonn na mbeartas molta, na mbeart molta agus na ngníomhaíochtaí molta ón gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choimeád ar an eolas go hiomchuí, go háirithe maidir leis an bpróiseas agus maidir le toradh an idirphlé struchtúrtha.

(39)

Chun trédhearcacht agus rannpháirtíocht phoiblí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí leasmhara uile. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comhoibriú go dlúth le geallsealbhóirí lena n-áirítear an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe príobháideacha agus poiblí, amhail comhlachtaí arna rialú le dlíthe poiblí na n-earnálacha oideachais agus oiliúna nó sláinte, agus ba cheart dó dul i gcomhairle leo faoi bhearta chun dlús a chur leis an gclaochlú digiteach ar leibhéal an Aontais. Nuair a théitear i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, ba cheart don Choimisiún a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir agus ról a thabhairt do chomhlachtaí atá ríthábhachtach maidir le rannpháirtíocht na gcailíní agus na mban in oideachas digiteach agus i ngairmeacha digiteacha a chur chun cinn, arb é is aidhm dóibh cur chuige atá cothrom ó thaobh inscne de a chur chun cinn a mhéid is féidir nuair a chuireann na Ballstáit na treochláir náisiúnta chun feidhme. Tá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí tábhachtach ar leibhéal na mBallstát freisin, go háirithe agus a dtreochláir náisiúnta agus aon choigeartuithe orthu á nglacadh acu. Ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit ról a thabhairt d’eagraíochtaí gnó, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, ar bhonn tráthúil agus i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil.

(40)

Le tionscadail ilnáisiúnta, ba cheart a bheith in ann idirghabhálacha mórscála a dhéanamh i réimsí tábhachtacha atá riachtanach chun na spriocanna digiteacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach, go háirithe trí acmhainní ón Aontas, ó na Ballstáit, agus, i gcás inarb iomchuí, ó fhoinsí príobháideacha, a chomhthiomsú. I gcás inar gá chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann páirt a thabhairt do thríú tíortha atá comhlachaithe le clár de chuid an Aontais ar a ndéantar bainistiú díreach agus a thacaíonn le claochlú digiteach an Aontais. Ba cheart tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus dlúthchomhar ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gCoimisiún i dtaobh dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta trí thionscadail ilnáisiúnta atá réidh lena gcur chun feidhme a shainaithint as measc na gcatagóirí tionscadal a áirítear go táscach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus comhairle á cur aige ar na Ballstáit maidir le roghnú an tsásra cur chun feidhme is oiriúnaí atá ann cheana, maidir le roghnú na bhfoinsí cistiúcháin agus meascán na bhfoinsí sin agus maidir le hábhair straitéiseacha eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na dtionscadal sin. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún treoir a thabhairt maidir le EDIC a bhunú mar shásra cur chun feidhme. Is féidir leis na Ballstáit, ar mian leo déanamh amhlaidh, comhoibriú nó gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh i réimsí eile nach iad na réimsí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

(41)

Ba cheart tacaíocht phoiblí do na tionscadail ilnáisiúnta a úsáid, go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha ar bhealach comhréireach, gan an chothroime iomaíochta a shaobhadh ná maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú. Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith ag tionscadail ilnáisiúnta, agus ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus leis an dlí náisiúnta atá comhsheasmhach le dlí an Aontais.

(42)

Ba cheart do na tionscadail ilnáisiúnta a bheith in ann foinsí éagsúla cistiúcháin ón Aontas agus ó na Ballstáit a mhealladh agus a chomhcheangal, ar bhealach éifeachtúil, agus, i gcás inarb infheidhme, cistiú ó thríú tíortha atá comhlachaithe le clár de chuid an Aontais ar a ndéantar bainistiú díreach agus a thacaíonn le claochlú digiteach an Aontais a mhealladh agus a chomhcheangal„ agus, i gcás inar féidir, sineirgí eatarthu á n-aimsiú acu. Go háirithe, ba cheart a bheith in ann cistí ó chláir lárbhainistithe de chuid an Aontais a chur le hacmhainní arna ngealladh ag na Ballstáit, lena n-áirítear, faoi choinníollacha áirithe, ranníocaíochtaí ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a mhínítear i gCuid 3 den treoir ón gCoimisiúin do na Ballstáit maidir lena bPleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le ranníocaíochtaí ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ón gCiste Comhtháthaithe. Nuair atá cúis mhaith leis, mar gheall ar chineál tionscadail ilnáisiúnta ar leith, ba cheart ranníocaíochtaí ó eintitis seachas an tAontas agus na Ballstáit, lena n-áirítear ranníocaíochtaí príobháideacha, a cheadú freisin.

(43)

Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus é ag gníomhú mar chomhordaitheoir tionscadal ilnáisiúnta, cúnamh a thabhairt do Bhallstáit a leasanna i dtionscadail ilnáisiúnta a shainaithint, treoir neamhcheangailteach a thabhairt maidir le roghnú sásraí barrmhaithe cur chun feidhme, agus cúnamh a sholáthar dóibh sa chur chun feidhme, nithe a rannchuideoidh leis an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht den sórt sin a sholáthar ach amháin má chuireann Ballstáit atá rannpháirteach i dtionscadail ilnáisiúnta ina choinne sin. Ba cheart don Choimisiún gníomhú i gcomhar leis na Ballstáit rannpháirteacha.

(44)

Ar iarratas ó na Ballstáit lena mbaineann agus tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann EDIC a bhunú chun tionscadal ilnáisiúnta ar leith a chur chun feidhme.

(45)

Ba cheart don Bhallstát óstach a chinneadh an gcomhlíonann EDIC na ceanglais maidir le haitheantas mar chomhlacht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 143, pointe (g), agus Airteagal 151(1), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE (15) ón gComhairle agus mar eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (b), de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (16).

(46)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le ETFanna agus maidir le EDICanna a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(47)

Níl feidhm ag an gCinneadh seo maidir le bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, leis an tslándáil phoiblí ná leis an gcosaint,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach agus leagtar amach ann sásra faireacháin agus comhair le haghaidh an chláir sin a ainmnítear chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

timpeallacht a chruthú atá fabhrach do nuálaíocht agus d’infheistíocht trí threo soiléir a leagan síos maidir le claochlú digiteach an Aontais agus maidir le spriocanna digiteacha a bhaint amach ar leibhéal an Aontais faoi 2030, ar bhonn táscairí intomhaiste;

(b)

comhar a struchtúrú agus a spreagadh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit;

(c)

comhsheasmhacht, inchomparáideacht, trédhearcacht agus iomláine fhaireachán agus thuairisciú an Aontais a chothú.

