21.4.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/5


CINNEADH (AE) 2020/547 Ó PHARLAIMINT AN HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2020

maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun cúnamh éigeandála a chur ar fáil do na Ballstáit agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU a threisiú a thuilleadh mar fhreagairt ar ráig COVID-19

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (1), agus go háirithe pointe 14 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas,

(1)

Bunaíodh le hAirteagal 13 Rialachán (AE, Euratom) Uimh 1311/2013 ón gComhairle (2) Corrlach Teagmhais suas le 0.03 % d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle, ríomh an Coimisiún dearbhmhéid an Chorrlaigh Teagmhais do 2020 (3).

(3)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar gach féidearthacht airgeadais eile chun freagairt ar chúinsí gan choinne laistigh den uasteorainn ghealltanais 2020 do cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht) den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus ag féachaint don Chorrlach Foriomlán le haghaidh Gealltanas a shlógadh i gcomhair an mhéid iomláin de EUR 2 392 402 163 atá ar fáil in 2020 agus an Ionstraim Sholúbthachta i gcomhair an mhéid iomláin de EUR 1 094 414 188 atá ar fáil in 2020, is gá an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a eascraíonn ó ráig COVID-19 trí na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mhéadú i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain 2020, os cionn uasteorainn cheannteideal 3 CAI.

(4)

Ag féachaint don chás an-sonrach sin, tá coinníoll na rogha deiridh a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 comhlíonta.

(5)

Tá an cinneadh seo nasctha le maoiniú a áirítear i mbuiséad leasaitheach Uimh. 2 a ghabhann le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2020. Chun an comhleanúnachas leis an mbuiséad leasaitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun an méid de EUR 714 558 138 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a sholáthar os cionn uasteorainn ghealltanais cheannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht) an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

Airteagal 2

Déanfar an méid iomlán de EUR 714 558 138 dá dtagraítear in Airteagal 1 a fhritháireamh i gcoinne an chorrlaigh faoi uasteorainn ghealltanais na bliana airgeadais 2020 faoi cheannteideal 5 (Riarachán) den chreat airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Aibreán 2020.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2020,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán]

G. GRLIĆ RADMAN


(1)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(3)  Cumarsáid ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2019 maidir leis an gcoigeartú teicniúil den chreat airgeadais do 2020 de réir gluaiseachtaí in OIN (COM(2019)0310).