11.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2019/1148 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh rialacha comhchuibhithe maidir le substaintí nó meascáin a chur ar fáil, a thabhairt isteach, a shealbhú agus a úsáid, ar substaintí nó meascáin iad a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, d’fhonn rochtain an phobail i gcoitinne orthu a theorannú agus tuairisciú iomchuí idirbheart amhrasach ar fud an tslabhra soláthair a áirithiú.

(2)

Cé gur chuidigh Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 le laghdú a dhéanamh ar an mbagairt a bhaineann le réamhtheachtaithe pléascán san Aontas, is gá neartú a dhéanamh ar an gcóras rialuithe i leith réamhtheachtaithe ar féidir a úsáid chun pléascáin bhaile a mhonarú. Mar gheall ar líon na n-athruithe atá de dhíth, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 a ionadú ar mhaithe le soiléireacht.

(3)

Le Rialachán (AE) Uimh. 98/2013, cuireadh srian leis an rochtain a bhíonn ag daoine den phobal i gcoitinne ar réamhtheachtaithe pléascán agus leis an úsáid a bhaineann siad astu. D’ainneoin an tsriain sin, bhí na Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh, áfach, rochtain ar na substaintí sin a dheonú do dhaoine den phobal i gcoitinne trí chóras ceadúnúcháin agus clárúcháin. Dá bhrí sin, bhí srianta agus rialuithe ar réamhtheachtaithe pléascán éagsúil ó Bhallstát go céile agus ba dhóigh go gcruthóidís bacainní ar thrádáil laistigh den Aontas, rud a chuirfeadh bac ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ina theannta sin, níor áirithíodh leis na srianta agus na rialuithe atá ann cheana leibhéal leordhóthanach slándála poiblí mar nach raibh coirpigh á gcosc go leordhóthanach ó réamhtheachtaithe pléascán a fháil. Tá an bhagairt ó phléascáin bhaile ard go fóill agus tá sí ag teacht chun cinn i gcónaí.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an córas chun cosc a chur ar mhonarú pléascán go haindleathach a neartú agus a chomhchuibhiú tuilleadh i bhfianaise na bagartha ar an tslándáil phoiblí atá ag teacht chun cinn de bharr na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla eile. Ba cheart a áirithiú leis an neartú agus leis an gcomhchuibhiú sin freisin saorghluaiseacht réamhtheachtaithe pléascán sa mhargadh inmheánach, agus ba cheart iomaíocht a chur chun cinn idir oibreoirí eacnamaíocha agus nuálaíocht a spreagadh, mar shampla, trí fhorbairt ceimiceán níos sábháilte a éascú a chuirfí in ionad réamhtheachtaithe pléascán.

(5)

Áirítear na nithe seo a leanas sna critéir chun na bearta a chinneadh ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis na réamhtheachtaithe pléascán lena mbaineann: leibhéal na bagartha a bhaineann leis an réamhtheachtaí pléascán lena mbaineann, méid na trádála sa réamhtheachtaí pléascán lena mbaineann, agus cibé an féidir leibhéal tiúchana a bhunú faoina mbeifí in ann an réamhtheachtaí pléascán a úsáid fós chun na gcríoch dlisteanach ar chucu a chuirtear ar fáil é agus an seans á laghdú go suntasach go bhféadfaí an réamhtheachtaí sin a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach.

(6)

Níor cheart cead a bheith ag an bpobal i gcoitinne réamhtheachtaithe pléascán áirithe a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú ná a úsáid, i dtiúchaintí atá os cionn luachanna teorann áirithe, arna léiriú mar chéatadán de réir meáchain (w/w). Ba cheart, áfach, cead a thabhairt don phobal i gcoitinne roinnt réamhtheachtaithe pléascán os cionn na teorann tiúchana sin a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid i dtiúchaintí atá os cionn na luachanna teorann sin chun críocha dlisteanacha, ar choinníoll go bhfuil ceadúnas acu chuige sin. I gcás gur duine dlíthiúil an iarratasóir, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit cúlra an duine dlíthiúil agus aon duine eile, atá ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach, bunaithe ar chumhacht chun ionadaíocht a dhéanamh don duine dlítheanach, údarás le cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh nó údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanacha chur san áireamh.

(7)

Maidir le roinnt réamhtheachtaithe pléascán atá srianta agus atá i dtiúchaintí níos airde ná na luachanna teorann dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní ann d’aon úsáid dhlisteanach don phobal i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le ceadúnú i leith clóiríd photaisiam, sárchlóráit photaisiam, clóráit sóidiam agus sárchlóráit sóidiam. Níor cheart ceadúnú a cheadú ach do líon teoranta réamhtheachtaithe pléascán a bhfuil úsáid dhlíthiúil ag baint leo don phobal i gcoitinne. Ba cheart an ceadúnú sin a shrianadh go tiúchaintí nach mó iad ná an luach teorann uachtarach dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Os cionn an uasluacha teorann sin, is mó an baol i ndáil le monarú aindleathach pléascán ná an úsáid dhlisteanach dhiomaibhseach a d’fhéadfadh daoine den phobal i gcoitinne baint as na réamhtheachtaithe pléascán sin, ós rud é gur féidir roghanna malartacha nó tiúchaintí níos ísle a úsáid chun an éifeacht chéanna a bhaint amach. Leis an Rialachán seo ba cheart a chinneadh freisin cé na himthosca ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh, ar a laghad, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le ceadúnas a eisiúint. Ba cheart dó sin, mar aon le formáid an cheadúnais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, aitheantas na gceadúnas arna n-eisiúint ag Ballstáit eile a éascú.

(8)

Ba cheart é a bheith indéanta aitheantas frithpháirteach ceadúnas arna n-eisiúint ag Ballstáit eile a thabhairt go déthaobhach nó go hiltaobhach, chun cuspóirí an mhargaidh aonair a bhaint amach.

(9)

D’fhonn srianta agus rialuithe an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha sin a bhíonn ag díol le húsáideoirí gairmiúla nó le daoine den phobal i gcoitinne a bhfuil ceadúnas acu bheith ábalta brath ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil go réamhtheachtach sa slabhra soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch sa slabhra soláthair a chur in iúl d’fhaighteoir réamhtheachtaithe pléascán sin atá rialaithe go bhfuil cur ar fáil, tabhairt isteach, sealbhú, nó úsáid na réamhtheachtaithe pléascán sin ag daoine den phobal i gcoitinne faoi réir an Rialacháin seo, mar shampla trí lipéad iomchuí a ghreamú den phacáistíocht nó trína dheimhniú go bhfuil lipéad iomchuí greamaithe den phacáistíocht nó tríd an bhfaisnéis sin a áireamh sa bhileog sonraí sábháilteachta arna tiomsú i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(10)

Is é an difríocht idir oibreoir eacnamaíoch agus úsáideoir gairmiúil ná go gcuireann na hoibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtaí pléascán ar fáil do dhuine eile agus i gcás úsáideoirí gairmiúla is é go bhfaigheann sé réamhtheachtaí pléascán nó go dtugann sé isteach é dá úsáid féin amháin. I gcás oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag díol le húsáideoirí gairmiúla nó le hoibreoirí eacnamaíocha eile nó leis an bpobal i gcoitinne a bhfuil ceadúnas acu, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil a gcuid pearsanra a bhfuil baint acu le díol na réamhtheachtaithe pléascán ar an eolas faoi na táirgí a chuireann siad ar fáil a bhfuil réamhtheachtaithe pléascán iontu, mar shampla tríd an bhfaisnéis go bhfuil réamhtheachtaí pléascán sa táirge a áireamh i mbarrachód an táirge.