2.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear creat le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach” nó “DESI” tacar bliantúil d’anailísí agus táscairí tomhais ar ar a bhonn a dhéanann an Coimisiún faireachán ar fheidhmíocht fhoriomlán dhigiteach an Aontais agus na mBallstát thar roinnt gnéithe beartais, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta acu i dtreo na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4;

(2)

ciallaíonn “tionscadail ilnáisiúnta” tionscadail mhórscála lena n-éascaítear baint amach na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4, lena n-áirítear an maoiniú arna thabhairt ag an Aontas agus ag na Ballstáit dóibh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(3)

ciallaíonn “staidreamh” staidreamh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(4)

ciallaíonn “próiseas athbhreithnithe piaraí” sásra lenar féidir leis na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir le gnéithe sonracha na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhaíochta arna moladh ag Ballstát ar leith agus go háirithe maidir lena éifeachtúla agus a oiriúnaí atá siad chun rannchuidiú le sprioc shonrach i measc na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, i gcomhthéacs an chomhair de bhun Airteagal 8;

(5)

ciallaíonn “conair réamh-mheasta” an bealach a mheastar a bheidh le gach sprioc dhigiteach go dtí 2030, chun na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, ar bhonn sonraí stairiúla i gcás inarb ann dóibh.

(6)

ciallaíonn “imeall-nóid” acmhainneacht próiseála sonraí dáilte atá ceangailte leis an líonra agus atá suite gar don chríochphointe fisiciúil, nó laistigh de, ina ngintear na sonraí, lena dtairgtear cumais ríomhaireachta agus stórála dáilte le haghaidh próiseáil sonraí ag a bhfuil aga folaigh íseal;

(7)

ciallaíonn “déine dhigiteach” an luach comhiomlánaithe arna shannadh do ghnóthas, ar bhonn líon na dteicneolaíochtaí a mbaineann an gnóthas sin úsáid astu, i bhfianaise scórchlár teicneolaíochtaí éagsúla, i gcomhréir le DESI;

(8)

ciallaíonn “príomhsheirbhísí poiblí” seirbhísí bunriachtanacha arna soláthar ag eintitis phoiblí do dhaoine nádúrtha le linn a bpríomhimeachtaí saoil agus do dhaoine dlítheanacha ina saolré ghairmiúil;

(9)

ciallaíonn “ardscileanna digiteacha”scileanna agus inniúlachtaí gairmiúla a dteastaíonn eolas agus taithí ina leith chun teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí digiteacha a thuiscint, a dhearadh, a fhorbairt, a bhainistiú, a thástáil, a imscaradh, a úsáid agus a chothabháil;

(10)

ciallaíonn “scil bhunúsach dhigiteach” an cumas gníomhaíocht amháin, ar a laghad, a dhéanamh, trí mheáin dhigiteacha, a bhaineann leis na réimsí seo a leanas: faisnéis, cumarsáid agus comhoibriú, cruthú inneachair, sábháilteacht agus sonraí pearsanta, agus réiteach fadhbanna;

(11)

ciallaíonn “aonbheannach”:

(a)

gnóthas a bunaíodh tar éis an 31 Nollaig 1990, a raibh tairiscint tosaigh phoiblí aige nó a raibh díolachán trádála os cionn USD 1 bhilliún aige; nó

(b)

gnóthas a rinneadh a luacháil ar luach os cionn USD 1 bhilliún ina bhabhta cistiúcháin fiontair phríobháidigh is déanaí, lena n-áirítear i gcás nár deimhníodh an luacháil in idirbheart tánaisteach;

(12)

ciallaíonn “fiontar beag nó meánmhéide” nó “FBM” micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (19).

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach

1.   Comhoibreoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun tacú leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas agus chun iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais (“na cuspóirí ginearálta”):

(a)

timpeallacht dhigiteach a chur chun cinn a bheidh cuimsitheach, trédhearcach, oscailte, dírithe ar an duine, agus bunaithe ar chearta bunúsacha ina gcomhlíontar agus ina bhfeabhsaítear prionsabail, cearta agus luachanna an Aontais le teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha atá slán agus idir-inoibritheach agus ina mbeidh rochtain ag cách ar fud an Aontais orthu;

(b)

athléimneacht chomhchoiteann na mBallstát a threisiú agus an bhearna dhigiteach a dhúnadh, an chothromaíocht inscne agus an chothromaíocht gheografach a bhaint amach trí dheiseanna leanúnacha a chur chun cinn do chách, bunscileanna agus ardscileanna digiteacha mar aon le hinniúlachtaí a fhorbairt, lena n-áirítear trí ghairmoiliúint agus oiliúint ghairmiúil, agus foghlaim ar feadh an tsaoil, agus trí fhorbairt acmhainneachtaí digiteacha ardfheidhmíochta a chothú laistigh de chórais chothrománacha oideachais agus oiliúna;

(c)

ceannasacht dhigiteach an Aontais a áirithiú ar bhealach oscailte, go háirithe trí bhonneagair shlána inrochtana dhigiteacha agus sonraí a bheidh in ann líon ollmhór sonraí a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil go héifeachtúil lena gcumasaítear forbairtí teicneolaíocha eile, lena dtacaítear le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht thionscal agus gheilleagar an Aontais, go háirithe FBManna, agus athléimneacht shlabhraí luacha an Aontais chomh maith leis an éiceachóras nuathionscanta agus feidhmiú rianúil na mol nuálaíochta digití Eorpach a chothú;

(d)

imscaradh agus úsáid acmhainneachtaí digiteacha a chur chun cinn, d’fhonn an deighilt dhigiteach gheografach a laghdú lena dtabharfar rochtain do theicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí ar bhonn oscailte, inrochtana agus cothrom chun ardleibhéal déine digití agus nuálaíochta i bhfiontair an Aontais, go háirithe sna gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, a bhaint amach;

(e)

éiceachóras cuimsitheach agus inbhuanaithe de bhonneagair dhigiteacha idir-inoibritheacha a fhorbairt ina mbeidh ardfheidhmíocht, imeall-ríomhaireacht, néalríomhaireacht, ríomhaireacht chandamach, intleacht shaorga, bainistiú sonraí agus nascacht líonra ag obair i gcóineasú, chun a nglacadh a chur chun cinn i ngnólachtaí san Aontas, chun deiseanna a chruthú le haghaidh fáis agus post trí thaighde, fhorbairt agus nuálaíocht; agus a áirithiú go mbeidh bonneagar néalríomhaireachta sonraí iomaíoch, slán agus inbhuanaithe i bhfeidhm ag an Aontas, lena ngabhfaidh ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachais agus lena gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí;

