5.12.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 314/1


RIALACHÁN (AE) 2019/2033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2019

maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ónmBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Dlúthchuid de na coinníollacha rialála faoina soláthraíonn institiúidí airgeadais seirbhísí san Aontas is ea ceanglais stuamachta láidre. Tá gnólachtaí infheistíochta, maille le hinstitiúidí creidmheasa, faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus faoi réir Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a mhéid a bhaineann lena láimhseáil stuamachta agus lena maoirseacht stuamachta, agus leagtar amach na ceanglais údarúcháin agus na ceanglais eile eagrúcháin agus iompair atá orthu i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(2)

Den chuid is mó, is ar leaganacha comhleanúnacha de na caighdeáin rialála idirnáisiúnta atá na córais stuamachta reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE bunaithe, ar caighdeáin iad a leagann Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht síos le haghaidh grúpaí móra baincéireachta agus ní dhírítear ach i bpáirt leo ar na rioscaí sonracha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí éagsúla de líon mór gnólachtaí infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart díriú go sonrach ar na leochaileachtaí sonracha agus ar na rioscaí a bhaineann leis na gnólachtaí infheistíochta sin trí bhíthin socruithe iomchuí agus comhréireacha stuamachta ar leibhéal an Aontais.

(3)

Na rioscaí a dtéann gnólachtaí infheistíochta féin fúthu agus na rioscaí a bhaineann leo dá gcliaint agus do na margaí leathana ina n-oibríonn siad, is ar chineál agus ar mhéid a ngníomhaíochtaí a bhraitheann siad, lena n-áirítear cibé acu a ghníomhaíonn gnólachtaí infheistíochta mar ghníomhairí dá gcliaint agus nach páirtí iad sna hidirbhearta a thig as sin iad féin, nó cibé acu a ghníomhaíonn siad mar phríomhaithe sna trádálacha.

(4)

Le ceanglais fhónta stuamachta, ba cheart a áirithiú go ndéanfar gnólachtaí infheistíochta a bhainistiú ar dhóigh ordúil chun leas a gcliant. Ba cheart a chur san áireamh iontu poitéinseal na ngnólachtaí infheistíochta agus a gcuid cliant rioscaí iomarcacha a ghlacadh mar aon leis na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann gnólachtaí infheistíochta chucu féin agus na leibhéil éagsúla riosca a bhaineann leo. Ar an gcuma chéanna, ba cheart é a bheith d'aidhm ag na ceanglais stuamachta sin a sheachaint go bhforchuirfí ualach riaracháin míchuí ar ghnólachtaí infheistíochta.

(5)

Ceaptar roinnt mhaith de na ceanglais stuamachta a eascraíonn as creat Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE le díriú ar rioscaí comhchoiteanna a bhíonn ann d'institiúidí creidmheasa. Dá réir sin, déantar na ceanglais atá ann cheana a chalabrú, tríd is tríd, chun acmhainneacht iasachtaithe institiúidí creidmheasa a chaomhnú trí thimthriallta eacnamaíocha agus chun taisceoirí agus cáiníocóirí a chosaint ar chliseadh a d'fhéadfadh a bheith ann, agus ní cheaptar iad le díriú ar gach ceann de phróifílí riosca éagsúla gnólachtaí infheistíochta. Ní bhíonn punanna móra iasachtaí miondíola agus corparáideacha ag gnólachtaí infheistíochta agus ní ghlacann siad taiscí. Is lú seans go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag cliseadh gnólachtaí infheistíochta ná cliseadh institiúidí creidmheasa ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais. Mar sin, is mór idir na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar an gcuid is mó de na gnólachtaí infheistíochta agus a bhaineann leo agus na rioscaí a bhíonn ag bagairt ar institiúidí creidmheasa agus a bhaineann leosan agus ba cheart an difear sin a léiriú go soiléir i gcreat stuamachta an Aontais.

(6)

Is bunaithe ar cheanglais stuamachta na n-institiúidí creidmheasa atá na ceanglais stuamachta a bhfuil gnólachtaí infheistíochta faoina réir faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE. Is iomaí díolúine ó na ceanglais sin atá ag na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil a raon údaraithe teoranta do sheirbhísí infheistíochta sonracha nach ndíríonn an creat stuamachta atá ann faoi láthair orthu. Is aitheantas iad na díolúintí sin nach ionann na rioscaí do na gnólachtaí sin agus na rioscaí d'institiúidí creidmheasa. Gnólachtaí infheistíochta a dhéanann gníomhaíochtaí a ndíríonn an creat stuamachta atá ann faoi láthair orthu agus a bhaineann le trádáil in ionstraimí airgeadais ar bhonn teoranta, tá siad faoi réir cheanglais chomhfhreagracha an chreata ó thaobh caipitil de ach tá siad i dteideal díolúintí a fháil i réimsí eile, amhail leachtacht, neamhchosaintí móra agus luamhánú. Na gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil a raon údaraithe faoi réir na dteorainneacha sin, tá siad faoi réir na gceanglas stuamachta chéanna le hinstitiúidí creidmheasa.

(7)

Trádáil ionstraimí airgeadais, bíodh sé chun críoch bainistithe riosca, fálaithe nó bainistithe leachtachta nó chun suíomhanna treocha a ghlacadh maidir le luach na n‐ionstraimí le himeacht ama, is gníomhaíocht í a bhféadfaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe le déileáil ar a gcuntas féin araon a bheith rannpháirteach inti agus a dtugtar aghaidh uirthi cheana leis an gcreat stuamachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE. Chun éagothrom iomaíochta a sheachaint a bheadh ina chúis le harbatráiste rialála idir institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta sa réimse sin, ba cheart leanúint, maidir leis na gnólachtaí infheistíochta sin, d'fheidhm a bheith freisin ag na ceanglais cistí dílse a eascraíonn as na rialacha sin lena dtugtar aghaidh ar an riosca sin. Neamhchosaintí na ngnólachtaí infheistíochta sin ar a gcontrapháirtithe trádála in idirbhearta sonracha agus na ceanglais cistí dílse chomhfhreagracha, tá siad cumhdaithe sna rialacha freisin agus, dá bhrí sin, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith acu freisin maidir le gnólachtaí infheistíochta ach ar bhealach simplithe. Ar deireadh, is ábhartha freisin na rialacha maidir le neamhchosaintí móra sa chreat stuamachta atá ann faoi láthair i gcásanna ina bhfuil neamhchosaintí trádála na ngnólachtaí infheistíochta sin ar chontrapháirtithe sonracha an-mhór agus, dá thoradh sin, ina bhfoinse ró-chomhchruinnithe riosca don ghnólacht infheistíochta de thoradh mhainneachtain an chontrapháirtí. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d'fheidhm a bheith freisin ag na rialacha sin maidir le gnólachtaí infheistíochta ach ar bhealach simplithe.

(8)

Is baol do chothrom iomaíochta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta san Aontas iad na héagsúlachtaí i gcur i bhfeidhm an chreata stuamachta reatha sna Ballstáit éagsúla. Eascraíonn na héagsúlachtaí sin as an gcastacht fhoriomlán a bhaineann leis an gcreat a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta éagsúla bunaithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad, i gcás ina ndéanann roinnt údarás náisiúnta an cur i bhfeidhm sin a choigeartú nó a chuíchóiriú sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta. Ós rud é nach ndírítear sa chreat stuamachta reatha ar na rioscaí uile atá ann do chineálacha áirithe gnólachtaí infheistíochta agus na rioscaí a bhaineann leo, cuireadh forlíontáin chaipitil mhóra i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta áirithe i roinnt Ballstát. Ba cheart forálacha aonfhoirmeacha ina ndíreofar ar na rioscaí sin a leagan síos chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht stuamachta chomhchuibhithe ar ghnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais.

(9)

Dá bhrí sin, tá gá le córas stuamachta sonrach le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad de bhua a méide agus a n-idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta sistéamacha a bheith faoi réir an chreata stuamachta atá ann cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE i gcónaí. Is fothacar iad na gnólachtaí infheistíochta sin de na gnólachtaí infheistíochta a bhfuil feidhm, faoi láthair, ag an gcreat a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE agus nach mbaineann tairbhe as díolúintí tiomnaithe ó aon cheann dá bpríomhcheanglais. Tá samhlacha gnó agus próifílí riosca ag na gnólachtaí infheistíochta is mó agus ag na gnólachtaí is idirnasctha atá cosúil leo sin atá ag institiúidí creidmheasa suntasacha. Cuireann siad seirbhísí de "chineál an bhainc" ar fáil agus déanann siad rioscaí ar scála mór a fhrithghealladh. Ina theannta sin, tá gnólachtaí infheistíochta sistéamacha sách mór le bheith ina mbagairt ar fheidhmiú cobhsaí ordúil na margaí airgeadais, agus tá samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá ina mbagairt air sin, ar aon chéim le hinstitiúidí creidmheasa móra. Dá bhrí sin, is iomchuí na gnólachtaí infheistíochta sin a bheith faoi réir na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 75/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE.

(10)

Leis an gcóras stuamachta sonrach le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach meastar, de bhua a méide agus a n-idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile, gur gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad, ba cheart díriú ar na cleachtais ghnó shonracha atá ag gnólachtaí infheistíochta de chineálacha éagsúla. Na gnólachtaí infheistíochta sin lena mbaineann an poitéinseal is airde chun rioscaí a ghiniúint do chliaint, do na margaí agus d'fheidhmiú rianúil na ngnólachtaí infheistíochta féin, ba cheart iad a bheith faoi réir, go háirithe, ceanglais stuamachta atá follasach agus éifeachtach agus saincheaptha do na rioscaí sonracha sin. Ba cheart na ceanglais stuamachta sin a bheith calabraithe ar bhealach atá comhréireach le cineál an ghnólachta infheistíochta, le leas chliaint an chineáil sin gnólachta infheistíochta agus le feidhmiú rianúil ordúil na margaí ina n-oibríonn an cineál sin gnólachta infheistíochta a chur chun cinn. Ba cheart, leis na ceanglais sin, réimsí sainaitheanta riosca a mhaolú agus ba cheart iad a bheith ina gcuidiú chun a áirithiú, dá gclisfeadh gnólacht infheistíochta, gurbh fhéidir é a leachtú ar bhealach ordúil leis an íosmhéid suaite do chobhsaíocht na margaí airgeadais.

(11)

Leis an gcóras dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do na hoibleagáidí a bhíonn ar chruthaitheoirí margaidh ainmnithe ag ionaid trádála de bhun Threoir 2014/65/AE luachana a chur ar fáil agus a bheith i láthair sa mhargadh ar bhonn leanúnach.

(12)

An córas stuamachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nach meastar, de bhua a méide agus a n-idirnascthachta le gníomhaithe airgeadais agus eacnamaíocha eile, gur gnólachtaí infheistíochta sistéamacha iad, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair. Mar sin féin, chun gur fusaide na ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm i gcás gnólachtaí infheistíochta san Aontas ar cuid de ghrúpaí baincéireachta iad, agus chun nach gcuirfear isteach ar shamhlacha áirithe gnó a gcumhdaítear na rioscaí a bhaineann leo trí na rialacha stuamachta a chur i bhfeidhm, ba cheart cead a thabhairt, freisin, do ghnólachtaí infheistíochta na ceanglais atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchuí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, ar choinníoll nach chun críoch arbatráiste rialála a dhéantar a gcinneadh déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, toisc gur teoranta, den chuid is mó, iad na rioscaí a dtéann gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha fúthu, ba cheart a cheadú do na gnólachtaí sin leas a bhaint as díolúine ó na ceanglais stuamachta shonracha ar ghnólachtaí infheistíochta i gcás inar cuid iad de ghrúpa baincéireachta nó grúpa gnólachtaí infheistíochta ar sa Bhallstát céanna atá a cheannáras agus atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE nó faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), de réir mar is infheidhme, óir, i gcásanna den sórt sin, ba cheart na creataí stuamachta sin na rioscaí sin a chumhdach go leordhóthanach. Chun go gcaithfear le grúpaí gnólachtaí infheistíochta mar a chaitear lena leithéid faoi láthair faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, i dtaca le grúpaí nach bhfuil iontu ach gnólachtaí infheistíochta, nó i gcás nach infheidhme comhdhlúthú faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart a cheangal ar an máthairghnóthas i ngrúpaí den sórt sin cloí le ceanglais an Rialacháin seo bunaithe ar staid chomhdhlúite an ghrúpa. De mhalairt air sin, in ionad comhdhlúthú stuamachta, i gcás ina mbíonn struchtúir agus próifílí riosca níos simplí i gceist le grúpaí gnólachtaí infheistíochta den sórt sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú don mháthairghnóthas sa ghrúpa caipiteal leordhóthanach a bheith aige chun tacú le luach de réir na leabhar a gcuid sealúchas sna fochuideachtaí. I gcás inar cuid de ghrúpa árachais iad, ba cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha freisin leas a bhaint as díolúine ó cheanglais nochta.

(13)

Chun go mbeidh gnólachtaí infheistíochta in ann leanúint de bheith ag brath ar na cistí dílse atá acu cheana chun na ceanglais cistí dílse atá orthu a chomhlíonadh de réir an chreata stuamachta a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta, ba cheart sainmhíniú agus comhdhéanamh na gcistí dílse a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Áirítear leis sin asbhaintí iomlána ítimí den chlár comhardaithe ó chistí dílse i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, amhail sócmhainní cánach iarchurtha agus sealúchais ionstraimí caipitil de chuid eintiteas earnála airgeadais eile. Ba cheart, áfach, gnólachtaí infheistíochta a bheith in ann sealúchais neamhshuntasacha ionstraimí caipitil in eintitis earnála airgeadais a dhíolmhú ó asbhaintí má tá siad ina seilbh chun críoch trádála chun tacú leis an déanamh margaidh sna hionstraimí sin. Chun comhdhéanamh na gcistí dílse a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, táthar tar éis macasamhlú a dhéanamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo ar chóimheasa comhfhreagracha na gcineálacha cistí dílse. Chun a áirithiú go mbeidh na ceanglais comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta agus go mbeidh rochtain réidh ag na gnólachtaí infheistíochta orthu faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a iomchuí atá sé leanúint den sainmhíniú ar chistí dílse agus de chomhdhéanamh chistí dílse a ailíniú leis an sainmhíniú agus an comhdhéanamh atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(14)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh gnólachtaí infheistíochta, i gcónaí, ar bhonn an leibhéil cistí dílse a cheanglaítear maidir lena n-údarú, ba cheart do gach gnólacht infheistíochta, i gcónaí, ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil a shásamh arb ionann é agus an caipiteal tosaigh a cheanglaítear chun údarú a fháil leis na seirbhísí infheistíochta ábhartha a sheoladh i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/2034.

(15)

Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go simplí an ceanglas íosmhéid cistí dílse ar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, ba cheart cistí dílse a bheith acu is ionann agus, cibé acu is airde, an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil nó aon cheathrú dá bhforchostais sheasta arna dtomhas ar bhonn a ngníomhaíochta le linn na bliana roimhe sin. Gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha ar fearr leo níos mó den réamhchúram rialála breise a fheidhmiú agus éifeachtaí aille a sheachaint i gcás ina ndéantar athaicmiú, níor cheart cosc a chur orthu seilbh a bheith acu ar chistí dílse de bhreis ar a gceanglaítear faoin Rialachán seo ná cosc a chur orthu bearta a chur i bhfeidhm is déine ná a gceanglaítear faoin Rialachán seo.

(16)

Chun a chur san áireamh gurb airde na rioscaí atá ag gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha iad, is éard ba cheart a bheith sa cheanglas atá ar ghnólachtaí den sórt sin maidir le híosmhéid cistí dílse an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil, aon cheathrú dá bhforchostais sheasta don bhliain roimhe sin, nó suim an cheanglais atá orthu de réir an tacair fachtóirí riosca atá saincheaptha do ghnólachtaí infheistíochta ("K-fhachtóirí") lena socraítear caipiteal i ndáil leis na rioscaí i réimsí gnó sonracha de chuid gnólachtaí infheistíochta.

(17)

Ba cheart a mheas go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha chun críocha na gceanglas stuamachta sonrach ar ghnólachtaí infheistíochta i gcás nach seolann siad seirbhísí infheistíochta lena mbaineann ardriosca do chliaint, do na margaí ná dóibh féin agus i gcás ina bhfágann a méid gur lú an dóchúlacht go mbeidís ina gcúis le tionchair dhiúltacha fhorleathana ar chliaint agus ar na margaí dá dtiocfadh isteach rioscaí a bhaineann lena ngnó nó dá gclisfidís. Dá réir sin, ba cheart gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a shainmhíniú mar na gnólachtaí sin nach ndéileálann ar a gcuntas féin ná nach dtéann faoi riosca de thoradh ionstraimí airgeadais a thrádáil, nach bhfuil aon sócmhainní ná airgead cliant ina seilbh acu, ar lú ná EUR 1,2 billiún na sócmhainní atá acu faoi bhainistiú punainne lánroghnach agus socruithe neamh‐lánroghnacha (comhairleacha) araon, ar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh an lae na horduithe cliaint a láimhseálann siad i dtrádálacha in airgead tirim nó ar lú na EUR 1 bhilliún in aghaidh an lae na horduithe cliaint a láimhseálann siad i ndíorthaigh, agus ar lú ná EUR 100 milliún a gclár comhardaithe, lena n-áirítear ítimí atá lasmuigh den chlár comhordaithe agus ar lú ná EUR 30 milliún a n-ollioncam iomlán bliantúil ó fheidhmiú a seirbhísí infheistíochta.

(18)

Chun an t-arbatráiste rialála a chosc agus chun na dreasachtaí a laghdú do ghnólachtaí infheistíochta a n-oibríochtaí a athstruchtúrú sa dóigh nach sáróidh siad na tairseacha nach mbeidís cáilithe mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha os a gcionn, ba cheart na tairseacha maidir le sócmhainní faoi bhainistiú, orduithe cliaint arna láimhseáil, méid an chláir comhardaithe agus ollioncam iomlán bliantúla a chur i bhfeidhm ar bhonn comhcheangailte i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile ar cuid den ghrúpa céanna iad. Na coinníollacha eile, mar atá an bhfuil airgead cliant i seilbh gnólachta infheistíochta, an bhfuil sócmhainní cliant á riar agus á gcoimirciú aige, nó an dtrádálann sé ionstraimí airgeadais agus an dtéann sé faoi riosca margaidh nó faoi riosca contrapháirtí, is critéir dhénártha iad nach bhfágann aon scóip d'athstruchtúrú den sórt sin agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a mheasúnú ar bhonn aonair. Chun samhlacha gnó atá ag athrú a cheapadh mar aon leis na rioscaí a bhaineann leo ar bhonn leanúnach, ba cheart na coinníollacha agus na tairseacha sin a mheasúnú ag deireadh an lae cé is moite d’airgead cliaint a shealbhú, cliant ar cheart é a mheasúnú laistigh den lá, agus ar mhéid an chláir comhardaithe agus ollioncam iomlán bliantúla, ar cheart iad a mheasúnú ar bhonn staid an ghnólachta infheistíochta ag deireadh na bliana airgeadais roimhe sin.

(19)

Gnólacht infheistíochta a sháróidh na tairseacha rialála nó a mhainneoidh na coinníollacha eile a shásamh, níor cheart a mheas gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é agus ba cheart é a bheith faoi réir na gceanglas atá ar ghnólachtaí infheistíochta eile, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo. Leis sin, ba cheart gnólachtaí infheistíochta a spreagadh lena ngníomhaíochtaí gnó a phleanáil sa dóigh go mbeidh siad cáilithe go soiléir mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha. I gcás gnólachta infheistíochta nach sásóidh na ceanglais nach mór a chomhlíonadh le bheith measta mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha, le gur féidir leis a bheith cáilithe don láimhseáil chéanna, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le céim faireacháin ina sásóidh an gnólacht infheistíochta sin na coinníollacha agus ina bhfanfaidh sé faoi bhun na dtairseach ábhartha ar feadh sé mhí as a chéile ar a laghad.

(20)

Ba cheart do gach gnólacht infheistíochta na ceanglais cistí dílse atá air de réir thacar K‐fhachtóirí lena gceaptar an riosca don chliant ("RtC"), an riosca don mhargadh ("RtM") agus an riosca don ghnólacht ("RtF"). Leis na K-fhachtóirí faoi RtC, ceaptar sócmhainní cliant faoi bhainistiú agus comhairle leanúnach (K-AUM), airgead cliant atá ar seilbh (K-CMH), sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar (K-ASA) agus orduithe cliant arna láimhseáil (K-COH).

(21)

Leis an K-fhachtóir faoi RtM, ceaptar riosca an ghlansuímh (K-NPR) i gcomhréir leis na forálacha maidir le riosca margaidh atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó, i gcás ina gceadóidh an t-údarás inniúil é le haghaidh cineálacha sonracha gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin trí chomhaltaí imréitigh, bunaithe ar na corrlaigh iomlána a theastaíonn ó chomhalta imréitigh an ghnólachta infheistíochta (K‐CMG). Ba cheart rogha a bheith ag gnólachtaí infheistíochta K-NPR agus K-CMG a chur i bhfeidhm go comhuaineach ar bhonn punainne.

(22)

Leis na K-fhachtóirí faoi RtF, ceaptar neamhchosaint an ghnólachta infheistíochta ar mhainneachtain a gcontrapháirtithe trádála (K-TCD) i gcomhréir le forálacha simplithe maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí atá bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, riosca comhchruinnithe neamhchosaintí móra an ghnólachta infheistíochta ar chontrapháirtithe sonracha atá bunaithe ar fhorálacha an Rialacháin sin a bhfuil feidhm acu maidir le neamhchosaintí móra sa leabhar trádála (K-CON), rioscaí oibriúcháin shreabhadh trádála laethúil an ghnólachta infheistíochta (K-DTF).

(23)

Is éard atá sa cheanglas cistí dílse foriomlán faoi na K-fhachtóirí suim na gceanglas de réir K-fhachtóirí faoi RtC, RtM agus RtF. Baineann K-AUM, K-ASA, K-CMH, K-COH agus K-DTF leis an méid gníomhaíochta dá dtagraíonn gach K-fhachtóir. Déantar na méideanna i gcás K-CMH, K-ASA, agus K-DTF a ríomh ar bhonn meán rollach ón naoi mí roimhe sin. Ríomhtar an méid i gcás K-COH ar bhonn mheán rollach na 6 mhí roimhe sin, ach i gcás K-AUM is ar na 15 mhí roimhe sin atá sé bunaithe. Déantar na méideanna sin a iolrú faoi na comhéifeachtaí comhfhreagracha a leagtar amach sa Rialachán seo chun an ceanglas cistí dílse a chinneadh. Is ó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhaightear na ceanglais cistí dílse do K-NPR ach, i gcás na gceanglas cistí dílse do K-CON agus K-TCD, déantar na ceanglais chomhfhreagracha den Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar bhealach simplithe i ndáil le láimhseáil neamhchosaintí móra sa leabhar trádála agus láimhseáil riosca creidmheasa an chontrapháirtí faoi seach. Is é nialas méid an K-fhachtóra mura bhfuil gnólacht infheistíochta i mbun na gníomhaíochta ábhartha.

(24)

Garmheastacháin is ea na K-fhachtóirí faoi RtC lena gcumhdaítear réimsí gnó na ngnólachtaí infheistíochta a tharlódh go nginfidís díobháil do chliaint dá dtiocfadh ann d'fhadhbanna. Le K-AUM, ceaptar an riosca díobhála do chliaint de dheasca bainistíocht lánroghnach mhícheart ar phunanna cliant nó de dheasca droch-fhorghníomhú agus tugann sé deimhniú agus tairbhí cliant i ndáil le leanúnachas na seirbhísí maidir leis an mbainistiú punainne agus comhairle infheistíochta atá ar siúl. Le K-ASA, ceaptar an riosca a bhaineann le sócmhainní cliant, agus áirithítear go bhfuil i seilbh gnólachtaí infheistíochta caipiteal atá i gcomhréir le comharduithe den sórt sin, gan beann ar iad a bheith ar a gclár comhardaithe féin nó leithscartha i gcuntais tríú páirtí. Le K-CMH, ceaptar riosca an phoitéinsil díobhála i gcás ina bhfuil airgead a chliant i seilbh an ghnólachta infheistíochta, agus é á chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil siad ar a chlár comhardaithe féin nó leithscartha i gcuntais tríú páirtí agus i socruithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme lena bhforáiltear go ndéantar an t-airgead cliant sin a choimirciú i gcás féimheachta, dócmhainneachta, nó ina dtéann an gnólacht infheistíochta i mbun réitigh nó riaracháin. Eisiatar in K-CMH airgead de chuid an chliaint a thaisctear i gcuntas bainc (coimeádaí) in ainm an chliaint féin, i gcás ina mbíonn rochtain ag an ngnólacht infheistíochta ar airgead an chliaint trí bhíthin sainordú tríú páirtí. Le K-COH, ceaptar an riosca is féidir a bheith ann do chliaint an ghnólachta infheistíochta a bhforghníomhaíonn a orduithe (in ainm an chliaint, agus ní in ainm an ghnólachta infheistíochta féin), mar shampla mar chuid de sheirbhísí "forghníomhaithe amháin" do chliaint nó i gcás inar cuid de shlabhra d'orduithe cliaint é an gnólacht infheistíochta.