(11)

An t-idirdhealú idir úsáideoirí gairmiúla, ar cheart go bhféadfaí réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a chur ar fáil dóibh, agus daoine den phobal i gcoitinne, nár cheart go bhféadfaí iad a chur ar fáil dó, tá sé ag brath ar an bhfuil sé i gceist ag an duine an réamhtheachtaí pléascán lena mbaineann a úsáid chun críocha a bhaineann le ceird shonrach an duine sin, lena ngnó nó lena ngairm ar leith, lena n-áirítear gníomhaíocht foraoiseachta, gortóireachta agus feirmeoireachta, bíodh an ghníomhaíocht sin ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha agus ní gá go mbainfeadh sé le méid an limistéir talún ar a ndéantar an ghníomhaíocht. Dá bhrí sin, níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha réamhtheachtaí pléascán atá srianta a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá gníomhach go gairmiúil i réimse nach gnách an réamhtheachtaí pléascán sonrach sin atá srianta a úsáid ann chun críocha gairmiúla ná do dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí nach bhfuil baint ar bith acu le haon chríoch ghairmiúil.

(12)

Pearsanra oibreoirí eacnamaíocha atá bainteach le réamhtheachtaithe pléascán a chur ar fáil, ba cheart é a bheith faoi réir na rialacha céanna faoin Rialachán seo atá i bhfeidhm maidir le daoine den phobal i gcoitinne agus na réamhtheachtaithe pléascán sin á n-úsáid dá gcáil phearsanta.

(13)

Ba cheart d’oibreoirí sonraí idirbhirt a choinneáil le bheith ina gcabhair mhór do na húdaráis chun coireacht thromchúiseach arna ndéanamh le gléasanna pléascacha baile a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun comhlíontacht an Rialacháin seo a fhíorú. Tá sé riachtanach gach gníomhaí sa slabhra soláthair agus gach custaiméir a aithint chun na críche sin, bíodh gur daoine den phobal i gcoitinne, úsáideoirí gairmiúla nó oibreoirí eacnamaíocha iad. Os rud é go bhféadfadh monarú agus úsáid aindleathach pléascán baile tréimhse shuntasach tar éis dhíol an réamhtheachtaí pléascán, ní mór na sonraí idirbhirt a choinneáil chomh fada agus is gá agus ar feadh tréimhse atá comhréireach agus iomchuí d’fhonn imscrúduithe a éascú agus gnáth-thréimhsí cigireachta á gcur san áireamh.

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialacháin seo freisin maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag feidhmiú ar líne, lena n-áirítear iad siúd a bhíonn ag feidhmiú maidir le margaí ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag feidhmiú ar líne oiliúint a chur ar a bhfoirne agus nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm acu chun idirbhearta amhrasacha a bhrath. Ina theannta sin, níor cheart dóibh réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a chur ar fáil ach amháin do dhuine den phobal i gcoitinne in aon Bhallstát a choimeádann ar bun, nó a bhunaíonn, córas ceadúnúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ba cheart dóibh gan déanamh amhlaidh go dtí go mbeidh sé fíoraithe acu go bhfuil ceadúnas bailí ag an duine sin den phobal i gcoitinne. Tar éis dó céannacht an chustaiméara ionchasaigh a fhíorú, mar shampla trí na sásraí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart don oibreoir eacnamaíoch a fhíorú go bhfuil ceadúnas eisithe i leith an idirbhirt atá beartaithe, mar shampla trí chigireacht fhisiciúil ar an gceadúnas tráth seachadta an réamhtheachtaí pléascán nó, le toiliú an chustaiméara ionchasaigh, trí theagmháil a dhéanamh le húdarás inniúil an Bhallstáit a d’eisigh an ceadúnas. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha atá ag feidhmiú ar líne, amhail iadsan atá ag feidhmiú as líne, dearbhuithe maidir leis an úsáid deiridh a iarraidh ar úsáideoirí gairmiúla freisin.

(15)

Níl sna margaí ar líne ach idirghabhálaithe idir oibreoirí eacnamaíocha ar lámh amháin, agus daoine den phobal i gcoitinne, úsáideoirí gairmiúla, nó oibreoirí eacnamaíocha eile ar an lámh eile. Mar sin níor cheart margaí ar líne a chur faoi scáth an tsainmhínithe ar oibreoir eacnamaíoch agus níor cheart a cheangal orthu treoracha a thabhairt dá gcuid pearsanra a bhíonn páirteach i ndíol réamhtheachtaithe pléascán atá srianta, maidir leis na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, céannacht ná, i gcás inarb iomchuí, ceadúnas an chustaiméara ionchasaigh a fhíorú, ná tuilleadh faisnéise a iarraidh ón gcustaiméir ionchasach. Mar sin féin, mar gheall ar an ról lárnach in idirbhearta ar líne atá ag na margaí ar líne, lena n-áirítear maidir le díolachán réamhtheachtaithe pléascán rialáilte, ba cheart dóibh úsáideoirí a bhfuil sé ina aidhm acu réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a chur ar fáil trína gcuid seirbhísí a chur ar an eolas iad, ar bhealach soiléir, éifeachtach, faoi na hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart do mhargaí ar líne bearta a dhéanamh chun cabhrú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcuid úsáideoirí a n-oibleagáidí féin maidir le fíorú, mar shampla trí uirlisí a thairiscint chun fíorú ceadúnas a éascú. Os rud é go bhfuil tábhacht níos mó agus níos mó ag baint le margaí ar líne do gach cineál soláthair agus go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an mbealach soláthair úd, lena n-áirítear chun críocha na sceimhlitheoireachta, ba cheart do mhargaí ar líne a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna braite agus tuairiscithe agus atá oibreoirí eacnamaíocha, cé gur cheart nósanna imeachta atá ann chun idirbhearta amhrasacha a bhrath a oiriúnú go cuí don timpeallacht ar leith ar líne.

(16)

Níor cheart na hoibleagáidí ginearálta faireacháin a bheith i gceist leis an oibleagáid maidir le margaí ar líne faoin Rialachán seo. Ba cheart oibleagáidí sonracha amháin a leagan síos leis an Rialachán seo do mhargaí ar líne maidir le brath agus tuairisciú aon idirbhearta amhrasacha arna ndéanamh ar a suíomh gréasáin nó lena seirbhísí ríomhaireachta. Níor cheart do mhargaí ar líne a bheith faoi dhliteanas, ar bhonn an Rialacháin seo, i leith idirbhearta nár braitheadh in ainneoin nósanna imeachta atá iomchuí, réasúnta agus comhréireach a bheith i bhfeidhm ag an margadh ar líne d’fhonn idirbhearta amhrasacha den chineál sin a bhrath.