(f)

timpeallacht rialála dhigiteach de chuid an Aontais a chur chun cinn chun tacú le cumas ghnóthais an Aontais, go háirithe FBManna, dul san iomaíocht go cothrom feadh slabhraí luacha domhanda;

(g)

a áirithiú go mbeidh gach duine in ann páirt a ghlacadh sa saol daonlathach ar líne, agus go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí poiblí agus ar sheirbhísí sláinte agus cúraim i dtimpeallacht iontaofa shlán ar líne, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta, lena gcuirtear seirbhísí agus uirlisí cuimsitheacha, éifeachtúla, idir-inoibritheacha agus pearsantaithe ar fáil a bhfuil ardchaighdeáin slándála agus phríobháideachais ag baint leo;

(h)

a áirithiú go mbeidh bonneagair dhigiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear a slabhraí soláthair, níos inbhuanaithe, níos athléimní, agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus ar acmhainní d’fhonn a dtionchar diúltach comhshaoil agus sóisialta a íoslaghdú, agus rannchuidiú le geilleagar agus sochaí ciorclach, aeráidneodrach agus inbhuanaithe i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear trí thaighde agus nuálaíocht a chur chun cinn lena rannchuidítear leis an gcríoch sin agus trí mhodheolaíochtaí a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní an spáis dhigitigh a thomhas;

(i)

éascú a dhéanamh ar choinníollacha córa neamh-idirdhealaitheacha d’úsáideoirí le linn an chlaochlaithe dhigitigh ar fud an Aontais trí na sineirgí idir infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí agus úsáid chistí an Aontais agus na cistí náisiúnta a neartú, agus trí chur chuige rialála agus tacúil intuartha a fhorbairt, lena mbaineann an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil freisin;

(j)

a áirithiú go gcuirfear gach beartas agus clár atá ábhartha do bhaint amach na spriocanna digiteacha a leagtar amach in Airteagal 4 san áireamh ar bhealach comhordaithe agus comhleanúnach le go mbeidh siad ina rannchuidiú iomlán leis an aistriú glas agus digiteach Eorpach, agus forluí á sheachaint agus ualaí riaracháin á n-íoslaghdú an tráth céanna;

(k)

an athléimneacht i gcoinne cibirionsaithe a fheabhsú, rannchuidiú le feasacht riosca agus eolas ar phróisis chibearshlándála a mhéadú, agus cur leis na hiarrachtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chun leibhéil bhunúsacha, ar a laghad, den chibearshlándáil a bhaint amach.

2.   Agus iad i mbun comhair chun na cuspóirí ginearálta a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún san áireamh na prionsabail dhigiteacha agus na cearta digiteacha a leagtar amach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití.

Airteagal 4

Spriocanna digiteacha

1.   Comhoibreoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus na Ballstáit d’fhonn na spriocanna digiteacha seo a leanas a bhaint amach san Aontas faoi 2030 (“na spriocanna digiteacha”):

(1)

daonra ag a mbeidh scileanna digiteacha agus gairmithe digiteacha ardoilte, darb aidhm an chothromaíocht inscne a bhaint amach, i gcás ina bhfuil:

(a)

bunscileanna digiteacha ag 80 %, ar a laghad, díobh siúd idir 16-74 bliana d’aois;

(b)

20 milliún speisialtóir TFC, ar a laghad, fostaithe laistigh den Aontas, agus rochtain na mban ar an réimse sin á cur chun cinn an tráth céanna agus líon na gcéimithe TFC a mhéadú;

(2)

bonneagair dhigiteacha shlána, athléimneacha, fheidhmiúla agus inbhuanaithe, i gcás ina bhfuil:

(a)

fáil ag gach úsáideoir deiridh ag suíomh fosaithe ar líonra gigighiotáin suas go dtí críochphointe an líonra, agus fáil ag na limistéir go léir a bhfuil daonra iontu ar líonraí ardluais gan sreang den chéad ghlúin eile ag a bhfuil feidhmíocht atá coibhéiseach le 5G, ar a laghad, i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche;

(b)

i gcomhréir le dlí an Aontais maidir leis an inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha san Aontas ag 20 %, ar a laghad, den táirgeacht dhomhanda ó thaobh luacha de;

(c)

10 000 imeall-nód aeráidneodrach slán, ar a laghad, imscartha san Aontas, dáilte ar bhealach a ráthaíonn rochtain ar sheirbhísí sonraí ag a bhfuil aga folaigh íseal (i.e. laistigh de roinnt milleasoicind) pé áit a bhfuil gnólachtaí lonnaithe;

(d)

a chéad ríomhaire le luasghéarú candamach ag an Aontas faoi 2025, rud a réiteoidh an bealach don Aontas a bheith ceannródaíoch ó thaobh cumais chandamacha de faoi 2030.

(3)

claochlú digiteach gnólachtaí, i gcás ina bhfuil:

(a)

ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas glactha ag 75 % d’fhiontair an Aontais, ar a laghad, i gcomhréir lena n-oibríochtaí gnó:

(i)

seirbhísí néalríomhaireachta;

(ii)

mórshonraí;

(iii)

an intleacht shaorga;

(b)

bunleibhéal déine digití bainte amach ag níos mó ná 90 % de FBManna an Aontais;

(c)

an tAontas ag éascú fás a chuideachtaí nuálaíocha atá i mbun fáis agus ag feabhsú a rochtain ar mhaoiniú, as a dtiocfaidh dúbailt, ar a laghad, ar líon na n-aonbheannach dá thoradh sin;

(4)

digiteáil na seirbhísí poiblí, i gcás ina bhfuil:

(a)

príomhsheirbhísí poiblí 100 % inrochtana ar líne agus, i gcás inarb ábhartha, gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí san Aontas idirghníomhú ar líne leis na riaracháin phoiblí;

(b)

rochtain ag 100 % de shaoránaigh an Aontais ar a ríomhthaifid sláinte;

(c)

rochtain ag 100 % de shaoránaigh an Aontais ar mhodh ríomhshainaitheantais slán (eID) a aithnítear ar fud an Aontais, rud a chuireann ar a gcumas smacht iomlán a bheith acu ar idirbhearta céannachta agus ar shonraí pearsanta comhroinnte.

2.   Agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus Airteagail 7, 8 agus 9 á cur san áireamh go háirithe, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna digiteacha agus ar na sainmhínithe ábhartha faoin 30 Meitheamh 2026. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe agus déanfaidh sé togra reachtach a chur faoina mbráid chun na spriocanna digiteacha a leasú i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicniúla, eacnamaíocha nó sochaíocha chun claochlú digiteach rathúil an Aontais a bhaint amach.