(25)

An K-fhachtóir RtM do ghnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, tá sé bunaithe ar rialacha maidir le riosca margaidh i ndáil le suíomhanna in ionstraimí airgeadais, i malairt eachtrach, agus i dtráchtearraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bharr sin, is féidir le gnólachtaí infheistíochta a roghnú cé acu a chuirfidh siad i bhfeidhm an cur chuige caighdeánaithe simplithe, an cur chuige caighdeánaithe malartach faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó an rogha samhlacha inmheánacha a úsáid, a luaithe a thiocfaidh an dá chur chuige réamhráite sin chun bheith infheidhme i dtaca le hinstitiúidí creidmheasa ní hé amháin chun críoch tuairiscithe ach chun críoch ceanglais cistí dílse freisin. Idir an dá linn, agus ar a laghad le linn cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochtaí creat riosca margaidh (an cur chuige caighdeánaithe nó, i gcás inarb infheidhme, na samhlacha inmheánacha) de chuid Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm chun críoch a K-NPR a ríomh. Mura dtiocfaidh na forálacha a leagtar amach i gCaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun bheith infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa chun críoch ceanglas cistí dílse, ba cheart do ghnólachtaí creidmheasa leanúint de na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Trí de Rialachán Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm chun críoch K-NPR a ríomh. De mhalairt air sin, i dtaca le ceanglais cistí dílse gnólachtaí infheistíochta a thrádálann ionstraimí airgeadais agus a bhfuil suíomhanna acu nach mór a imréiteach, faoi réir fhormheas an údaráis inniúil agus coinníollacha áirithe, féadfaidh siad a bheith cothrom le suim na gcorrlach iomlán a theastaíonn óna gcomhalta imréitigh, arna méadú faoi iolraitheoir seasta. Den chuid is mó, níor cheart K-CMG a úsáid ach amháin i gcás ina dtagann gníomhaíocht trádála gnólachta infheistíochta, go hiomlán nó cuid mhór, faoin gcur chuige seo. Ach féadfaidh údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta cead a thabhairt don ghnólacht infheistíochta úsáid pháirteach a bhaint as cur chuige K-CMG, ar choinníoll go n-úsáidtear an cur chuige sin i dtaca le gach suíomh atá faoi réir imréitigh nó athshocrú corrlaigh, agus go gcuirtear ceann de na trí mhodh mhalartacha do K-NPR i bhfeidhm ar phunanna nach bhfuil faoi réir imréitigh. D'fhonn Chun a áirithiú go mbeidh na ceanglais comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta agus go mbeidh rochtain réidh acu ag na gnólachtaí infheistíochta orthu faoin Rialachán seo, ba cheart a áireamh ar aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir le chur chun feidhme na modhanna lena ríomhtar na K-fhachtóirí athbhreithniú ar a iomchuí atá sé leanúint de ríomh KNPR a ailíniú leis na rialacha maidir le riosca margaidh do shuíomhanna leabhair trádála in ionstraimí airgeadais, i malairt eachtrach, agus i dtráchtearraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna leasú.

(26)

I gcás na ngnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, is éard atá sna K‐fhachtóirí do K-TCD agus do K-CON faoi RtF ná cur i bhfeidhm simplithe de na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus riosca na neamhchosaintí móra. Le K-TCD, ceaptar an riosca don ghnólacht infheistíochta a bhaineann le contrapháirtithe i ndíorthaigh thar an gcuntar (OTC), in idirbhearta athcheannaigh, in idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, in idirbhearta socraíochta iarchurtha, in idirbhearta iasachta corrlaigh, aon idirbhearta maoinithe urrús eile, mar aon le faighteoirí iasachtaí arna ndeonú ag an ngnólacht infheistíochta ar bhonn coimhdeach i gcás ina mainníonn seirbhís infheistíochta a n-oibleagáidí a chomhlíonadh trí luach na neamhchosaintí a mhéadú, bunaithe ar an gcostas athsholáthair maille le forlíontán i gcomhair neamhchosaint fhéideartha amach anseo, faoi fhachtóirí riosca atá bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena gcuirtear san áireamh éifeachtaí maolaitheacha na glanluachála éifeachtaí agus an mhalartaithe comhthaobhachta. Chun an chóir a chuirtear ar riosca creidmheasa contrapháirtí a ailíniú a thuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart iolraitheoir seasta 1,2 agus iolraitheoir coigeartaithe luachála creidmheasa (CVA) de léiriú ar luach reatha riosca creidmheasa an chontrapháirtí i leith an ghnólachta infheistíochta in idirbhearta sonracha a chur isteach freisin. Le K-CON, ceaptar an riosca comhchruinnithe i ndáil le contrapháirtithe aonair nó an-idirnasctha san earnáil phríobháideach a bhfuil neamhchosaintí ag gnólachtaí orthu atá os cionn 25 % dá gcistí dílse, nó os cionn tairseacha malartacha sonracha i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta eile, trí fhorlíontán caipitil a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí iomarcacha os cionn na dteorainneacha sin. Ar deireadh, le K-DTF ceaptar rioscaí oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta de dheasca méideanna móra trádálacha arna ndéanamh ar a chuntas féin nó do chliaint ina ainm féin in aon lá amháin a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar neamhleoire nó ar chliseadh próiseas inmheánach, daoine agus córas nó mar gheall ar eachtraí seachtracha, bunaithe ar luach barúlach na dtrádálacha laethúla, arna choigeartú de réir aibíocht na ndíorthach ráta úis chun méaduithe sna ceanglais cistí dílse a theorannú, go háirithe i gcás conarthaí gearrthéarmacha nuair is ísle do na rioscaí oibriúcháin a bhraitear leo.

(27)

Ba cheart do gach gnólacht infheistíochta faireachán agus rialú a dhéanamh ar a riosca comhchruinnithe, lena n-áirítear maidir lena chliaint. Níor cheart, áfach, ach do na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir ceanglas maidir le híosmhéid cistí dílse de réir na K‐fhachtóirí, níor cheart ach dóibhsean tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena rioscaí comhchruinnithe. I gcás gnólachtaí infheistíochta atá speisialaithe i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochta nó i ndíorthaigh díobh sin a bhfuil neamhchosaintí comhchruinnithe móra acu i ndáil le contrapháirtithe neamhairgeadais, féadfar na teorainneacha leis an riosca comhchruinnithe a shárú gan caipiteal breise faoi K‐CON a fhad is a dhéanfar sin chun críoch tráchtála, státchiste nó bainistithe leachtachta.

(28)

Ba cheart nósanna imeachta inmheánacha a bheith ag gach gnólacht infheistíochta chun faireachán a dhéanamh ar na ceanglais leachtachta atá orthu agus chun iad a bhainistiú. Tá sé beartaithe go mbeidh na nósanna imeachta sin ina gcuidiú chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh na gnólachtaí infheistíochta ar mhodh ordúil le himeacht ama, gan riachtanas a bheith ann leachtacht a chur i leataobh go sonrach le haghaidh tráthanna struis. Chuige sin, ba cheart do gach gnólacht infheistíochta aon trian ar a laghad den cheanglas forchostas seasta atá air a choinneáil i sócmhainní leachtacha i gcónaí. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla díolúine ón gceanglas sin a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh‐idirnasctha. Ba cheart na sócmhainní leachtacha sin a bheith d'ardcháilíocht agus ailínithe leis na sócmhainní sin a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (9), maille leis na caolchorrlaigh a bhfuil feidhm acu maidir leis na sócmhainní sin faoin Rialachán Tarmligthe sin. Chun an difríocht idir próifílí leachtachta na ngnólachtaí infheistíochta agus na n-institiúidí creidmheasa a chur san áireamh, ba cheart an liosta de shócmhainní leachtacha iomchuí a fhorlíonadh le hairgead dílis neamhualaithe agus taiscí gearrthéarma an ghnólachta infheistíochta (níor cheart a áireamh air sin airgead cliant ná ionstraimí airgeadais de chuid na gcliant), mar aon le hionstraimí áirithe airgeadais a bhfuil margadh leachtach ann lena n-aghaidh. I gcás nach ndíolmhaítear iad ó na ceanglais leachtachta, d'fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, mar aon le gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil ceadúnaithe trádáil nó gníomhaíochtaí frithgheallta a chur i gcrích, ítimí a chur san áireamh a bhaineann le féichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá mar shócmhainní leachtacha, ar choinníoll nach mó na hítimí sin ná aon trian den cheanglas maidir le híosmhéid leachtachta, nach n-áirítear iad i gcomhair aon cheanglais leachtachta breise arna bhforchur ag an údarás inniúil, agus go gcuirtear caolchorrlach 50 % i bhfeidhm orthu. In imthosca eisceachtúla, ba cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta teacht faoi bhun na tairsí atá ina ceangal orthu trí luach airgid a chur ar a sócmhainní leachtacha chun na ceanglais leachtacha atá orthu a chumhdach, ar chuntar go dtabharfaidh siad fógra dá n-údarás inniúil láithreach. Mar gheall ar gach ráthaíocht airgeadais a thabharfar do chliaint a d'fhágfadh, dá gcuirfí i bhfeidhm í, gur mó an riachtanas leachtachta, ba cheart an méid sócmhainní leachtacha atá ar fáil a laghdú 1,6 % de luach iomlán na ráthaíochta, ar a laghad. Chun a áirithiú go mbeidh na ceanglais comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta agus go mbeidh rochtain réidh ag na gnólachtaí infheistíochta orthu faoi raon feidhme an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar a iomchuí atá na sócmhainní leachtacha sin is incháilithe chun an ceanglas íos-leachtachta a shásamh, lena n-áirítear leanúint den ailíniú leo siúd a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, maille leis na caolchorrlaigh a bhfuil feidhm acu maidir leis na sócmhainní sin faoin Rialachán Tarmligthe sin.

(29)

Ba cheart creat tuairiscithe rialála comhfhreagrach a fhorbairt in éineacht leis an gcóras stuamachta nua agus ba cheart é a bheith saincheaptha go cáiréiseach do ghnó na ngnólachtaí infheistíochta agus do cheanglais an chreata stuamachta. Ba cheart na ceanglais tuairiscithe ar ghnólachtaí infheistíochta a bheith bainteach le leibhéal agus le comhdhéanamh a gcistí dílse, leis na ceanglais cistí dílse atá orthu, leis an mbonn ar a ríomhtar na ceanglais cistí dílse atá orthu, lena bpróifíl ghníomhaíochta agus lena méid i ndáil leis na paraiméadair ar a mheastar go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha, leis na ceanglais leachtachta atá orthu agus lena gcomhlíonadh i leith na bhforálacha maidir leis an riosca comhchruinnithe. Ba cheart díolúine a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha maidir le tuairisciú ar riosca comhchruinnithe, agus níor cheart a bheith de cheangal orthu tuairisciú ar na ceanglais leachtachta ach i gcás ina mbíonn feidhm ag ceanglais den sórt sin ina leith. Ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na teimpléid mhionsonraithe agus na socruithe a shonrú tuilleadh i gcomhair an tuairiscithe rialála sin agus chun na teimpléid a shonrú i gcomhair nochtadh cistí dílse. Ba cheart na caighdeáin sin a bheith comhréireach le scála agus le castacht na ngnólachtaí infheistíochta éagsúla agus ba cheart a chur san áireamh iontu, go háirithe, an meastar gnólachtaí infheistíochta a bheith beag agus neamh-idirnasctha.

(30)

Chun trédhearcacht a chur ar fáil dá n-infheisteoirí agus do na margaí i gcoitinne, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta nach meastar a bheith beag agus neamh-idirnasctha a leibhéil cistí dílse, na ceanglais cistí dílse atá orthu, a socruithe rialachais agus a mbeartais agus a gcleachtais luacha saothair a nochtadh go poiblí. Níor cheart gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a bheith faoi réir na gceanglas maidir le nochtadh poiblí, ach amháin i gcás ina n-eiseoidh siad ionstraimí breise Leibhéal 1 chun trédhearcacht a chur ar fáil dóibh siúd a infheisteoidh sna hionstraimí sin.

(31)

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta beartais luacha saothair inscne-neodracha a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart roinnt soiléirithe a dhéanamh maidir le nochtadh aisíocaíochta. Ba cheart na ceanglais nochta i dtaca leis an luach saothair a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le luach saothair, is é sin, beartais agus cleachtais luacha saothair a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na gcatagóirí foirne sin a mbíonn tionchar iarbhír ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na ngnólachtaí infheistíochta agus atá i gcomhréir le bainistiú éifeachtach riosca. Thairis sin, gnólachtaí infheistíochta a fuair maolú ar rialacha aisíocaíochta áirithe, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu faisnéis a nochtadh ar an maolú sin.

(32)

Ar mhaithe le hascnamh rianúil na ngnólachtaí infheistíochta ó cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE chuig na ceanglais faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) 2019/2034, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha iomchuí. Go háirithe, ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, na gnólachtaí infheistíochta a dtiocfadh breis agus dúbailt ar an gceanglas cistí dílse a bheadh orthu faoin Rialachán seo i gcomparáid leis an gceanglas cistí dílse atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, ba cheart iad a bheith in ann éifeachtaí na méaduithe a d'fhéadfadh a bheith ann a mhaolú tríd an gceanglas cistí dílse a theorannú do dhá oiread an cheanglais cistí dílse ábhartha atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE.

(33)

Ionas nach bhfágfar faoi mhíbhuntáiste gnólachtaí infheistíochta nua a bhfuil a bpróifílí cosúil le gnólachtaí infheistíochta atá ann cheana, ba cheart na gnólachtaí infheistíochta nach raibh riamh faoi réir ceanglas cistí dílse faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE a bheith in ann na ceanglais cistí dílse atá orthu faoin Rialachán seo a theorannú do dhá oiread an cheanglais forchostas seasta atá orthu ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(34)

Ar an gcuma chéanna, na gnólachtaí infheistíochta nach raibh faoi réir ach ceanglas caipitil tosaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE agus a dtiocfadh breis agus dúbailt ar an gceanglas cistí dílse a bheadh orthu faoin Rialachán seo i gcomparáid lena gcás faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE, ba cheart iad a bheith in ann an ceanglas cistí dílse atá orthu faoin Rialachán seo a theorannú do dhá oiread an cheanglais caipitil tosaigh a bhí orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Threoir 2013/36/AE ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cé is moite de ghnólachtaí áitiúla dá dtagraítear i bpointe (2)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, agus ba cheart iad siúd a bheith faoi réir saincheanglas idirthréimhseach cistí dílse a léiríonn go mbaineann leibhéal riosca níos airde leo. Chun críoch comhréireachta, ba cheart foráil a dhéanamh freisin do cheanglais idirthréimhseacha cistí dílse do ghnólachtaí beaga infheistíochta agus do ghnólachtaí a sholáthraíonn réimse teoranta seirbhísí infheistíochta i gcás nach mbainfidís leas as na ceanglais cistí dílse atá orthu faoin Rialachán seo a theorannú do dhá oiread a gceanglas caipitil tosaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus Treoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ach go dtiocfadh méadú ar a gceanglas ceangailteach cistí dílse faoin Rialachán seo i gcomparáid lena staid faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630.

(35)

Ba cheart na bearta idirthréimhseacha sin, i gcás inarb infheidhme, a bheith ar fáil freisin do na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 498 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena ndíolmhaítear na gnólachtaí infheistíochta sin ó na ceanglais cistí dílse faoin Rialachán sin, cé go mbraitheann na ceanglais i leith na ngnólachtaí infheistíochta sin maidir le caipiteal tosaigh ar na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí infheistíochta a gcuireann siad ar fáil. Ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart na ceanglais cistí dílse atá orthu de réir na bhforálacha idirthréimhseacha a ríomh i bhfianaise na leibhéal infheidhme sin.

(36)

Ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó go dtí dáta chur i bhfeidhm na n-athruithe arna nglacadh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar Threoir 2013/36/AE i dtaca le ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh de bhun Chaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, cibé acu is déanaí, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir na bhforálacha comhfhreagracha den Rialachán seo leanúint den cheanglas cistí dílse atá orthu maidir leis an leabhar trádála a ríomh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630.

(37)

Na gnólachtaí infheistíochta is mó a chuireann príomhsheirbhísí margaidh mórdhíola agus baincéireachta infheistíochta ar fáil (déileáil ar a gcuntas féin in ionstraimí airgeadais nó ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn gealltanas daingean), tá samhlacha gnó agus próifílí riosca acu atá cosúil leo sin atá ag institiúidí creidmheasa tábhachtacha. Fágann a ngníomhaíochtaí go bhfuil siad ar a neamhchosaint ar riosca creidmheasa, i bhfoirm riosca creidmheasa an chontrapháirtí den chuid is mó, agus ar riosca margaidh freisin i ndáil leis na suíomhanna a ghlacann siad ar a gcuntas féin, bíodh siad bainte le cliant nó ná bíodh. Dá thoradh sin, is riosca iad don chobhsaíocht airgeadais, mar gheall ar a méid agus ar a dtábhacht shistéamach.

(38)

Baineann dúshlán breise leis na gnólachtaí móra infheistíochta sin i ndáil leis na húdaráis inniúla náisiúnta maoirseacht stuamachta éifeachtach a dhéanamh orthu. Cé go gcuireann na gnólachtaí infheistíochta is mó seirbhísí baincéireachta infheistíochta trasteorann ar fáil ar scála mór, ós gnólachtaí infheistíochta iad tá siad faoi réir maoirseacht stuamachta ag na húdaráis arna n-ainmniú faoi Threoir 2014/65/AE, agus ní gá gurb ionann na húdaráis inniúla sin agus na húdaráis arna n-ainmniú faoi Threoir 2013/36/AE. Is féidir leis an méid sin a bheith ina chúis le héagothrom iomaíochta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE laistigh den Aontas agus cuireann sé sin cosc ar mhaoirseoirí peirspictíocht stuamachta fhoriomlán a fháil, rud atá bunriachtanach chun dul i ngleic go héifeachtach leis na rioscaí a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta móra trasteorann. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh laghdú teacht ar éifeacht na maoirseachta stuamachta agus d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh. Dá bhrí sin, ba cheart stádas institiúidí creidmheasa a thabhairt do na gnólachtaí infheistíochta is mó chun sineirgí a chruthú i dtaca le maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí margaidh mórdhíola trasteorann i ngrúpa piaraí, rud a chuireann cothrom iomaíochta chun cinn, agus a cheadaíonn maoirseacht chomhsheasmhach idir grúpaí.

(39)

Dá bhrí sin, ba cheart do na gnólachtaí infheistíochta sin, de bhua éirí ina n-institiúidí creidmheasa, leanúint de bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE agus faoi réir mhaoirseacht ag na húdaráis inniúla, lena n-áirítear maoirseacht ag an mBanc Ceannais Eorpach faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair, a bhfuil na hinstitiúidí creidmheasa faoina gcúram. D'áiritheofaí ar an dóigh sin go gcuirfear maoirseacht stuamachta na n-institiúidí creidmheasa chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach éifeachtach, agus go gcuirfear an leabhar rialacha aonair do sheirbhísí airgeadais i bhfeidhm ar an mbealach céanna maidir le gach institiúid creidmheasa i bhfianaise a tábhachta sistéamaí. Chun cosc a chur leis an arbatráiste rialála agus chun rioscaí a laghdú go rachfaí timpeall ar rialáil, ba cheart do na húdaráis inniúla gach iarracht a dhéanamh staideanna a sheachaint ina ndéanfadh grúpaí a d'fhéadfadh a bheith sistéamach a n-oibríochtaí a struchtúrú ar bhealach áirithe ionas nach sáróidís na tairseacha a leagtar amach i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go rachaidís timpeall ar an oibleagáid údarú a lorg i gcáil institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE.

(40)

Níor cheart cead a bheith ag gnólachtaí infheistíochta móra a dhéantar a thiontú ina n-institiúidí creidmheasa taiscí nó cistí inaisíoctha a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá gcuntas féin go dtí go mbeidh údarú faighte acu le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE. Níor cheart go mbeadh sé ina cheanglais riachtanach ag gnóthais, le go measfaí mar institiúidí creidmheasa iad, gach gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá gcuntas féin. Dá bhrí sin, ba cheart an t-athrú ar shainmhíniú na hinstitiúide creidmheasa a thugtar isteach leis an Rialachán seo a bheith gan dochar do na córais údaraithe náisiúnta arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit féin i gcomhréir le Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034, lena n-áirítear aon fhorálacha ba iomchuí leis na Ballstáit chun na gníomhaíochtaí a shoiléiriú a gceadaítear do ghnólachtaí infheistíochta móra a thagann faoin sainmhíniú leasaithe ar institiúidí creidmheasa iad a chur i gcrích.

(41)

Ina theannta sin, is é is aidhm leis an maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ar bhonn comhdhlúite, inter alia, cobhsaíocht an chórais airgeadais a áirithiú agus, le go mbeidh sí éifeachtach, ba cheart í a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa, lena n-áirítear na grúpaí sin nach institiúidí creidmheasa ná gnólachtaí infheistíochta iad a máthairghnóthais. Dá bhrí sin, ba cheart gach institiúid creidmheasa, lena n-áirítear na cinn sin a raibh stádas gnólachtaí infheistíochta acu roimhe seo, a bheith faoi réir na rialacha maidir le maoirseacht aonair agus chomhdhlúite an mháthairghnóthais ag na húdaráis inniúla de bhun Roinn I de Chaibidil 3 de Theideal VII de Threoir 2013/36/AE.

(42)

Anuas air sin, maidir le gnólachtaí móra infheistíochta nach mbaineann tábhacht shistéamach leo ach a dhéileálann ar a gcuntas féin, a fhrithgheallann ionstraimí airgeadais nó a chuireann ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, d'fhéadfadh sé, mar sin féin, go mbeadh acu samhlacha gnó agus próifílí riosca atá cosúil leo sin atá ag institiúidí sistéamacha eile. Agus méid agus gníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta sin á gcur san áireamh, d'fhéadfadh sé, mar sin féin, go mbainfeadh rioscaí áirithe le gnólachtaí infheistíochta den sórt sin don chobhsaíocht airgeadais agus, cé nach meastar gurb iomchuí institiúidí creidmheasa a dhéanamh díobh i bhfianaise a gcineáil agus a gcastachta, ba cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir na córa stuamachta céanna leis na hinstitiúidí creidmheasa sin. Chun cosc a chur leis an arbatráiste rialála agus chun rioscaí a laghdú go rachfaí timpeall ar rialáil, ba cheart do na húdaráis inniúla gach iarracht a dhéanamh staideanna a sheachaint ina ndéanfadh gnólachtaí infheistíochta a n-oibríochtaí a struchtúrú ar bhealach áirithe ionas nach sáróidís an tairseach EUR 15 bhilliún a bhaineann le luach iomlán na sócmhainní ar leibhéal aonair nó ar leibhéal an ghrúpa, nó go dteorannófaí gan údar discréid na n-údarás inniúil gnólachtaí infheistíochta a chur faoi réir na gceanglas atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi réir chomhlíonadh na gceanglas stuamachta a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034.

(43)

Le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tugadh isteach córas comhchuibhithe Aontais le haghaidh rochtain a dheonú do ghnólachtaí tríú tír a chuireann gníomhaíochtaí nó seirbhísí infheistíochta ar fáil do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla atá bunaithe san Aontas. Braitheann rochtain ar an margadh inmheánach ar an gcoinníoll go nglacfadh an Coimisiún cinneadh coibhéise agus go ndéanfadh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (ÚEUM) an gnólacht tríú tír a chlárú. Tá sé tábhachtach go ndéanfar an measúnú ar choibhéis ar bhonn an dlí ábhartha is infheidhme de chuid an Aontais agus go mbeidh uirlisí éifeachtacha i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar deonaíodh coibhéis orthu. Ar na cúiseanna sin, ba cheart ceangal a chur ar ghnólachtaí atá cláraithe sa tríú tír tuairisc a thabhairt go bliantúil do ÚEUM le faisnéis maidir le scála agus raon feidhme na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar maoirseachta i ndáil le faireachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh maidir leis na coinníollacha coibhéise.

(44)

Leis an aidhm cothrom iomaíochta a chruthú agus trédhearcacht mhargadh an Aontais a chur chun cinn, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a leasú chun luachana ó inmheánaitheoirí sistéamacha, feabhsuithe praghais agus praghsanna forghníomhúcháin a chur faoi réir an chórais luachála ticeanna i gcás na méideanna uile. Dá bharr sin, ba cheart feidhm a bheith freisin ag na caighdeáin theicniúla rialála is infheidhme faoi láthair i dtaca leis an gcóras luachála ticeanna maidir le raon feidhme níos leithne Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(45)

Chun cosaint na n-infheisteoirí agus sláine agus cobhsaíocht na margaí airgeadais san Aontas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, tráth a ghlacfadh sé cinneadh coibhéise, na rioscaí féideartha a chur san áireamh a bhaineann leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí a bheadh gnólachtaí an tríú tír sin ina mbun san Aontas tar éis an chinnidh sin. Ba cheart a dtábhacht shistéamach a mheas ar bhonn critéir amhail an scála agus an raon feidhme is dócha a bheadh ag baint le soláthar na seirbhísí agus déanamh na ngníomhaíochtaí ag na gnólachtaí ón tríú tír lena mbaineann. Chun na críche céanna, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a chur san áireamh an bhfuil an tríú tír sainaitheanta mar dhlínse neamh-chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Níor cheart don Choimisiún a mheas gur comhionann ceanglais shonracha stuamachta, eagraíochtúla nó gnó áirithe ach i gcás ina mbaintear amach an éifeacht chéanna. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, cinntí coibhéise a ghlacadh a bheidh teoranta do sheirbhísí agus gníomhaíochtaí sonracha nó do chatagóirí seirbhísí agus gníomhaíochtaí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

(46)

D'eisigh ÚBE, le rannpháirtíocht ÚEUM, tuarascáil bunaithe ar anailís chúlra chríochnúil, ar bhailiú sonraí agus ar chomhairliúchán do chóras stuamachta saincheaptha do gach gnólacht infheistíochta neamhshistéamach atá mar bhonn leis an gcreat stuamachta athbhreithnithe do ghnólachtaí infheistíochta.