(17)

Éilíonn an Rialachán seo ar oibreoirí eacnamaíocha idirbhearta amhrasacha a thuairisciú, beag beann ar cé acu an duine den phobal i gcoitinne, úsáideoir gairmiúil nó oibreoir eacnamaíoch an custaiméir ionchasach. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a bhaineann le réamhtheachtaithe pléascán rialáilte, lena n-áirítear an oibleagáid i leith idirbhearta amhrasacha a thuairisciú, maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, beag beann ar a dtiúchan. Mar sin féin, eisiatar ó raon feidhme an Rialacháin seo táirgí a bhfuil réamhtheachtaithe pléascán iontu ar mhéid chomh beag agus i meascáin chomh casta gur rídheacair go teicniúil na réamhtheachtaithe pléascán a bhaint.

(18)

Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis phoiblí araon foráil a dhéanamh maidir le hoiliúint leordhóthanach maidir le hoibleagáidí faoin Rialacháin seo. Ba cheart údaráis chigireachta a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagrú go rialta, a bheidh oiriúnaithe do shainiúlachtaí gach earnála éagsúla, agus ba cheart dóibh comhphlé buan a choimeád ar bun le hoibreoirí eacnamaíocha ar gach leibhéal den slabhra soláthair, lena n-áirítear na hoibreoirí eacnamaíocha a bhíonn ag feidhmiú ar líne.

(19)

Is féidir leis an rogha substaintí a úsáideann coirpigh chun pléascáin bhaile a dhéanamh athrú go tapa. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta substaintí breise a thabhairt faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, agus an méid sin a dhéanamh ar bhonn práinne i gcás inar gá sin. D’fhonn freastal ar fhorbairtí a d’fhéadfadh teacht maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo trí mhodhnú a dhéanamh ar na luachanna teorann ar os a gcionn nár cheart substaintí áirithe atá srianta faoin Rialachán seo a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne, agus trí shubstaintí breise a bhfuil idirbhearta amhrasacha maidir leo le tuairisciú a liostú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(20)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar shubstaintí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I nó II, ach a dtagann Ballstát ar fhorais réasúnacha ina leith le creidiúint go bhféadfaí iad a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le clásal cosanta i leith nós imeachta leordhóthanach de chuid an Aontais. Ina theannta sin, i bhfianaise na rioscaí sonracha a dtabharfar aghaidh orthu leis an Rialachán seo, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit bearta cosanta a ghlacadh, i gcúinsí áirithe, maidir le substaintí atá faoi réir beart cheana faoin Rialachán seo. Thairis sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit bearta náisiúnta a choinneáil, ar chuir siad an Coimisiún ar an eolas ina leith nó ar thug siad fógra ina leith don Choimisiún roimhe seo i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 98/2013.

(21)

Dhéanfaí an creat rialála a shimpliú ach na srianta slándála ábhartha maidir le níotráit amóiniam a chur ar fáil atá i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chomhtháthú leis an Rialachán seo. Ar an gcúis sin, ba cheart Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(22)

Ceanglaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta a phróiseáil agus a nochtadh ina dhiaidh sin do thríú páirtithe i gcás idirbhearta amhrasacha. Fágann an phróiseáil agus an nochtadh sin go gcuirtear as do na cearta bunúsacha chun saoil phríobháidigh agus ar an gceart sonraí pearsanta a chosaint. Dá réir sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfar cosaint iomchuí ar an gceart bunúsach i ndáil le cosaint sonraí pearsanta daoine aonair, ar daoine aonair iad a ndéantar a sonraí pearsanta a phróiseáil agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar faoi chuimsiú an Rialacháin seo a rialú le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Dá bhrí sin, maidir le próiseáil na sonraí pearsanta a ghabhann le ceadúnú agus le tuairisc a thabhairt ar idirbhearta amhrasacha, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear na prionsabail ghinearálta cosanta sonraí i dtaca le dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht agus leis an gceanglas atá ann aird chuí a thabhairt ar chearta an ábhair sonraí.

(23)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo bunaithe ar na critéir maidir le héifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE. Ba cheart don mheastóireacht sin an bonn a sholáthar i gcomhair measúnuithe tionchair ar bhearta breise a d’fhéadfaí a ghlacadh amach anseo. Ba cheart faisnéis a bhailiú go rialta chun críche bonn eolais a chur faoin meastóireacht ar an Rialachán seo.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rochtain daoine den phobal i gcoitinne ar réamhtheachtaithe pléascán a theorannú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an teorannaithe, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(25)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear rialacha comhchuibhithe leis an Rialachán seo maidir le substaintí nó le meascáin a chur ar fáil, a thabhairt isteach, a bheith i seilbh duine agus a úsáid, ar substaintí nó meascáin iad a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint astu chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, d’fhonn rochtain daoine den phobal i gcoitinne ar na substaintí nó meascáin sin a theorannú agus d’fhonn tuairisciú iomchuí idirbheart amhrasach ar fud an tslabhra soláthair a áirithiú.

Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha níos déine eile de dhlí an Aontais a bhaineann leis na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus maidir le meascáin agus substaintí ina bhfuil na substaintí sin.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

earraí mar a shainmhínítear iad i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(b)

earraí piriteicniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(c)

earraí piriteicniúla atá beartaithe a úsáid chun críocha neamhthráchtála, i gcomhréir le dlí náisiúnta ag na fórsaí armtha, ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag seirbhísí dóiteáin;

(d)

trealamh piriteicniúil a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(e)

earraí piriteicniúla atá beartaithe a úsáid i dtionscal an aeraspáis;

(f)

caipíní forbhuailte atá beartaithe do bhréagáin;

(g)

táirgí míochaine a cuireadh ar fáil go dlisteanach iad do dhuine den phobal i gcoitinne ar bhonn oidis liachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “substaint” substaint mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(2)

ciallaíonn “meascán” meascán mar a shainmhínítear é i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(3)

ciallaíonn “earra” earra mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(4)

ciallaíonn “cur ar fáil” aon soláthar, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(5)

ciallaíonn “tabhairt isteach” substaint a thabhairt isteach i gcríoch Ballstáit, beag beann ar a ceann scríbe san Aontas, bíodh sin ó Bhallstát eile nó ó thríú tír, faoi nós imeachta custaim ar bith, mar a shainmhínítear é i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) lena n-áirítear idirthuras;

(6)

ciallaíonn “úsáid” úsáid mar a shainmhínítear í i bpointe (24) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(7)

ciallaíonn “idirbheart amhrasach” aon idirbheart a bhaineann le réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a bhfuil údar cuí le bheith in amhras faoi go bhfuil an substaint nó meascán ceaptha lena mbaineann le húsáid i monarú aindleathach pléascán, tar éis gach cúinse ábhartha eile a chur san áireamh;

(8)

ciallaíonn “duine den phobal i gcoitinne” aon duine nádúrtha nó dlíthiúil atá ag gníomhú chun críoch nach bhfuil bainteach le ceird an duine sin, lena ghnó nó lena ghairm;