Airteagal 5

Faireachán ar an dul chun cinn

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhul chun cinn an Aontais i dtreo na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha. Chuige sin, braithfidh an Coimisiún ar DESI agus leagfaidh sé amach na ETFanna do gach sprioc dhigiteach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún go tráthúil an staidreamh agus na sonraí is gá don fhaireachán éifeachtach ar an gclaochlú digiteach agus ar a oiread is a baineadh amach na spriocanna digiteacha. Beidh na sonraí sin, i gcás inar féidir, dí-chomhiomlánaithe ar bhonn inscne agus réigiúin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil an staidreamh ábhartha ó na Ballstáit ar fáil, féadfaidh an Coimisiún modheolaíocht mhalartach bailithe sonraí a úsáid, amhail staidéir nó sonraí a bhailiú go díreach ó na Ballstáit, i gcomhairle leis na Ballstáit, lena n-áirítear chun a áirithiú go ndéanfar an leibhéal réigiúnach a dhoiciméadú i gceart. Ní dhéanfaidh úsáid na modheolaíochta malartaí bailithe sonraí sin difear do chúraimí an Choimisiúin (Eurostat) mar a leagtar síos i gCinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún (20).

3.   Bunóidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais maidir le gach ceann de na spriocanna digiteacha. Beidh na conairí réamh-mheasta sin ina mbunús d’fhaireachán an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 agus do threochláir straitéiseacha náisiúnta na mBallstát maidir leis an deacáid dhigiteach (“na treochláir náisiúnta”). I gcás inar gá, i bhfianaise forbairtí teicniúla, eacnamaíocha nó sochaíocha, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, ceann amháin nó níos mó de na conairí réamh-mheasta sin a nuashonrú. Tuairisceoidh an Coimisiún go tráthúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais agus faoi na nuashonruithe orthu.

Airteagal 6

Tuarascáil ar staid na Deacáide Digití

1.   Déanfaidh an Coimisiún ar bhonn bliantúil tuarascáil chuimsitheach a thíolacadh agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staid na Deacáide Digití (“an Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach”). Cumhdófar sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach an dul chun cinn maidir le claochlú digiteach an Aontais agus DESI.

Cuirfidh an Coimisiún a chéad Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach faoina mbráid faoin 9 Eanáir 2024.

2.   Sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, soláthróidh an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn chlaochlú digiteach an Aontais i dtreo na spriocanna digiteacha, agus ar staid chomhlíonadh na gcuspóirí ginearálta chomh maith. Bunófar an measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh, go háirithe, ar an anailís agus ar na heochairtháscairí feidhmíochta in DESI i gcomparáid le conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais agus conairí réamh-mheasta náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme agus indéanta, anailís ar an ngné réigiúnach á cur san áireamh. Anuas air sin, bunófar an measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, ar bhunú tionscadal ilnáisiúnta agus ar dhul chun cinn maidir leo.

3.   Sa tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, déanfaidh an Coimisiún bearnaí agus ganntanais mhóra a shainaithint agus beartais, bearta nó gníomhaíochtaí a mholadh a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i réimsí nár leor an dul chun cinn a rinneadh iontu chun na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach. Leis na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar na nithe seo a leanas, go háirithe:

(a)

a uaillmhianaí is atá na rannchuidithe agus na tionscnaimh arna moladh ag na Ballstáit d’fhonn na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach;

(b)

beartais, bearta agus gníomhaíochtaí ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, iadsan a bhfuil gné réigiúnach ag baint leo, agus beartais agus bearta eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;

(c)

beartais bhreise, bearta breise nó gníomhaíochtaí breise ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun treochláir náisiúnta a choigeartú;

(d)

na hidirghníomhaíochtaí idir na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí atá ann cheana agus atá beartaithe agus a gcomhsheasmhacht.

4.   Cuirfear san áireamh sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach na gealltanais chomhpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 8(4), maille lena gcur chun feidhme.

5.   Cuirfear san áireamh sa Tuarascáil aran Deacáid Dhigiteach faisnéis faoin dul chun cinn maidir le beartais, bearta nó gníomhaíochtaí a moladh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus maidir le conclúidí arna gcomhaontú go frithpháirteach de bhun Airteagal 8(7) agus maidir lena gcur chun feidhme.

6.   Déanfar measúnú sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach ar an ngá atá le beartais bhreise, bearta breise nó gníomhaíochtaí breise ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 7

Treochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an deacáid dhigiteach

1.   Faoin 9 Deireadh Fómhair 2023, cuirfidh gach Ballstát a threochlár náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na treochláir náisiúnta comhsheasmhach leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha, agus rannchuideoidh siad leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionscnaimh ábhartha earnála agus cothóidh siad comhsheasmhacht leo.

2.   Beidh na nithe seo a leanas i ngach treochlár náisiúnta:

(a)

na príomhbheartais, príomhbhearta agus príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe, a glacadh agus a cuireadh chun feidhme, lena rannchuidítear leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach;

(b)

conairí réamh-mheasta náisiúnta ar rannchuidithe iad le spriocanna ábhartha digiteacha a bhaint amach ar féidir iad a thomhas ar an leibhéal náisiúnta, agus, an tráth céanna, an ghné réigiúnach á léiriú i gcás inar féidir sna treochláir náisiúnta;

(c)

uainiú, agus tionchar ionchasach na mbeartas, na mbeart agus na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, a glacadh agus a cuireadh chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach.

3.   Léireoidh na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

dlí ábhartha an Aontais nó an dlí ábhartha náisiúnta is infheidhme go díreach;

(b)

gealltanas amháin nó níos mó a tugadh chun na beartais, na bearta nó na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh;

(c)

na hacmhainní airgeadais poiblí leithdháilte;

(d)

na hacmhainní daonna slógtha;

(e)

aon chumasóirí criticiúla eile a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaineann leo.

4.   Soláthróidh na Ballstáit, ina dtreochláir náisiúnta, meastachán ar na hinfheistíochtaí agus ar na hacmhainní is gá le go rannchuideofar le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha, maille le tuairisc ghinearálta ar fhoinsí na n-infheistíochtaí sin, bídís príobháideach nó poiblí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an úsáid atá beartaithe a bhaint as cláir agus ionstraimí de chuid an Aontais. Féadfar moltaí le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta a áireamh sna treochláir náisiúnta.