(47)

Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an raon feidhme agus na modhanna a shonrú le haghaidh comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta, forchostais sheasta a ríomh, na K-fhachtóirí a thomhas, coincheap na gcuntas leithscartha a shonrú i dtaca le hairgead cliaint, na comhéifeachtaí a choigeartú do K-DTF i gcás dálaí struis sa mhargadh, an ríomha lena socraítear ceanglais cistí dílse is ionann agus an corrlach iomlán a theastaíonn ó chomhaltaí imréitigh, agus teimpléid don nochtadh poiblí lena n-áirítear i dtaca le beartas infheistíochta agus tuairisciú rialála na gnólachtaí infheistíochta a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus na faisnéise atá le tabhairt do na húdaráis inniúla agus maidir leis na tairseacha chun údarú mar institiúid creidmheasa a chur de cheangal. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag UBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) 1093/2010. Ba cheart don Choimisiún agus do ÚBE a áirithiú gur féidir leis na gnólachtaí infheistíochta uile lena mbaineann na caighdeáin theicniúla rialála sin a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach le cineál, fairsinge agus castacht na ngnólachtaí infheistíochta sin agus a gcuid gníomhaíochtaí.

(48)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún freisin na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag an ÚBE agus ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 1093/2010 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(49)

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sainmhínithe sa Rialachán seo a shoiléiriú. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(50)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus forluí a sheachaint idir an creat stuamachta is infheidhme faoi láthair maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta araon agus an Rialachán seo, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE a leasú chun gnólachtaí infheistíochta a bhaint as a raon feidhme. Mar sin féin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta ar cuid de ghrúpa baincéireachta iad a bheith faoi réir na bhforálacha sin i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE atá ábhartha maidir leis an ngrúpa baincéireachta, amhail na forálacha maidir leis an máthairghnóthas idirmheánach AE dá dtagraítear in Airteagal 21b de Threoir 2013/36/AE agus faoi réir na rialacha maidir le comhdhlúthú stuamachta a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(51)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá creat stuamachta éifeachtach comhréireach a chur ar bun lena áirithiú go n-oibreoidh na gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe oibriú san Aontas ar bhonn fónta airgeadais agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar dhóigh ordúil lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, chun leas a gcliant, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID A hAON

FORÁLACHA GINEARÁLTA

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME, AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais stuamachta aonfhoirmeacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta arna n-údarú agus arna maoirsiú faoi Threoir 2014/65/AE agus arna maoirsiú maidir le comhlíonadh ceanglas stuamachta faoi Threoir (AE) 2019/2034 i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)

ceanglais cistí dílse a bhaineann le heilimintí inchainníochtaithe, aonfhoirmeacha agus caighdeánaithe den riosca don ghnólacht, den riosca don chliant agus den riosca don mhargadh;

(b)

ceanglais lena dteorannaítear an riosca comhchruinnithe;

(c)

ceanglais leachtachta a bhaineann le heilimintí inchainníochtaithe, aonfhoirmeacha agus caighdeánaithe den riosca leachtachta;

(d)

ceanglais tuairiscithe a bhaineann le pointí (a), (b) agus (c);

(e)

ceanglais maidir le nochtadh poiblí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i dtaca le gnóthas infheistíochta arna údarú agus arna mhaoirsiú faoi Threoir 2014/65/AE a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfaidh sé ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcás nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ionann agus EUR 15 billiún nó is mó ná sin luach iomlán na sócmhainní comhdhlúite atá ag an ngnólacht infheistíochta, arna ríomh mar mheán na dhá mhí dhéag roimhe sin cé is moite de luach na sócmhainní aonair atá ag aon fhochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a ghabhann d'aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo;

(b)

is lú ná EUR 15 bhilliún luach iomlán na sócmhainní atá ag an ngnólacht infheistíochta, agus tá an gnólacht ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 15 bhilliún nó inar mó ná EUR 15 bhilliún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa ar lú ná EUR 15 bhilliún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus iad go léir ríofa mar mheán den 12 mhí roimhe sin, cé is moite de luach na sócmhainní aonair atá ag aon fhochuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san fhomhír seo; nó

(c)

tá an gnólacht infheistíochta faoi réir cinneadh de chuid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034.

Na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear sa mhír seo, déanfar iad a mhaoirsiú i dtaca lena gcomhlíonadh ceanglais stuamachta atá i dTeideal VII agus Teideal VIII de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear chun an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh i gcás ina bhfuil gnólachtaí infheistíochta den sórt sin ina gcuid de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

3.   Níl feidhm ag an maolú dá bhforáiltear i mír 2 i gcás nach sásaíonn gnólacht infheistíochta a thuilleadh aon cheann de na tairseacha a leagtar amach sa mhír sin, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí as a chéile, nó i gcás ina gcinneann údarás inniúil amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034. Tabharfaidh an gnólacht infheistíochta fógra don údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon sárú a dhéanfar ar thairseach le linn na tréimhse sin.

4.   Gnólachtaí infheistíochta a shásaíonn na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, fanfaidh sé faoi réir na gceanglas atá in Airteagail 55 agus 59.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt do ghnólacht infheistíochta arna údarú agus arna mhaoirsiú faoi Threoir 2014/65/AE a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE na ceanglais atá i Rialachán (AE) 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear ar bhonn comhdhlúite é leis an maoirseacht ar institiúid creidmheasa, ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

tugann an gnólacht infheistíochta fógra don údarás inniúil faoin Rialachán seo agus don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, i gcás inarb infheidhme;

(c)

tá an t-údarás inniúil sásta gur slán ó thaobh stuamachta de do chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cistí dílse atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair i leith an ghnólachta infheistíochta agus ar bhonn comhdhlúite i leith an ghrúpa, agus nach siocair é le laghdú ar cheanglais cistí dílse an ghnólachta infheistíochta faoin Rialachán seo, agus nach chun críoch arbatráiste rialála a dhéantar sin.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don ghnólacht infheistíochta faoi chinneadh cead a thabhairt Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm de bhun na chéad fhomhíre laistigh de dhá mhí ón bhfógra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo a fháil, agus cuirfidh siad ÚBE ar an eolas faoi. I gcás ina ndiúltóidh údarás inniúil cead a thabhairt Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána atá leis sin.

Na gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear sa mhír seo, déanfar iad a mhaoirsiú i dtaca lena gcomhréireacht le ceanglais stuamachta atá i dTeideal VII agus Teideal VIII de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear chun an maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh i gcás ina bhfuil gnólachtaí infheistíochta den sórt sin ina gcuid de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (25) d'Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 2

Cumhachtaí maoirseachta

Chun críoch comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, beidh ag na húdaráis inniúla na cumhachtaí a leagtar amach i dTreoir (AE) (AE) 2019/2034 agus leanfaidh siad na nósanna imeachta a leagtar amach sa Treoir sin.

Airteagal 3

Ceanglais níos déine a chur i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar ghnólachtaí infheistíochta cistí dílse agus a gcomhpháirteanna agus sócmhainní leachtacha de bhreis orthu siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bheith ina seilbh acu, ná bearta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná iad siúd a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn "gnóthas seirbhísí coimhdeacha" gnóthas arb é a phríomhghníomhaíocht a bheith i seilbh maoine nó maoin a bhainistiú, seirbhísí próiseála sonraí a bhainistiú, nó gníomhaíocht chomhchosúil atá coimhdeach le príomhghníomhaíocht gnólachta infheistíochta amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn "cuideachta bainistíochta sócmhainní" cuideachta bainistíochta sócmhainní mar a shainmhínítear i bpointe (19) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(3)

ciallaíonn "comhalta imréitigh" gnólacht arna bhunú i mBallstát a shásaíonn an sainmhíniú atá i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(4)

ciallaíonn "cliant" cliant mar a shainmhínítear i bpointe (9) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE seachas chun críocha Chuid a Ceathair den Rialachán seo, áit a chiallóidh "cliant" aon chontrapháirtí de chuid an ghnólachta infheistíochta;

(5)

ciallaíonn "déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí" déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí mar a shainmhínítear i bpointe (150) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(6)

ciallaíonn "díorthaigh tráchtearraí" díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear i bpointe (30) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(7)

ciallaíonn "údarás inniúil" údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034;

(8)

ciallaíonn "institiúid creidmheasa" institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(9)

ciallaíonn "déileáil ar a chuntas féin" déileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(10)

ciallaíonn "díorthaigh" díorthaigh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

(11)

ciallaíonn "staid chomhdhlúite" an staid a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceanglas atá sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 7 ar mháthairghnóthas infheistíochta Aontais, máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais amhail is dá mba aon ghnólacht infheistíochta amháin a bheadh sa ghnólacht sin maille leis na gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí faoi cheangal eile atá sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta; chun críocha an tsainmhínithe seo, beidh feidhm ag na téarmaí "gnólacht infheistíochta", "institiúid airgeadais", "gnóthas seirbhísí coimhdeacha" agus "gníomhaire faoi cheangal" maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha freisin, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainmhínithe na dtéarmaí sin dá mba san Aontas a bheidís bunaithe;

(12)

ciallaíonn "bonn comhdhlúite" ar bhonn na staide comhdhlúite;

(13)

ciallaíonn "orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant" orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(14)

ciallaíonn "institiúid airgeadais" gnóthas seachas institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta, agus seachas cuideachta sealbhaíochta tiomnaithe don tionsclaíocht amháin, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (2) go (12) agus i bpointe (15) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a dhéanamh, lena n-áirítear cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach diomaite de chuideachtaí sealbhaíochta árachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointe (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(15)

ciallaíonn "ionstraim airgeadais" ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(16)

ciallaíonn "cuideachta sealbhaíochta airgeadais" cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(17)

ciallaíonn "eintiteas earnála airgeadais" eintiteas earnála airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (27) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(18)

ciallaíonn "caipiteal tosaigh" caipiteal tosaigh mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) (AE) 2019/2034;

(19)

ciallaíonn "grúpa cliant nasctha" grúpa cliant nasctha mar a shainmhínítear i bpointe (39) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(20)

ciallaíonn "comhairle infheistíochta" comhairle infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(21)

ciallaíonn "comhairle infheistíochta de chineál leanúnach" soláthar athfhillteach comhairle infheistíochta chomh maith le measúnú, faireachán agus athbhreithniú leanúnach nó tráthrialta ar phunann ionstraimí airgeadais de chuid cliaint, lena n-áirítear i dtaobh na n-infheistíochtaí a dhéanann an cliant ar bhonn socrú conarthach;

(22)

ciallaíonn "gnólacht infheistíochta" gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(23)

ciallaíonn "cuideachta sealbhaíochta infheistíochta" institiúid airgeadais, ar gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí airgeadais ar fad nó den chuid is mó iad a fochuideachtaí agus ceann amháin ar a laghad de na fochuideachtaí sin ina gnólacht infheistíochta, agus nach cuideachta sealbhaíochta airgeadais í mar a shainmhínítear sin i bpointe (20) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(24)

ciallaíonn "seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta" seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(25)

ciallaíonn "grúpa gnólachtaí infheistíochta" grúpa gnóthas ina bhfuil máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, nó grúpa gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ar gnólacht infheistíochta ceann acu ar a laghad, ach nach bhfuil institiúid infheistíochta ann;

(26)

ciallaíonn "K-fhachtóirí" na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i dTeideal II de Chuid a Trí i gcomhair na rioscaí a ghabhann le gnólacht infheistíochta do na cliaint, do na margaí agus don ghnólacht féin;

(27)

ciallaíonn "sócmhainní faoi bhainistiú" nó "AUM" luach na sócmhainní a bhíonn á mbainistiú ag gnólacht infheistíochta dá chliaint de réir bainistiú punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha arb ionann é agus comhairle infheistíochta de chineál leanúnach;

(28)

ciallaíonn "airgead cliant atá ar seilbh" nó "CMH" an méid airgid cliant atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta, agus á gcur san áireamh na socruithe dlíthiúla i ndáil le leithscaradh sócmhainní agus gan beann ar an gcóras cuntasaíochta náisiúnta is infheidhme maidir leis an airgead cliant atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta;

(29)

ciallaíonn "sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar" nó "ASA" luach na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar ag gnólacht infheistíochta do chliaint, bíodh na sócmhainní sin le feiceáil nó ná bíodh ar chlár comhordaithe an ghnólachta féin nó i gcuntais tríú páirtí;

(30)

ciallaíonn "orduithe cliaint arna láimhseáil" nó "COH" luach na n-orduithe a láimhseálann an gnólacht infheistíochta ar son a chliaint, trí orduithe cliaint a ghlacadh agus a tharchur agus trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(31)

ciallaíonn "riosca comhchruinnithe" nó "CON" na neamhchosaintí i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta i leith cliaint nó grúpa cliant nasctha ar mó a luach ná na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 37(1);

(32)

ciallaíonn "corrlach imréitigh ar leith" nó "CMG" méid an chorrlaigh iomláin a theastaíonn ó chomhalta imréitigh nó contrapháirtí lárnach incháilithe, nuair is faoi fhreagracht comhalta imréitigh nó contrapháirtí lárnach incháilithe a dhéantar idirbhearta an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin a fhorghníomhú agus a shocrú;

(33)

ciallaíonn "sreabhadh trádála laethúil" nó "DTF" luach laethúil na n-idirbheart a iontrálann gnólacht infheistíochta trí dhéileáil ar a chuntas féin nó trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, ina ainm féin, gan a chur san áireamh luach na n-orduithe a láimhseálann gnólacht infheistíochta do chliaint trí orduithe cliaint a fháil agus a tharchur agus trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant atá curtha san áireamh cheana i raon feidhme orduithe cliaint arna láimhseáil;

(34)

ciallaíonn "riosca an ghlansuímh" nó "NPR" luach na n-idirbheart arna dtaifead i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta;

(35)

ciallaíonn "mainneachtain an chontrapháirtí trádála" nó "TCD" na neamhchosaintí i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta in ionstraimí agus in idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 25 as a dtagann riosca mhainneachtain an chontrapháirtí trádála;

(36)

ciallaíonn "margadhluach reatha" nó "CMV" margadhluach glan den phunann idirbheart nó urrús laistigh de thacar glanluachála i gcomhréir le hAirteagal 31, i gcás ina n-úsáidtear na luachanna margaidh deimhneacha agus diúltacha araon chun an CMV a ríomh;

(37)

ciallaíonn "idirbhearta socraíochta iarchurtha" idirbhearta socraíochta iarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 272 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(38)

ciallaíonn "idirbheart iasachta corrlaigh" idirbhearta iasachta corrlaigh mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(39)

ciallaíonn "comhlacht bainistíochta" comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (36) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(40)

ciallaíonn "cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha" cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear i bpointe 15 d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(41)

ciallaíonn "ítim lasmuigh den chlár comhardaithe" aon cheann de na hítimí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(42)

ciallaíonn "máthairghnóthas" máthairghnóthas de réir bhrí phointe (9) d'Airteagal 2 agus Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(43)

ciallaíonn "rannpháirtíocht" rannpháirtíocht mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(44)

ciallaíonn "brabús" brabús mar a shainmhínítear i bpointe (121) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(45)

ciallaíonn "contrapháirtí lárnach cáilitheach" nó "CPLC" contrapháirtí lárnach cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (88) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(46)

ciallaíonn "bainistiú punainne" bainistiú punainne mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(47)

ciallaíonn "sealúchas cáilitheach" sealúchas cáilitheach mar a shainmhínítear i bpointe (36) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(48)

ciallaíonn "idirbheart maoinithe urrúis" nó "IMU" IMU mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/2365;

(49)

ciallaíonn "cuntais leithscartha", chun críocha Thábla 1 in Airteagal 15(2), cuntais le heintitis a bhfuil airgead cliant i seilbh gnólachta infheistíochta atá i dtaisce i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir Tarmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún (23) agus, i gcás inarb infheidhme, i gcás ina bhforáiltear faoin dlí náisiúnta, i gcás dócmhainneachta nó i gcás ina dtéann an gnólacht infheistíochta i mbun réitigh nó riaracháin, nach féidir an t-airgead cliaint a úsáid chun éilimh maidir leis an ngnólacht infheistíochta seachas éilimh ón gcliant a shásamh;

(50)

ciallaíonn "idirbheart athcheannaigh" idirbheart athcheannaigh mar a shainmhínítear i bpointe (9) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/2365;

(51)

ciallaíonn "fochuideachta" gnóthas fochuideachta mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 agus de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE, lena n-áirítear aon fhochuideachta de chuid gnóthais fochuideachta de chuid máthairghnóthais deiridh;

(52)

ciallaíonn "gníomhaire faoi cheangal" gníomhaire faoi cheangal mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(53)

ciallaíonn "ollioncam iomlán" ioncam oibriúcháin bliantúil an ghnólachta infheistíochta, i dtaca leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí infheistíochta atá an gnólacht infheistíochta údaraithe a dhéanamh, lena n-áirítear ioncam a thagann as ús infhála, as scaireanna agus urrúis eile, bídís ina n-urrúis toraidh sheasta nó ina n-urrúis toraidh athraithigh, as coimisiún agus táillí, aon ghnóthachan agus caillteanais a thabhaíonn an gnólacht infheistíochta maidir lena shócmhainní trádála, maidir lena shócmhainní ina sheilbh ar luach cóir, nó as gníomhaíochtaí fálaithe, ach diomaite d'aon ioncam nach mbaineann leis na seirbhísí ná leis na gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanann sé;

(54)

ciallaíonn "leabhar trádála" gach suíomh in ionstraimí airgeadais agus i dtráchtearraí arna sealbhú ag gnólacht infheistíochta, le hintinn trádála nó chun suíomhanna arna sealbhú le hintinn trádála a fhálú;

(55)

ciallaíonn "suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil" aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

suíomhanna dílsithe agus suíomhanna a eascraíonn as seirbhísiú cliaint agus as déanamh margaí;

(b)

suíomhanna atá ceaptha lena n-athdhíol sa ghearrthéarma;

(c)

suíomhanna atá ceaptha leas a bhaint as difríochtaí praghais gearrthéarmacha iarbhír nó ionchais idir praghsanna ceannaigh agus praghsanna díola nó as athróga eile ar phraghsanna nó as athróga ar an ráta úis;

(56)

ciallaíonn "máthairghnólacht infheistíochta Aontais" gnólacht infheistíochta i mBallstát atá mar chuid de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta agus a bhfuil gnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais mar fhochuideachta aige nó a bhfuil rannpháirtíocht aige i ngnólacht infheistíochta nó institiúid airgeadais den chineál sin, agus nach bhfuil ina fhochuideachta de chuid gnólachta infheistíochta eile atá údaraithe in aon Bhallstát, ná ina fhochuideachta de chuid cuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó de chuid cuideachta sealbhaíochta airgeadais measctha atá bunaithe in aon Bhallstát;

(57)

ciallaíonn "máthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais" cuideachta sealbhaíochta infheistíochta i mBallstát atá mar chuid de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta agus nach fochuideachta é de chuid gnólachta infheistíochta atá údaraithe in aon Bhallstát ná de chuid cuideachta sealbhaíochta infheistíochta eile in aon Bhallstát;

(58)

ciallaíonn "máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais" máthairghnóthas grúpa gnólachtaí infheistíochta ar cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é mar a shainmhínítear i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Threoir 2002/87/CE.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 56 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sainmhínithe a leagtar amach i mír 1 a shoiléiriú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú;

(b)

forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

TEIDEAL II

LEIBHÉAL CUR I bhFEIDHM CEANGLAS

CAIBIDIL 1

Cur i bhfeidhm ceanglas ar bhonn aonair

Airteagal 5

Prionsabal ginearálta

Comhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta, ar bhonn aonair, na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Dó go Cuid a Seacht.

Airteagal 6

Díolúintí

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 maidir le Codanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Sé agus a Seacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

comhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha;

(b)

comhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear ar bhonn comhdhlúite é leis an maoirseacht ar institiúid creidmheasa, ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó ar chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, i gcomhréir le forálacha Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear é i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta arna mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c)

tá an gnólacht infheistíochta agus a mháthairghnóthas araon faoi réir a n-údaraithe agus a maoirsithe ag an mBallstát céanna;

(d)

aontaíonn na húdaráis is inniúil maidir leis an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo le díolúine den sórt sin;

(e)

tá na cistí dílse dáilte go leormhaith idir an máthairghnóthas agus an gnólacht infheistíochta, agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná níl súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(ii)

le cead ón údarás inniúil roimh ré, dearbhaíonn an máthairghnóthas go ráthaíonn sé gealltanais an ghnólachta infheistíochta nó go bhfuil rioscaí an ghnólachta infheistíochta diomaibhseach;

(iii)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais an gnólacht infheistíochta; agus

(iv)

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal an ghnólachta infheistíochta i seilbh an mháthairghnóthais nó tá sé de cheart aige formhór na gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta a cheapadh nó a chur as oifig.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 i ndáil le Cuid a Sé, i gcás ina bhfuil feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

comhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha;

(b)

is fochuideachta é an gnólacht infheistíochta agus cuimsítear ar bhonn comhdhlúite é leis an maoirseacht ar ghnóthas árachais nó athárachais i gcomhréir le hAirteagal 228 de Threoir 2009/138/CE;

(c)

tá an gnólacht infheistíochta agus a mháthairghnóthas araon faoi réir a n‐údaraithe agus a maoirsithe ag an mBallstát céanna;

(d)

aontaíonn na húdaráis atá inniúil i dtaobh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite, i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE, le díolúine den sórt sin;

(e)

tá na cistí dílse dáilte go leormhaith idir an máthairghnóthas agus an gnólacht infheistíochta agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná níl súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(ii)

le cead ón údarás inniúil roimh ré, dearbhaíonn an máthairghnóthas go ráthaíonn sé gealltanais an ghnólachta infheistíochta nó go bhfuil rioscaí an ghnólachta infheistíochta diomaibhseach;

(iii)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais an gnólacht infheistíochta; agus

(iv)

tá os cionn 50 % de na cearta vótála a bhaineann le scaireanna i gcaipiteal an ghnólachta infheistíochta i seilbh an mháthairghnóthais nó tá sé de cheart aige formhór na gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta a cheapadh nó a chur as oifig.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 maidir le Cuid a Cúig i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

cuimsítear an gnólacht infheistíochta ar bhonn comhdhlúite sa mhaoirseacht i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó cuimsítear é i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta a bhfuil feidhm ag Airteagal 7(3) agus nach bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) maidir leo;

(b)

déanann an mháthairinstitiúid, ar bhonn comhdhlúite, faireachán agus maoirseacht i gcónaí ar shuíomhanna leachtachta gach institiúide agus gach gnólachta infheistíochta atá laistigh den ghrúpa nó den fhoghrúpa, atá faoi réir tarscaoileadh agus áirithíonn sí go mbíonn leibhéal leordhóthanach leachtachta ann do na hinstitiúidí agus na gnólachtaí infheistíochta sin uile;

(c)

tá an mháthairinstitiúid agus an gnólacht infheistíochta tar éis dul i gconarthaí atá chun sástacht na n-údarás inniúil, ina ndéantar foráil maidir le saorghluaiseacht cistí eatarthu chun cur ar a gcumas a n-oibleagáidí aonair agus a n-oibleagáidí comhpháirteacha a chomhlíonadh de réir mar a bhíonn siad dlite;

(d)

ní ann d'aon bhac ábharach, praiticiúil ná dlíthiúil, ná níl súil le bac den sórt sin, maidir le comhlíonadh na gconarthaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

aontaíonn na húdaráis is inniúil maidir leis an maoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo le díolúine den sórt sin.

CAIBIDIL 2

Comhdhlúthú stuamachta agus díolúintí do ghrúpa gnólachtaí infheistíochta

Airteagal 7

Comhdhlúthú stuamachta

1.   Máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCodanna a Dó, a Trí, a Ceathair, a Sé agus a Seacht ar bhonn a staide comhdhlúite. Bunóidh an máthairghnóthas agus na fochuideachtaí de chuid an mháthairghnóthais sin atá faoi réir an Rialacháin seo struchtúr eagraíochtúil cuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh atá iomchuí d'fhonn a áirithiú go ndéantar na sonraí is gá don chomhdhlúthú a phróiseáil go cuí agus a chur ar aghaidh. Go háirithe, áiritheoidh an máthairghnóthas go ndéanfaidh na fochuideachtaí sin nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo socruithe, próisis agus sásraí a chur chun feidhme chun comhdhlúthú cuí a áirithiú.