(9)

ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó eintiteas poiblí nó grúpa daoine nó eintiteas den sórt sin, a bhfuil gá inléirithe aige le réamhtheachtaí pléascán atá srianta chun críocha atá bainteach le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin, lena n-áirítear gníomhaíocht talmhaíocht, a dhéantar ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha agus ní gá go mbainfeadh sé le méid an limistéir talún ar a ndéantar an ghníomhaíocht talmhaíochta sin, ar choinníoll nach n-áirítear sna críocha sin an réamhtheachtaí pléascán sin atá srianta a chur ar fáil do dhuine eile;

(10)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas poiblí nó grúpa daoine nó eintitis den sórt sin a chuireann réamhtheachtaithe pléascán rialáilte ar fáil ar an margadh, bíodh sin as líne nó ar líne, lena n-áirítear margaí ar líne;

(11)

ciallaíonn “margadh ar líne” soláthraí seirbhíse idirghabhála a ligeann d’oibreoirí eacnamaíocha ar thaobh amháin, agus do dhaoine den phobal i gcoitinne, d’úsáideoirí gairmiúla, nó d’oibreoirí eacnamaíocha ar an taobh eile, idirbhearta a thabhairt i gcrích maidir le réamhtheachtaithe pléascán rialáilte trí chonarthaí díolacháin nó seirbhíse ar líne, ar shuíomh gréasáin an mhargaidh ar líne nó ar shuíomh gréasáin oibreora eacnamaíoch a úsáideann seirbhísí ríomhaireachta arna soláthar ag an margadh ar líne;

(12)

ciallaíonn “réamhtheachtaí pléascán atá srianta” substaint atá liostaithe in Iarscríbhinn I atá i dtiúchán atá os cionn an luacha chomhfhreagraigh teorann a leagtar amach i gcolún 2 den tábla in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear meascán nó substaint eile ina bhfuil substaint liostaithe san Iarscríbhinn sin ag tiúchan is airde ná an luach comhfhreagrach teorann;

(13)

ciallaíonn “réamhtheachtaí pléascán rialáilte” substaint atá liostaithe in Iarscríbhinn I nó II lena n-áirítear meascán nó substaint eile ina bhfuil substaint a liostaítear sna hIarscríbhinní sin seachas meascáin aonchineálacha le níos mó ná 5 chomhábhar ina bhfuil tiúchan gach ceann de na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II faoi bhun 1 % w/w;

(14)

ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a thógáil nó a shaothrú, lena n-áirítear buainteoireacht, bleán, pórú ainmhithe agus coinneáil ainmhithe chun críoch feirmeoireachta, nó an limistéar talmhaíochta a choinneáil i ndea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil mar a bhunaítear faoi Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 4

Saorghluaiseacht

Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo ná i ngníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, ní chuirfidh na Ballstáit cosc, srian ná bac ar réamhtheachtaí pléascán rialáilte a bheith á chur ar fáil, ar fhorais a bhaineann le cosc a chur ar mhonarú pléascán go haindleathach.

Airteagal 5

Cur ar fáil, tabhairt isteach, seilbh agus úsáid

1.   Maidir le réamhtheachtaithe pléascán atá srianta, ní chuirfear ar fáil iad do dhaoine den phobal i gcoitinne, ná ní thabharfaidh daoine den phobal i gcoitinne isteach iad, ní shealbhóidh siad iad ná ní úsáidfidh siad iad.

2.   Tá feidhm freisin ag an srian faoi mhír 1 maidir le meascáin ina bhfuil clóráití nó sárchlóráití a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcás ina dtéann tiúchan iomlán na substaintí sin sa mheascán thar luach teorann d’aon cheann de na substaintí sin a leagtar amach i gcolún 2 den tábla in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfaidh Ballstát córas ceadúnúcháin a choimeád ar bun, nó a bhunú, lena gceadaítear réamhtheachtaithe pléascán ar leith atá srianta a chur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne, nó lena gceadaítear do dhaoine den phobal i gcoitinne iad a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid, i dtiúchaintí nach airde ná na luachanna comhfhreagracha teorann a leagtar amach i gcolún 3 den tábla in d’Iarscríbhinn I.

Faoi chórais cheadúnúcháin den sórt sin, gheobhaidh duine den phobal i gcoitinne ceadúnas chun réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuiltear ceaptha an réamhtheachtaí pléascán srianta sin a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid, ceadúnais den chineál sin a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, maidir leis na bearta uile a dhéanfaidh siad chun an córas ceadúnúcháin dá bhforáiltear i mír 3 a chur chun feidhme. Leagfar amach go sonrach san fhógra sin na réamhtheachtaithe pléascán atá srianta agus a bhfuil foráil déanta ag an mBallstát ina leith maidir le córas ceadúnúcháin i gcomhréir le mír 3.

5.   Cuirfidh an Coimisiún liosta na mbeart a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ar fáil don phobal i gcomhréir le mír 4.

Airteagal 6

Ceadúnais

1.   Gach Ballstát a eisíonn ceadúnais do dhaoine den phobal i gcoitinne a bhfuil leas dlisteanach acu i réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid, leagfaidh sé síos rialacha maidir le heisiúint ceadúnas i gcomhréir le hAirteagal 5(3). Agus cinneadh á dhéanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit maidir le ceadúnas a eisiúint, cuirfidh sé san áireamh na himthosca ábhartha uile, agus, go háirithe:

(a)

an gá inléirithe le réamhtheachtaí pléascán atá srianta agus dlisteanacht na húsáide atá beartaithe;

(b)

infhaighteacht an réamhtheachtaí pléascán atá srianta i dtiúchaintí níos ísle nó substaintí malartacha ag a bhfuil éifeacht chomhchosúil;

(c)

cúlra an iarratasóra, lena n-áirítear faisnéis maidir le ciontuithe coiriúla an iarratasóra in aon áit laistigh den Aontas;

(d)

na socruithe stórála atá beartaithe lena áirithiú go bhfuil an réamhtheachtaí pléascán atá srianta á stóráil go sábháilte.

2.   Diúltóidh an t-údarás inniúil ceadúnas a eisiúint má tá forais réasúnacha amhrais aige faoi dhlisteanacht na húsáide atá beartaithe nó faoi rún duine den phobal an réamhtheachtaí pléascán atá srianta a úsáid chun críche dlisteanaí.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil roghnú bailíocht an cheadúnais a theorannú, bíodh sé sin trí aon úsáid amháin nó úsáid iolrach a cheadú. Ní rachaidh tréimhse bailíochta an cheadúnais níos faide ná 3 bliana. Go dtí dáta ainmnithe éaga an cheadúnais, féadfaidh an t-údarás inniúil sealbhóir a cheangal an cheadúnais a léiriú go bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh fós. Sonrófar ar an gceadúnas na réamhtheachtaithe pléascán atá srianta dá bhfuil an ceadúnas á eisiúint.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar iarratasóirí táille a íoc as an iarratas ar cheadúnas. Ní rachaidh táille den sórt sin thar chostas próiseála an iarratais.