5.   Féadfaidh na Ballstáit treochláir réigiúnacha a bhunú. Féachfaidh na Ballstáit leis na treochláir réigiúnacha sin a ailíniú lena dtreochláir náisiúnta agus féadfaidh siad iad a chomhtháthú leo chun a áirithiú go saothrófar na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha ar fud a gcríoch.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na moltaí tírshonracha is déanaí a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh curtha san áireamh ina dtreochláir náisiúnta. Tabharfar lánaird sna coigeartuithe ar na treochláir náisiúnta ar na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí a mholtar faoi Airteagal 6(3).

7.   Soláthróidh an Coimisiún treoir agus tacaíocht do na Ballstáit agus a dtreochláir náisiúnta á n-ullmhú acu, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, an bealach ina mbunófar ar an leibhéal náisiúnta, agus i gcás inar féidir, an gné réigiúnach á chur san áireamh, conairí réamh-mheasta náisiúnta iomchuí lenar féidir rannchuidiú go héifeachtach le baint amach conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 8

Sásraí comhair idir an Coimisiún agus na Ballstáit

1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile chun bealaí a shainaithint le haghaidh a thabhairt ar easnaimh i réimsí ina measann an Coimisiún agus na Ballstáit nach leor an dul chun cinn i gceann amháin nó níos mó de na spriocanna digiteacha a bhaint amach nó inar sainaithníodh bearnaí móra nó ganntanais mhóra ar bhonn thorthaí na Tuarascála ar an Deacáid Dhigiteach. Cuirfear san áireamh san anailís sin, go háirithe, acmhainneachtaí éagsúla na mBallstát chun rannchuidiú le baint amach roinnt de na spriocanna digiteacha agus an riosca gur féidir go mbeadh éifeacht díobhálach ag moilleanna ar bhaint amach roinnt de na spriocanna sin ar bhaint amach spriocanna digiteacha eile.

2.   Laistigh de 2 mhí ó fhoilsiú na Tuarascála ar an Deacáid Dhigiteach, féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le réamhbharúlacha na mBallstát a phlé, go háirithe a mhéid a bhaineann le beartais, bearta agus gníomhaíochtaí a mhol an Coimisiún sa tuarascáil uaidh.

3.   Laistigh de 5 mhí ó fhoilsiú an dara Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, agus gach ré bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann coigeartuithe ar a dtreochláir náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin, ar coigeartuithe iad lena gcuimseofar beartais, bearta agus gníomhaíochta a bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit tabhairt fúthu, lena n-áireofar, i gcás inarb ábhartha, tograí le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta chun dul chun cinn a chothú chun na cuspóirí ginearálta agus na réimsí lena mbaineann na spriocanna digiteacha a bhaint amach. Má mheasann Ballstát nach gá aon ghníomhaíocht agus nach gá a threochlár náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta, tabharfaidh sé a chúiseanna don Choimisiún.

4.   Tráth ar bith le linn an chomhair, de bhun an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó, nó dhá Bhallstát ar a laghad, gealltanais chomhpháirteacha a thabhairt, dul i gcomhairle le Ballstáit eile maidir le beartas, bearta nó gníomhaíochtaí, nó féadfaidh siad tionscadail ilnáisiúnta a bhunú. Féadfaidh an Coimisiún agus Ballstát amháin nó níos mó, nó dhá Bhallstát ar a laghad, gealltanais chomhpháirteacha den sórt sin a thabhairt. Beidh trí Bhallstát ar a laghad rannpháirteach i dtionscadail ilnáisiúnta den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 10. Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin go seolfar próiseas athbhreithnithe piaraí maidir le gnéithe sonracha dá mbeartais, dá mbearta nó dá ngníomhaíochtaí, agus go háirithe maidir le hoiriúnacht na mbeartas, na mbeart nó na ngníomhaíochtaí sin chun rannchuidiú le sprioc dhigiteach shonrach a bhaint amach, agus chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh agus na cúraimí a dhéanamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo. Féadfar toradh an phróisis athbhreithnithe piaraí a áireamh sa chéad Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach eile ina dhiaidh sin, má chomhaontaíonn an Ballstát lena mbaineann.

5.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis na beartais, na bearta agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn aige a mholadh sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach sula bhfoilseofar an tuarascáil.

6.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i ndlúthchomhar lena chéile chun na hoibleagáidí agus na cúraimí dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i gcrích. Chuige sin, féadfaidh gach Ballstát idirphlé a thionscnamh leis an gCoimisiún, nó leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit eile, ar aon ábhar atá ábhartha do bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha. Soláthróidh an Coimisiún gach cúnamh teicniúil, gach seirbhís agus gach saineolas is iomchuí, agus eagróidh sé malartú faisnéise agus dea-chleachtais ar bhonn struchtúrtha agus éascóidh sé an comhordú.

7.   I gcás ina n-imeofar go suntasach nó go leanúnach ó na conairí réamh-mheasta náisiúnta, féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le chéile.

Beidh an t-idirphlé struchtúrtha bunaithe ar anailís shonrach ar an gcaoi a bhféadfadh imeacht den sórt sin difear a dhéanamh do bhaint amach chomhchoiteann na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha, i bhfianaise na fianaise agus na sonraí sa Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach. Is é is aidhm don idirphlé struchtúrtha treoir agus tacaíocht a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann chun na coigeartuithe iomchuí ar a threochlár náisiúnta nó aon bhearta riachtanacha eile a shainaithint. Beidh conclúidí arna gcomhaontú go frithpháirteach mar thoradh ar an idirphlé struchtúrtha, a chuirfear san áireamh sna gníomhaíochtaí leantacha a bheidh le déanamh ag an mBallstát lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí maidir leis an bpróiseas idirphlé struchtúrtha agus cuirfidh sé na conclúidí arna gcomhaontú go frithpháirteach faoina mbráid.

Airteagal 9

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, ar bhealach tráthúil trédhearcach, agus ar bhonn tráthrialta, le geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, chun faisnéis a bhailiú agus beartais mholta, bearta molta agus gníomhaíochtaí molta a fhorbairt chun críocha chur chun feidhme an Chinnidh seo. Déanfaidh an Coimisiún toradh na gcomhairliúchán a dhéanfar de bhun an Airteagail seo a fhoilsiú.

2.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle, ar bhealach tráthúil agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí, lena n-áirítear ionadaithe FBManna, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, chomh maith le hionadaithe réigiúnacha agus áitiúla, agus a dtreochláir náisiúnta agus na coigeartuithe a rinneadh orthu á nglacadh acu.