2.   Chun crocha mhír 1 den Airteagal seo, agus Cuid a Dó á cur chun feidhme ar bhonn comhdhlúthaithe, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos i dTeideal II de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le gnólachtaí infheistíochta.

Chun na críche sin, agus forálacha Airteagal 84(1), Airteagal 85(1) agus Airteagal 87(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur chun feidhme, ní bheidh feidhm ach ag na tagairtí d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus léifear ina dhiaidh sin iad mar thagairtí do na ceanglais cistí dílse a leagtar amach faoi na forálacha comhfhreagracha sa Rialachán seo.

3.   Máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais agus máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Cúig ar bhonn a staideanna comhdhlúite.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh údaráis inniúla an máthairghnólacht a díolmhú ón mír sin a chomhlíonadh, agus cineál, scála agus castacht an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta á gcur san áireamh.

5.   Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonraí raon feidhme agus modhanna a shonrú chun comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh ar ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, go háirithe chun an ceanglas maidir le forchostais sheasta, an ceanglas maidir le híosmhéid sheasta, agus an ceanglas K-fhactóirí a ríomh ar bhonn staid comhdhlúite an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, agus an modh agus na sonraí riachtanacha chun mír 2 a chur chun feidhme i gceart.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 8

An tástáil caipitil grúpa

1.   De mhaolú ar Airteagal 7, féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm an Airteagail seo a cheadú i gcás struchtúir grúpa a mheastar a bheith simplí go leor, ar choinníoll nach mbíonn rioscaí suntasacha ann do chliaint nó don mhargadh a eascraíonn ón ngrúpa gnólachtaí infheistíochta ina iomláine a mbeadh maoirseacht ag teastáil uaidh ar bhonn comhdhlúite murach sin. Cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas nuair a cheadaíonn siad cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

ciallaíonn "ionstraimí cistí dílse" cistí dílse mar a shainítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, gan na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1), pointe (d) d'Airteagal 56, agus pointe (d) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm;

(b)

beidh feidhm ag na téarmaí "gnólacht infheistíochta", "institiúid infheistíochta", "gnóthas seirbhísí coimhdeacha" agus "gníomhaire faoi cheangal" maidir le gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha, ar gnóthais iad a chomhlíonfadh sainmhínithe na dtéarmaí sin in Airteagal 4 dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.

3.   Beidh i seilbh máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais, máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus aon mháthairghnóthais eile ar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí infheistíochta, gnóthais seirbhísí coimhdeacha nó gníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta iad, leordhóthain ionstraimí cistí dílse chun suim na nithe seo a leanas a chlúdach:

(a)

suim an luacha iomláin, de réir na leabhar, atá ar a sealúchais uile, éilimh fho-ordaithe agus ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1), i bpointe (d) d'Airteagal 56, agus i bpointe (d) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngnólachtaí infheistíochta, in institiúidí airgeadais, i ngnóthais seirbhísí coimhdeacha agus i ngníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta; agus

(b)

méid iomlán a ndliteanas teagmhasach uile i bhfabhar gnólachtaí infheistíochta, institiúidí airgeadais, gnóthais seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta.

4.   Féadfaidh na húdaráis inniúla ligean do mháthairchuideachta sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó do mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus aon mháthairghnóthas eile ar gnólacht infheistíochta, institiúid infheistíochta, gnóthas seirbhísí coimhdeacha nó gníomhaire faoi cheangal sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta é, méid cistí dílse is ísle ná an méid arna ríomh de réir mhír 3 a bheith ina seilbh, ar choinníoll nach ísle an méid sin ná suim na gceanglas cistí dílse atá, ar bhonn aonair, ar a ghnólachtaí fochuideachta infheistíochta, institiúidí fochuideachta airgeadais, gnóthais fochuideachta seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí fochuideachta faoi cheangal, agus méid iomlán aon dliteanas teagmhasach i bhfabhar na n-eintiteas sin.

Chun críocha na míre seo, na ceanglais cistí dílse do ghnóthais fochuideachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá suite i dtríú tíortha, beidh na ceanglais sin ina gceanglais bharúlacha cistí dílse lena n-áiritheofar leibhéal sásúil stuamachta chun na rioscaí a eascraíonn ó na gnóthais fochuideachta sin a chumhdach, arna bhformheas ag na húdaráis inniúla ábhartha.

5.   Beidh córais i bhfeidhm ag máthairghnólachtaí infheistíochta Aontais, ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta Aontais nó ag máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar fhoinsí caipitil agus cistithe na ngnólachtaí infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, na gcuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, na n-institiúidí airgeadais, na ngnóthas seirbhísí coimhdeachta agus na ngníomhairí faoi cheangal laistigh den ghrúpa gnólachtaí infheistíochta.

CUID A DÓ

CISTÍ DÍLSE

Airteagal 9

Comhdhéanamh na gcistí dílse

1.   Beidh ag gnólachtaí infheistíochta cistí dílse arb é a bheidh iontu suim a gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a gcaipiteal breise Leibhéal 1 agus a gcaipiteal Leibhéal 2, agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a)

Image 1

,

(b)

Image 2

,

(c)

Image 3

,

nuair is fíor an méid seo a leanas:

(i)

sainítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal 1 de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; sainítear caipiteal breise Leibhéal 1 i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus sainítear caipiteal Leibhéal 2 i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(ii)

sainítear D in Airteagal 11.

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)

beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (CE) Uimh. 575/2013, gan Airteagail 39 agus 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(b)

beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 41 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(c)

beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56 agus i bpointe (c)Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a mhéid a bhaineann siad le sealúchais ionstraimí caipitil nach bhfuil sealbhaithe sa leabhar trádála, gan na sásraí dá bhforáiltear in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(d)

beidh feidhm iomlán ag na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan Airteagal 48 den Rialachán sin a chur i bhfeidhm;

(e)

ní bheidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le cistí dílse gnólachtaí infheistíochta a chinneadh:

(i)

Airteagal 49 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

na hasbhaintí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 36(1), i bpointe (c) d'Airteagal 56, i bpointe (c) d'Airteagal 66 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na forálacha gaolmhara in Airteagail 46, 60 agus 70 den Rialachán sin, a mhéid a bhaineann na hasbhaintí sin le sealúchais ionstraimí caipitil a choimeádtar sa leabhar trádála;

(iii)

an eachtra thucaide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas sin, sonróidh an gnólacht infheistíochta an eachtra thucaide i dtéarmaí ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1;

(iv)

an méid comhiomlán dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is éard a bheidh sa mhéid atá le díluacháil nó le comhshó méid iomlán phríomhshuim ionstraim bhreise Leibhéal 1 dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta i bhfeidhm na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil 6 de Theideal I de Chuid a Dó de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nuair atá na ceanglais cistí dílse de bhun an Rialacháin seo á gcinneadh acu. Agus na forálacha sin á gcur i bhfeidhm, measfar an cead maoirseachta i gcomhréir le hAirteagail 77 agus 78 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith deonaithe má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 78(1) nó in Airteagal 78(4) den Rialachán seo.

4.   Chun críche pointe (a) de mhír 1 a chur i bhfeidhm, maidir le gnólachtaí infheistíochta nach daoine dlítheanacha ná cuideachtaí comhstoic iad nó a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, féadfaidh na húdaráis inniúla, tar éis dóibh dul i gcomhairle le ÚBE, cead a thabhairt d'ionstraimí nó cistí breise chun cáiliú mar chistí dílse do na gnólachtaí infheistíochta sin, ar choinníoll go gcáilíonn na hionstraimí nó cistí sin do láimhseáil faoi Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle (24) freisin. Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó gach údarás inniúil, déanfaidh ÚBE, mar aon le ÚEUM, liosta de na foirmeacha uile d'ionstraimí nó de chistí a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú i ngach Ballstát, ar ionstraimí nó cistí iad is incháilithe mar chistí dílse den sórt sin. Foilseofar an liosta den chéad uair faoin 26 Nollaig 2020.

5.   Ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse d'eintiteas earnála airgeadais laistigh de ghrúpa gnólachtaí infheistíochta chun críoch cistí dílse d'aon gnólacht infheistíochta sa ghrúpa ar bhonn aonair a ríomh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras;

(b)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais eintiteas na hearnála airgeadais;

(c)

ní úsáideann na húdaráis inniúla an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 8.

Airteagal 10

Sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais

1.   Chun críocha na Coda seo, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta méideanna de bhreis ar na teorainneacha a shonraítear i bpointí (a) agus (b) a asbhaint ón gcinneadh i leith ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(a)

sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chistí dílse an ghnólachta infheistíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo ach gan an asbhaint dá dtagraítear i bpointe (k)(i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, i ngnóthas nach eintiteas earnála airgeadais é;

(b)

méid iomlán na sealúchas cáilitheach de ghnólacht infheistíochta i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad ar mó a mhéid na 60 % dá chistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo ach gan an asbhaint dá dtagraítear i bpointe (k)(i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc a chur ar ghnólacht infheistíochta sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith aige i gcás inar mó méid na sealúchas sin ná na céatadáin cistí dílse a leagtar síos sa mhír sin. Poibleoidh na húdaráis inniúla gan mhoill an cinneadh ina bhfeidhmeoidh siad an chumhacht sin.

3.   Ní dhéanfar scaireanna i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad a áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht cúnaimh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;

(c)

sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na gnólachta infheistíochta féin agus thar ceann daoine eile.

4.   Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo.

CUID A TRÍ

CEANGLAIS CHAIPITIL

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 11

Ceanglais cistí dílse

1.   Beidh cistí dílse ag gnólachtaí infheistíochta i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 9 arb ionann iad agus D ar a laghad, nuair a shainítear D mar an ceann is airde de na nithe seo a leanas:

(a)

an ceanglas atá uirthi maidir le forchostais sheasta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13;

(b)

an ceanglas atá orthu maidir le híosmhéid buan caipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 14; nó

(c)

an ceanglas de réir K-fhachtóirí atá orthu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha, saineofar D mar an ceann is airde de na méideanna a shonraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

3.   I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta, féadfaidh siad ceangal a chur ar an ngnólacht infheistíochta a bheith faoi réir ceanglas cistí dílse éagsúil dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil 2, Roinn 4 de Threoir (AE) 2019/2034.

4.   Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta in iúl don údarás inniúil a luaithe is eol dóibh nach sásaíonn siad nó nach sásóidh siad a thuilleadh ceanglais an Airteagail seo.

Airteagal 12

Gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha

1.   Measfar go bhfuil gnólachtaí infheistíochta beag agus neamh-idirnasctha chun críocha an Rialacháin seo i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

gur lú ná EUR 1,2 billiún AUM arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 17;

(b)

gur lú COH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 ná ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

EUR 100 milliún in aghaidh an lae i gcás trádálacha in airgead tirim; nó

(ii)

EUR 1 bhilliún in aghaidh an lae i gcás díorthach;

(c)

gurb é nialas ASA arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 19;

(d)

gurb é nialas CMH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 18;

(e)

gurb é nialas DFT arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33;

(f)

gurb é nialas NPR nó CMG arna thomhas i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 23;

(g)

gurb é nialas TCD arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h)

gur lú ná EUR 100 milliún méid iomlán laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta;

(i)

is lú ná EUR 30 milliún é ollioncam iomlán bliantúil an ghnólachta infheistíochta ó sheirbhísí infheistíochta agus ó ghníomhaíochtaí an gnólachta infheistíochta, arna ríomh mar mheán, ar bhonn na bhfigiúirí bliantúla don tréimhse dhá bhliain díreach roimh an mbliain airgeadais ar leith.

De mhaolú ar na forálacha i dTeideal II, chun críocha phointí (a), (b), (c), (e), (f), a mhéid a bhaineann an pointe sin le NPR, agus (g) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag luachanna ag deireadh an lae.

Chun críocha phointe (f) den chéad fhomhír, a mhéid a bhaineann an pointe sin le CMG, beidh feidhm ag luachanna ionlae.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, agus gan dochar d'Airteagal 16(9) de Threoir 2014/65/AE agus Airteagail 2 agus 4 de Threoir Tarmligthe (AE) 2017/593, beidh feidhm ag luachanna ionlae, seachas i gcás ina raibh earráid ann sa choimeád taifead nó sa réiteach cuntas a thugann le fios go mícheart go bhfuil an tairseach nialais dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo sáraithe ag gnólacht infheistíochta agus a réitítear í roimh dheireadh an lae ghnó. Cuirfidh an gnólacht infheistíochta an earráid sin, maille leis an gcúis a bhí léi agus leis an gcúis ar ceartaíodh í, in iúl don údarás inniúil gan mhoill.

Chun críocha phointí (h) agus (i) den chéad fhomhír, beidh feidhm ag na leibhéil ag deireadh na bliana airgeadais deireanaí a tugadh i gcrích agus a d'fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás nár tugadh cuntais i gcrích agus nár formheasadh iad tar éis tréimhse sé mhí ó dheireadh na bliana deireanaí airgeadais, úsáidfidh gnólacht infheistíochta cuntais shealadacha.

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta na luachanna faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a thomhas trí úsáid a bhaint as na modhanna a shonraítear faoi Theideal II, ach amháin go ndéanfar an tomhas le linn tréimhse 12 mhí, gan na trí luach mhíosúla is déanaí a eisiamh. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a roghnaíonn an modh tomhais sin in iúl don údarás inniúil dá réir agus cuirfidh siad an modh a roghnaíodh i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach gairide ná 12 mhí as a chéile.

2.   Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (h) agus (i) de mhír 1, beidh feidhm acu ar bhonn comhcheangailte i gcás na ngnólachtaí infheistíochta uile ar cuid de ghrúpa iad. Chun críoch ollioncam iomlán bliantúil dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1 a thomhas, féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta sin aon chomhaireamh dúbailte a eisiamh a fhéadfaidh a eascairt i dtaca le hollioncam a ghintear laistigh den ghrúpa.

Na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (c) go (g) de mhír 1, beidh feidhm acu maidir le gach gnólacht infheistíochta ar bhonn aonair.

3.   I gcás nach gcomhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 a thuilleadh, ní mheasfar a thuilleadh gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é, le héifeacht láithreach.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nach bhfuil an gnólacht infheistíochta ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b), (h) nó (i) de mhír 1 a thuilleadh, ach go bhfuil sé fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (c) go (g) den mhír sin, ní mheasfar a thuilleadh gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é tar éis tréimhse trí mhí, arna ríomh ón dáta ar sáraíodh an tairseach. Cuirfidh an gnólachta infheistíochta in iúl don údarás inniúil gan moill mhíchuí maidir le haon sárú ar thairseach.

4.   I gcás gnólacht infheistíochta nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 comhlíonta aige a dhéanann iad a chomhlíonadh ina dhiaidh sin, measfar gur gnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha é i ndiaidh tréimhse shé mhí ón dáta a gcomhlíontar na coinníollacha sin ar choinníoll nár tharla aon sárú ar thairseach le linn na tréimhse sin agus má chuir an gnólacht infheistíochta an méid sin in iúl don údarás inniúil dá réir gan mhoill.

Airteagal 13

Ceanglas maidir le forchostais sheasta

1.   Chun críocha phointe (a) d'Airteagal 11(1), is éard a bheidh sa cheanglas maidir le forchostais sheasta aon cheathrú ar a laghad d'fhorchostais sheasta na bliana roimhe sin. Úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta figiúirí a eascraíonn ón gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

2.   I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, féadfaidh an t-údarás inniúil an méid caipitil dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú.

3.   I gcás nach bhfuil gnólacht infheistíochta i mbun gnó le bliain ón dáta ar thosaigh sé ag cur seirbhísí infheistíochta ar fáil nó ag déanamh gníomhaíochtaí infheistíochta, úsáidfidh sé, chun críocha an ríofa dá dtagraítear i mír 1, na forchostais sheasta réamh-mheasta a áirítear ina réamh-mheastacháin don chéad 12 mhí trádála, mar a tíolacadh lena iarratas ar údarú.

4.   Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun ríomh an cheanglais dá dtagraítear i mír 1 a fhorlíonadh ina n-áireofar ar a laghad na hítimí seo a leanas lena n-asbhaint:

(a)

bónais foirne agus luach saothair eile, a mhéid a bhraitheann siad ar ghlanbhrabús an ghnólachta infheistíochta sa bhliain lena mbaineann;

(b)

scaireanna brabúis de chuid fostaithe, stiúrthóirí agus comhpháirtithe;

(c)

leithreasú eile brabúis agus luach saothair inathraithe eile, a mhéid atá siad roghnach go hiomlán;

(d)

coimisiún comhroinnte agus táillí iníoctha a bhaineann go díreach le coimisiún agus le táillí iníoctha a áirítear san ioncam iomlán, agus i gcás ina bhfuil íocaíocht an choimisiúin agus na dtáillí iníoctha á gcur faoi choinníoll an coimisiún agus na táillí a fháil go hiarbhír;

(e)

táillí do ghníomhairí faoi cheangal;

(f)

costais neamh-athfhillteacha ó ghníomhaíochtaí neamhchoitianta.

Sonróidh ÚBE freisin, chun críocha an Airteagail seo, coincheap an athraithe ábharaigh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 14

Ceanglas maidir le híosmhéid buan capitil

Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 11(1), is éard a bheidh sa cheanglas maidir le híosmhéid buan leibhéil an chaipitil tosaigh a shonraítear in Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/2034, ar a laghad.

TEIDEAL II

CEANGLAS CISTÍ DÍLSE DE RÉIR K-FHACHTÓIRÍ

CAIBIDIL 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 15

Ceanglas de réir K-fhachtóirí agus comhéifeachtaí infheidhme

1.   Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 11(1), is éard a bheidh sa cheanglas de réir K-fhachtóirí suim an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don chliant (RtC) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2;

(b)

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don mhargadh (RtM) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3;

(c)

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don ghnólacht (RtF) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 4;

2.   Beidh feidhm ag na comhéifeachtaí seo a leanas maidir leis na K-fhachtóirí comhfhreagracha:

Tábla 1

K-FHACHTÓIRÍ

COMHÉIFEACHT

Sócmhainní faoi bhainistiú de réir bainistiú punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha comhairleacha de chineál leanúnach

K-AUM

0,02%

Airgead cliant atá ar seilbh

K-CMH (ar chuntais leithscartha)

0,4%

K-CMH (ar chuntais neamh-leithscartha)

0,5%

Sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar

K-ASA

0,04%

Orduithe cliaint arna láimhseáil

Trádálacha in airgead tirim K‐COH

0,1%

 

Díorthaigh K‐COH

0,01%

Sreabhadh trádála laethúil

Trádálacha in airgead tirim K‐DTF

0,1%

 

Díorthaigh K‐DTF

0,01%

3.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta faireachán ar luach a K-fhachtóirí i dtaca le haon treochtaí a d'fhéadfadh a fhágáil go mbeadh ceanglas cistí dílse a bheadh éagsúil go hábhartha chun críocha Airteagal 11 acu le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile faoi Chuid a Seacht agus tabharfaidh siad fógra dá n-údarás inniúla faoin gceanglas cistí dílse sin atá éagsúil go hábhartha.

4.   I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta a dhéanann difear do mhéid K-fhachtóra ábhartha, féadfaidh siad an méid comhfhreagrach a choigeartú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034.

5.   Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh ÚBÉ, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun:

(a)

an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na modhanna a leagan síos chun na K‐fhachtóirí faoi Theideal II de Chuid a Trí a thomhas;

(b)

coincheap na gcuntas neamh-leithscartha a shonrú chun críocha an Rialacháin seo do na coinníollacha trína n-áirithítear go ndéanfar airgead cliant a chosaint i gcás cliseadh gnólachta infheistíochta;

(c)

coigeartuithe a shonrú ar chomhéifeachtaí K-DTF dá dtagraítear i dTábla 1 de mhír 2 den Airteagal seo i gcás inar cosúil, i ndálaí struis sa mhargadh, dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/578 ón gCoimisiún (25), go bhfuil ceanglais K-DTF róshriantach agus díobhálach don chobhsaíocht airgeadais.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 2

K-fhachtóirí RtC

Airteagal 16

Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtC

Is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas de réir K-fhachtóirí RtC:

K-AUM + K-CMH + K-ASA + K-COH

nuair:

is ionann K-AUM agus AUM arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 17, arna iolrú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

is ionann K-CMH agus CMH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 18, arna iolrú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

is ionann K-ASA agus ASA arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 19, arna iolrú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2);

is ionann K-COH agus COH arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20, arna iolrú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach in Airteagal 15(2).

Airteagal 17

AUM a thomhas chun críche K-AUM a ríomh

1.   Chun críche K-AUM a ríomh, is éard a bheidh in AUM meánluach rollach na sócmhainní iomlána míosúla faoi bhainistiú, arna thomhas ar an lá gnó deireanach de gach ceann de na 15 mhí roimhe sin arna thiontú san airgeadra feidhmiúil a bheidh ag na heintitis ag an am sin, diomaite de na trí luach mhíosúla is déanaí.

Is éard a bheidh in AUM meán uimhríochtúil na 12 luach mhíosúla atá fágtha.

Ríomhfar K-AUM laistigh ar an gcéad lá gnó de gach mí.

2.   I gcás ina bhfuil bainistiú na sócmhainní tarmligthe go foirmiúil ag an ngnólacht infheistíochta chuig eintiteas airgeadais eile, cuirfear na sócmhainní sin san áireamh i méid iomlán an AUM arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina bhfuil bainistiú sócmhainní tarmligthe go foirmiúil ag eintiteas airgeadais eile chuig an ngnólacht infheistíochta, eisiafar na sócmhainní sin ón méid iomlán sa sócmhainní faoi bhainistiú arna thomhas i gcomhréir le mír 1.

I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta ag bainistiú sócmhainní ar feadh tréimhse is lú ná 15 mhí, nó ina ndearna sé amhlaidh ar feadh tréimhse is faide ná sin mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha agus go sáraíonn sé anois an tairseach le haghaidh AUM, úsáidfidh sé sonraí stairiúla le haghaidh AUM don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-AUM a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

Airteagal 18

AUM a thomhas chun críche K-AUM a ríomh

1.   Chun críche K-CMH a ríomh, is éard a bheidh in CMH meánluach rollach an airgid cliaint iomláin laethúil arna láimhseáil, arna thomhas ag deireadh gach lae gnó leis na naoi mí roimhe sin, diomaite de na trí mhí is déanaí.

Is éard a bheidh in CMH meán uimhríochtúil na luachanna laethúla ó na sé mhí atá fágtha.

Ríomhfar K-CMH ar an gcéad lá gnó de gach mí.

2.   I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta ag sealbhú airgead cliaint le níos lú ná naoi mí, úsáidfidh sé sonraí stairiúla le haghaidh CMH don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-CMH a ríomh.

Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

Airteagal 19

AUM a thomhas chun críche K-AUM a ríomh

1.   Chun críche K-ASA a ríomh, is éard a bheidh in ASA meánluach rollach na sócmhainní iomlána laethúla atá á gcoimirciú agus á riar, arna thomhas ag deireadh gach lae gnó do na naoi mí roimhe sin, diomaite de na 3 mhí is déanaí.

Is éard a bheidh in ASA meán uimhríochtúil na luachanna laethúla ó na sé mhí atá fágtha.

Ríomhfar K-ASA ar an gcéad lá gnó de gach mí.

2.   I gcás ina bhfuil na cúraimí maidir le sócmhainní a choimirciú agus a riar tarmligthe go foirmiúil ag gnólacht infheistíochta d'eintiteas airgeadais eile, nó i gcás ina bhfuil na cúraimí sin tarmligthe go foirmiúil ag eintiteas airgeadais eile don ghnólacht infheistíochta sin, áireofar na sócmhainní sin sa mhéid iomlán ASA a thomhaistear i gcomhréir le mír 1.

3.   I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta ag coimirciú agus ag riar sócmhainní le níos lú ná sé mí, úsáidfidh sé sonraí stairiúla le haghaidh ASA don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh sonraí den sórt sin ar fáil chun K-ASA a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

Airteagal 20

COH a thomhas chun críche K-COH a ríomh

1.   Chun críche K-COH a ríomh, is éard a bheidh in COH meánluach rollach na n-orduithe cliaint iomlána laethúla arna láimhseáil, arna thomhas i gcaitheamh gach lae gnó le linn na sé mhí roimhe sin, diomaite de na tri mhí is déanaí.

Is éard a bheidh in COH meán uimhríochtúil na luachanna laethúla ó na trí mhí atá fágtha.

Ríomhfar K-COH ar an gcéad lá gnó de gach mí.

2.   Tomhaisfear COH mar shuim luach absalóideach na gceannachán agus luach absalóideach na ndíolachán do thrádálacha in airgead tirim agus do dhíorthaigh araon i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás trádálacha in airgead tirim, is é an méid a íocfar nó a gheofar don trádáil an luach;

(b)

i gcás díorthach, is é méid barúlach an chonartha luach na trádála.