5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceadúnas a chur ar fionraí nó a chúlghairm i gcás ina bhfuil forais réasúnacha aige le creidiúint nach bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh an ceadúnas á gcomhlíonadh a thuilleadh. Cuirfidh an t-údarás inniúil sealbhóirí ceadúnas ar an eolas faoi aon fhionraí a chuirfear ar a gceadúnais nó aon chúlghairm a dhéanfar orthu gan mhoill, ach amháin más rud é go gcuirfeadh sin imscrúduithe reatha i mbaol.

6.   Achomhairc i gcoinne aon chinnidh de chuid údaráis inniúil, mar aon le díospóidí a bhaineann le comhlíonadh choinníollacha an cheadúnais, is comhlacht iomchuí atá freagrach as achomhairc agus as díospóidí den sórt sin de réir an dlí náisiúnta a éistfidh iad.

7.   Féadfaidh Ballstát ceadúnais arna n-eisiúint ag Ballstáit eile faoin Rialachán seo a aithint.

8.   Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhformáid le haghaidh ceadúnas a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

9.   Gheobhaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis maidir le ciontuithe coiriúla an iarratasóra i mBallstáit eile dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, tríd an gcóras a bunaíodh le Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (12). Tabharfaidh na húdaráis láir dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh Réime sin freagraí ar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin laistigh de 10 lá oibre ón iarraidh a fháil.

Airteagal 7

An slabhra soláthair a chur ar an eolas

1.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaí pléascán atá srianta ar fáil d’oibreoir eacnamaíoch eile, cuirfidh sé an t-oibreoir eacnamaíoch eile sin ar an eolas go bhfuil fáil, tabhairt isteach, sealbhú nó úsáid an réamhtheachtaí pléascán sin atá srianta ag daoine den phobal i gcoitinne faoi réir srian a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus (3).

Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaí pléascán atá rialaithe ar fáil d’oibreoir eacnamaíoch eile, cuirfidh sé an t-oibreoir eacnamaíoch eile sin ar an eolas go bhfuil fáil, tabhairt isteach, sealbhú nó úsáid an réamhtheachtaí pléascán sin atá rialaithe ag daoine den phobal i gcoitinne faoi réir oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 9.

2.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaithe pléascán rialáilte ar fáil d’úsáideoir gairmiúil nó do dhuine den phobal i gcoitinne, déanfaidh sé a áirithiú agus beidh sé in ann a léiriú do na húdaráis náisiúnta cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 11, an méid seo a leanas i dtaobh a chuid pearsanra a bhfuil baint acu le díol réamhtheachtaithe pléascán rialáilte:

(a)

go bhfuil siad ar an eolas faoi na táirgí e sin a chuireann siad ar fáil ina bhfuil réamhtheachtaithe pléascán rialáilte;

(b)

gur tugadh treoracha dóibh i dtaobh na n-oibleagáidí de bhun Airteagail 5 go 9.

3.   Maidir le margadh ar líne, nuair a chuireann sé réamhtheachtaithe pléascán rialaithe ar fáil trína sheirbhísí, déanfaidh sé bearta lena áirithiú go gcuirtear a úsáideoirí ar an eolas maidir leis na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 8

Fíorú tráth díola

1.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaí pléascán atá srianta ar fáil do dhuine den phobal i gcoitinne i gcomhréir le hAirteagal 5(3), fíoróidh sé i gcás gach idirbhirt cruthúnas céannachta agus ceadúnas an duine sin den phobal i gcoitinne i gcomhréir leis an gcóras atá bunaithe ag an mBallstát ina bhfuil an réamhtheachtaí pléascán atá srianta á chur ar fáil agus déanfaidh sé méid an réamhtheachtaí pléascán atá srianta a thaifead ar an gceadúnas.

2.   D’fhonn a fhíorú gur úsáideoir gairmiúil nó oibreoir eacnamaíoch eile é an custaiméir ionchasach, iarrfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann réamhtheachtaí pléascán atá srianta ar fáil d’úsáideoir gairmiúil nó d’oibreoir eacnamaíoch eile an fhaisnéis seo a leanas i leith gach iarraidh idirbhirt, ach amháin i gcás inar tharla fíorú den sórt sin don chustaiméir ionchasach sin laistigh de thréimhse bliana roimh dháta an idirbhirt sin agus nach n-imíonn an t-idirbheart go mór ó na hidirbhearta roimhe sin:

(a)

cruthúnas céannachta an duine aonair atá i dteideal ionadaíocht a dhéanamh ar an gcustaiméir ionchasach;

(b)

trádáil, gnó, nó gairm, mar aon le hainm, seoladh agus uimhir aitheantais cánach breisluacha chuideachta an chustaiméara ionchasaigh, nó aon uimhir chlárúcháin ábhartha eile de chuideachta an chustaiméara ionchasaigh, más ann di;

(c)

an úsáid atá beartaithe a bhaint as na réamhtheachtaithe pléascán atá srianta ag an gcustaiméir ionchasach.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as teimpléad ráiteas an chustaiméara a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   Chun críche úsáid bheartaithe an réamhtheachtaí pléascán atá srianta a fhíorú, déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a mheasúnú cibé an bhfuil an úsáid bheartaithe comhsheasmhach le ceird, gnó nó gairm an chustaiméara ionchasaigh. Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an t-idirbheart a dhiúltú má bhíonn forais réasúnacha amhrais aige faoi dhlisteanacht na húsáide atá beartaithe nó faoi rún an chustaiméara ionchasaigh an réamhtheachtaí pléascán atá srianta a úsáid chun críche dlisteanaí. Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch idirbhearta den sórt sin nó an iarracht sin ar idirbhearta a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 9.

4.   D’fhonn comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú agus d’fhonn monarú aindleathach pléascán a chosc agus a bhrath, coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh 18 mí ó dháta an idirbhirt. I rith na tréimhse sin, cuirfear an fhaisnéis ar fáil lena hiniúchadh arna iarraidh sin do na húdaráis náisiúnta inniúla nó do na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí.

5.   Maidir le margadh ar líne, nuair a chuireann sé réamhtheachtaithe pléascán ar fáil trína sheirbhísí, déanfaidh sé bearta chun cabhrú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh a chuid úsáideoirí na hoibleagáidí atá orthu faoin Airteagal seo.

Airteagal 9

Idirbhearta amhrasacha, substaintí ar iarraidh agus gadaíocht a thuairisciú

1.   Chun monarú aindleathach pléascán a chosc agus a bhrath, tuairisceoidh oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne idirbhearta amhrasacha. Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne amhlaidh tar éis dóibh féachaint do na himthosca go léir agus go háirithe sa chás ina ngníomhaíonn an custaiméir ionchasach ar bhealach amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)

go ndealraítear go bhfuil sé neamhshoiléir maidir leis an úsáid atá beartaithe do na réamhtheachtaithe pléascán rialáilte;

(b)

go ndealraítear nach bhfuil cur amach aige ar an úsáid atá beartaithe do na réamhtheachtaithe pléascán rialáilte nó nach féidir leis míniú dealraitheach a thabhairt ar an úsáid sin;

(c)

go bhfuil sé ar intinn aige réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a cheannach i gcainníochtaí, i dteaglamaí nó i dtiúchaintí atá neamhchoitianta d’úsáid dhlisteanach;

(d)

nach bhfuil sé toilteanach cruthúnas a sholáthar i leith céannachta, áit chónaithe ná, i gcás inarb iomchuí, stádas mar úsáideoir gairmiúil nó mar oibreoir eacnamaíoch;

(e)

go n-éilíonn sé modhanna neamhghnácha íocaíochta a úsáid, lena n-áirítear méideanna móra airgid thirim.

2.   Beidh nósanna imeachta cuí, réasúnaithe, comhréireacha i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne, chun idirbhearta amhrasacha a bhrath, atá oiriúnaithe don timpeallacht shonrach ina gcuirtear na réamhtheachtaithe pléascán rialáilte ar fáil.

3.   Déanfaidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin nó níos mó a chur ar bun, a mbeidh uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist, foirm ghréasáin nó aon uirlis éifeachtach eile so-aitheanta aige, chun idirbhearta amhrasacha agus cásanna suntasacha gabhála ar iarraidh agus cásanna suntasacha gadaíochta a thuairisciú. Beidh fáil ar na pointí teagmhála náisiúnta sin ar bhonn 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine.

4.   Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne an t-idirbheart amhrasach a dhiúltú. Déanfaidh siad an t-idirbheart amhrasach sin nó an iarracht sin ar idirbheart amhrasach a thuairisciú laistigh de 24 uair an chloig den chinneadh go bhfuil amhras ann. Agus tuairisciú á dhéanamh maidir le hidirbhearta den sórt sin, tabharfaidh siad céannacht an chustaiméara, más féidir, agus na sonraí ba chúis leis an gcinneadh a rinne siad gurb amhrasach an t-idirbheart do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar cuireadh i gcrích an t-idirbheart amhrasach nó ina ndearnadh iarracht é a thabhairt i gcrích.

5.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus úsáideoirí gairmiúla gabháil ar iarraidh shuntasach agus gadaíocht shuntasach réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a thuairisciú, laistigh de 24 uair an chloig tar éis a mbraite, do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar tharla an ghabháil ar iarraidh nó an ghadaíocht. Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil gabháil ar iarraidh nó gadaíocht suntasach, cuirfidh siad san áireamh más neamhghnách é an méid i gcúinsí uile an cháis.

6.   I gcás daoine den phobal i gcoitinne a fuair réamhtheachtaithe pléascán atá srianta i gcomhréir le hAirteagal 5(3), déanfaidh siad gabháil ar iarraidh shuntasach agus gadaíocht shuntasach réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a thuairisciú, laistigh de 24 uair an chloig tar éis na braite, do phointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit inar tharla an ghabháil ar iarraidh nó an ghadaíocht.

Airteagal 10

Oiliúint agus múscailt feasachta

1.   Cuirfidh na Ballstáit acmhainní cuí oiliúna agus oiliúint ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí, do chéad fhreagróirí agus d’údaráis chustaim maidir le réamhtheachtaithe pléascán rialáilte a aithint le linn a ndualgas a dhéanamh agus maidir le freagairt ar bhealach prapúil, iomchuí do ghníomhaíocht amhrasach. Féadfaidh na Ballstáit cúrsaí oiliúna sonracha breise a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a bhunaítear le Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

2.   Eagróidh na Ballstáit, uair sa bhliain, ar a laghad, gníomhaíochtaí múscailte feasachta a bheidh oiriúnaithe ar shainiúlachtaí gach earnála éagsúla ina n-úsáidtear réamhtheachtaithe pléascán rialáilte.

3.   D’fhonn comhar a éascú agus cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo ag na geallsealbhóirí uile a áirithiú, eagróidh na Ballstáit malartuithe rialta idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis náisiúnta maoirseachta, oibreoirí eacnamaíocha, margaí ar líne agus ionadaithe ar na hearnálacha a úsáideann réamhtheachtaithe pléascán rialáilte. Beidh oibreoirí eacnamaíocha freagrach as faisnéis a chur ar fáil dá bpearsanra maidir leis an gcaoi a ndéanfar réamhtheachtaithe pléascán a chur ar fáil faoin Rialachán seo agus chun feasacht pearsanra a mhúscailt ina leith sin.

Airteagal 11

Údaráis náisiúnta chigireachta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil údaráis inniúla i bhfeidhm chun cigireacht agus rialuithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart Airteagail 5 go 9 (“údaráis náisiúnta cigireachta”).

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí imscrúdaitheacha ag na húdaráis náisiúnta cigireachta is gá chun a gcúraimí a riaradh go cuí faoin Rialachán seo.

Airteagal 12

Treoirlínte

1.   Soláthróidh an Coimisiún, treoracha arna dtabhairt cothrom le dáta go rialta chun cabhrú le gníomhaithe sa slabhra soláthair ceimiceán agus leis na húdaráis inniúla, agus comhar a éascú idir na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí eacnamaíocha. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Réamhtheachtaithe maidir le haon dréacht-treoirlínte nó nuashonruithe. Soláthrófar sna treoirlínte an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

faisnéis maidir le conas cigireachtaí a dhéanamh;

(b)

faisnéis maidir le conas srianta agus rialuithe faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le réamhtheachtaithe pléascán rialáilte arna gcianordú ag daoine den phobal i gcoitinne nó ag úsáideoirí gairmiúla;

(c)

faisnéis maidir le bearta féideartha atá le glacadh ag margaí ar líne chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú;

(d)

faisnéis maidir le conas faisnéis ábhartha a mhalartú idir na húdaráis inniúla agus na pointí teagmhála náisiúnta agus idir na Ballstáit;

(e)

faisnéis maidir le conas idirbhearta amhrasacha a aithint agus a thuairisciú;

(f)

faisnéis maidir le socruithe stórála lena n-áirítear go bhfuil réamhtheachtaí pléascán rialáilte á stóráil go sábháilte;

(g)

faisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar na treoirlínte dá bhforáiltear i mír 1 a scaipeadh go rialta ar bhealach a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí i gcomhréir le cuspóirí na dtreoirlínte.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Airteagal 13

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 14

Clásal cosanta

1.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát lena chreidiúint go bhféadfaí substaint shonrach nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I ná II a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, féadfaidh sé cur ar fáil, tabhairt isteach, sealbhú agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc nó cur ar fáil, tabhairt isteach, sealbhú agus úsáid aon mheascáin nó aon substainte a bhfuil an tsubstaint sin ann nó inti a shrianadh nó a thoirmeasc, nó féadfaidh sé foráil a dhéanamh go mbeidh an tsubstaint sin faoi réir oibleagáidí tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 9.

2.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát lena chreidiúint go bhféadfaí substaint shonrach a liostaítear in Iarscríbhinn I a úsáid chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, ag leibhéal tiúchana atá cothrom leis nó níos ísle ná an luach teorann, a leagtar amach i gcolún 2 nó colún 3 den tábla d’Iarscríbhinn I, féadfaidh sé cur ar fáil, tabhairt isteach, sealbhú agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc tuilleadh, trí leibhéal níos ísle a fhorchur.

3.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Ballstát le luach teorann a bhunú ar cheart aon substaint atá os a chionn atá liostaithe in Iarscríbhinn II le bheith faoi réir na srianta is infheidhme maidir le réamhtheachtaithe pléascán atá srianta, féadfaidh sé cur ar fáil, tabhairt isteach, sealbhú agus úsáid na substainte sin a shrianadh nó a thoirmeasc tríd an uasluach teorann sin a fhorchur.

4.   Aon Bhallstát a chuireann srian nó toirmeasc ar shubstaintí i gcomhréir le míreanna 1, 2 nó 3, cuirfidh sé srianta nó toirmisc den sórt sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá aige.

5.   Déanfaidh Ballstát a chuireann srian nó toirmeasc ar shubstaintí i gcomhréir le mír 1, 2 nó 3 feasacht i ndáil leis na srianta nó toirmisc sin a mhúscailt i measc oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne ina chríoch.

6.   Ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, déanfaidh an Coimisiún scrúdú láithreach féachaint ar cheart leasuithe a ullmhú ar na hIarscríbhinní i gcomhréir le hAirteagal 15(1) nó togra reachtach a ullmhú chun leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní. I gcás inarb iomchuí, leasóidh an Ballstát lena mbaineann a bhearta náisiúnta nó aisghairfidh sé iad d’fhonn aon leasú den sórt sin ar na hIarscríbhinní a chur san áireamh.

7.   Gan dochar do mhír 6, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus, más iomchuí, le tríú páirtithe, cinneadh a dhéanamh nach bhfuil údar cuí leis an mbeart a ghlac an Ballstát sin, agus ceangal a chur ar an mBallstát sin an beart sealadach a chúlghairm nó leasú. Déanfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin laistigh de 60 lá ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil. Déanfaidh an Ballstáit lena mbaineann feasacht a mhúscailt faoi chinntí den sórt sin i measc oibreoirí eacnamaíocha agus margaí ar líne ar a chríoch.

8.   Ní dhéanfar aon difear do bhearta ar chuir na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina leith nó ar thug Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún roimh an 1 Feabhra 2021 faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 98/2013.

Airteagal 15

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear an Rialachán seo tríd an méid seo a leanas:

(a)

na luachanna teorann atá in Iarscríbhinn I a mhodhnú a mhéid is gá chun freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán, nó ar bhonn taighde agus tástála,

(b)

substaintí a chur le hIarscríbhinn II, i gcás inar gá sin d’fhonn freastal ar fhorbairtí maidir le mí-úsáid substaintí mar réamhtheachtaithe pléascán.

Mar chuid den ullmhúchán a dhéanfaidh sé maidir leis na gníomhartha tarmligthe sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe iad siúd i dtionscal na gceimiceán agus san earnáil mhiondíola.

Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne, i gcás ina dtiocfaidh athrú tobann ar an measúnú riosca a mhéid a bhaineann le mí-úsáid substaintí chun pléascáin a mhonarú go haindleathach, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 17 maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach modhnú ar na luachanna teorann in Iarscríbhinn I agus i ndáil le gach substaint nua a chuirfear le hIarscríbhinn II. Beidh gach gníomh tarmligthe bunaithe ar anailís lena léirítear nach dócha go gcuirfear ualach neamhréireach ar oibreoirí eacnamaíocha ná ar thomhaltóirí de bharr an leasaithe, agus aird chuí á tabhairt ar na cuspóirí atá á saothrú.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 31 Iúil 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

An nós imeachta práinne

1.   Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 18

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006

In Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, iontráil 58. (Níotráit amóiniam (AN)), i gcolún 2, scriostar míreanna 2 agus 3.

Airteagal 19

Tuairisciú

1.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 2 Feabhra 2022 agus ina dhiaidh sin ar bhonn bliantúil, faisnéis faoin méid seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún:

(a)

líon na n-idirbheart amhrasach suntas, na gcásanna suntasacha gabhála ar iarraidh agus na gcásanna suntasacha gadaíochta a tuairiscíodh faoi seach;

(b)

líon na n-iarratas ar cheadúnas arna bhfáil faoin aon chóras ceadúnúcháin a choimeád siad ar bun nó a bhunaigh siad de bhun Airteagal 5(3), chomh maith le líon na gceadúnas a eisíodh, agus na cúiseanna is coitianta maidir le heisiúint ceadúnas a dhiúltú;

(c)

gníomhaíochtaí múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2);

(d)

cigireachtaí a rinneadh mar a thagraítear dóibh in Airteagal 11, lena n-áirítear líon na gcigireachtaí agus na n-oibreoirí eacnamaíocha a cumhdaíodh.

2.   Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (c) agus (d) de mhír 1 á tarchur chuig an gCoimisiúin ag na Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir na tuarascálacha, na gníomhaíochtaí agus na cigireachtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí ar líne agus iad siúd a bhaineann le gníomhaíochtaí as líne.

Airteagal 20

Nósanna imeachta faireacháin

1.   Faoin 1 Lúnasa 2020, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchar an Rialacháin seo.

2.   Leagfar amach sa chlár faireacháin na bealaí trína ndéanfar sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus minicíocht an bhailithe sin. Sonrófar ann na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir leis na sonraí sin agus an fhianaise eile sin a bhailiú agus a anailísiú.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún na sonraí agus an fhianaise eile is gá chun an faireachán a dhéanamh.

Airteagal 21

Meastóireacht

1.   Faoin 2 Feabhra 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus déanfaidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

Airteagal 22

Aisghairm

1.   Déantar Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Feabhra 2021.

2.   Déanfar tagairtí do Rialachán aisghairthe (AE) Uimh. 98/2013 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2021.

3.   D’ainneoin mhír 2, beidh ceadúnais a eisíodh go bailí faoi Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 fós bailí go dtí an dáta bailíochta a cuireadh in iúl ar dtús ar na ceadúnais sin, nó go dtí an 2 Feabhra 2022.

4.   Aon iarratas a dhéanfar ar athnuachan na gceadúnas dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh ar nó dá éis an 1 Feabhra 2021, déanfar é i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   D’ainneoin Airteagal 5(1), ceadófar seilbh, tabhairt isteach agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fuarthas go dleathach do dhaoine den phobal i gcoitinne roimh an 1 Feabhra 2021 go dtí an 2 Feabhra 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 35.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2019.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (IO L 39, 9.2.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27).

(9)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(12)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(13)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n_aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

RÉAMHTHEACHTAITHE PLÉASCÁN ATÁ SRIANTA

Liosta de shubstaintí nach bhfuil le cur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne, nach dtabharfaidh daoine den phobal i gcoitinne isteach iad, nach sealbhóidh siad ná nach n-úsáidfidh siad, bíodh sin ar leithligh nó mar chuid de mheascáin nó de shubstaintí eile ina n-áirítear na substaintí sin, ach amháin más ionann an tiúchan agus na luachanna teorann a leagtar amach i gcolún 2, nó más ísle ná na luachanna sin é, agus nach mór idirbhearta amhrasacha agus cásanna suntasacha gabhála ar iarraidh agus cásanna suntasacha gadaíochta ina leith a thuairisciú laistigh de 24 uair an chloig:

1.

Ainm na substainte agus Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN)

2.

Luach teorann

3.

Luach teorann uachtarach chun críche ceadúnúcháin faoi Airteagal 5(3)

4.

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh comhdhúil leithleach atá sainithe go ceimiceach a chomhlíonann ceanglais Nóta 1 a ghabhann le Caibidil 28 nó Caibidil 29 de CN, faoi seach (1)

5.

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascán gan chomhábhair (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí an t-aicmiú faoi chód CN eile (1)

Aigéad nítreach (CAS RN 7697-37-2)

3 % w/w

10 % w/w

ex 2808 00 00

ex 3824 99 96

Sárocsaíd hidrigine (CAS RN 7722-84-1)

12 % w/w

35 % w/w

2847 00 00

ex 3824 99 96

Aigéad sulfarach (CAS RN 7664-93-9)

15 % w/w

40 % w/w

Uimhir na líne buiséid2807 00 00

ex 3824 99 96

Nítrimeatán (CAS RN 75-52-5)

16 % w/w

100 % w/w

ex 2904 20 00

ex 3824 99 92

Níotráit amóiniam (CAS RN 6484-52-2)

16 % w/w nítrigine i gcomparáid le níotráit amóiniam (4)

Cosc ar cheadúnú

3102 30 10 (i dtuaslagán uiscí)

3102 30 90 (eile)

ex 3824 99 96

Clóráit photaisiam (CAS RN 3811-04-9)

40 % w/w

Cosc ar cheadúnú

ex 2829 19 00

ex 3824 99 96

Sárchlóráit photaisiam (CAS RN 7778-74-7)

40 % w/w

Cosc ar cheadúnú

ex 2829 90 10

ex 3824 99 96

Clóráit sóidiam (CAS RN 7775-09-9)

40 % w/w

Cosc ar cheadúnú

2829 11 00

ex 3824 99 96

Sárchlóráit sóidiam (CAS RN 7601-89-0)

40 % w/w

Cosc ar cheadúnú

ex 2829 90 10

ex 3824 99 96


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 (2). Ba cheart leasuithe ina dhiaidh sin ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3) a cheadú maidir le cóid CN nuashonraithe.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2017, lch. 1)

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(4)  16 % w/w nítrigine i gcomparáid le níotráit amóiniam, is ionann sin agus 45.7 % níotráit amóiniam, gan eisíontais a chur san áireamh.


IARSCRÍBHINN II

RÉAMHTHEACHTAITHE PLÉASCÁN INTUAIRISCITHE

Liosta de shubstaintí, ar leithligh nó i meascáin nó i substaintí nach mór idirbhearta amhrasacha agus cásanna suntasacha gabhála ar iarraidh agus cásanna suntasacha gadaíochta ina leith a thuairisciú laistigh de 24 uair an chloig:

1.

Ainm na substainte agus Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS RN)

2.

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN) (1)

3.

Cód Ainmníochta Comhcheangailte (CN) le haghaidh meascáin gan chomhábhair (e.g. mearcair, miotail lómhara nó miotail tearc-chré nó substaintí radaighníomhacha) lena gcinnfí an t-aicmiú faoi chód CN eile (1)

Heicsimín (CAS RN 100-97-0)

ex 2933 69 40

ex 3824 99 93

Aicéatón (CAS RN 67-64-1)

2914 11 00

ex 3824 99 92

Níotráit photaisiam (CAS RN 7757-79-1)

2834 21 00

ex 3824 99 96

Níotráit sóidiam (CAS RN 7631-99-4)

3102 50 00

ex 3824 99 96

Níotráit chailciam (CAS RN 10124-37-5)

ex 2834 29 80

ex 3824 99 96

Níotráit chailciam amóiniam (CAS RN 15245-12-2)

ex 3102 60 00

ex 3824 99 96

Maignéisiam, púdair (CAS RN 7439-95-4) (2)  (3)

ex 8104 30 00

 

Heicsihiodráit níotráit mhaignéisiam (CAS RN 13446-18-9)

ex 2834 29 80

ex 3824 99 96

Alúmanam, púdair (CAS RN 7429-90-5) (2)  (3)

7603 10 00

ex 7603 20 00

 


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 . Ba cheart leasuithe ina dhiaidh sin ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a cheadú maidir le cóid CN nuashonraithe.

(2)  Ar lú ná 200 μm na cáithníní iontu.

(3)  Mar shubstaint nó i meascáin ina bhfuil 70 % w/w nó níos mó d’alúmanaim nó de mhaignéisiam.


IARSCRÍBHINN III

FORMÁID LE hAGHAIDH CEADÚNAIS

Formáid le haghaidh ceadúnas a bheith ag duine den phobal i gcoitinne chun réamhtheachtaithe pléascán atá srianta a fháil, a thabhairt isteach, a shealbhú nó a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 6(8).

Image 1

Téacs an íomhá

Image 2

Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN IV

RÁITEAS ÓN gCUSTAIMÉIR

maidir le húsáid shonrach nó úsáidí sonracha réamhtheachtaí pléascán atá srianta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

(Le comhlíonadh i gceannlitreacha) (*1)

Déanaimse, a bhfuil m’ainm leis seo thíos,

Ainm (custaiméir):

Cruthúnas céannachta (uimhir, údarás eisiúna):

Ionadaí údaraithe ó:

Príomhchuideachta:

Uimhir cánach breisluacha na cuideachta nó uimhir aitheantais eile (*2)/Seoladh:

_

Trádáil/gnó/gairm:

Ainm tráchtála an táirge

Réamhtheachtaí pléascán atá srianta

Uimh. CAS

Cainníocht (kg/lítear)

Tiúchan

Úsáid bheartaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dearbhaím leis seo nach n-úsáidfear an táirge tráchtála agus an tsubstaint nó meascán atá inti ach amháin chun na críche atá léirithe, atá dlisteanach ar aon nós, agus nach ndéanfar é a dhíol ná a sheachadadh chuig custaiméir eile ach amháin má dhéanann an custaiméir sin dearbhú comhchosúil úsáide, agus na srianta atá bunaithe i Rialachán (AE)2019/1148 i ndáil le cur ar fáil do dhaoine den phobal i gcoitinne.

Síniú: Ainm:

Feidhm: Dáta:


(1)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(*1)  Is féidir leat na sraitheanna riachtanacha a chur i gclár na substaintí.

(*2)  Is féidir leat bailíocht uimhir aitheantais CBL oibreora eacnamaíoch a fhíorú trí shuíomh idirlín VIES de chuid an Choimisiúin. Ag brath ar na rialacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí, tabharfaidh roinnt Ballstát an t-ainm agus an seoladh atá nasctha leis an uimhir aitheantais CBL i gceist mar tá siad taifeadta sna bunachair sonraí náisiúnta.