Airteagal 10

Tionscadail ilnáisiúnta

1.   Leis na tionscadail ilnáisiúnta, éascófar baint amach na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha.

2.   Beidh sé d’aidhm ag na tionscadail ilnáisiúnta ceann amháin nó níos mó de na spriocanna sonracha seo a leanas a bhaint amach:

(a)

feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus na Ballstáit agus idir na Ballstáit maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3;

(b)

barr feabhais, ceannaireacht, nuálaíocht teicneolaíochta agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a threisiú i dteicneolaíochtaí criticiúla, comhcheangail teicneolaíochta chomhlántacha agus i dtáirgí digiteacha, bonneagair dhigiteacha agus seirbhísí digiteacha atá bunriachtanach le haghaidh téarnamh agus fás eacnamaíoch agus le haghaidh slándáil agus sábháilteacht daoine aonair;

(c)

aghaidh a thabhairt ar laigí agus spleáchais straitéiseacha an Aontais ar fud shlabhraí an tsoláthair dhigitigh chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht;

(d)

méadú a dhéanamh ar infhaighteacht, réiteach digiteach sábháilte i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus san earnáil phríobháideach agus ar an leas is fearr is féidir a bhaint astu a chur chun cinn agus prionsabail na neodrachta teicneolaíche á n-urramú an tráth céanna;

(e)

rannchuidiú le claochlú digiteach cuimsitheach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí a rachaidh chun tairbhe na saoránach agus na ngnólachtaí uile, go háirithe FBManna, ar fud an Aontais;

(f)

scileanna digiteacha do shaoránaigh a chur chun cinn trí oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil, agus béim á leagan ar rannpháirtíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a chothú maidir leis an oideachas agus deiseanna gairme.

Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta táscach de réimsí gníomhaíochta ina bhféadfaí tionscadail ilnáisiúnta a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí sonracha sin.

3.   Beidh trí Bhallstát ar a laghad rannpháirteach i dtionscadal ilnáisiúnta.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstát atá rannpháirteach i dtionscadal ilnáisiúnta cur chun feidhme a choda féin den tionscadal sin a tharmligean chuig réigiún faoi leith, i gcomhréir lena threochlár náisiúnta.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 8(4), a mholadh do na Ballstáit tionscadal ilnáisiúnta a mholadh nó a bheith rannpháirteach i dtionscadal ilnáisiúnta, lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, agus an dul chun cinn ar chur chun feidhme na dtreochlár náisiúnta ábhartha á chur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit glacadh orthu féin tionscadail ilnáisiúnta a bhunú nó a bheith rannpháirteach iontu.

Airteagal 11

Roghnú agus cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta

1.   Agus tograí le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta sna treochláir náisiúnta agus gealltanais chomhpháirteacha á gcur san áireamh aige, ullmhóidh agus foilseoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, mar iarscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil ar an Deacáid Dhigiteach, na prionsabail agus na tosaíochtaí straitéiseacha maidir le cur chun feidhme na dTionscadal Ilnáisiúnta agus tuarascáil ar dhul chun cinn na dtionscadal ilnáisiúnta a roghnaíodh lena gcur chun feidhme tráth fhoilsiú na Tuarascála ar an Deacáid Dhigiteach.

2.   Féadfaidh gach clár agus scéim infheistíochta de chuid an Aontais, má cheadaítear sin leis na gníomhartha lena mbunaítear iad, rannchuidiú le tionscadal ilnáisiúnta.

3.   Féadfaidh tríú tír a bheith rannpháirteach i dtionscadal ilnáisiúnta má tá an tír sin comhlachaithe le clár de chuid an Aontais arna bhainistiú go díreach agus lena dtacaítear le claochlú digiteach an Aontais, agus i gcás ina mbeidh gá leis an rannpháirtíocht sin chun baint amach na gcuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha i dtaca leis an Aontas agus na Ballstáit a éascú. Comhlíonfaidh tír chomhlachaithe den sórt sin, lena n-áirítear a ranníocaíochtaí airgeadais, na rialacha a eascraíonn as cláir agus scéimeanna infheistíochta an Aontais a rannchuidíonn leis an tionscadal ilnáisiúnta.

4.   Féadfaidh eintitis eile, cibé acu poiblí nó príobháideach, rannchuidiú le tionscadail ilnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí. Rannchuideoidh rannchuidithe príobháideacha comhlántacha leis an gcuspóir agus na spriocanna a leagtar síos in Airteagal 10(1) agus (2) a bhaint amach agus tacóidh siad, i gcás inarb ábhartha, le rochtain oscailte ar thorthaí agus lena n-athúsáid ar mhaithe le saoránaigh agus le gnólachtaí san Aontas.

5.   Féadfar tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme trí dhul ar iontaoibh aon cheann de na sásraí seo a leanas:

(a)

comhghnóthais;

(b)

Cuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach;

(c)

gníomhaireachtaí an Aontais;

(d)

go neamhspleách ag na Ballstáit lena mbaineann;

(e)

chun cur chun cinn tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne faoi Airteagal 107(3), pointe (b), CFAE a chur chun cinn;

(f)

cuibhreannais don bhonneagar digiteach Eorpach, i gcomhréir le hAirteagail 13 go 21;

(g)

sásraí cur chun feidhme iomchuí eile.

Airteagal 12

Luasaire le haghaidh tionscadal ilnáisiúnta

1.   Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do na Ballstáit rannpháirteacha nó ar a thionscnamh féin agus i gcomhaontú leis na Ballstáit rannpháirteacha, cur chun feidhme tionscadail ilnáisiúnta a chomhordú, i gcomhréir le míreanna 2 go 5, ag gníomhú dó mar luasaire le haghaidh tionscadal ilnáisiúnta.

2.   Sa chéad chéim den chomhordú, díreoidh an Coimisiún glao ar léirithe spéise ar gach Ballstáit. Is é an aidhm a bheidh ag an nglao a fháil amach cé hiad na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu a bheith rannpháirteach sa tionscadal ilnáisiúnta agus an rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais a bheartaíonn siad a sholáthar.

3.   Sa dara céim den chomhordú, má léiríonn ar a laghad trí Bhallstát spéis i dtionscadal ilnáisiúnta agus má bheartaíonn sé ag an tráth céanna gealltanais airgeadais nó neamhairgeadais a chur ar fáil don tionscadal, tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le gach Ballstát, treoir maidir le roghnú an tsásra cur chun feidhme iomchuí, foinsí cistiúcháin agus comhcheangal na bhfoinsí sin laistigh den tionscadal chomh maith le gnéithe straitéiseacha eile a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le cuibhreannais nua don bhonneagar digiteach Eorpach (EDICanna) nua a bhunú de bhun Airteagal 14.