Déanfar méid barúlach na ndíorthach ráta úis a choigeartú go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin. Déanfar an méid barúlach a mhéadú faoin bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas:

Fad = an t-am go haibíocht (i mblianta) / 10

Gan dochar don chúigiú fomhír, cuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta a chuireann seirbhísí bainistithe punainne ar fáil thar ceann cistí infheistíochta.

Áireofar ar an COH idirbhearta a eascraíonn ó chomhairle infheistíochta nach ríomhann gnólacht infheistíochta K-AUM i dtaca leo.

Déanfaidh COH idirbhearta a bheidh á láimhseáil ag an ngnólacht infheistíochta agus a eascraíonn as seirbhísiú a dhéanamh ar phunann infheistíochta cliaint a eisiamh más rud é go mbeidh K-AUM i leith infheistíochtaí an chliaint sin á ríomh cheana féin ag an ngnólacht infheistíochta nó i gcás ina mbaineann an ghníomhaíocht sin le bainistiú sócmhainní a tharmligean don ghnólacht infheistíochta nach rannchuidíonn le AUM an ghnólachta infheistíochta sin de bhua Airteagal 17(2).

Ní chuirfear san áireamh sa COH idirbhearta a dhéanfaidh an gnólacht infheistíochta ina ainm féin ar a shon féin nó thar ceann cliaint.

Féadfaidh gnólachtaí infheistíochtaí aon orduithe nach bhfuil forghníomhaithe a eisiamh ó thomhais COH, i gcás ina dtarlaíonn an neamh-fhorghníomhú sin mar gheall ar chealú pras an ordaithe ag an gcliant.

3.   I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta i mbun orduithe cliaint a láimhseáil ar feadh tréimhse is lú ná sé mhí, nó ina ndearna sé amhlaidh ar feadh tréimhse is faide ná sin mar ghnólacht infheistíochta beag, neamh-idirnasctha, bainfidh sé úsáid as sonraí stairiúla le haghaidh COM don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-COH a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur isteach in ionad pointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

CAIBIDIL 3

K-fhachtóirí RtM

Airteagal 21

Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtM

1.   Is éard a bheidh sa cheanglas de réir K-fhachtóirí RtM i gcás shuíomhanna leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, an K-NPR arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 22 nó an K-CMG arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   Déanfaidh na gnólachtaí infheistíochta a leabhar trádála a bhainistiú i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal I de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Bíonn feidhm ag an gceanglas de réir K-fhachtóirí RtM i ndáil le gach suíomh leabhair trádála, lena n-áirítear go háirithe suíomhanna in ionstraimí fiachais (lena n-áirítear ionstraimí urrúsaithe), ionstraimí cothromais, gnóthais chomhinfheistíochta (CIUnna), malairt eachtrach agus ór, agus tráchtearraí (lena n-áirítear lamháltais astaíochtaí).

4.   Chun críche ceanglas de réir K-fhachtóirí RtM a ríomh, cuirfidh gnólacht infheistíochta san áireamh suíomhanna seachas suíomhanna leabhair trádála nuair a eascraíonn riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí uathu sin.

Airteagal 22

K-NPR a ríomh

Chun críche K-NPR a ríomh, is ar cheann de na modhanna seo a leanas a ríomhfar an ceanglas cistí dílse i gcás shuíomhanna leabhair trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint:

(a)

an cur chuige caighdeánaithe a leagtar amach i gCaibidlí 2, 3 agus 4 de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

cur chuige na samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCaibidil 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 23

K-CMG a ríomh

1.   Chun críocha Airteagal 21, ceadóidh an t-údarás inniúil don ghnólacht infheistíochta K‐CMG a ríomh i ndáil le gach suíomh atá faoi réir imréitigh ar bhonn punainne, i gcás ina bhfuil an punann iomlán faoi réir imréitigh nó corrlaigh, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní cuid de ghrúpa a chuimsíonn institiúid creidmheasa é an gnólacht infheistíochta;

(b)

tarlaíonn imréiteach agus socraíocht na n-idirbheart sin faoi fhreagracht comhalta imréitigh de chuid CPLC agus is institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo an comhalta imréitigh sin, agus déantar na hidirbhearta a imréiteach go lárnach i CPLC nó ar bhealach eile ar bhonn soláthair in áit íocaíochta faoi fhreagracht an chomhalta imréitigh sin;

(c)

tá ríomh an chorrlaigh iomláin atá ag teastáil ón gcomhalta imréitigh bunaithe ar shamhail chorrlaigh an chomhalta imréitigh;

(d)

tá sé léirithe ag an ngnólacht infheistíochta don údarás inniúil go bhfuil údar leis an rogha chun RtM a ríomh le K-CMG mar thoradh ar chritéir áirithe, agus féadfar a áireamh ar na critéir sin cineál phríomhghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, gníomhaíochtaí trádála arb iad go bunúsach atá faoi réir imréitigh agus chorrlaigh faoi fhreagracht comhalta imréitigh, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí eile a dhéanann an gnólacht infheistíochta neamhábhartha i comparáid leis na príomhghníomhaíochtaí sin; agus

(e)

tá measúnú déanta ag an údarás inniúil nach ndearnadh rogha na punainne/bpunann atá faoi réir K-CMG d'fhonn bheith ag gabháil le harbatráiste rialála na gceanglas cistí dílse ar bhealach díréireach nó neamhstuama.

Chun críoch phointe (c) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú rialta chun a dhearbhú go dtiocfaidh ceanglais chorrlaigh as an tsamhail éarlaise a léiríonn saintréithe riosca na dtáirgí a dhéanann na gnólachtaí infheistíochta a thrádáil agus go gcuirtear san áireamh inti an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht mhargaidh agus athruithe a d'fhéadfadh a bheith ann le linn an idirbhirt.

Beidh na ceanglais chorrlaigh leordhóthanach chun caillteanais a chumhdach a d'fhéadfadh eascairt as ar a laghad 99 % de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ionchais iomchuí, le tréimhse sealbhaíochta dhá lá oibre ar a laghad. Ceapfar i gcónaí na samhlacha éarlaise a úsáidfidh an comhalta imréitigh le glao ar an éarlais dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo ionas go mbainfear amach leibhéal comhchosúil stuamachta leis an leibhéal is gá sna forálacha maidir le ceanglais chorrlaigh in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Is éard a bheidh in K-CMG an tríú méid is airde de chorrlach iomlán lena raibh gá ag an gcomhalta imréitigh ón ngnólacht infheistíochta ar bhonn laethúil ar feadh trí mhí roimhe sin agus é iolraithe faoi fhachtóir 1,3.

3.   Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairliúchán le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar ríomh an mhéid corrlaigh iomláin a bhfuil gá leis agus modh ríomha K‐CMG mar a thagraítear dó i mír 2, go háirithe i gcás ina gcuirtear K-CMG i bhfeidhm ar bhonn punainne, chomh maith leis na coinníollacha a bhaineann le comhlíonadh na bhforálacha i bpointe (e) de mhír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CAIBIDIL 4

K-fhachtóirí RtF

Airteagal 24

Ceanglas de réir K-fhachtóirí RtC

Is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas de réir K-fhachtóirí RtF:

K-TCD +K-DTF + K-CON

i gcás inar fíor an méid seo a leanas:

is ionann K-TCD agus an méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26;

is ionann K-DTF agus DTF arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33, arna mhéadú faoin gcomhéifeacht chomhfhreagrach a leagtar síos in Airteagal 15(2) agus

is ionann K-CON agus an méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 39.

Is ar na hidirbhearta arna dtaifeadadh i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, a bheidh K-TCD agus K-CON bunaithe.

Is ar na hidirbhearta arna dtaifeadadh i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta atá ag déileáil ar a chuntas féin, bíodh sin ar a shon féin nó thar ceann cliaint, agus ar na hidirbhearta a dtéann an gnólacht infheistíochta ina mbun trí orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant ina ainm féin, a bheidh K-DTF bunaithe.

Roinn 1

Mainneachtain an chontrapháirtí trádála

Airteagal 25

Raon feidhme

1.   Baineann an Roinn seo leis na conarthaí agus na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

conarthaí díorthach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, diomaite díobh seo a leanas:

(i)

conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí lárnach (CPL) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

go bhfuil suíomhanna agus sócmhainní an ghnólachta infheistíochta a bhaineann leis na conarthaí sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an CPL araon, ó shuíomhanna agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus ar an leithscaradh sin, nach mbeadh baint ag na suíomhanna agus na sócmhainní sin le féimheacht faoin dlí náisiúnta i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;

go n-éascaíonn na dlíthe, na rialacháin, na rialacha agus na socruithe conarthacha is infheidhme, nó atá ceangailteach, maidir leis an gcontrapháirtí lárnach, aistriú na suíomhanna de chuid an chliaint a bhaineann leis na conarthaí sin agus aistriú na comhthaobhachta comhfhreagraí chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse chorrlaigh is infheidhme maidir leis an riosca i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh bhunaidh;

go bhfuil tuairim dhlíthiúil neamhspleách atá réasúnaithe agus i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta arb é a conclúid nach dtabhódh an gnólacht infheistíochta, i gcás agóid dhlíthiúil, aon chaillteanas mar gheall ar dhócmhainneacht a chomhalta imréitigh nó mar gheall ar dhócmhainneacht aon chliant de chuid a chomhalta imréitigh.

(ii)

conarthaí díorthach arna dtrádáil ar mhalartán;

(iii)

conarthaí díorthach atá á gcoinneáil le haghaidh suíomh de chuid an ghnólachta infheistíochta ar gníomhaíocht leabhair neamhthrádála is bunús leis a fhálú;

(b)

idirbhearta socraíochta iarchurtha;

(c)

idirbhearta athcheannaigh;

(d)

idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht;

(e)

idirbhearta iasachta corrlaigh;

(f)

aon chineál eile IMU;

(g)

creidmheasanna agus iasachtaí dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, má tá an trádáil á forghníomhú ag an ngnólacht infheistíochta thar ceann an chliaint nó má tá an t-ordú á ghlacadh agus á tharchur ag an ngnólacht gan é a fhorghníomhú.

Chun críocha phointe (a)(i) den chéad fhomhír, meastar go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe sin leis na conarthaí díorthach a imréitítear go díreach nó go hindíreach trí CPLC.

2.   Eisiafar idirbhearta leis na cineálacha seo contrapháirtithe a leanas ó ríomh K-TCD:

(a)

rialtais láir agus bainc cheannais, i gcás ina bhfaigheadh na neamhchosaintí foluiteacha ualú riosca 0 % faoi Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

na bainc forbartha iltaobhacha a liostaítear in Airteagal 117(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

na heagraíochtaí idirnáisiúnta a liostaítear in Airteagal 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Faoi réir formheas a fháil roimh ré ó na húdaráis inniúla, féadfaidh gnólacht infheistíochta a eisiamh ó raon feidhme ríomh idirbheart K-TCD le contrapháirtí arb é a mháthairghnóthas nó a fhochuideachta é, nó fochuideachta de chuid a máthairghnóthas nó gnóthas atá nasctha trí ghaol de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE. Tabharfaidh na húdaráis inniúla formheas má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is institiúid creidmheasa, gnólacht infheistíochta, nó institiúid airgeadais é an contrapháirtí, faoi réir ceanglas stuamachta iomchuí;

(b)

áirítear an contrapháirtí ar an gcomhdhlúthú céanna stuamachta leis an ngnólacht infheistíochta ar bhonn iomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó Airteagal 7 den Rialachán seo, nó déantar an contrapháirtí agus an gnólacht infheistíochta a mhaoirsiú maidir le comhlíonadh na tástála caipitil grúpa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo;

(c)

tá an contrapháirtí faoi réir na meastóireachta riosca, na nósanna imeachta tomhais agus na rialaithe céanna leis an ngnólacht infheistíochta;

(d)

tá an contrapháirtí bunaithe sa Bhallstát céanna leis an ngnólacht infheistíochta;

(e)

níl aon bhac praiticiúil ná dlíthiúil ábhartha reatha ná ionchais ann maidir le haistriú pras cistí dílse nó aisíocaíocht dliteanas ón gcontrapháirtí chuig an ngnólacht infheistíochta.

4.   De mhaolú ar an Roinn seo, féadfaidh gnólacht infheistíochta, faoi réir fhormheas an údaráis inniúil, luach neamhchosanta na gconarthaí díorthach a ríomh a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le haghaidh na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b) go pointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo trí cheann de na modhanna a leagtar amach i (Roinn 3, Roinn 4 nó Roinn 5, Caibidil 6, Teideal II, Cuid a trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) a chur i bhfeidhm, agus na ceanglais cistí dílse ghaolmhara a ríomh trí luach na neamhchosanta a mhéadú faoin bhfachtóir riosca arna shainiú de réir chineál an chontrapháirtí a leagtar amach i dTábla 2 in Airteagal 26 den Rialachán seo.

Féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta a chuimsítear sa mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2, Teideal II de Chuid a haon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an ceanglas cistí dílse gaolmhar a ríomh trí na méideanna neamhchosanta atá ualaithe ó thaobh riosca a iolrú faoi 8 %, arna ríomh i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

5.   Agus an maolú i mír 4 den Airteagal seo á chur i bhfeidhm acu, cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta fachtóir coigeartaithe luachála creidmheasa (CVA) i bhfeidhm freisin tríd an gceanglas cistí dílse, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, a iolrú faoin CVA arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32.

In ionad iolrú fhachtóir CVA a chur i bhfeidhm, féadfaidh na gnólachtaí infheistíochta a chuimsítear sa mhaoirsiú ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na ceanglais cistí dílse le haghaidh coigeartú luachála creidmheasa a ríomh i gcomhréir le Teideal VI de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Airteagal 26

K-TCD a ríomh

Chun críche K-TCD a ríomh, is leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear an ceanglas cistí dílse:

Ceanglas cistí dílse = α • EV • RF • CVA

áit a bhfuil:

α = 1,2

EV = luach na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 27;

RF = an fachtóir riosca arna shainiú de réir chineál an chontrapháirtí a leagtar amach i dTábla 2; agus

CVA = an coigeartú luachála creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32.

Tábla 2

Cineál an chontrapháirtí

Fachtóir riosca

Rialtais láir, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí

1,6 %

Institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

1,6 %

Contrapháirtithe eile

8 %

Airteagal 27

Luach neamhchosanta a ríomh

Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a chinnfear ríomh luach na neamhchosanta:

Luach na neamhchosanta = Max (0; RC + PFE - C)

áit a bhfuil:

RC = an costas athsholáthair mar a chinntear in Airteagal 28 é;

PFE = an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí mar a chinntear in Airteagal 29 í; agus

C = an chomhthaobhacht mar a chinntear in Airteagal 30 í.

Beidh feidhm ag an gcostas athsholáthair (RC) agus ag an gcomhthaobhacht (C) maidir leis na hidirbhearta uile dá dtagraítear in Airteagal 25.

Is maidir le conarthaí díorthach amháin a bheidh feidhm ag an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí (PFE).

Féadfaidh gnólacht infheistíochta luach aonair na neamhchosanta a ríomh ar an leibhéal glanluachála do na hidirbhearta uile a chumhdaítear le comhaontú glanluachála conarthach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31. I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha sin, déanfaidh an gnólacht infheistíochta gach idirbheart a láimhseáil amhail agus dá mba é a thacar glanluachála féin é.

Airteagal 28

Costas athsholáthair (RC)

Déanfar an costas athsholáthair dá dtagraítear in Airteagal 27 a chinneadh mar a leanas:

(a)

i gcás conarthaí díorthach, cinntear RC mar CMV;

(b)

i gcás idirbhearta socraíochta iarchurtha, cinntear RC mar an méid socraíochta airgid thirim atá le híoc nó le fáil ag an ngnólacht infheistíochta arna shocrú sin; láimhseáiltear earra infhaighte mar mhéid deimhneach agus láimhseáiltear earra iníoctha mar mhéid diúltach;

(c)

i gcás idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht, cinntear RC mar an méid airgid thirim arna iasachtú nó arna fháil ar iasacht; láimhseáiltear airgead tirim arna iasachtú ag an ngnólacht infheistíochta mar mhéid dearfach agus láimhseáiltear airgead tirim arna fháil ar iasacht ag an ngnólacht infheistíochta mar mhéid diúltach;

(d)

maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, i gcás inarb urrúis iad an dá chuid den idirbheart, is le CMV an urrúis arna iasachtú ag an ngnólacht infheistíochta a chinntear an RC; méadófar CMV trí úsáid a bhaint as an gcoigeartú comhfhreagrach luaineachta i dTábla 4 d'Airteagal 30;

(e)

maidir leis na hidirbhearta iasachta corrlaigh agus na creidmheasanna agus na hiasachtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 25(1), is le luach na sócmhainne de réir na leabhar i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme a chinntear RC.

Airteagal 29

Neamhchosaint fhéideartha thodhchaí

1.   I gcás gach idirbhirt díorthach, is mar thoradh an mhéid seo a leanas a ríomhfar an neamhchosaint fhéideartha thodhchaí (PFE) dá dtagraítear in Airteagal 27:

(a)

méid barúlach iarbhír an idirbhirt arna shocrú i gcomhréir le míreanna 2 go 6 den Airteagal seo; agus

(b)

an fachtóir maoirseachta arna shocrú i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

2.   Is éard a bheidh sa mhéid barúlach iarbhír toradh an mhéid bharúlaigh arna ríomh i gcomhréir le mír 3, an fhaid le haghaidh conarthaí díorthach ráta úis agus creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 4, agus an deilte maoirseachta le haghaidh conarthaí rogha arna ríomh i gcomhréir le mír 6.

3.   Mura bhfuil an méid barúlach luaite go soiléir agus socraithe go haibíocht, is mar a leanas a chinnfear é:

(a)

i gcás conarthaí díorthach malairte eachtraí, is é a shainmhínítear mar an méid barúlach méid barúlach chuid an airgeadra eachtraigh den chonradh, arna chomhshó san airgeadra intíre. Más in airgeadraí nach iad an t-airgeadra intíre iad a ainmnítear an dá chuid de dhíorthach malairte eachtraí, déanfar méid barúlach gach coda a chomhshó san airgeadra intíre agus is í an chuid ar mó a luach airgeadra intíre a bheidh sa mhéid barúlach;

(b)

i gcás conarthaí díorthach cothromais agus tráchtearraí agus lamháltais astaíochta agus díorthaigh díobh sin, is éard a bheidh sa mhéid barúlach toradh an phraghais margaidh ar aon aonad amháin den ionstraim agus líon na n-aonad dá dtagraítear sa trádáil;

(c)

i gcás idirbhearta ag a bhfuil dea-thorthaí iomadúla a bhraitheann ar staid ar leith lena n-áirítear roghanna digiteacha nó réamhchonarthaí de chineál fuascailte sprice, ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta an méid barúlach do gach staid agus úsáidfidh sé an ríomh is airde a gheofar;

(d)

i gcás inar foirmle luachanna margaidh é an méid barúlach, iontrálfaidh an gnólacht infheistíochta na CMVanna chun an méid barúlach trádála a chinneadh;

(e)

i gcás babhtálacha barúlacha athraitheacha amhail babhtálacha amúchta agus babhtálacha tiomsaitheacha, is é an meánmhéid barúlach ar feadh a bhfuil fágtha de shaolré na babhtála a úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta mar mheánmhéid barúlach don trádáil;

(f)

déanfar babhtálacha luamhánaithe a chomhshó i meánmhéid barúlach na babhtála neamhluamhánaithe coibhéisí sa dóigh, nuair a mhéadófar gach ráta i mbabhtáil faoi fhachtóir, go méadófar an méid barúlach atá dearbhaithe faoin bhfachtóir ar na rátaí úis chun an méid barúlach a chinneadh;

(g)

i gcás conradh díorthach lena mbaineann malartuithe iomadúla príomhshuime, méadófar an méid barúlach faoi líon na malartuithe príomhshuime sa chonradh díorthach chun an méid barúlach a chinneadh.

4.   Déanfar méid barúlach na gconarthaí ráta úis agus na gconarthaí díorthach creidmheasa don am atá fágtha go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin, déanfar é a choigeartú i gcomhréir leis an bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas:

Fad = (1 – exp(–0,05 • am go haibíocht)) / 0,05;

Maidir le conarthaí díorthach nach conarthaí ráta úis ná conarthaí díorthach creidmheasa iad is é 1 a bheidh san fhad.

5.   Is éard a bheidh in aibíocht conartha an dáta is déanaí is féidir an conradh a fhorghníomhú.

Má tá an díorthach bainteach le luach ionstraime eile ráta úis nó creidmheasa, is ar bhonn na hionstraime foluití a chinnfear an tréimhse ama.

I gcás roghanna, is éard a bheidh san aibíocht an dáta feidhmithe conarthach a shonraítear sa chonradh.

I gcás conradh díorthach atá struchtúrtha sa dóigh go socraítear faoi dhátaí sonraithe aon neamhchosaint atá fós amuigh agus go n-athshocraítear na téarmaí sa dóigh gurb é nialas luach cóir an chonartha, beidh an aibíocht atá fágtha comhionann leis an am go dtí an chéad dáta athshocraithe eile.

6.   Féadfaidh an gnólacht infheistíochta féin an deilte mhaoirseachta a ríomh le haghaidh roghanna agus roghtálacha, ag úsáid samhail chuí agus í faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil. Déanfaidh an tsamhail sin meastachán ar ráta athraithe luach na rogha i ndáil le hathruithe beaga ar mhargadhluach an fholuitigh. Maidir le hidirbhearta nach roghanna ná roghtálacha iad nó i gcás nach bhfuil formheas faighte ag samhail ar bith ó na húdaráis inniúla, is é 1 a bheidh sa deilte.

7.   Is i gcomhréir leis an tábla seo a leanas a chinnfear an fachtóir maoirseachta (SF) i gcás gach aicme sócmhainní:

Tábla 3

Aicme sócmhainní

Fachtóir maoirseachta

Ráta úis

0,5 %

Malairt eachtrach

4 %

Creidmheas

1 %

Cothromas aonainm

32 %

Innéacs cothromais

20 %

Tráchtearra agus lamháltas astaíochta

18 %

Eile

32 %

8.   Is éard atá i neamhchosaint fhéideartha thodhchaí de thacar glanluachála, suim neamhchosanta féideartha todhchaí na n-idirbheart uile a chuimsítear sa tacar glanluachála arna iolrú faoi na méideanna seo a leanas:

(a)

0,42, le haghaidh tacair glanluachála idirbheart le contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais a malartaítear comhthaobhacht go déthaobhach leis an gcontrapháirtí ina leith, más gá, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)

1, le haghaidh na dtacar glanluachála eile.

Airteagal 30

Comhthaobhacht

1.   Beidh an chomhthaobhacht uile d'idirbhearta déthaobhacha agus imréitithe araon dá dtagraítear in Airteagal 25, beidh sí faoi réir coigeartuithe luaineachta i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

Tábla 4

Aicme sócmhainní

Idirbhearta athcheannaigh coigeartaithe luaineachta

Idirbhearta eile coigeartaithe luaineachta

Urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais

≤ 1 bhliain

0,707 %

1 %

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

2,121 %

3 %

> 5 bliana

4,243 %

6 %

Urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis eile

≤ 1 bhliain

1,414 %

2 %

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

4,243 %

6 %

> 5 bliana

8,485 %

12 %

Suíomhanna urrúsúcháin

≤ 1 bhliain

2,828 %

4 %

> 1 bhliain ≤ 5 bliana

8,485 %

12 %

> 5 bliana

16,970 %

24 %

Gnáthscaireanna liostaithe agus luachanna in-chomhshóite

14,143 %

20 %

Urrúis nó tráchtearraí eile

17,678 %

25 %

Ór

10,607 %

15 %

Airgead tirim

0 %

0 %

Chun críocha Thábla 4, ní áireofar suíomhanna ath-urrúsúcháin ar na suíomhanna urrúsúcháin.

Féadfaidh na húdaráis inniúla an coigeartú luaineachta a athrú i gcomhair cineálacha áirithe tráchtearraí dá bhfuil leibhéil éagsúla luaineachta sna praghsanna. Cuirfidh siad ÚBE ar an eolas faoi na cinntí sin mar aon leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin.

2.   Is mar a leanas a chinnfear luach na comhthaobhachta:

(a)

chun críocha phointí (a), (e) agus (g) d'Airteagal 25(1), leis an méid comhthaobhachta a fhaigheann an gnólacht infheistíochta óna chontrapháirtí agus é laghdaithe i gcomhréir le Tábla 4;

(b)

i dtaca leis na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 25(1), le suim CMV na coda slándála agus le glanmhéid na comhthaobhachta arna bhreacadh nó arna fháil ag an ngnólacht infheistíochta.

Maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, i gcás inarb urrúis iad an dá chuid den idirbheart, is le CMV an urrúis arna iasachtú ag an ngnólacht infheistíochta a chinnfear an chomhthaobhacht.

I gcás ina bhfuil an t-urrús á cheannach ag an ngnólacht infheistíochta nó inar iasachtaigh sé an t-urrús, láimhseálfar CMV an urrúis mar mhéid diúltach agus laghdófar é, go méid diúltach níos mó, ag baint úsáid as an gcoigeartú luaineachta i dTábla 4. I gcás ina bhfuil an t-urrús á cheannach ag an ngnólacht infheistíochta nó ina bhfuair sé an t-urrús ar iasacht, láimhseálfar CMV an urrúis mar mhéid dearfach agus laghdófar é ag baint úsáid as an gcoigeartú luaineachta i dTábla 4.

I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla idirbheart faoi chumhdach ag comhaontú glanluachála conarthach, cuirfear na coigeartuithe luaineachta is infheidhme maidir le "idirbhearta eile" i dTábla 4, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31, cuirfear i bhfeidhm iad ar na méideanna arna ríomh faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír faoi seach ar bhonn eisitheora laistigh de gach aicme sócmhainne.

3.   I gcás neamhréir airgeadra idir an t-idirbheart agus an chomhthaobhacht a fuarthas nó a breacadh, beidh feidhm ag neamhréir airgeadra coigeartaithe luaineachta breise 8 %.

Airteagal 31

Glanluacháil

Chun críocha na Roinne seo, féadfaidh an gnólacht infheistíochta, ar an gcéad dul síos, conarthaí lánmheaitseála atá ar áireamh i gcomhaontú glanluachála a láimhseáil faoi mar a bheidís ina n-aon chonradh amháin ag a mbeadh príomhshuim bharúlach a bheadh coibhéiseach leis na fáltais ghlana, ar an dara dul síos, féadfaidh sé glanluacháil a dhéanamh ar idirbhearta eile atá faoi réir nuachan faoina ndéantar na hoibleagáidí uile idir an gnólacht infheistíochta agus a chontrapháirtí a chónascadh go huathoibríoch sa dóigh go ndéanann an nuachan aon mhéid aonair glan a chur go dlíthiúil in ionad na n-olloibleagáidí a bhí ann roimhe sin, agus ar an tríú dul síos, féadfaidh an gnólacht infheistíochta glanluacháil a dhéanamh ar idirbhearta eile i gcás ina n-áirithíonn sé go bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)

conradh glanluachála leis an gcontrapháirtí nó comhaontú eile lena gcruthaítear oibleagáid dhlíthiúil aonair, lena gcumhdaítear na hidirbhearta uile atá ar áireamh, de shórt go mbeadh éileamh ag an ngnólacht infheistíochta ar ghlacadh, nó go mbeadh sé faoi oibleagáid íocaíochta, i leith shuim ghlan na luachanna deimhneacha agus diúltacha marcála ón margadh atá ar na hidirbhearta aonair atá ar áireamh, agus an tsuim sin amháin, i gcás ina mainneodh contrapháirtí feidhmiú de thoradh aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

mainneachtain;

(ii)

féimheacht;

(iii)

leachtú; nó

(iv)

cúinsí comhchosúla;

(b)

níl aon chlásal sa chonradh glanluachála lena dtugtar cead, i gcás mainneachtain contrapháirtí, don chontrapháirtí neamh-mhainneachtana íocaíochtaí teoranta amháin a dhéanamh, nó gan aon íocaíochtaí a dhéanamh, le heastát an pháirtí mainneachtana, fiú má tá an páirtí mainneachtana ina ghlanchreidiúnaí;

(c)

tá tuairim dhlíthiúil réasúnaithe i scríbhinn faighte ag an ngnólacht infheistíochta go mbeadh, i gcás agóid dhlíthiúil i gcoinne an chomhaontaithe ghlanluachála, éilimh agus oibleagáidí an ghnólachta infheistíochta coibhéiseach leis na héilimh agus oibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a) de réir an chórais dlí seo a leanas:

(i)

dlí na dlínse ina bhfuil an contrapháirtí corpraithe;

(ii)

má tá brainse coigríche de chontrapháirtí bainteach, dlí an dlínse ina bhfuil an brainse suite;

(iii)

an dlí a rialaíonn na hidirbhearta aonair a áirítear sa chomhaontú glanluachála; nó

(iv)

an dlí a rialaíonn aon chonradh nó aon chomhaontú atá riachtanach chun an ghlanluacháil a chur i gcrích.

Airteagal 32

Coigeartú luachála creidmheasa

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn CVA coigeartú ar luacháil mheánmhargaidh na punainne idirbheart le contrapháirtí lena léirítear CMV riosca creidmheasa an chontrapháirtí i leith an ghnólachta infheistíochta, ach nach léirítear riosca creidmheasa an ghnólachta infheistíochta i leith an chontrapháirtí.

Is é 1,5 a bheidh sa CVA do gach idirbheart seachas na hidirbhearta seo a leanas, arb é 1 a bheidh sa CVA dóibh:

(a)

idirbhearta le contrapháirtithe neamhairgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó le contrapháirtithe neamhairgeadais atá bunaithe i dtríú tír, i gcás nach sáraíonn na hidirbhearta sin an tairseach imréitigh mar a shonraítear in Airteagal 10(3) agus (4) den Rialachán sin;

(b)

idirbhearta laistigh de ghrúpa dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)

idirbhearta socraíochta iarchurtha;

(d)

IMUnna, lena n-áirítear idirbhearta iasachta corrlaigh, ach amháin má chinneann an t‐údarás inniúil gurb ábhartha neamhchosaintí CVA an ghnólachta infheistíochta a eascraíonn as na hidirbhearta sin; agus

(e)

na creidmheasanna agus na hiasachtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 25(1).

Roinn 2

Sreabhadh trádála laethúil

Airteagal 33

DTF a thomhas chun críche K-DTF a ríomh

1.   Chun críche K-DTF a ríomh, is éard a bheidh in DTF meánluach rollach an tsreafa trádála laethúil iomlán, arna thomhas i gcaitheamh gach lae gnó le linn na naoi mí roimhe sin, diomaite de na3 mhí is déanaí.

Is éard a bheidh in DTF ná meán uimhríochtúil na luachanna laethúla ó na sé mhí atá fágtha.

Ríomhfar K-DTF ar an gcéad lá gnó de gach mí.

2.   Tomhaisfear an DTF mar shuim luach absalóideach na gceannachán agus luach absalóideach na ndíolachán do thrádálacha in airgead tirim agus do dhíorthaigh araon i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás trádálacha in airgead tirim, is é an méid a íocfar nó a gheofar don trádáil an luach;

(b)

i gcás díorthach, is é méid barúlach an chonartha luach na trádála.

Déanfar méid barúlach na ndíorthach ráta úis a choigeartú go haibíocht (i mblianta) na gconarthaí sin. Déanfar an méid barúlach a mhéadú faoin bhfad a leagtar amach san fhoirmle seo a leanas:

Fad = an t-am go haibíocht (i mblianta) / 10

3.   Ní áireofar ar DTF idirbhearta a dhéanfaidh gnólacht infheistíochta chun críche seirbhísí bainistithe punainne a chur ar fáil thar ceann cistí infheistíochta.

Cuirfear san áireamh in DTF idirbhearta a dhéanfaidh an gnólacht infheistíochta ina ainm féin ar a shon féin nó thar ceann cliaint.

4.   I gcás ina raibh sreabhadh trádála laethúil ag gnólacht infheistíochta le níos lú ná 9 mí, úsáidfidh sé sonraí stairiúla DTF don tréimhse a shonraítear faoi mhír 1 a luaithe a bheidh na sonraí sin ar fáil chun K-DTF a ríomh. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur isteach in ionad pointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh.

CAIBIDIL 5

Cuspóirí comhshaoil agus sóisialta

Airteagal 34

Láimhseáil stuamachta sócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta leo

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, déanfaidh ÚBE, ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus thorthaí Ghrúpa Saineolais Ardleibhéil an Choimisiúin maidir le hAirgeadas Inbhuanaithe, measúnú ar cibé an mbeadh bonn cirt ó thaobh na stuamachta de ann do láimhseáil stuamachta tiomanta ar na sócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a ngabhann, ar dhóigh shubstaintiúil, cuspóirí comhshaoil nó sóisialta leo, i bhfoirm K-fhachtóirí coigeartaithe nó comhéifeachtaí K-fhachtóirí coigeartaithe. Go háirithe, déanfaidh ÚBE measúnú ar na nithe seo leanas:

(a)

roghanna modheolaíochta chun a mheas cé chomh neamhchosanta atá aicmí sócmhainní ar ghníomhaíochtaí a ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta go substaintiúil leo;

(b)

próifílí riosca sonracha ar shócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta leo;

(c)

rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní mar gheall ar athruithe rialála amhail maolú ar an athrú aeráide;

(d)

na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ag láimhseáil stuamachta ar shócmhainní atá neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí lena ngabhann, ar dhóigh shubstaintiúil, cuspóirí comhshaoil nó sóisialta maidir le cobhsaíocht airgeadais.

2.   Cuirfidh ÚBE tuarascáil ina mbeidh a chuid torthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2021.

3.   Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

CUID A CEATHAIR

RIOSCA COMHCHRUINNITHE

Airteagal 35

Oibleagáid faireacháin

1.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta faireachán agus rialú ar a riosca comhchruinnithe i gcomhréir leis an gCuid seo trí bhíthin nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta agus sásraí daingne rialaithe inmheánaigh.

2.   Chun críocha na Coda seo, cuimsíonn na téarmaí "institiúid creidmheasa" agus "gnólacht infheistíochta" gnóthais phríobháideacha nó phoiblí, lena n-áirítear brainsí gnóthas den sórt sin, ar choinníoll gurbh éard a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, agus ar choinníoll gur tugadh údarú do na gnóthais sin i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 36

Luach na neamhchosanta a ríomh

1.   Gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, déanfaidh siad luach na neamhchosanta i dtaca le cliant nó grúpa cliant nasctha chun críocha na Coda seo a ríomh trí na hítimí seo a leanas a shuimiú:

(a)

barrachas deimhneach suíomhanna fada an ghnólachta infheistíochta thar a shuíomhanna gearra sna hionstraimí airgeadais uile leabhair trádála arna n‐eisiúint ag an gcliant atá i gceist, suíomh glan gach ionstraime arna ríomh i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 22;

(b)

luach neamhchosanta na gconarthaí agus na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 25(1) leis an gcliant atá i gceist, arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 27.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann, chun críocha an cheanglais de réir K-fhachtóirí RtM, ceanglais chaipitil do na suíomhanna leabhair trádála a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a shonraítear in Airteagal 23, ríomhfaidh sé an suíomh glan chun críocha riosca comhchruinnithe na suíomhanna sin i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann, chun críocha K-TCD, ceanglais cistí dílse a ríomh trí na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 25(4) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ríomhfaidh sé luach neamhchosanta na gconarthaí agus na n-idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 25(1) den Rialachán seo trí na modhanna a leagtar amach i Roinn 3, 4 nó 5 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm.

2.   Ríomhfar luach na neamhchosanta i dtaca le grúpa cliant nasctha trí na neamhchosaintí ar na cliaint aonair sa ghrúpa a shuimiú le chéile, agus láimhseálfar iad mar neamhchosaint aonair.

3.   Le linn don ghnólacht infheistíochta luach na neamhchosanta i dtaca le cliant nó grúpa cliant nasctha a ríomh, déanfaidh sé gach beart réasúnta chun na sócmhainní foluiteacha sna hidirbhearta ábhartha a shainaithint mar aon le contrapháirtí na neamhchosaintí foluiteacha.

Airteagal 37

Teorainneacha i dtaca le riosca comhchruinnithe agus barrachas luach na neamhchosanta

1.   Is é a bheidh i dteorainn gnólachta infheistíochta i dtaca le riosca comhchruinnithe de luach na neamhchosanta i dtaca le cliant aonair nó grúpa 25 % dá chuid cistí dílse féin.

I gcás inar institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta an cliant aonair sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó i ngrúpa cliant nasctha, is éard a bheidh sa teorainn i dtaca le riosca comhchruinnithe luach níos airde ná 25 % de chistí dílse an ghnólachta infheistíochta nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar choinníoll, i dtaca le suim luachanna na neamhchosanta i dtaca leis na cliaint nasctha uile nach institiúidí creidmheasa ná gnólachtaí infheistíochta iad, go bhfanann an teorainn i dtaca leis an riosca comhchruinnithe ag 25 % de chistí dílse na ngnólachtaí infheistíochta.

I gcás ina bhfuil méid EUR 150 milliún níos airde ná 25 % de chistí dílse an ghnólachta infheistíochta, ní bheidh an teorainn i dtaca le riosca comhchruinnithe níos airde ná 100 % de chistí dílse an ghnólachta infheistíochta.

2.   I gcás ina sárófar na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh an gnólacht infheistíochta an oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 38 agus comhlíonfaidh sé ceanglas cistí dílse i dtaca le barrachas luach na neamhchosanta i gcomhréir le hAirteagal 39.

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta barrachas luach na neamhchosanta i ndáil le cliant aonair nó grúpa cliant nasctha a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

barrachas luach na neamhchosanta = EV – L

áit a bhfuil:

EV = luach na neamhchosanta arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 36; agus

L = an teorainn i dtaca le riosca comhchruinnithe mar a chinntear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ní sháróidh luach na neamhchosanta i dtaca le cliant aonair nó grúpa cliant nasctha:

(a)

500 % de chístí dílse an ghnólachta infheistíochta, i gcás ina mbeidh 10 lá nó tréimhse is giorra caite ó tháinig ann don bharrachas;

(b)

i gcomhiomlán, 600 % de chístí dílse an ghnólachta infheistíochta, maidir le haon bharrachais a mhairfidh ar feadh tréimhse is faide ná 10 lá.

Airteagal 38

Oibleagáid fógra a thabhairt

1.   I gcás ina sárófar na teorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 37, tabharfaidh an gnólacht infheistíochta fógra gan mhoill do na húdaráis inniúla faoi mhéid an bharrachais, ainm an chliaint aonair lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an ghrúpa cliant nasctha lena mbaineann.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla tréimhse theoranta a dheonú don ghnólacht infheistíochta chun cloí leis an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 37.

Airteagal 39

K-CON a ríomh

1.   Is éard a bheidh sa cheanglas cistí dílse de réir K-CON méid comhiomlán an cheanglais cistí dílse arna ríomh do gach cliant nó grúpa cliant nasctha mar cheanglas cistí dílse na líne iomchuí i gColún 1 i dTábla 6 arb ionann é agus cuid den bharrachas iomlán aonair, arna hiolrú faoin méid seo a leanas:

(a)

200 %, i gcás nár mhair an barrachas ar feadh tréimhse is faide ná 10 lá;

(b)

an fachtóir comhfhreagrach i gColún 2 de Thábla 6 tar éis na tréimhse 10 lá arna ríomh ón dáta ar ar tháinig ann don bharrachas, trí gach cion den bharrachas a shannadh sa líne iomchuí i gColún 1 de Thábla 6.

2.   Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a dhéanfar ceanglas cistí dílse an bharrachais dá dtagraítear i mír 1 a ríomh:

Image 4

i gcás:

OFRE = ceanglas cistí dílse don bharrachas.

OFR = ceanglas cistí dílse na neamhchosaintí ar chliant aonair nó grúpaí cliant nasctha, arna ríomh trí cheanglais cistí dílse na neamhchosaintí ar na cliaint aonair sa ghrúpa a shuimiú, agus láimhseálfar iad mar neamhchosaint aonair;

EV = luach na neamhchosanta arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 36;

EVE = luach na neamhchosanta arna ríomh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 37(2).

Chun críche K-CON a ríomh, ní áireofar ar cheanglais cistí dílse na neamhchosaintí a eascraíonn as an bhfarasbarr dearfach de shuíomhanna fada gnólachta infheistíochta thar a shuíomhanna gearra sna hionstraimí airgeadais leabhair trádála uile arna n‐eisiúint ag an gcliant atá i gceist, suíomh glan gach ionstraime arna ríomh i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 22, ní áireofar orthu ach ceanglais riosca shonraigh.

Maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann, chun críocha an cheanglais de réir K‐fhachtóirí RtM, ceanglais cistí dílse do shuíomhanna leabhair trádála a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a shonraítear in Airteagal 23, ríomhfaidh sé ceanglas cistí dílse na neamhchosanta chun críocha riosca comhchruinnithe na suíomhanna sin i gcomhréir leis na forálacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 22.

Tábla 6

Colún 1:

Barrachas luach na neamhchosanta mar chéatadán de chistí dílse

Colún 2:

Fachtóirí

Suas go 40 %

200 %

Ó 40 % go 60 %

300 %

Ó 60 % go 80 %

400 %

Ó 80 % go 100 %

500 %

Ó 100 % go 250 %

600 %

Os cionn 250 %

900 %

Airteagal 40

Nósanna imeachta chun cosc a chur ar ghnólachtaí infheistíochta an ceanglas cistí dílse de réir K-CON a sheachaint

1.   Maidir le neamhchosaintí a sháróidh an teorainn a leagtar síos in Airteagal 37(1), ní dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta iad a aistriú go sealadach chuig cuideachta eile, bídís nó ná bídís sa ghrúpa céanna, ná ní dhéanfaidh siad idirbhearta saorga chun na neamhchosaintí sin a ghlanadh le linn na tréimhse 10 lá dá dtagraítear in Airteagal 39 agus neamhchosaintí nua a chruthú.

2.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta córais a choimeád ar bun lena áirithiú go ndéanfar aon aistriú dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú láithreach do na húdaráis inniúla.

Airteagal 41

Eisiaimh

1.   Eisiafar na neamhchosaintí seo a leanas ó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 37:

(a)

neamhchosaintí a asbhainfear ina n-iomláine as cistí dílse an ghnólachta infheistíochta;

(b)

neamhchosaintí a thabhófar le linn gnáthshocrú seirbhísí íocaíochta, idirbheart airgeadra eachtraigh, idirbheart urrús agus soláthair tarchuir airgid;

(c)

neamhchosaintí arb éard atá iontu éilimh i gcoinne na nithe seo a leanas:

(i)

rialtais láir, bainc cheannais, eintitis earnála poiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó bainc forbartha iltaobhacha agus neamhchosaintí atá ráthaithe ag na daoine sin nó atá inchurtha ina leith, i gcás ina bhfaigheadh na neamhchosaintí sin ualú riosca 0 % faoi Airteagail 114 go 118 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ii)

rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla na dtíortha atá ina gcomhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(iii)

contrapháirtithe lárnacha agus ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana contrapháirtithe lárnacha.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla na neamhchosaintí seo a leanas a dhíolmhú ina n-iomláine nó i bpáirt ó chur i bhfeidhm Airteagal 37:

(a)

bannaí faoi chumhdach;

(b)

neamhchosaintí a thabhaigh gnólacht infheistíochta i leith a máthairchuideachta, i leith fhochuideachtaí eile na máthairchuideachta sin nó i leith a cuid fochuideachtaí féin, sa mhéid is go bhfuil na gnóthais sin faoi mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo nó le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déantar iad a mhaoirsiú maidir le comhlíonadh na tástála caipitil grúpa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, nó déantar iad a mhaoirsiú i gcomhréir le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír, agus ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

ní ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábhartha, ná súil le bac den sórt sin, leis an máthairghnóthas caipiteal a aistriú agus dliteanais a aisíoc go pras; agus

(ii)

cuimsíonn nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta riosca an mháthairghnóthais eintiteas na hearnála airgeadais.

Airteagal 42

Díolúine do dhéileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí

1.   Ní bheidh feidhm ag forálacha na coda seo maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

is contrapháirtí neamhairgeadais é an contrapháirtí eile;

(b)

tá an dá chontrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta láraithe iomchuí maidir le riosca a mheas, a thomhas agus a rialú;

(c)

is féidir a mheas go laghdóidh an t-idirbheart rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.

2.   Tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta fógra don údarás inniúil sula n-úsáidfidh siad an díolúine dá dtagraítear i mír 1.

CUID A CÚIG

LEACHTACHT

Airteagal 43

Ceanglas maidir le leachtacht

1.   Beidh i seilbh gnólachtaí infheistíochta méid sócmhainní leachtacha atá coibhéiseach ar a laghad leis an tríú cuid den cheanglas forchostas seasta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo agus cuirfidh sé ÚBE ar an eolas gan mhoill faoin méid sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh i sócmhainní leachtacha aon cheann de na nithe seo a leanas, gan teorainn lena gcomhdhéanamh:

(a)

na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, faoi réir na gcoinníollacha céanna maidir le critéir incháilitheachta agus na gcaolchorrlach céanna is infheidhme a leagtar síos sna hAirteagail sin;

(b)

na sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, suas le méid absalóideach EUR 50 milliún nó méid coibhéiseach in airgeadra intíre, faoi réir na gcoinníollacha céanna maidir le critéir incháilitheachta, cé is moite den mhéid tairsí EUR 500 milliún dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán sin, agus na gcaolchorrlach céanna is infheidhme a leagtar síos san Airteagal sin;

(c)

ionstraimí airgeadais nach gcumhdaítear le pointí (a) agus (b) den fhomhír seo a thrádáiltear ar ionad trádála nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith mar a shainmhínítear i bpointe (17) d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus in Airteagail 1 go 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún (26), faoi réir chaolchorrlach 55 %;

d)

taiscí gearrthéarma neamhualaithe ag institiúid creidmheasa.

2.   Ní láimhseálfar mar shócmhainní leachtacha airgead tirim, taiscí gearrthéarma agus ionstraimí airgeadais ar le cliaint iad, fiú i gcás iad a bheith i seilbh an ghnólachta infheistíochta ina ainm féin chun críocha mhír 1.

3.   Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo agus gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán seo ach nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, féadfaidh siad earraí infhaighte ó fhéichiúnaithe trádála agus táillí nó coimisiúin is infhaighte laistigh de 30 lá a áireamh ar a shócmhainní leachtacha freisin, i gcás ina mbeidh na hinfháltais sin i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is ionann iad agus suas le huasmhéid tríú cuid de na ceanglais íosmhéid leachtachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)

ní áireofar iad mar chuid d'aon cheanglais bhreise leachtacha a cheanglaíonn an t‐údarás inniúil le haghaidh rioscaí atá sonrach don ghnólacht i gcomhréir le hAirteagal 39(2)(k) de Threoir (AE) 2019/2034;

(c)

tá siad faoi réir chaolchorrlach 50 %.

4.   Chun críocha an dara fomhír de mhír 1, eiseoidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, treoirlínte lena sonrófar a thuilleadh na critéir a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a chur san áireamh agus iad ag díolmhú gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha ón gceanglas leachtachta.

Airteagal 44

Laghdú sealadach ar an gceanglas leachtachta

1.   Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta, in imthosca eisceachtúla, agus tar éis a fhormheasta ag an údarás inniúil, méid na sócmhainní leachtacha ina sheilbh a laghdú.

2.   Comhlíonfar an ceanglas leachtachta a leagtar amach in Airteagal 43(1) an athuair laistigh de 30 lá ón laghdú tosaigh.

Airteagal 45

Ráthaíochtaí cliaint

Méadóidh gnólachtaí infheistíochta a sócmhainní leachtacha faoi 1,6 % de mhéid iomlán na ráthaíochtaí a thugtar do chliaint.

CUID A SÉ

NOCHTADH AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 46

Raon feidhme

1.   Gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, nochtfaidh siad go poiblí an fhaisnéis a shonraítear sa chuid seo an dáta céanna a fhoilseoidh siad a ráitis airgeadais bhliantúla.

2.   Gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha agus a eiseoidh ionstraimí breise Leibhéal 1, nochtfaidh siad go poiblí an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 47, 49 agus 50 an dáta céanna a fhoilseoidh siad a ráitis airgeadais bhliantúla.

3.   I gcás nach bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha á gcomhlíonadh a thuilleadh ag gnólacht infheistíochta, nochtfaidh sé go poiblí an fhaisnéis a leagtar amach sa chuid seo den bhliain airgeadais tar éis na bliana airgeadais inar scoir sé de na coinníollacha sin a chomhlíonadh.

4.   Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta an meán agus an suíomh iomchuí a chinneadh chun na ceanglais maidir le nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chomhlíonadh go héifeachtach. Déanfar gach nochtadh in aon mheán amháin nó in aon suíomh amháin, i gcás inar féidir. Má nochtar an fhaisnéis chéanna nó faisnéis chomhchosúil in dhá mheán nó níos mó, cuirfear le gach meán acu tagairt do mhacasamhail na faisnéise sna meáin eile.

Airteagal 47

Cuspóirí agus beartais bainistithe riosca

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a gcuid cuspóirí agus beartas bainistithe riosca a nochtadh i gcás gach catagóire riosca ar leithligh a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Cúig i gcomhréir le hAirteagal 46, lena n-áirítear achoimre ar na straitéisí agus na próisis chun na rioscaí sin a bhainistiú agus ráiteas riosca gairid arna fhormheas ag comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta ina dtugtar tuairisc ghonta ar phróifíl fhoriomlán riosca an ghnólachta infheistíochta i ndáil leis an straitéis ghnó.

Airteagal 48

Rialachas

Nochtfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir le socruithe rialachais inmheánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 46:

(a)

líon na stiúrthóireachtaí atá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta;

(b)

an beartas maidir le héagsúlacht i dtaca le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a roghnú, na cuspóirí agus aon spriocanna iomchuí a leagtar amach sa bheartas sin, agus a mhéid a baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna sin;

(c)

cibé acu atá nó nach bhfuil coiste riosca ar leithligh curtha ar bun ag an ngnólacht infheistíochta agus an méid uaireanta a tháinig an coiste riosca le chéile in aghaidh na bliana.

Airteagal 49

Cistí dílse

1.   Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir lena gcistí dílse, i gcomhréir le hAirteagal 46:

(a)

réiteach iomlán idir ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ítimí breise Leibhéal 1, ítimí Leibhéal 2 agus na scagairí agus na hasbhaintí is infheidhme a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse an ghnólachta infheistíochta agus an clár comhardaithe i ráitis airgeadais an ghnólachta infheistíochta arna n-iniúchadh;

(b)

tuairisc ar phríomhghnéithe ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2 arna n-eisiúint ag an ngnólacht infheistíochta;

(c)

tuairisc ar na srianta go léir a chuirtear i bhfeidhm maidir le cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na hionstraimí agus na hasbhaintí a bhfuil feidhm ag na srianta sin ina leith;

2.   Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléid maidir le nochtadh faoi phointí (a), (b), agus (c) de mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 50

Ceanglais cistí dílse

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/2034 acu, i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo:

(a)

achoimre ar chur chuige an ghnólachta infheistíochta maidir le leordhóthanacht a chaipitil inmheánaigh a mheasúnú chun tacú le gníomhaíochtaí reatha agus todhchaí;

(b)

arna iarraidh sin don údarás inniúil, toradh an phróisis inmheánaigh measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil, lena n-áirítear comhdhéanamh na gcistí dílse breise atá bunaithe ar an bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034;

(c)

na ceanglais de réir K-fhachtóirí arna ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo, i bhfoirm chomhiomlán do RtM, RtF, agus RtC, bunaithe ar shuim na K-fhachtóirí is infheidhme; agus

(d)

an ceanglas forchostas seasta arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.

Airteagal 51

Beartas agus cleachtais luacha saothair

Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis seo a leanas maidir lena mbeartas agus maidir lena gcleachtais luacha saothair, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le neodracht inscne agus leis an mbearna phá idir na hinscní, i gcás na gcatagóirí foirne sin a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 46;

(a)

na saintréithe is tábhachtaí maidir le ceapadh an chórais luacha saothair, lena n-áirítear an leibhéal luacha saothair inathraithe agus na critéir le haghaidh luach saothair inathraithe a bhronnadh, an beartas maidir le híocaíocht amach in ionstraimí, an beartas maidir le hiarchur agus na critéir dhílsithe;

(b)

na cóimheasa idir luach saothair seasta agus inathraithe arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 30(2) de Threoir (AE) 2019/2034;

(c)

faisnéis chainníochtúil chomhiomlánaithe maidir le luach saothair, arna miondealú de réir an lucht bainistíochta shinsearaigh agus na mball foirne a bhfuil tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, ag tabhairt an méid seo a leanas le fios:

(i)

na méideanna luacha saothair arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú idir luach saothair seasta, maille le tuairisc ar na comhpháirteanna seasta, agus luach saothair inathraithe, chomh maith le líon na dtairbhithe;

(ii)

méideanna agus foirmeacha luacha saothair inathraithe arna mbronnadh, arna ndealú idir airgead tirim, scaireanna, ionstraimí atá nasctha le scaireanna agus cineálacha eile ar leithligh don chuid a íoctar roimh ré agus don chuid iarchurtha;

(iii)

na méideanna luacha saothair iarchurtha arna mbronnadh do thréimhsí feidhmíochta roimhe sin, arna ndealú idir an méid atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais agus an méid atá le dílsiú sna blianta ina dhiaidh sin;

(iv)

an méid luacha saothair iarchurtha atá le dílsiú le linn na bliana airgeadais a íoctar amach le linn na bliana airgeadais, agus a laghdaítear trí choigeartuithe feidhmíochta;

(v)

na dámhachtainí luacha saothair inathraithe ráthaithe le linn na bliana airgeadais, agus líon thairbhithe na ndámhachtainí sin;

(vi)

na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh i dtréimhsí roimhe sin, a íocadh amach le linn na bliana airgeadais;

(vii)

méideanna na scaoilíocaíochtaí arna mbronnadh le linn na bliana airgeadais, arna ndealú ina n-íocaíochtaí roimh ré agus ina n-íocaíochtaí iarchurtha, líon thairbhithe na n-íocaíochtaí sin agus an íocaíocht is airde a bronnadh ar dhuine aonair;

(d)

faisnéis maidir le cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an gnólacht infheistíochta tairbhe as maolú a leagtar síos in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a bhaineann tairbhe as maolú den sórt sin in iúl cibé acu ar deonaíodh an maolú sin ar bhonn phointe (a) nó phointe (b) d'Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034, nó an dá cheann. Léireoidh siad freisin cé na prionsabail luacha saothair a gcuirfidh siad an maolú nó na maoluithe i bhfeidhm ina leith, líon na mball foirne a bhaineann tairbhe as an maolú nó na maoluithe agus a luach saothair iomlán, arna dhealú idir luach saothair inathraithe agus seasta.

Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

Airteagal 52

Beartas infheistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 á gcomhlíonadh acu an méid seo a leanas a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo:

(a)

cion na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna atá i seilbh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an ngnólacht infheistíochta, arna mhiondealú de réir an Bhallstáit agus na hearnála;

(b)

tuairisc iomlán ar iompraíocht vótála i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2, míniúchán ar na vótaí, agus cóimheas na dtograí arna gcur chun tosaigh ag comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá formheasta ag an ngnólacht infheistíochta; agus

(c)

míniúchán ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála;

(d)

na treoirlínte vótála i ndáil leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2.

An ceanglas nochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige mura ndéantar le socrúcháin chonarthacha na ngeallsealbhóirí uile a ndéanann an gnólacht infheistíochta ionadaíocht orthu ag cruinniú na ngeallsealbhóirí an gnólacht infheistíochta a údarú chun vótáil ar a son mura dtugann na geallsealbhóirí orduithe vótála sainráite tar éis dóibh clár oibre an chruinnithe a fháil.

2.   An gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ní chomhlíonfaidh sé an mhír sin ach amháin i dtaca le gach cuideachta a ligtear a scaireanna isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte agus nach bhfuil cearta vótála ag baint leis na scaireanna sin ach i gcás inar mó cion na gceart vótála atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta, go díreach nó go hindíreach, ná an tairseach de 5 % de na cearta vótála uile a bhaineann leis na scaireanna a eisíonn an chuideachta. Ríomhfar na cearta vótála ar bhonn na scaireanna uile a bhfuil cearta vótála ag baint leo fiú má chuirtear feidhmiú na gceart vótála sin ar fionraí.

3.   Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun teimpléid maidir le nochtadh faoi mhír 1 a shonrú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 53

Rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais

Ón 26 Nollaig 2022, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 faisnéis a nochtadh maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta, agus rialachais, lena n‐áirítear rioscaí fisiciúla agus rioscaí aistrithe, de réir mar a shainítear sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 35 de Threoir (AE) 2019/2034.

Nochtfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír uair amháin sa chéad bhliain agus ar bhonn leathbhliantúil ina dhiaidh sin.

CUID A SEACHT

TUAIRISCIÚ AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

Airteagal 54

Ceanglais um thuairisciú

1.   Tuairisceoidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis uile sa a leanas do na húdaráis inniúla ar bhonn ráithiúil:

(a)

leibhéal agus comhdhéanamh na gcistí dílse;

(b)

ceanglais cistí dílse;

(c)

ríomhanna na gceanglas cistí dílse;

(d)

an leibhéal gníomhaíochta i dtaca leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), lena n-áirítear an clár comhardaithe agus miondealú ar an ioncam de réir seirbhís infheistíochta agus an K-fhachtóra is infheidhme;

(e)

riosca comhchruinnithe;

(f)

ceanglais leachtachta.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha, is ar bhonn bliantúil a chuirfidh siad isteach na tuarascálacha sin.

2.   Áireofar ar an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (e) de mhír 1 na leibhéil riosca seo a leanas agus déanfar í a thuairisciú do na húdaráis inniúla ar bhonn bliantúil ar a laghad:

(a)

leibhéal an riosca comhchruinnithe a bhaineann le mainneachtain contrapháirtithe agus le suíomhanna leabhair trádála, ar bhonn contrapháirtí aonair agus ar bhonn comhiomlán araon;

(b)

leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa, na gnólachtaí infheistíochta agus na heintitis eile a bhfuil airgead cliant ina seilbh;

(c)

leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa, na gnólachtaí infheistíochta agus na heintitis eile ina gcuirtear urrúis cliant i dtaisce;

(d)

leibhéal an riosca comhchruinnithe i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa ina bhfuil airgead tirim i dtaisce ag an ngnólacht infheistíochta; agus

(e)

leibhéal an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as tuilleamh;

(f)

leibhéal an riosca comhchruinnithe mar a chuirtear síos air i bpointí (a) go (e) arna ríomh trí shócmhainní cuntais agus ítimí atá lasmuigh den chlár comhordaithe a chur san áireamh freisin nach bhfuil taifead orthu sa leabhar trádála chomh maith leis na neamhchosaintí a eascraíonn as suíomhanna leabhair trádála.

Chun críocha na míre seo, cuimsíonn na téarmaí "institiúid creidmheasa" agus "gnólachtaí infheistíochta" gnóthais phríobháideacha nó phoiblí, lena n-áirítear brainsí gnóthas den sórt sin, ar choinníoll gurbh éard a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear sa Rialachán seo iad, agus ar choinníoll gur tugadh údarú do na gnóthais sin i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh ceangal ar ghnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha an fhaisnéis a shonraítear i bpointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú agus, sa mhéid gur deonaíodh díolúine i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 43(1), i bpointe (f) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Chun críocha na gceanglas tuairiscithe a leagtar síos san Airteagal seo, ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a shonrú:

(a)

na formáidí;

(b)

na dátaí tuairiscithe, na sainmhínithe agus na treoracha gaolmhara ina gcuirfear síos ar an dóigh leis na formáidí sin a úsáid.

Na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad achomair agus comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochta na ngnólachtaí infheistíochta, ag cur san áireamh an difríocht i leibhéal mionsonraithe na faisnéise arna cur isteach ag gnólacht infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1).

Forbróidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 26 Nollaig 2020.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 55

Ceanglais tuairiscithe le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe chun críocha na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo agus i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

1.   Maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, fíoróidh siad luach a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil agus tuairisceoidh siad an fhaisnéis sin gach ráithe don údarás inniúil más ionann agus EUR 5 bhilliún nó más mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas faoin méid sin.

2.   I gcás ina bhfuil gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 ina chuid de ghrúpa inar gnólacht infheistíochta ceann amháin nó níos mó de na gnóthais a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, fíoróidh na gnólachtaí infheistíochta sin de chuid an ghrúpa luach a sócmhainní iomlána ar bhonn míosúil más ionann agus EUR 5 bhilliún nó más mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghrúpa, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin. Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta sin a sócmhainní iomlána in iúl dá chéile ar bhonn míosúil. agus tuairisceoidh siad a sócmhainní comhdhlúite iomlána do na húdaráis inniúla ar bhonn ráithiúil. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas faoin méid sin.

3.   I gcás ina sroichfidh meán shócmhainní iomlána míosúla na ngnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 aon cheann de na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 1(2) den Rialachán seo nó i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin, tabharfaidh ÚBE fógra maidir leis sin do na gnólachtaí infheistíochta sin agus do na húdaráis inniúla, lena n-airítear na húdaráis atá inniúil ar údarú a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2013/36/AE.

4.   I gcás ina léirítear in athbhreithniú de bhun Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034 go bhféadfadh gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ina riosca sistéamach dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirfidh na húdaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe sin gan mhoill.

5.   Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an oibleagáid faisnéis a thabhairt do na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a shonrú tuilleadh le go bhféadfar faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 8a(1) de Threoir 2013/36/AE.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

CUID A hOCHT

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 56

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 25 Nollaig 2019.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CUID A NAOI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, TUARASCÁLACHA, ATHBHREITHNITHE AGUS LEASUITHE

TEIDEAL I

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 57

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag Airteagail 43 go 51 maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí ón 26 Meitheamh 2026.

2.   Go dtí an 26 Meitheamh 2026 nó go dtí an dáta a gcuirfear an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus cur chuige na samhla inmheánaí malartaí a leagtar amach i gCaibidil 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa, cibé acu is déanaí, déanfaidh gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630, a chur i bhfeidhm chun críche K-NPR a ríomh.

3.   De mhaolú ar phointí (a) agus (c) d'Airteagal 11(1), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 arb ionann iad agus an méid seo a leanas:

(a)

dhá oiread an cheanglais cistí dílse ábhartha a bheadh orthu de bhun Chaibidil 1 de Theideal I de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi réir Airteagal 93(1) den Rialachán sin, faoi threoir leibhéil an chaipitil tosaigh a shocraítear ag Teideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, dá leanfaidís de bheith faoi réir cheanglais cistí dílse an Rialacháin sin arna leasú le Rialachán (AE) 2019/630; nó

(b)

dhá oiread an cheanglais forchostas seasta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 13 den Rialachán seo, i gcás nach raibh an gnólacht infheistíochta ann an 26 Meitheamh 2021 nó roimhe sin.

4.   De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 11(1), féadfaidh gnólachtaí infheistíochta ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 mar a leanas:

(a)

féadfaidh gnólachtaí infheistíochta nach raibh faoi réir ach ceanglas caipitil tosaigh roimh an 26 Meitheamh 2021 na ceanglais cistí dílse atá orthu a theorannú chuig dhá oiread an cheanglais caipitil tosaigh is infheidhme a leagtar amach i dTeideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, diomaite de phointí (b) agus (c) d'Airteagal (1) agus Airteagal 31(2) faoi seach den Treoir sin;

(b)

féadfaidh gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 26 Meitheamh 2021 na híoscheanglais chaipitil bhuana atá orthu a theorannú do na ceanglais sin dá bhforáiltear in Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/876, faoi threoir leibhéil an chaipitil tosaigh a shocraítear le Teideal IV de Threoir 2013/36/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/878, ar ceanglais iad a bheadh infheidhme dá leanfadh an gnólachta infheistíochta de bheith faoi réir an Rialacháin sin, faoi réir méadú bliantúil de EUR 5 000 ar a laghad i méid na gceanglas sin i rith na tréimhse cúig bliana seo;

(c)

gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 26 Meitheamh 2021, nach bhfuil údaraithe na seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar, nach soláthraíonn ach ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí agus de na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus nach bhfuil cead acu airgead ná urrúis atá faoi úinéireacht ag a gcuid cliant a bheith ina seilbh acu, agus nach bhféadfaidh, ar an ábhar sin, a bheith i bhfiacha leis na cliaint sin tráth ar bith, féadfaidh na gnólachtaí sin a n-íoscheanglas caipitil buan a theorannú do EUR 50 000, faoi réir méadú bliantúil de EUR 5 0005 000 ar a laghad i rith na tréimhse cúig bliana seo.

5.   Na maoluithe a leagtar amach i mír 4, scoirfidh siad d'fheidhm a bheith acu i gcás ina gcuirfear síneadh le húdarú gnólachta infheistíochta an 26 Meitheamh 2021, nó dá éis sin, agus, dá thoradh sin, beidh méid níos mó de chaipiteal tosaigh de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir(AE) 2019/2034.

6.   De mhaolú ar Airteagal 11, gnólachtaí infheistíochta a bhí ann roimh an 25 Nollaig 2019 agus a dhéileálann ar a gcuntais féin ar mhargaí todhchaíochtaí nó roghanna airgeadais nó díorthaigh eile agus ar mhargaí airgid thirim chun críche fálú a dhéanamh ar shuíomhanna ar mhargaí díorthach, agus chun na críche sin amháin, nó a dhéileálann do chuntais ball eile de na margaí sin agus atá ráthaithe ag baill imréitigh de chuid na margaí céanna, i gcás ina nglacfaidh baill imréitigh na margaí céanna freagracht as feidhmíocht na gconarthaí a dhéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú, féadfaidh na gnólachtaí sin na ceanglais cistí dílse atá orthu a theorannú ar feadh tréimhse cúig bliana ón 26 Meitheamh 2021 chuig EUR 250 000 ar a laghad, faoi réir méadú bliantúil de EUR 100 000 ar a laghad i rith na tréimhse cúig bliana seo.

Is cuma má bhaineann nó mura mbaineann gnólacht infheistíochta dá dtagraítear sa mhír seo úsáid as an maolú sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 4 maidir leis an ngnólacht infheistíochta sin.

Airteagal 58

Maolú ar ghnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Gnólachtaí infheistíochta a bhfuil, ar an 25 Nollaig 2019, coinníollacha phointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 comhlíonta acu agus nach bhfuil údarú mar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE faighte acu go fóill, leanfaidh siad de bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 59

Maolú do ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Gnólacht infheistíochta a bhfuil, ar an 25 Nollaig 2019, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 1(2) den Rialachán seo comhlíonta aige, leanfaidh sé de bheith faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Threoir 2013/36/AE.

TEIDEAL II

TUARASCÁLACHA AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 60

Clásal athbhreithnithe

1.   Faoin 26 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus ÚEUM, athbhreithniú ar an méid seo a leanas ar a laghad agus déanfaidh sé tuarascáil, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, maidir leis na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

na modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí i dTeideal II de Chuid a Trí, lena n‐áirítear comhairle infheistíochta faoi raon feidhme AUM, agus in Airteagal 39;

(c)

na comhéifeachtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(2);

(d)

an modh a úsáidtear chun K-CMG a ríomh, leibhéal na gceanglas cistí dílse a eascraíonn as K-CMG i gcomparáid le K-NPR, agus calabrú an fhachtóra iolraithe a leagtar amach in Airteagal 23;

(e)

na forálacha a leagtar amach in Airteagail 43, 44 agus 45 agus, go háirithe, an incháilitheacht maidir le ceanglas leachtachta na sócmhainní leachtacha i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 43(1);

(f)

na forálacha a leagtar amach i Roinn 1 de Chaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;

(g)

cur i bhfeidhm Chuid a Trí maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí;

(h)

modhnú an tsainmhínithe ar institiúid creidmheasa i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar thoradh ar phointe (a) d'Airteagal 62(3) den Rialachán seo agus iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ionchasacha;

(i)

na forálacha a leagtar amach in Airteagail 47 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus a n-ailíniú le creat comhsheasmhach maidir le coibhéis i seirbhísí airgeadais;

(j)

na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 12(1);

(k)

cur i bhfeidhm chaighdeáin Chaibidlí 1a agus 1b de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le gnólachtaí infheistíochta;

(l)

an modh chun tomhas a dhéanamh ar luach díorthaigh i bpointe (b) d'Airteagal 20(2) agus pointe (b) d'Airteagal 33(2), agus a iomchuí atá sé méadrach agus/nó calabrúchán malartach a thabhairt isteach;

(m)

na forálacha a leagtar amach i gCuid a Dó, go háirithe maidir leis an gcead atá ag ionstraimí nó cistí breise cáiliú mar chistí dílse de bhun Airteagal 9(4), agus an fhéidearthacht cead den sórt sin a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) maidir le cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha;

(n)

na coinníollacha is gá do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonadh chun gur féidir leo ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 1(2) den Rialachán seo;

(o)

an fhoráil a leagtar amach in Airteagal 1(5);

(p)

ábharthacht chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach in Airteagal 52 den Rialachán seo i gcás earnálacha eile, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (5) den Rialachán seo agus institiúidí creidmheasa a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 iad.

2.   Faoin 31 Nollaig 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 64, lena n-áirítear an fhéidearthacht do ÚEUM táillí clárúcháin a ghearradh ar ghnólachtaí tríú tír arna gclárú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 46(2)de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí.

TEIDEAL III

LEASUITHE AR RIALACHÁIN EILE

Airteagal 61

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

I bpointe (2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(viii)

maidir le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3(1) den Treoir sin iad.

Airteagal 62

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012";

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"5.   Agus na forálacha a leagtar síos in Airteagal 1(2) agus 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) á gcur i bhfeidhm acu i dtaca le gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear sna míreanna sin, caithfidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) leis na gnólachtaí infheistíochta sin amhail is dá mbeadh na gnólachtaí infheistíochta sin ina 'n‐institiúidí' faoin Rialachán seo.

(*3)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L314, 5.12.2019, lch. 1)."

(*4)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2013/36/AE agus 2014/65/AE (IO L314, 5.12.2019, lch. 64).";"

(3)

leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

"(1)

ciallaíonn 'institiúid creidmheasa' gnóthas arb é a ghnó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá cuntas féin;

(b)

aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na nithe seo a leanas, ach nach déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí, gnóthas comhinfheistíochta ná gnóthas árachais é an gnóthas:

(i)

is ionann agus EUR 30 billiún nó is mó ná sin luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnóthais;

(ii)

is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa sin ar lú ná EUR 15 bhilliún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE; nó

(iii)

is lú luach iomlán shócmhainní an ghnóthais ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás ina gcinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta amhlaidh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann go bhféadfaí dul timpeall ar an riail agus chun aghaidh a thabhairt ar phriacail a d'fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais;

chun críocha phointí (b)(ii) agus (b)(iii), i gcás ina bhfuil an gnóthas ina chuid de ghrúpa tríú tír, déanfar sócmhainní iomlána gach brainse den ghrúpa tríú tír arna údarú san Aontas a áireamh i gcomhluach iomlán shócmhainní na ngnóthas uile sa ghrúpa.

(*5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE.";"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

"(2)

ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE atá údaraithe faoin Treoir sin ach ní áirítear leis institiúid creidmheasa;";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

"(3)

ciallaíonn 'institiúid' institiúid creidmheasa atá údaraithe faoi Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE nó gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 8a(3) di;";

(d)

scriostar pointe (4);

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (26):

"(26)

ciallaíonn 'institiúid airgeadais' gnóthas nach institiúid é agus nach cuideachta sealbhaíochta tiomnaithe don tionsclaíocht amháin é, arb é a phríomhghníomhaíocht sealúchais a fháil nó ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe 2 go pointe 12 agus i bpointe 15 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a shaothrú, lena n-áirítear gnólacht infheistíochta, cuideachta sealbhaíochta airgeadais, cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, cuideachta sealbhaíochta infheistíochta, institiúid íocaíochta de réir bhrí Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), agus cuideachta bainistíochta sócmhainní, ach ní áirítear leis cuideachtaí sealbhaíochta árachais ná cuideachtaí sealbhaíochta árachais gníomhaíochtaí measctha mar a shainmhínítear i bpointí (f) agus (g) d'Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE iad;

(*6)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hÉireann agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).";"

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (29a):

"(29a)

ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát' máthairghnóthas i mBallstát ar gnólacht infheistíochta é;";

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (29b):

"(29b)

ciallaíonn 'máthairghnólacht infheistíochta AE' máthairghnóthas AE ar gnólacht infheistíochta é;";

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (51):

"(51)

ciallaíonn 'caipiteal tosaigh' méideanna agus cineálacha na gcistí dílse a shainítear in Airteagal 12 de Threoir 2013/36/AE;";

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (60):

"(60)

ciallaíonn 'ionstraim chomhshamhlaithe airgid' deimhniú taiscthe, banna, lena n-áirítear banna faoi chumhdach, nó aon ionstraim neamh-fho-ordaithe eile atá eisithe ag institiúid nó gnólacht infheistíochta, a bhfuil íocaíocht iomlán faighte ag an institiúid nó ag an gnólacht infheistíochta ina leith cheana féin agus a aisíocfaidh an institiúid nó an gnólacht infheistíochta gan choinníoll ag a luach ainmniúil;";

(j)

i bpointe (72), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

is margadh rialáilte nó margadh tríú tír é a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE;";

(k)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

"(150)

ciallaíonn 'déileálaí tráchtearraí agus lamháltas astaíochtaí' gnóthas arb é a phríomhghnó eisiach seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar i dtaca leis na díorthaigh tráchtearraí nó na conarthaí díorthach tráchtearraí dá dtagraítear i bpointí (5), (6), (7), (9) agus (10), díorthaigh lamháltas astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (4), nó lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;";

(4)

leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4   Comhlíonfaidh institiúidí na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Sé agus i bpointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn aonair.

Ní bheidh sé de cheangal ar na hinstitiúidí seo a leanas cloí le hAirteagal 413(1) agus na ceanglais tuairiscithe leachtachta bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo:

(a)

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)

institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 16 agus pointe (a) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), ar choinníoll nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha; agus

(c)

institiúidí a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll:

(i)

go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí teoranta chuig seirbhísí de chineál baincéireachta, amhail dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a thairiscint do sheirbhísí do thaisclanna lárnacha urrús a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin,; agus

(ii)

nach ndéanann siad aon tiontuithe aibíochta suntasacha.

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).";"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5   Institiúidí a bhfuil an maolú a shonraítear in Airteagal 7(1) nó (3) den Rialachán seo feidhmithe ag údaráis inniúla ina leith, agus institiúidí a údaraítear freisin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh de cheangal orthu na hoibleagáidí a leagtar síos i gCuid a Seacht agus na ceanglais tuairiscithe cóimheasa luamhánaithe bhainteacha a leagtar síos i gCuid a Seacht A den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn aonair.";

5

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i Roinn 1 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon:

"Airteagal 10a

Ceanglais stuamachta a chur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite i gcás inar máthairghnóthais na gnólachtaí infheistíochta

Chun an chaibidil seo a chur i bhfeidhm, measfar gur máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachtaí sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais gnólachtaí infheistíochta i gcás inar máthairghnóthais institiúide nó gnólachta infheistíochta na gnólachtaí infheistíochta sin faoi réir an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033.";

(6)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.   Comhlíonfaidh máthairinstitiúidí AE Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo ar bhonn a staide comhdhlúite i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó sa ghrúpa atá údaraithe na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí infheistíochta a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a sholáthar.

I gcás inar tugadh tarscaoileadh faoi Airteagal 8(1) go (5), déanfaidh na hinstitiúidí agus, i gcás inarb infheidhme, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais nó na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ar cuid d'fhoghrúpa leachtachta iad, Cuid a Sé agus pointe (d) d'Airteagal 430(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo‐chomhdhlúite an fhoghrúpa leachtachta.";

(7)

scriostar Airteagail 15, 16 agus 17;

(8)

in Airteagal 81(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii)

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv)

gnólacht infheistíochta;

(v)

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus ar choinníoll gur ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;";

(9)

in Airteagal 82, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i)

institiúid;

(ii)

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii)

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv)

gnólacht infheistíochta;

(v)

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;";

(10)

leasaítear Airteagal 84 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:

(a)

caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;

(ii)

an méid de chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comh dhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1.

(b)

leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"(3)   I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033 ní aithneofar an leasanna mionlaigh sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.";

(11)

leasaítear Airteagal 85 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin mar a leanas:

(a)

caipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 den Treoir sin, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

(ii)

an méid de chaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (b) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 den Treoir sin, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha a mhéid agus atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Leibhéal 1;

(b)

caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 na fochuideachta arna shloinneadh mar chéatadán d'ionstraimí uile Leibhéal 1 atá ag an ngnóthas sin móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí Leibhéal 1 sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.";

(12)

Leasaítear Airteagal 87 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in mhír 1:

"1.   Déanfaidh institiúidí méid na gcistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta i gcistí dílse comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin mar a leanas:

(a)

cistí dílse na fochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(i)

an méid de chistí dílse na fochuideachta a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;

i gcás inar fochuideachta an gnólacht infheistíochta, an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;

(ii)

an méid de chistí dílse a bhaineann leis an bhfochuideachta atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 92(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 128 den Treoir sin, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 500 den Rialachán seo agus aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla bhreise i dtríú tíortha;

(b)

cistí dílse cáilitheacha an ghnóthais, arna sloinneadh mar chéatadán de na hionstraimí uile cistí dílse atá ag an bhfochuideachta agus atá ar áireamh in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, breise Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, an tuilleamh coimeádta agus cúlchistí eile.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní aithneofar ionstraimí cistí dílse sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith mar chistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, mar is infheidhme.";

(13)

leasaítear Airteagal 93 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 3;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4, 5 agus 6:

"4.   I gcás ina dtiocfaidh institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 faoi rialú duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nach é an duine é a raibh an institiúid faoina rialú roimhe sin, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh a cheanglaítear.

5.   I gcás cumasc dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thiocfaidh as an gcumasc sin faoi bhun chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth an chumaisc, fad is nach bhfuil méid an chaipitil tosaigh a cheanglaítear bainte amach.

6.   I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla gur gá an ceanglas a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh chun sócmhainneacht institiúide a áirithiú, ní bheidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i míreanna 2, 4 agus 5.";

(14)

i gCaibidil 1 de Theideal I de Chuid a Trí, scriostar Roinn 2 (Airteagail 95 go 98) le héifeacht ón 26 Meitheamh 2026;

(15)

in Airteagal 119, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   Risíochtaí ar institiúidí airgeadais arna n-údarú agus arna maoirsiú ag na húdaráis inniúla agus atá faoi réir ceanglais stuamachta atá inchomparáide leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí i dtéarmaí stóinseachta, déanfar iad a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí.

Chun críocha na míre seo, measfar na ceanglais stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith inchomparáide leis na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí ó thaobh stóinseachta de.";

(16)

sa dara fomhír d'Airteagal 162(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

risíochtaí ar institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta a thagann as oibleagáidí malairte eachtraí a ghlantar;";

(17)

leasaítear Airteagal 197 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag gnólachtaí infheistíochta, ar urrúis iad ag a bhfuil measúnú creidmheasa ó IMCS a dheimhnigh ÚBE a bheith bainteach le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa nó le céim níos airde, de réir na rialacha ualaithe priacail maidir le risíochtaí ar institiúidí faoi Chaibidil 2;";

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

"4.   Urrúis fiachais a eisíonn institiúidí eile agus nach bhfuil measúnú creidmheasa ina leith ag IMCS, féadfaidh institiúid iad a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfaidh na hurrúis fiachais sin na critéir seo a leanas ar fad:";

(18)

in Airteagal 200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

ionstraimí arna n-eisiúint ag institiúid tríú páirtí nó ag gnólacht infheistíochta a athcheannóidh an institiúid nó an gnólacht sin arna iarraidh sin.";

(19)

in Airteagal 202, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

"Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as institiúidí, gnólachtaí infheistíochta, gnóthais árachais agus athárachais agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(3) i gcás ina gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha seo uile a leanas:";

(20)

in Airteagal 224, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

"6.   I gcás urrúis fiachais gan rátáil arna n-eisiúint ag institiúidí nó gnólachtaí infheistíochta agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta in Airteagal 197(4), is ionann an coigeartú luaineachta agus an coigeartú luaineachta a dhéantar ar urrúis arna n-eisiúint ag institiúidí nó ag corparáidí a bhfuil measúnú creidmheasa seachtrach acu a bhaineann le céim 2 nó 3 den cháilíocht chreidmheasa.";

(21)

in Airteagal 227(3), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(ba)

gnólachtaí infheistíochta;";

(22)

in Airteagal 243(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá priacal creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin.";

(23)

in Airteagal 382(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

idirbhearta laistigh de ghrúpa dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ach amháin i gcás ina nglacfaidh Ballstáit dlí náisiúnta lena n-éilítear deighilt struchtúrach laistigh de ghrúpa baincéireachta agus, sa chás sin, féadfaidh údaráis inniúla a éileamh go n-áireofar na hidirbhearta sin laistigh de ghrúpa, idir na heintitis struchtúracha deighilte, sna ceanglais cistí dílse;";

(24)

scriostar Airteagal 388.

(25)

in Airteagal 395, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403, ní thabhóidh institiúid risíocht ar chliant ná ar ghrúpa cliant nasctha ar mó a luach ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide sin. I gcás inar institiúid nó gnólacht infheistíochta an cliant sin, nó i gcás ina bhfuil institiúid nó gnólacht infheistíochta amháin nó níos mó ar áireamh i ngrúpa cliant nasctha, ní bheidh an luach sin níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide nó EUR 150 milliún, cibé acu is airde, ar an gcoinníoll nach bhfuil suim luachanna na risíochtaí ar na cliaint nasctha uile nach institiúidí iad níos airde ná 25 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, tar éis éifeacht an mhaolaithe priacal creidmheasa a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403.";

(26)

leasaítear Airteagal 402(3) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

is institiúid nó gnólacht infheistíochta an contrapháirtí;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

"(e)

i gcomhréir le hAirteagal 394, tabharfaidh an institiúid tuairisc do na húdaráis inniúla i ndáil le méid iomlán na risíochtaí ar gach institiúid nó gnólacht infheistíochta eile a láimhseálfar i gcomhréir leis an mír seo.";

(27)

in Airteagal 412, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:

"4a.   Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) maidir le hinstitiúidí.";

(28)

i bpointe (a) d'Airteagal 422(8), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

"(i)

máthairinstitiúid nó fo-institiúid de chuid na hinstitiúide, nó máthairghnólacht infheistíochta nó foghnólacht infheistíochta de chuid na hinstitiúide, nó fochuideachta eile de chuid na máthairinstitiúide céanna nó an mháthairghnólachta infheistíochta chéanna;";

(29)

in Airteagal 428a, scriostar pointe (d);

(30)

in Airteagal 430b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461a, tuairisceoidh institiúidí creidmheasa nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) ná na coinníollacha in Airteagal 325a(1), i ndáil le gach suíomh leabhair trádála a bhaineann leo agus gach suíomh leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí a bhaineann leo, torthaí na ríomhanna bunaithe ar úsáid a bhaint as an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí ar an mbonn céanna agus a thuairiscíonn na hinstitiúidí sin na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí (b)(i) agus (c) d'Airteagal 92(3).";

(31)

in Airteagal 456(1), scriostar pointí (f) agus (g);

(32)

leasaítear Airteagal 493 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le risíochtaí móra a leagtar síos in Airteagail 387 go 403 den Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) ina leith an 31 Nollaig 2006.

(*8)  Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch.1).";"

(b)

scriostar mír 2;

(33)

in Airteagal 498(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Go dtí an 26 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le ceanglais cistí dílse a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta a mbaineann a bpríomhghnó go heisiach le seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar maidir leis na hionstraimí airgeadais a leagtar amach i bpointí (5), (6), (7), (9), (10) agus (11) de Roinn C d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach raibh feidhm ag Treoir 2004/39/CE ina leith an 31 Nollaig 2006.";

(34)

in Airteagal 508, scriostar míreanna 2 agus 3.

(35)

i bpointe (1) d'Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

formhuinithe ar bhillí nach bhfuil ainm institiúide nó gnólachta infheistíochta eile orthu;";

(36)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i bpointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.";

(b)

i bpointe (5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b)

ní oibleagáid de chuid institiúide nó gnólachta infheistíochta nó de chuid ceann ar bith dá heintitis chleamhnaithe iad.";

(c)

i bpointe (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe;";

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7.

Urrúis inaistrithe seachas na hurrúis sin dá dtagraítear i bpointe 3 go pointe 6 a cháilíonn d'ualú priacail 50 % nó níos mó ná sin faoi Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí nó a bhfuil sé rátáilte go hinmheánach go bhfuil cáilíocht chreidmheasa choibhéiseach acu, agus ní hionann iad agus éileamh ar SSPE, ar institiúid nó gnólacht infheistíochta nó ar cheann ar bith dá heintitis chleamhnaithe.";

(e)

cuirtear an méid seo a leanas ionad mhír 11:

"11.

Scaireanna gnáthchothromais atá trádáilte ar an stocmhalartán agus atá imréitithe ar bhonn lárnach, agus atá mar fhochuid de mhórinnéacs malartáin, ainmnithe in airgeadra intíre an Bhallstáit agus nach n-eisítear ag institiúid ná gnólacht infheistíochta ná ag aon cheann de chleamhnaithe na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta sin.".

Airteagal 63

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"4a.   Chomh maith leis sin, tá feidhm ag Caibidil 1 de Theideal VII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta laistigh den Aontas.";

(2)

i dTeideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA A THRÁDÁLANN THAR AN gCUNTAR AGUS CÓRAS MÉIDEANNA TICEANNA D'INMHEÁNAITHEOIRÍ CÓRASACHA";

(3)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

"Airteagal 17a

Méideanna ticeanna

Luachana ó inmheánaitheoirí córasacha, feabhsuithe praghais ar na luachana sin agus praghsanna forghníomhúcháin, comhlíonfaidh siad na méideanna ticeanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 49 de Threoir 2014/65/AE.

Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna, ní chuirfear cosc ar inmheánaitheoirí córasacha orduithe ar mórscála a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.";

(4)

leasaítear Airteagal 46 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

"(d)

tá na socruithe agus na nósanna imeachta is gá bunaithe ag an ngnólacht chun an fhaisnéis a leagtar amach i mír 6a a thuairisciú.";

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:

"Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, nó gníomhaíochtaí infheistíochta in éineacht le seirbhísí coimhdeachta a fheidhmiú dóibh, ina gcríocha i gcomhréir leis na córais náisiúnta i gcás nár glacadh aon chinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1), i gcás inar glacadh cinneadh den sórt sin ach nach bhfuil feidhm aige a thuilleadh, nó nach bhfuil na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí lena mbaineann cumhdaithe.";

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Contrapháirtí incháilithe nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn I d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Gan dochar do chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n-áirítear trí eintiteas atá ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile atá ag gníomhú thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint. Le tionscnamh ó na cliaint sin, ní bheidh an gnólacht tríú tír i dteideal catagóirí nua táirgí infheistíochtaí nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don duine aonair sin.";

(d)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"6a.

Gnólachtaí tríú tír a chuireann seirbhísí ar fáil nó a dhéanann gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, cuirfidh siad ÚEUM ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoin méid seo a leanas:

(a)

scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí arna gcur ar fáil agus arna ndéanamh ag na gnólachtaí san Aontas, lena n-áirítear a ndáileadh geografach ó Bhallstát go Ballstát;

(b)

i gcás gnólachtaí a dhéanann an ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, a neamhchosaint mhíosúil, idir neamhchosaint íosta, neamhchosaint mheánach agus neamhchosaint uasta, ar chontrapháirtithe AE;

(c)

i gcás gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin sa 12 mhí roimhe sin;

(d)

láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní i gcomhréir leis na seirbhísí agus leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);

(e)

cibé acu an ndearnadh socruithe i dtaobh cosaint infheisteoirí, agus tuairisc mhionsonraithe air sin;

(f)

an beartas bainistithe riosca agus socruithe arna gcur i bhfeidhm ag an ngnólacht maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) a sholáthar agus a dhéanamh;

(g)

na socruithe rialachais, lena n-áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an ghnólachta san Aontas;

(h)

aon fhaisnéis eile is gá chun go mbeidh ÚEUM nó na húdaráis inniúla in ann a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfidh ÚEUM an fhaisnéis a gheofar i gcomhréir leis an mír seo in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás inar gá chun gur féidir le ÚEUM nó leis na húdaráis inniúla a chúraimí nó a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM, lena n-áirítear ar iarraidh ó údarás inniúil sna Ballstáit ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, a iarraidh ar ghnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, tuilleadh faisnéise maidir lena gcuid oibríochtaí a chur ar fáil.

6b.

I gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, na sonraí a bhaineann le gach ordú agus gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a rinne an gnólacht sin san Aontas, bíodh sé ar a chuntas féin nó ar son cliaint, déanfaidh sé iad a choimeád ar fáil do ÚEUM ar feadh tréimhse cúig bliana.

Ar iarraidh ón údarás inniúil i mBallstát, i gcás ina soláthróidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh ÚEUM rochtain ar na sonraí ábhartha a choimeádtar ar fáil dó i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus cuirfidh sé na sonraí sin ar fáil don údarás inniúil iarrthach.

6c.

I gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2), nó i gcás nach gcomhlíonfaidh sé iarraidh ó ÚEUM i gcomhréir le míreanna 6a nó 6b den Airteagal seo in am trátha agus ar bhealach cuí, féadfaidh ÚEUM clárú an ghnólachta sin a tharraingt siar nó gníomhaíochtaí an ghnólachta a thoirmeasc nó a shrianadh ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 49.";

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

"7.   Déanfaidh ÚEUM, i gcomhairle le ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis nach mór don ghnólacht tríú tír is iarratasóir a sholáthar san iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 agus an fhaisnéis nach mór a thuairisciú i gcomhréir le mír 6a a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

(f)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"8.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina bhfuil an t-iarratas ar chlárú dá dtagraítear i mír 4 le cur isteach agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6a le tuairisciú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2021.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.";

(5)

leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) i ndáil le tríú tír á rá go n‐áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí agus ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE agus i dTreoir 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoi na gníomhartha reachtacha sin;

(b)

go bhfuil gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí; agus

(c)

go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír.

I gcás inar dócha, tar éis an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, ní fhéadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag na ceanglais maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó atá ceangailteach de réir dlí leis na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha dá dtagraítear san fhomhír sin ach amháin tar éis measúnú mionsonraithe gráinneach a dhéanamh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an gcóineasú maoirseachta idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas agus cuirfidh sé an méid sin san áireamh.

1a.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na himthosca faoinar dócha, tar éis cinneadh coibhéise dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas.

I gcás inar dócha go mbeidh tábhacht shistéamach don Aontas ag baint le scála agus raon feidhme na seirbhísí a sholáthraíonn gnólachtaí tríú tír agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann siad san Aontas, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha sonracha oibríochtúla a chur i gceangal le cinntí coibhéise lena áirithiú go bhfuil ag ÚEUM agus ag údaráis náisiúnta inniúla na huirlisí is gá chun arbatráiste rialála a chosc agus faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2) i leith seirbhísí a sholáthraítear agus gníomhaíochtaí a dhéantar san Aontas, deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na gnólachtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 21;

(b)

na ceanglais tuairiscithe ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26, i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a fháil go díreach agus ar bhonn leanúnach a bhuí le meabhrán tuisceana le húdarás inniúil tríú tír;

(c)

na ceanglais ag a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis an oibleagáid trádála dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 28, i gcás inarb infheidhme.

Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an aithnítear an tríú tír mar dhlínse neamh‐chomhoibríoch chun críoch cánach faoin mbeartas ábhartha de chuid an Aontais nó mar thríú tír a bhfuil ardriosca ag baint léi de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849.

"1b.   Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat an tríú tír maidir le stuamacht, eagrúchán agus iompar gnó i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir údarú agus faoi réir maoirseachta agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

(b)

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais chaipitil leordhóthanacha agus, go háirithe, tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (3) nó (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE faoi réir ceanglais chaipitil is inchomparáide leis na ceanglais sin a chuirfidís i bhfeidhm dá mbeidís bunaithe san Aontas;

(c)

tá na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglais iomchuí is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;

(d)

tá gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir ceanglais maidir le hiompar gnó agus eagrúchán;

(e)

áirithítear trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileáil cos istigh agus cúbláil margaidh a chosc.

Chun críocha mhír 1a den Airteagal seo, nuair a dhéantar measúnú ar choibhéis rialacha tríú tír maidir leis an oibleagáid trádála a leagtar amach in Airteagail 23 agus 28, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú freisin an bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír do chritéir chun ionaid trádála a ainmniú atá incháilithe maidir leis an oibleagáid trádála a chomhlíonadh, ar critéir iad a bhfuil an éifeacht chéanna acu agus atá ag na critéir sin a leagtar amach faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2014/65/AE.

(*9)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO 314, 5.12.2019, lch1.)."

(*10)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 314 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO 64).";"

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe a bhaineann le comhroinnt na faisnéise sin ag ÚEUM tar éis sin le húdaráis inniúla na mBallstát;";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

na nósanna imeachta maidir le comhordú gníomhaíochtaí maoirseachta, lena n‐áirítear imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh, i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina soláthraíonn an gnólacht tríú tíre seirbhísí infheistíochta nó ina ndéanann sé gníomhaíochtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 46, i gcás inar gá sin a dhéanamh chun cúraimí ÚEUM nó an údaráis inniúil a bhaint amach i gcomhréir leis an Rialachán seo, tar éis údarás inniúil an tríú tír a chur ar an eolas ina leith.";

(iii)

cuirtear an pointe seo a leanas léi:

"(d)

na nósanna imeachta lena mbaineann iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 46(6a) agus (6b) a fhéadfaidh ÚEUM a chur faoi bhráid gnólacht tríú tír atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 46(2).";

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

"5.   Déanfaidh ÚEUM faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta, ar na cleachtais forfheidhmiúcháin agus ar fhorbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha a mbeidh cinntí coibhéise glactha ag an gCoimisiún ina leith de bhun mhír 1 chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha ar glacadh na cinntí ar a mbonn fós á gcomhlíonadh. Cuirfidh ÚEUM, ar bhonn bliantúil, tuarascáil rúnda faoi bhráid an Choimisiúin maidir le torthaí an fhaireacháin sin. I gcás ina measfaidh ÚEUM gurb iomchuí sin, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle le ÚBE i dtaca leis an tuarascáil.

Leis an tuarascáil freisin, léireofar na treochtaí a thugtar faoi deara ar bhonn na sonraí a bhailítear faoi Airteagal 46(6a), go háirithe i dtaobh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí nó a dhéanann gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 5, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil ar a laghad. Sa tuarascáil, beidh liosta de na cinntí coibhéise a rinne nó a tharraing an Coimisiún siar le linn na bliana tuairiscithe, mar aon le haon bhearta a rinne ÚEUM de bhun Airteagal 49, agus tabharfar an réasúnú atá leis na cinntí agus leis na bearta sin.

Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún faisnéis faoin bhfaireachán ar na forbairtí maidir le rialáil agus maoirseacht, faoi na cleachtais forfheidhmiúcháin agus forbairtí margaidh ábhartha eile i dtríú tíortha ar glacadh cinntí coibhéise ina leith. Sa tuarascáil, féachfar chomh maith ar an gcaoi ar tháinig forbairt ar sholáthar trasteorann seirbhísí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír go ginearálta agus, go háirithe, maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE. In am trátha, beidh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le measúnuithe coibhéise atá idir lámha ag an gCoimisiún i dtaca le tríú tír.";

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

"Airteagal 49

Bearta atá le déanamh ag ÚEUM

1.   Féadfaidh ÚEUM, ar bhonn sealadach, toirmeasc nó srian a chur ar ghnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha i gcomhréir le hAirteagal 46(1) i gcás inar mhainnigh an gnólacht tríú tír aon toirmeasc nó srian a chomhlíonadh arna fhorchur ag ÚEUM nó ÚBE i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 nó ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 42 nó inar mhainnigh sé iarraidh ó ÚEUM a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) agus (6b) in am trátha agus ar bhealach cuí, nó i gcás nach gcomhoibreoidh gnólacht tríú tír in imscrúdú nó i gcigireacht ar an láthair arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 47(2).

2.   Gan dochar do mhír 1, déanfaidh ÚEUM clárú gnólachta tríú tír sa chlár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 a tharraingt siar i gcás inar chuir ÚEUM an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nach ndearna an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí is gá chun infheisteoirí nó feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint, nó i gcás inar mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír, nó na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1), agus go bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna infheisteoirí nó d'fheidhmiú ordúil na margaí;

(b)

tá ag ÚEUM cúiseanna a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe, lena n-áirítear an fhaisnéis bhliantúil a chuirtear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 46(6a) ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin, chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír, le linn dó seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas, tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme maidir leis sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ina leith.

3.   Cuirfidh ÚEUM in iúl d'údarás inniúil an tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige beart a dhéanamh i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 in am trátha.

Sula ndéanfaidh ÚEUM cinneadh faoin ngníomhaíocht iomchuí is ceart a dhéanamh faoin Airteagal seo, cuirfidh sé san áireamh cineál agus tromchúis an riosca d'infheisteoirí agus feidhmiú cuí na margaí san Aontas, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a)

fad agus minicíocht an riosca a bhí ann;

(b)

ar nocht an riosca laigí tromchúiseacha nó sistéamacha i nósanna imeachta gnólachtaí tríú tír;

(c)

an raibh an riosca ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais de dheasca an riosca nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an riosca ar shlí eile;

(d)

ar tháinig an riosca chun cinn d'aon ghnó nó le faillí.

Cuirfidh ÚEUM an Coimisiún agus an gnólacht tríú tír lena mbaineann ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a glacadh i gcomhréir le mír 1 nó 2 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ann fós i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.";

(7)

in Airteagal 52, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"13.   Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus ar na riachtanais acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgais a ghlacadh de láimh i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/2033 agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.";

(8)

in Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Féadfaidh gnólachtaí tríú tír leanúint de sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthar sna Ballstáit, i gcomhréir leis na córais náisiúnta, go dtí trí bliana tar éis cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún i ndáil leis an tríú tír ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 47. Seirbhísí agus gníomhaíochtaí nach gcumhdaítear le cinneadh den sórt sin, féadfar leanúint de bheith á soláthar i gcomhréir le córas náisiúnta.".

Airteagal 64

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014

In Airteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"3.   I gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais cistí dílse ar bhonn aonair de chuid gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar a leanas:

(a)

le tagairtí do phointe (c) d'Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglas cóimheasa caipitil iomláine sa Rialachán seo, tagrófar d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;

(b)

le tagairtí d'Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca sa Rialachán seo, tagrófar don cheanglas is infheidhme in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, arna iolrú faoi 12,5.

I gcomhréir le hAirteagal 65 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12), déanfar tagairtí sa Rialachán seo d'Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE maidir le ceanglais cistí dílse breise gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) nó 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 iad a fhorléiriú mar thagairtí d'Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034.

CUID A DEICH

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais

Chun críocha na gceanglas stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta, déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 66

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 26 Meitheamh 2021.

3.   D'ainneoin mhír 2:

(a)

beidh feidhm ag pointí (2) agus (3) d'Airteagal 63 ón 26 Márta 2020;

(b)

beidh feidhm ag pointe (30) d'Airteagal 62 ón 25 Nollaig 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. TUPPURAINEN


(1)  IO C 378, 19.10.2018, lch. 5.

(2)  IO C 262, 25.7.2018, lch. 35.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(5)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE 2013/36/AE, 2011/61/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (féach leathanach 64 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(11)  Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).

(12)  Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch, 84).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hÉireann agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(19)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(20)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).

(22)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(23)  Treoir Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/593 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí de chuid cliant a chosaint, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le soláthar nó fáil táillí, coimisiún nó sochar airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith (IO L 87, 31.3.2017, lch. 500).

(24)  Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch 1).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais ar chomhaontuithe agus scéimeanna cruthaithe margaidh (IO L 87, 31.3.2017, lch. 183).

(26)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta maidir le hidirghabháil táirge agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lch. 90).

(27)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119. 4.5.2016, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch.1).