5.   Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta trí sheirbhísí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 8(6) a sholáthar, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 13

Cuspóir agus stádas EDICanna

1.   Féadfaidh na Ballstáit tionscadal ilnáisiúnta a chur chun feidhme trí bhíthin EDIC.

2.   Féadfaidh eintiteas poiblí amháin nó níos mó ionadaíocht a dhéanamh don Bhallstát, lena n-áirítear réigiúin nó eintitis phríobháideacha a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, maidir le feidhmiú ceart sonraithe agus comhlíonadh oibleagáidí sonraithe mar chomhalta de EDIC.

3.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag EDICanna ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh ábhartha ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (a).

4.   I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin ag EDICanna. Féadfaidh siad, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil agus a dhiúscairt agus úinéireacht a bheith acu ar an maoin sin agus féadfaidh siad conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina bpáirtí in imeachtaí dlíthiúla.

5.   Beidh oifig chláraithe ag EDICanna a bheidh lonnaithe ar chríoch Ballstáit ar comhalta é a sholáthraíonn rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

Airteagal 14

EDIC a bhunú

1.   Ballstáit a dhéanann iarratas ar EDIC a bhunú, cuirfidh siad iarratas i scríbhinn faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:

(a)

iarraidh ar an gCoimisiún EDIC a bhunú;

(b)

na reachtanna molta de chuid EDIC,

(c)

tuairisc theicniúil ar an tionscadal ilnáisiúnta atá le cur chun feidhme ag EDIC;

(d)

dearbhú ón mBallstát óstach cé acu a aithníonn nó nach n-aithníonn sé EDIC mar chomhlacht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 143(1), pointe (g), agus Airteagal 151(1) pointe (b), de Threoir 2006/112/CE agus mar eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (b), de Threoir 2008/118/CE, ón dáta a dhéanfar EDIC a bhunú.

Leagfar síos teorainneacha agus coinníollacha na ndíolúintí dá bhforáiltear sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír i gcomhaontú idir chomhaltaí EDIC.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas ar bhonn na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh sé san áireamh ann na cuspóirí ginearálta, chomh maith le cuspóir agus spriocanna an tionscadail ilnáisiúnta, de bhun Airteagal 10(1) agus (2), mar aon le breithnithe praiticiúla a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail ilnáisiúnta atá le cur chun feidhme ag EDIC.

3.   Agus torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á gcur san áireamh aige, glacfaidh an Coimisiún ceann amháin de na cinntí seo a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

cinneadh lena mbunaítear EDIC, tar éis dó a shocrú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 13 go 21; nó

(b)

cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas, má shocraíonn sé nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 13 go 21 lena n-áirítear in éagmais an dearbhaithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), den Airteagal seo.

I gcás cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas faoi phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh na Ballstáit cuibhreannas a bhunú trí bhíthin comhaontaithe. Ní mheasfar gur EDIC é a bheidh i gcuibhreannas den sórt sin agus ní bhainfidh sé tairbhe as an struchtúr cur chun feidhme a leagtar síos in Airteagail 13 go 21.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

4.   Cuirfear na cinntí dá dtagraítear i mír 3, pointe (a) nó (b), in iúl don Bhallstát iarrthach. I gcás ina ndiúltaítear don iarratas, míneofar an cinneadh ar bhealach soiléir agus beacht.

5.   Cuirfidh an Coimisiún eilimintí bunriachtanacha na Reachtanna de chuid EDIC dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (c), (d), (e) agus (i), i gceangal le cinneadh lena mbunaítear EDIC.

Foilseofar cinntí lena mbunaítear EDIC in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Bunóidh an Coimisiún liosta de na EDICanna atá curtha ar bun a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus tabharfaidh sé an liosta cothrom le dáta go tráthúil agus go tráthrialta.

Airteagal 15

Comhaltas EDIC

1.   Beidh trí Bhallstát ar a laghad san áireamh i gcomhaltas EDIC.

Ballstáit a sholáthraíonn rannchuidiú airgeadais nó neamhairgeadais agus iadsan amháin a mbeidh an deis acu a bheith ina gcomhaltaí de EDIC. Beidh cearta vótála ag Ballstáit den sórt sin.

2.   Tar éis cinneadh lena mbunaítear EDIC a ghlacadh, féadfaidh Ballstáit eile ballraíocht a ghlacadh ann tráth ar bith ar bhonn téarmaí córa agus sonracha arna sonrú sna Reachtanna de chuid EDIC.

3.   Féadfaidh na Ballstáit sin nach soláthraíonn rannchuidiú airgeadais ná neamhairgeadais ballraíocht a ghlacadh in EDIC, mar bhreathnóirí, trí fhógra a thabhairt do EDIC. Ní bheidh cearta vótála ag Ballstáit den sórt sin.

4.   Féadfaidh eintitis seachas na Ballstáit a bheith ina gcomhaltaí de EDIC, lena n-áireofar inter alia tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11(3), eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas Eorpach ag baint leo agus eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha, mar a shonraítear sna Reachtanna de chuid EDIC. I gcás ina bhfuil eintitis seachas na Ballstáit ina gcomhaltaí de EDIC, beidh tromlach na gceart vótála i dtionól na gcomhaltaí ag Ballstáit go comhpháirteach, gan beann ar mhéid na rannchuidithe ó eintitis nach Ballstáit iad.

Airteagal 16

EDIC a rialú

1.   Beidh ar a laghad an dá chomhlacht seo a leanas ag EDIC:

(a)

tionól na gcomhaltaí a bheidh comhdhéanta de na Ballstáit, d’eintitis eile dá dtagraítear in Airteagal 15(4), agus den Choimisiún, an tionól a bheith mar an comhlacht a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta iomlána aige, lena n-áirítear an buiséad a ghlacadh;

(b)

stiúrthóir arna cheapadh ag tionól na gcomhaltaí, mar chomhlacht feidhmiúcháin agus ionadaí dlíthiúil de chuid EDIC.

2.   Beidh an Coimisiún rannpháirteach i bplé thionól na gcomhaltaí, cé nach mbeidh cearta vótála aige féin. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh clár de chuid an Aontais arna bhainistiú go lárnach ina rannchuidiú airgeadais ag tionscadal ilnáisiúnta, beidh ceart crosta ag an gCoimisiún i dtaca le cinntí an tionóil nach mbaineann ach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi chláir an Aontais arna mbainistiú go lárnach.

Cuirfear cinntí an tionóil ar fáil go poiblí laistigh de 15 lá tar éis a nglactha.

3.   Beidh forálacha rialachais sonracha sna Reachtanna de chuid EDIC, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2.

Airteagal 17

Reachtanna de chuid EDIC

1.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna Reachtanna de chuid EDIC:

(a)

liosta comhaltaí agus breathnóirí agus an nós imeachta maidir le hathruithe ballraíochta agus ionadaíochta, lena bhforálfar do cheart na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach ballraíocht a ghlacadh in EDIC;

(b)

tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal ilnáisiúnta, cúraimí na gcomhaltaí, más infheidhme, agus amlíne tháscach;

(c)

oifig chláraithe agus ainm EDIC;

(d)

ré EDIC agus an nós imeachta lena fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 20;

(e)

córas dliteanais EDIC, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(f)

cearta agus oibleagáidí na gcomhaltaí, lena n-áirítear an oibleagáid ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an mbuiséad;

(g)

cearta vótála na gcomhaltaí;

(h)

rialacha maidir le húinéireacht bonneagair, maoine intleachtúla, brabús agus sócmhainní eile, de réir mar is infheidhme;

(i)

faisnéis faoin dearbhú ón mBallstát óstach dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (d).

2.   Beidh na leasuithe ar eilimintí bunriachtanacha na Reachtanna de chuid EDIC dá dtagraítear i mír 1, pointí (c), (d), (e) agus (i), den Airteagal seo faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14.

3.   Cuirfidh EDIC na leasuithe ar Reachtanna EDIC seachas na leasuithe sin dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 10 lá tar éis a nglactha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne na leasuithe laistigh de 60 lá ón dáta ar cuireadh isteach iad faoi mhír 3. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna le hagóid den sórt sin agus míneoidh sé cén fáth nach gcomhlíontar, leis na leasuithe, ceanglais an Chinnidh seo.

5.   Ní bheidh feidhm ag leasuithe go dtí go rachaidh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 4 in éag, go dtí go dtarscaoilfidh an Coimisiún an spriocdháta sin, nó go dtí go dtarraingeofar siar agóid an Choimisiúin.

6.   Beidh an méid seo a leanas san iarratas ar leasú:

(a)

téacs an leasaithe mar a beartaíodh é nó mar a glacadh é, lena n-áirítear an dáta a thiocfaidh sé nó a tháinig sé i bhfeidhm;

(b)

leagan cothrom le dáta comhdhlúite de na Reachtanna de chuid an EDIC.

Airteagal 18

Dliteanas EDIC

1.   Beidh EDIC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach.

2.   Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí as fiacha EDIC teoranta do na ranníocaíochtaí a rinne siad cheana le EDIC. Féadfaidh na comhaltaí a shonrú sna Reachtanna go ngabhfaidh siad dliteanas socraithe níos airde ná a ranníocaíochtaí faoi seach nó dliteanas neamhtheoranta orthu féin.

3.   Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas i leith fhiacha EDIC.

Airteagal 19

An dlí agus an dlínse is infheidhme

1.   Rialófar bunú agus feidhmiú inmheánach EDIC:

(a)

faoi dhlí an Aontais, go háirithe an Cinneadh seo;

(b)

faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe EDIC i gcás ábhair nach rialaítear le dlí an Aontais, nó nach rialaítear ach go páirteach leis, go háirithe an Cinneadh seo;

(c)

leis na Reachtanna agus lena rialacha cur chun feidhme.

2.   Gan dochar do na cásanna ar a bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na Conarthaí, is faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe ag EDIC a chinnfear an dlínse is inniúil chun díospóidí idir na comhaltaí i ndáil le EDIC, idir na comhaltaí agus EDIC, agus idir EDIC agus tríú páirtithe a réiteach.

Airteagal 20

Foirceannadh EDIC

1.   Is leis na Reachtanna de chuid EDIC a chinnfear an nós imeachta a bheidh le leanúint lena fhoirceannadh tar éis do thionól na gcomhaltaí cinneadh a dhéanamh chuige sin. Féadfar aistriú gníomhaíochtaí go heintiteas dlítheanach eile a áireamh le foirceannadh EDIC.

2.   Beidh feidhm ag rialacha dócmhainneachta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe ag EDIC i gcás nach mbeidh EDIC in ann a fhiacha a íoc.

Airteagal 21

Tuairisciú arna dhéanamh ag EDIC agus rialú air

1.   Cuirfidh EDIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, ina mbeidh tuairisc theicniúil ar a ghníomhaíochtaí, mar aon le tuarascáil airgeadais. Déanfaidh tionól na gcomhaltaí na tuarascálacha a fhormheas agus tarchuirfear iad chuig an gCoimisiún. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún treoir a sholáthar maidir leis na hábhair a bheidh le cumhdach sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí.

Airteagal 22

Faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit

Soláthróidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún, an fhaisnéis is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoin gCinneadh seo, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis is gá chun Airteagail 7 agus 8 a chur chun feidhme. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le cur i gcrích na gcúraimí sin. I gcás ina mbeidh san fhaisnéis atá le soláthar faisnéis a sholáthair gnóthais roimhe sin, ar iarraidh ó Bhallstát, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin sula soláthróidh na Ballstáit na sonraí don Choimisiún.

Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 194, 12.5.2022, lch. 87.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(5)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(6)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(8)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

(12)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(13)  Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261 I, 14.10.2019, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(16)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(19)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(20)  Cinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le Eurostat (IO L 251, 18.9.2012, lch. 49).


IARSCRÍBHINN

Réimsí gníomhaíochta

Réimsí gníomhaíochta neamh-uileghabhálacha:

(a)

Bonneagar sonraí coiteann Eorpach agus seirbhísí coiteanna Eorpacha;

(b)

An chéad ghlúin eile de phróiseálaithe iontaofa ísealchumhachta a bheith ar fáil don Aontas;

(c)

Imscaradh chonairí 5G uile-Eorpacha a fhorbairt;

(d)

Sár-ríomhairí agus ríomhairí candamacha, atá nasctha leis an gcomhghnóthas ríomhaireachta ardfheidhmíochta Eorpach (EuroHPC), a fháil;

(e)

Bonneagair chumarsáide shárshlána chandamacha spásbhunaithe a fhorbairt agus a imscaradh;

(f)

Líonra lárionad oibríochtaí slándála a imscaradh;

(g)

Riarachán poiblí nasctha;

(h)

Bonneagar Eorpach um sheirbhísí blocshlabhra;

(i)

Moil nuálaíochta digití Eorpacha (EDIHanna);

(j)

Comhpháirtíochtaí ardteicneolaíochta le haghaidh scileanna digiteacha tríd an tionscnamh Comhshocrú do Scileanna, a seoladh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [an Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht];

(k)

Scileanna agus oiliúint sa chibearshlándáil;

(l)

Tionscadail eile lena gcomhlíontar na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 11 agus a mbeidh gá leo le himeacht ama de bharr forbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil, atá ag teacht chun cinn, chun cuspóirí ginearálta Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach.