7.6.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) 2019/881 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Aibreán 2019

maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról riachtanach ag córais ghréasán agus fhaisnéise agus ag gréasáin agus seirbhísí chumarsáide sa tsochaí agus tá siad mar a bheadh cnámh droma ann don fhás eacnamaíoch. Is í an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) is bonn leis na córais chasta a thacaíonn le gnáthghníomhaíochtaí laethúla na sochaí, a choinníonn na geilleagair ag dul i bpríomhréimsí amhail sláinte, fuinneamh, airgeadas agus iompar, agus a thacaíonn le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh go háirithe.

(2)

Tá an úsáid a bhaineann saoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí as córais gréasán agus faisnéise forleathan ar fud an Aontais sa lá atá inniu ann. Is príomhghnéithe de líon méadaitheach táirgí agus seirbhísí iad an digitiú agus an nascacht agus, le teacht ar an bhfód d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla, meastar go mbeidh líon fíor-ard gléasanna digiteacha nasctha in úsáid ar fud an Aontais sna 10 mbliana amach romhainn. Cé go bhfuil líon na ngléasanna atá nasctha leis an idirlíon ag dul i méid, ní leor na gnéithe slándála agus athléimneachta atá ionsuite i ndearadh na ngléasanna sin agus, dá bhrí sin, tá leibhéal na cibearshlándála easnamhach. Sa chomhthéacs sin, ós rud é nach ndéantar deimhniú ach ar bhonn teoranta, is easnamhach atá an fhaisnéis a fhaigheann úsáideoirí in eagraíochtaí agus úsáideoirí aonair maidir le gnéithe cibearshlándála tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus próisis TFC, ar an dóigh sin, déantar dochar do mhuinín úsáideoirí as réitigh dhigiteacha. D’fhéadfadh córais gréasán agus faisnéise tacú le gach gné dár saol agus dlús a chur le fás eacnamaíoch an Aontais. Bunchloch is ea na córais gréasán agus faisnéise sin chun an margadh aonair digiteach a bhaint amach.

(3)

I ngeall ar an méadú ar an digitiú agus ar an nascacht beidh rioscaí breise ann ó thaobh na cibearshlándála de agus, dá bhrí sin, tá an tsochaí ina hiomláine i gcoitinne i mbaol ó thuilleadh cibearbhagairtí agus méadaítear ar an dainséar ina bhféadfaidh daoine aonair a bheith, lena n-áirítear daoine leochaileacha amhail leanaí. Chun na rioscaí sin a mhaolú, is gá na bearta riachtanacha uile a dhéanamh chun an chibearshlándáil san Aontas a fheabhsú d’fhonn cosaint níos fearr in aghaidh cibearbhagairtí a thabhairt do chórais gréasán agus faisnéise, gréasáin chumarsáide, táirgí digiteacha, seirbhísí agus gléasanna atá in úsáid ag saoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí — idir fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (4), agus oibreoirí bonneagar ríthábhachtach.

(4)

Trí fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don phobal, cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leis an bhforbairt a dhéantar ar thionscal na cibearshlándála san Aontas, go háirithe i gcás FBManna agus gnólachtaí nua-thionscanta. Ba cheart do ENISA gach iarracht a dhéanamh an dlúthchomhar le hollscoileanna agus eintitis taighde a fhorbairt chun rannchuidiú le spleáchais ar tháirgí agus seirbhísí cibearshlándála ó fhoinsí lasmuigh den Aontas a laghdú agus slabhraí soláthair a threisiú laistigh den Aontas.

(5)

Tá líon na gcibearionsaithe ag dul i méid agus tá cosaintí níos láidre de dhíth ar gheilleagar agus sochaí nasctha atá níos leochailí ó thaobh cibearbhagairtí agus cibearionsaithe de. Mar sin féin, cé gur cibear-ionsaithe trasteorann is mó a bhíonn i gceist, is ar bhonn náisiúnta a bhíonn na freagairtí beartais ó údaráis chibearshlándála agus inniúlachtaí forfheidhmithe dlí. D’fhéadfadh teagmhais mhórscála cur isteach ar sholáthar seirbhísí riachtanacha ar fud an Aontais. Ar an ábhar sin, ní mór freagairtí éifeachtach agus comhordaithe agus bainistiú géarchéime atá ar leibhéal an Aontais a bheith ann, rudaí a chuirfidh leis na beartais thiomnaithe agus ionstraimí níos leithne ar mhaithe le dlúthpháirtíocht agus cúnamh frithpháirteach san Eoraip. Ina theannta sin, is rud tábhachtach do lucht déanta beartas, lucht tionscail agus úsáideoirí, dá bhrí sin, measúnú rialta a dhéanamh ar staid na cibearshlándála agus na hathléimneachta san Aontas, ar bhonn shonraí iontaofa an Aontais, agus forbairtí, dúshláin agus bagairtí amach anseo a thuar go córasach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda.

(6)

I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar na dúshláin i dtaca leis an gcibearshlándáil atá roimh an Aontas anois, tá gá le tacar cuimsitheach beart a chuirfeadh le bearta de chuid an Aontais a rinneadh roimhe seo agus a chothódh cuspóirí a threisíonn a chéile. Ar na cuspóirí sin, tá an gá le hinniúlachtaí agus ullmhacht na mBallstát agus gnólachtaí a mhéadú, agus comhar, comhroinnt faisnéise, agus comhordú a fheabhsú ar fud na mBallstát agus in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ina theannta sin, toisc go bhfeidhmíonn cibearbhagairtí gan beann ar theorainneacha, is gá inniúlachtaí a mhéadú ar leibhéal an Aontais chun bearta ar leibhéal na mBallstát a chomhlánú, go háirithe i gcás teagmhais agus géarchéimeanna mórscála trasteorann agus, san am céanna, béim a leagan ar an tábhacht a bhaineann le cumais náisiúnta a choinneáil agus a fheabhsú a thuilleadh i leith freagairt a thabhairt ar chibearbhagairtí ar gach scála.

(7)

Tá breis iarrachtaí ag teastáil freisin chun feasacht saoránach, eagraíochtaí agus gnólachtaí a mhúscailt i dtaca le saincheisteanna cibearshlándála. Ina theannta sin, ós rud é go mbaineann teagmhais an bonn ó mhuinín i soláthraithe seirbhísí digiteacha agus sa mhargadh aonair digiteach féin, go háirithe i measc tomhaltóirí, ba cheart muinín a neartú a thuilleadh trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach maidir le leibhéal slándála tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC agus á áitiú nach féidir a ráthú, fiú le leibhéal ard deimhnithe cibearshlándála, go bhfuil táirge, seirbhís nó próiseas TFC go hiomlán sábháilte. Éascóidh deimhniú ar leibhéal an Aontais muinín mhéadaithe trí cheanglais chomhchoiteanna agus critéir mheastóireachta maidir leis an gcibearshlándáil a leagan síos sna hearnálacha agus margaí náisiúnta.

(8)

Ní hamháin gur saincheist a bhaineann le teicneolaíocht an chibearshlándáil ach tá iompraíocht an duine chomh tábhachtach céanna. Ar an ábhar sin, ba cheart “cibearshláinteachas”, eadhon, gnáthbhearta simplí a dhéanann an nochtadh do rioscaí ó chibearbhagairtí a íoslaghdú nuair a chuireann úsáideoirí, eagraíochtaí agus gnólachtaí chun feidhme agus i gcrích go rialta iad, a chur chun cinn.

(9)

Chun struchtúir chibearshlándála an Aontais a neartú, tá sé tábhachtach cumais na mBallstáit a choinneáil agus a fhorbairt chun freagairtí cuimsitheacha a thabhairt ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear teagmhais trasteorann.

(10)

Ba cheart faisnéis chruinn a bheith ag gnólachtaí agus tomhaltóirí aonair maidir le leibhéal dearbhaithe slándála na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na bpróiseas TFC atá acu a ndearnadh deimhniú orthu. San am céanna, níl aon táirge TFC nó seirbhís TFC slán ó thaobh na cibearshlándála de ina hiomláine agus nach mór rialacha bunúsacha maidir leis an gcibearshláinteachas a chur chun cinn agus tosaíocht a thabhairt do na rialacha sin. Ó tharla go bhfuil méadú ag teacht ar infhaighteacht gléasanna d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla, tá réimse beart deonach ann is féidir an earnáil phríobháideach a ghlacadh chun muinín i slándáil tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC a atreisiú.

(11)

Is minic a bhíonn táirgí agus córais nua-aimseartha TFC ag comhtháthú le, agus ag brath ar bhreis is teicneolaíocht agus comhchuid tríú páirtí amháin, amhail modúil bogearraí, leabharlanna nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár. D’fhéadfadh an spleáchas seo, dá ngairtear “cleithiúnas”, a bheith ina riosca breise cibearshlándála ós rud é go bhféadfadh leochaileachtaí a aimsítear i gcomhchodanna tríú páirtí tionchar díobhálach a imirt ar shlándáil na dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC chomh maith. Ina lán cásanna, cuireann sainaithint agus doiciméadú cleithiúnais den sórt sin ar chumas úsáideoirí deiridh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC feabhas a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí bainistíochta riosca cibearshlándála, mar shampla, trí fheabhas a chur ar bhainistíocht leochaileachta agus ar nósanna imeachta feabhsúcháin cibearshlándála na n-úsáideoirí.

(12)

Ba cheart spreagadh a thabhairt d’eagraíochtaí, monaróirí nó soláthraithe a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí TFC bearta a chur chun feidhme, ag na céimeanna tosaigh deartha agus forbartha chun na táirgí, na seirbhísí agus na próisis sin a chosaint a mhéad is féidir, sa dóigh go dtoimhdeofar go bhféadfaidh cibearionsaithe a bheith ann, agus go ndéanfar iarmhairt na n-ionsaithe sin a mheas agus a laghdú a oiread is féidir (“slándáil trí dhearadh”). Ba cheart saincheist na slándála a áirithiú le linn shaolré an táirge TFC, seirbhís TFC nó próisis TFC deartha agus forbartha a chur chun cinn ar feadh an ama chun an riosca dochair a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar úsáid mhailíseach a laghdú.

(13)

Ba cheart do ghnóthais, eagraíochtaí agus don earnáil phoiblí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC arna ndearadh acu a chumrú ar bhealach lena ndeimhnítear ardleibhéal slándála a chuirfeadh ar chumas an chéad úsáideora cumraíocht réamhshocraithe a bheith aige a bhfuil na socruithe is sábháilte is féidir ag baint léi (“slándáil trí réamhshocrú”) agus, ar an dóigh sin, an t-ualach a laghdú ar úsáideoirí ar ghá dóibh táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC a chumrú go hiomchuí. Níor cheart gur ghá cuid mhór cumraíochta, nó gur ghá tuiscint ar leith ar nithe teicniúla nó iompraíocht ó thaobh an úsáideora de nach bhfuil soiléir, agus ba cheart go bhféadfaí a bheith muiníneach go bhfeidhmeodh sé gan stró agus go hiontaofa i gcás ina gcuirfí chun feidhme é. I gcás, ar bhonn cás ar chás, inarb é conclúid na hanailíse inúsáidteachta agus riosca nach mbeidh socrú trí réamhshocrú den sórt sin indéanta, ba cheart a mheabhrú d’úsáideoirí an socrú is sábháilte is féidir a roghnú.

(14)

Bunaíodh ENISA le Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) d’fhonn cur leis na spriocanna leibhéal ard slándála gréasán agus faisnéise a áirithiú laistigh den Aontas agus cultúr slándála gréasán agus faisnéise a fhorbairt chun leasa saoránach, tomhaltóirí, gnóthas agus riarachán poiblí. Cuireadh síneadh le sainordú ENISA le Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) go dtí mí an Mhárta 2012. Le Rialachán (AE) Uimh. 580/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), cuireadh síneadh breise le sainordú ENISA go dtí an 13 Meán Fómhair 2013. Cuireadh síneadh le sainordú ENISA le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 go dtí mí an 19 Meithimh 2020.

(15)

Tá roinnt beart tábhachtach déanta ag an Aontas cheana chun an chibearshlándáil a áirithiú agus chun an mhuinín as teicneolaíochtaí digiteacha a mhéadú. In 2013, glacadh Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh chun freagairt bheartais an Aontais ar bhagairtí agus rioscaí cibearshlándála a threorú. Chun iarracht a dhéanamh cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh ar líne, glacadh an chéad ghníomh reachtach i réimse chibearshlándáil an Aontais, Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Leis an Treoir (AE) 2016/1148 maidir le slándáil gréasán agus faisnéise, leagadh síos ceanglais maidir leis na hinniúlachtaí náisiúnta i réimse na cibearshlándála, bunaíodh na chéad sásraí chun comhar straitéiseach agus oibríochtúil a fheabhsú idir na Ballstáit, agus tugadh isteach oibleagáidí maidir le bearta slándála agus fógraí faoi theagmhais i réimsí áirithe atá ríthábhachtach don gheilleagar agus don tsochaí amhail fuinneamh, iompar, soláthair agus dáilte uisce óil, baincéireacht, bonneagair an mhargaidh airgeadais, cúram sláinte, an bonneagar digiteach mar aon le príomhsholáthraithe seirbhísí digiteacha (innill chuardaigh, seirbhísí néalríomhaireachta agus margaí ar líne).

Tugadh ról lárnach do ENISA maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin a thacú. Ina theannta sin, tosaíocht thábhachtach de chuid an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an tSlándáil is ea an chibearchoireacht a chomhrac go héifeachtúil, agus is cuidiú í maidir leis an gcuspóir foriomlán, mar atá ardleibhéal cibearshlándála a bhaint amach. A bhuí le gníomhartha eile dlí, Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus Treoir 2002/58/CE (11) agus Treoir (AE) 2018/1972 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear freisin le hardleibhéal cibearshlándála sa mhargadh aonair digiteach.

(16)

Ó glacadh Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh in 2013, aithnítear go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an gcomhthéacs foriomlán beartais agus ón uair dheireanach a rinneadh sainordú ENISA a athbhreithniú, agus baineann cuid de na hathruithe sin le timpeallacht dhomhanda atá níos éiginnte agus nach bhfuil chomh slán is a bhíodh. I bhfianaise an mhéid sin agus i gcomhthéacs na forbartha dearfaí atá tagtha ar ról ENISA mar phointe tagartha i ndáil le comhairle agus saineolas, agus mar éascaitheoir maidir le comhordú agus fothú acmhainne agus, chomh maith leis sin, faoi chuimsiú bheartas cibearshlándála nua an Aontais, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar shainordú ENISA chun a ról san éiceachóras cibearshlándála athraithe a shainiú, agus chun a áirithiú go rannchuidíonn sé go héifeachtach le freagairt an Aontais ar dhúshláin chibearshlándála a eascraíonn as an réimse an bhagairt cibearshlándála atá athraithe go radacach agus nach leor an sainordú atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leo, rud a aithníodh le linn na meastóireachta ar ENISA.

(17)

Ba cheart do ENISA arna bunú leis an Rialachán seo teacht i gcomharbas ar ENISA mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013. Ba cheart do ENISA na cúraimí arna dtabhairt di leis an Rialachán seo agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i réimse na cibearshlándála, i measc rudaí eile, a dhéanamh trí chomhairle agus saineolas a sholáthar trí fheidhmiú mar lárionad faisnéise agus eolais de chuid an Aontais. Ba cheart di malartú dea-chleachtas idir na Ballstát agus geallsealbhóirí príobháideacha a chur chun cinn, moltaí beartais a chur chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit, feidhmiú mar phointe tagartha do thionscnaimh earnálacha bheartais an Aontais maidir le cúrsaí cibearshlándála agus comhar oibríochtúil a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus institiúidí araon, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

(18)

Faoi chuimsiú Chinneadh (CE, Euratom) 2004/97, Euratom, arna ghlacadh de thoil a chéile ag cruinniú Ionadaithe na mBallstát ar leibhéal na gCeannairí Stát nó Rialtas (13), chinn ionadaithe na mBallstát go mbeadh ceannoifig ENISA i mbaile sa Ghréig a roghnódh rialtas na Gréige. Ba cheart do Bhallstát óstach ENISA na dálaí is fearr is féidir a áirithiú i gcomhair oibriú rianúil agus éifeachtúil ENISA. Chun a áirithiú go ndéanfaidh ENISA a cuid cúraimí go cuí agus go héifeachtúil, go n-earcófar agus go gcoimeádfar an fhoireann agus go gcuirfear le héifeachtúlacht gníomhaíochtaí gréasánaithe, tá sé ríthábhachtach go lonnófar ENISA i suíomh iomchuí ina soláthraítear, i measc nithe eile, naisc iomchuí iompair agus saoráidí le haghaidh céilí agus leanaí a bheidh i dteannta bhaill foirne ENISA. Ba cheart na socruithe riachtanacha a leagan síos i gcomhaontú idir ENISA agus an Ballstát óstach arna chur i gcrích tar éis formheas a fháil ó Bhord Bainistíochta ENISA.

(19)

I bhfianaise an mhéadaithe ar na rioscaí agus na dúshláin chibearshlándála atá roimh an Aontas, ba cheart na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar ENISA a mhéadú chun an ról níos tábhachtaí atá aici agus na cúraimí breise atá uirthi a léiriú, agus chun go léireofaí an ról ríthábhachtach atá aici in éiceachóras eagraíochtaí atá ag cosaint an éiceachórais dhigitigh an Aontais, lena gceadaítear do ENISA na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtach.

(20)

Ba cheart do ENISA leibhéal ard saineolais a fhorbairt agus a chothabháil, agus feidhmiú mar phointe tagartha chun muinín agus iontaoibh a bhunú sa mhargadh aonair de bhua a neamhspleáchais, ardchaighdeán na comhairle agus na faisnéise a thugann sí, thrédhearcacht a nósanna imeachta agus a modhanna oibriúcháin, agus a dúthrachtacha i dtaobh a cúraimí a dhéanamh. Ba cheart do ENISA tacú go gníomhach le hiarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí an Aontais nuair atá a cúraimí á ndéanamh aici i gcomhar iomlán le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit, lena seachnófar aon dúbailt oibre, agus lena ndéanfar sineirge a chur chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA cur leis an ionchur agus le comhar ón earnáil phríobháideach agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile. Ba cheart a leagan síos i bhfoirm tacar cúraimí an chaoi a ndéanfaidh ENISA a cuspóirí a bhaint amach, ach solúbthacht ina cuid oibríochtaí a éascú ag an am céanna.

(21)

Chun go mbeidh sí in ann tacaíocht leormhaith a sholáthar do chomhar oibríochtúil idir na Ballstáit, ba cheart do ENISA a cuid cumas agus scileanna teicniúla agus daonna a neartú a thuilleadh. Ba cheart do ENISA a fhios gnó agus a chumais a mhéadú. D’fhéadfadh ENISA agus na Ballstáit, ar bhonn deonach, cláir a fhorbairt chun saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do ENISA, lena gcuirfear ar bun díormaí saineolaithe agus malartú foirne.

(22)

Ba cheart do ENISA cuidiú leis an gCoimisiún trí bhíthin comhairle, tuairimí agus anailísí maidir le cúrsaí uile an Aontais a bhaineann le beartais agus dlí a fhorbairt, a nuashonrú agus a athbhreithniú i réimse na cibearshlándála, mar aon leis na gnéithe earnáilsonracha a bhaineann léi, chun cur le hábharthacht na mbeartas agus na ndlíthe sin de chuid an Aontais lena mbaineann gné chibearshlándála agus an chomhsheasmhacht a áirithiú i dtaca le cur chun feidhme na mbeartas agus na ndlíthe sin ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart do ENISA gníomhú mar phointe tagartha comhairle agus saineolais do thionscnaimh earnáilsonracha beartais agus dlí i gcás cúrsaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil. Ba cheart do ENISA tuairisc rialta cothrom le dáta a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoina bhfuil ar siúl aici.

(23)

Le croí poiblí an idirlín oscailte, eadhon na príomhphrótacail agus an príomhbhonneagar a bhaineann leis, ar earra poiblí domhanda é, cuirtear an fheidhmiúlacht bhunriachtanach ar fáil don idirlíon ina iomláine agus cuirtear bonn ceart faoina ghnáthoibriú. Ba cheart do ENISA tacú le slándáil croí poiblí an idirlín oscailte agus cobhsaíocht fheidhmiú an idirlín, lena n-áirítear prótacail ríthábhachtacha (go háirithe DNS, BGP, agus IPv6), oibriú an chórais ainmneacha fearainn (amhail feidhmiú na hainmneacha fearann ar fad de chuid na bhfearann barrleibhéil) agus oibriú an fhréamhchreasa, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

(24)

Is é bunchúram ENISA cur chun feidhme comhleanúnach an chreata dlí ábhartha a chur chun cinn, go háirithe cur chun feidhme éifeachtúil na Treorach (AE) 2016/1148 agus ionstraimí ábhartha eile dlí a bhfuil gnéithe cibearshlándála iontu, rud atá riachtanach chun cibear-athléimneacht a fheabhsú. I bhfianaise thimpeallacht bhagartha na cibearshlándála atá ag athrú go tapa, is léir gur gá cur chuige trasbheartas níos cuimsithí i dtaca le cibear-athléimneacht a fhorbairt chun cuidiú leis na Ballstáit.

(25)

Ba cheart do ENISA cuidiú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus leis na Ballstáit lena n-iarrachtaí inniúlachtaí agus ullmhacht a bhunú agus a fheabhsú chun cibeartheagmhais agus cibearbhagairtí a chosc, a bhrath agus chun freagairt orthu, agus maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise. Go háirithe, ba cheart do ENISA tacú le forbairt agus feabhsú Foirne Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (“CSIRTanna”) dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1148, bíodh sé ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal an Aontais d’fhonn ardleibhéal comhchoiteann a bhaint amach i dtaca lena n-aibíocht san Aontas. Pé gníomhaíochtaí a dhéanfaidh ENISA i dtaca le cumais oibríochtúla na mBallstát, ba cheart dóibh tacú go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfadh na Ballstáit féin chun a gcuid oibleagáidí faoi Treoir (AE) 2016/1148 a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, níor cheart go sáródh siad gníomhaíochtaí na mBallstát.

(26)

Ba cheart do ENISA cuidiú a thabhairt freisin maidir le straitéisí an Aontais agus, arna iarraidh sin, straitéisí na mBallstát maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe i dtaca leis an gcibearshlándáil, agus ba cheart do ENISA scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme a leanúint. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA cabhrú chun go gcumhdófar an gá a bheidh le cúrsaí oiliúna agus ábhair oiliúna a chur ar fáil, lena n-áirítear d’eagraíochtaí poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, a mhéad is féidir “oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí”, ag cur leis an gCreat Eorpach maidir le hInniúlacht Dhigiteach do na Saoránaigh d’fhonn cuidiú leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a n-inniúlachtaí oiliúna féin a fhorbairt.

(27)

Ba cheart do ENISA tacú leis na Ballstáit ó thaobh na múscailte feasachta de agus an oideachais i réimse na cibearshlándála trí chomhordú níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú. Mar chuid den tacaíocht sin, d’fhéadfaí líonra de phointí teagmhála náisiúnta oideachais agus ardán oiliúna cibearshlándála a fhorbairt. D’fhéadfadh an líonra de phointí teagmhála náisiúnta oideachais oibriú laistigh de Líonra na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina thúsphointe don chomhordú idir na Ballstáit amach anseo.

(28)

Ba cheart do ENISA cuidiú leis an nGrúpa Comhair a bunaíodh le Treoir (AE) 2016/1148, a chúraimí a dhéanamh, go mór mór trí shaineolas agus comhairle a chur ar fáil agus trí mhalartú dea-chleachtas maidir le rioscaí agus teagmhais a éascú, agus cuidiú a thabhairt inter alia do na Ballstáit oibreoirí seirbhísí riachtanacha mar aon le dea-chleachtais i dtaobh spleáchais trasteorann a shainaithint.

(29)

D’fhonn comhar a chothú idir an earnáil phoiblí agus phríobháideach agus laistigh den earnáil phríobháideach, chun tacú go háirithe le cosaint na mbonneagar criticiúil, ba cheart do ENISA tacaíocht a thabhairt do chomhroinnt faisnéise idir na hearnálacha sin agus laistigh díbh, go háirithe sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148, trí dhea-chleachtais agus treoir a sholáthar i dtaca leis na huirlisí atá ar fáil, agus leis an nós imeachta, agus treoir a chur ar fáil maidir le dul i ngleic le saincheisteanna rialála a bhaineann le comhroinnt faisnéise, mar shampla trí chur ar bun lárionad um chomhroinnt agus anailís faisnéise a éascú.

(30)

De bhrí go bhfuil méadú ag teacht de shíor ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag leochaileachtaí i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC tá sé tábhachtach teacht ar na leochaileachtaí sin agus iad a leigheas chun an riosca foriomlán a bhaineann leis an gcibearshlándáil a laghdú. Tá fianaise ann a léiríonn go méadaítear go suntasach, a bhuí leis an gcomhar idir eagraíochtaí, monaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC leochaileacha, agus taighdeoirí cibearshlándála agus rialtais a thagann ar na leochaileachtaí sin, go méadaítear ráta braite na leochaileachtaí i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, ina theannta sin, go méadaítear an ráta lena leigheastar iad. Le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí, sonraítear próiseas struchtúrtha comhair lena dtugtar tuairisc ar leochaileachtaí d’úinéir an chórais faisnéise, rud a thugann deis don eagraíocht an leochaileacht a dhiagnóisiú agus a leigheas sula nochtar faisnéis mhionsonraithe faoin leochaileacht do thríú páirtithe nó don phobal. Sa bhreis air sin, déantar leis an bpróiseas foráil maidir le comhordú idir an páirtí a tháinig ar na leochaileachtaí agus an eagraíocht maidir leis na leochaileachtaí sin a phoibliú. Is féidir le próisis bhainistithe maidir le nochtadh comhordaithe na leochaileachtaí ról tábhachtach a bheith acu in iarrachtaí na mBallstát chun an chibearshlándáil a chur chun cinn.

(31)

Ba cheart do ENISA comhiomlánú agus anailís a dhéanamh ar thuarascálacha náisiúnta ó CSIRTanna agus Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire Idirinstitiúideach d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bunaíodh le Socrú idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Coimisiún, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Chúirt Iniúchóirí, nó an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“SEGS”), Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maidir le heagrú agus le hoibriú an Foireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT-EU) (14) arna gcomhroinnt go deonach, d’fhonn cuidiú nósanna imeachta comhchoiteanna, friotal comhchoiteann agus téarmeolaíocht chomhchoiteann a chur ar bun chun faisnéis a mhalartú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart ról a bheith ag an earnáil phríobháideach in ENISA, faoi chuimsiú na Treorach (AE) 2016/1148 lenar leagadh síos na forais le haghaidh malartú deonach faisnéise teicniúla ar an leibhéal oibríochtúil i líonra na bhfoirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí (“líonra CSIRTanna”), a cruthaíodh leis an dTreoir sin.

(32)

Ba cheart do ENISA cuidiú le freagairtí ar leibhéal an Aontais i gcás teagmhais agus géarchéimeanna mórscála trasteorann a bhaineann le cibearshlándáil. Ba cheart an fheidhm sin a chomhlíonadh i gcomhréir le sainordú ENISA faoin Rialacháin seo agus le cur chuige arna chomhaontú i measc na mBallstát faoi chuimsiú an Mholta (AE) 2017/1584 (15) ón gCoimisiún agus conclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018 maidir le Freagairt Chomhordaithe ón Aontas ar Theagmhais agus Géarchéimeanna Mórscála Cibearshlándála. Mar chuid den tasc sin, d’fhéadfadh ENISA faisnéis ábhartha a bhailiú agus gníomhú mar éascaitheoir idir líonra CSIRTanna agus an comhphobal teicniúil agus idir lucht déanta cinntí atá freagrach as bainistiú géarchéimeanna. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA tacú leis an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó, i gcás láimhseáil teagmhas ón taobh teicniúil de trí mhalartuithe ábhartha réitigh theicniúla idir na Ballstáit a éascú agus trí ionchur a sholáthar i gcumarsáidí poiblí. Ba cheart do ENISA tacú le comhar oibríochtúil trí shocruithe an chomhair sin a thástáil trí bhíthin cleachtaí rialta cibearshlándála.

(33)

Agus tacaíocht á tabhairt aici don chomhar oibríochtúil, ba cheart do ENISA an saineolas teicniúil agus oibríochtúil atá ag CERT-EU a chur ar fáil trí bhíthin comhar struchtúrtha. Le comhar struchtúrtha den sórt sin, d’fhéadfadh sé cur le saineolas ENISA. I gcás inarb iomchuí sin, ba cheart socruithe tiomnaithe a leagan síos idir an dá eintiteas chun cur chun feidhme praiticiúil an chomhair sin a shainiú agus an dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint.

(34)

I gcomhréir leis na cúraimí sin dá cuid lena dtacaíonn sí leis an gcomhar oibríochtúil laistigh den líonra CSIRTanna, ba cheart do ENISA a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na Ballstáit, arna hiarraidh sin dóibh, trí chomhairle a chur ar fáil maidir lena gcumas a fheabhsú chun teagmhais a chosc, a bhrath, agus chun freagairt orthu, trí láimhseáil theicniúil na dteagmhas sin a fhágann lorg suaithinseach nó suntasach a éascú, nó trína áirithiú go ndéantar anailís ar gach bagairt agus teagmhas. Ba cheart do ENISA láimhseáil theicniúil na dteagmhas sin a fhágann lorg suaithinseach nó suntasach a éascú, go háirithe trí thacú le comhroinnt dheonach réiteach teicniúil i measc na mBallstát nó trí fhaisnéis theicniúil chomhcheangailte a chur ar fáil, amhail réitigh theicniúla arna gcomhroinnt go deonach ag na Ballstáit. Sa Mholadh (AE) 2017/1584, moltar go gcomhoibreoidh na Ballstáit de mheon macánta agus go roinnfidh siad eatarthu féin agus le ENISA faisnéis faoi theagmhais agus géarchéimeanna mórscála a bhaineann le cibearshlándáil gan moill mhíchuí. Bheadh an faisnéis sin ina cuidiú breise do ENISA a chúraimí a dhéanamh chun tacú le comhar oibríochtúil.

(35)

Mar chuid den chomhar rialta a bhíonn ar siúl ar an leibhéal teicniúil chun tacú le feasacht staide an Aontais, ba cheart do ENISA, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, Tuarascáil mionsonraithe an Aontais ar staid theicniúil na cibearshlándála i dtaca le teagmhais agus cibearbhagairtí a ullmhú go tráthrialta, agus ba cheart na tuarascálacha sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, ar a hanailís féin, agus ar thuarascálacha arna roinnt léi ag CSIRTanna na mBallstát nó na hIonaid Ilfhreastail náisiúnta maidir le slándáil gréasán agus córais faisnéise ag (“Ionaid Ilfhreastail”) dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/1148, ar bhonn deonach araon, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa (EC3) ag Europol, CERT-EU agus, i gcás inarb iomchuí, ag Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (EU INTCEN) atá mar chuid den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS). Ba cheart an tuarascáil sin a bheith ar fáil do na páirtithe sa Chomhairle, sa Choimisiún, d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do Líonra CSIRTanna.

(36)

An tacaíocht a thabharfaidh ENISA d’fhiosruithe teicniúla ex post ar theagmhais a raibh tionchar suaithinseach nó suntasach acu, tacaíocht a thabharfar arna hiarraidh sin do na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart í a bheith dírithe ar theagmhais den chineál sin a sheachaint arís. Na Ballstáit lena mbaineann, ba cheart dóibh pé faisnéis agus cúnamh is riachtanach a sholáthar chun gur féidir le ENISA tacú leis an bhfiosrú teicniúil ex post go héifeachtúil.

(37)

Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar na gnóthais a mbaineann an teagmhas leo comhoibriú trí fhaisnéis agus cúnamh atá riachtanach a sholáthar do ENISA gan dochar dá gceart faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus faisnéis atá ábhartha don tslándáil phoiblí a chosaint.

(38)

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá ann i réimse na cibearshlándála, agus d’fhonn comhairle straitéiseach fhadtéarmach a thabhairt do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, is gá do ENISA anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart do ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit agus, de réir mar is iomchuí, i gcomhar le comhlachtaí staitistiúla agus comhlachtaí eile, faisnéis ábhartha, atá ar fáil go poiblí nó arna comhroinnt go deonach, a bhailiú agus anailísiú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus measúnuithe a dhéanamh a bhaineann go sonrach le topaic ar leith i dtaobh an tionchair a mheastar a bheidh ag nuálaíochtaí teicneolaíochta ar shlándáil gréasán agus faisnéise, agus go háirithe ar chibearshlándáil, ó thaobh na sochaí, an dlí, an gheilleagair agus na rialála de. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais rioscaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus teagmhais a chosc, trí anailís a dhéanamh ar chibearbhagairtí, leochaileachtaí agus teagmhais.

(39)

Chun gur móide teacht aniar an Aontais, ba cheart do ENISA saineolas a fhorbairt i réimse chibearshlándáil na n-infreastruchtúr a thacaíonn, go háirithe, leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148 agus leis na hinfreastruchtúir arna n-úsáid ag na soláthraithe seirbhíse digití a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, trí chomhairle a sholáthar, treoirlínte a eisiúint agus dea-chleachtais a mhalartú. D’fhonn rochtain níos éasca a áirithiú ar fhaisnéis struchtúrtha faoi rioscaí cibearshlándála agus réitigh fhéideartha, ba cheart do ENISA “mol faisnéise” an Aontais a fhorbairt agus a chothabháil, ar tairseach ilfhreastail é ar a gcuirfear ar fáil don phobal faisnéis faoin gcibearshlándáil a thagann ón Aontas agus ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí náisiúnta. Le rochtain a éascú ar fhaisnéis níos struchtúrtha faoi rioscaí cibearshlándála agus réitigh fhéideartha, is féidir cabhrú leis na Ballstáit chomh maith a n-acmhainní a threisiú agus a gcleachtais a ailíniú agus, ar an gcaoi sin, a n-athléimneacht fhoriomlán a mhéadú nuair a dhéantar cibearionsaithe.

(40)

Ba cheart do ENISA cuidiú a thabhairt chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir le rioscaí cibearshlándála, lena n-áirítear trí fheachtas múscailte feasachta a chur ar bun ó cheann ceann an Aontais agus trí oideachas a chur chun cinn, agus treoir a thabhairt do shaoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí maidir le dea-chleachtais le haghaidh úsáideoirí aonair. Ba cheart do ENISA cuidiú a thabhairt freisin chun dea-chleachtais agus réitigh, lena n-áirítear an cibearshláinteachas agus an chibearlitearthacht, a chur chun cinn ar leibhéal na saoránach, eagraíochtaí agus gnólachtaí trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le teagmhais shuntasacha a bhailiú agus a anailísiú agus trí thuarascálacha agus treoir a thiomsú agus a fhoilsiú d’fhonn comhairle a thabhairt do saoránaigh, eagraíochtaí agus gnólachtaí, leibhéal foriomlán na hullmhachta agus na hathléimneachta a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA a dhícheall a dhéanamh chun faisnéis ábhartha maidir le scéimeanna deimhniúcháin is infheidhme a sholáthar do thomhaltóirí, mar shampla trí threoirlínte agus moltaí a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta um Oideachas Digiteach arna bunú le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 agus i gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais feachtais rialta for-rochtana agus oideachais phoiblí a eagrú a bheidh dírithe ar úsáideoirí deiridh, arb é is aidhm dóibh iompraíocht níos sábháilte ar líne agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn i measc daoine aonair, agus feasacht a mhúscailt maidir le cibearbhagairtí féideartha a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear gníomhaíocht choiriúil ar líne amhail ionsaithe fioscaireachta, róbatlíonta, calaois airgeadais agus baincéireachta, teagmhais maidir le calaois sonraí agus, chomh maith leis sin, comhairle maidir le fíordheimhniú ilfhachtóra bunúsach, paisteáil, cripteachán, anaithnidiú agus cosaint sonraí a chur chun cinn.

(41)

Ba cheart ról lárnach a bheith ag ENISA maidir le feasacht a mhúscailt i measc úsáideoirí deiridh i dtaca le slándáil gléasanna agus úsáid shlán seirbhísí, lena ndéanfaí aird a tharraingt, ar leibhéal an Aontais, ar shlándáil trí dhearadh agus príobháideachas trí dhearadh ag leibhéal an Aontais. Ba cheart do ENISA leas a bhaint as an dea-chleachtas agus as an taithí is fearr atá ann agus í ag gabháil don chuspóir sin, go háirithe institiúidí acadúla agus taighdeoirí slándála i réimse TF.

(42)

Chun tacú leis na gnólachtaí atá ag gníomhú i réimse na cibearshlándála, agus le húsáideoirí réiteach cibearshlándála, ba cheart do ENISA “faireachlann mhargaidh” a fhorbairt agus a chothabháil trí anailísiú rialta a dhéanamh agus trí na príomhthreochtaí i margadh na cibearshlándála a scaipeadh, ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon.

(43)

Ba cheart do ENISA cur le hiarrachtaí an Aontais an comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chothú agus, chomh maith leis sin, faoi chuimsiú na gcreataí ábhartha idirnáisiúnta comhair i réimse na cibearshlándála. Ba cheart do ENISA, go háirithe, cuidiú, i gcás inarb iomchuí, leis an gcomhar le heagraíochtaí amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). D’fhéadfadh a bheith sa chomhar sin cleachtaí comhpháirteacha cibearshlándála agus comhordú comhpháirteach freagartha ar theagmhais. Déanfar na gníomhaíochtaí sin agus urraim iomlán á léiriú do phrionsabail na cuimsitheachta, na cómhalartachta agus neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais, gan dochar do shainchineál beartais slándála agus cosanta aon Bhallstáit.

(44)

Chun a áirithiú go n-éireoidh léi a cuspóirí a bhaint amach ina n-iomláine, ba cheart do ENISA idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis mhaoirseachta ábhartha de chuid an Aontais agus údaráis inniúla eile san Aontas, agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear CERT-EU, EC3, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), an Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Domhanda Loingseoireachta Satailíte (an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS), Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC), an Ghníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta (EASA) agus aon ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais atá bainteach leis an gcibearshlándáil. Ba cheart do ENISA freisin idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis a phléann le cosaint sonraí chun saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna cibearshlándáil a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre. Ba cheart go mbeadh ionadaithe údarás forfheidhmithe dlí agus um shonraí a chosaint, arb údaráis náisiúnta agus údaráis de chuid an Aontais iad, i dteideal ionadaíocht a bheith acu ar Ghrúpa Comhairleach ENISA. Trí idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe dlí maidir le gnéithe slándála gréasán agus faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a gcuid oibre, ba cheart do ENISA bealaí faisnéise atá ann cheana agus gréasáin atá bunaithe a urramú.

(45)

D’fhéadfaí comhpháirtíochtaí a bhunú le hinstitiúidí acadúla a bhfuil tionscnaimh taighde acu sna réimsí ábhartha agus, san am céanna, ba cheart go ndéanfaí ionchur ó eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí eile a ghlacadh trí bhíthin na mbealaí iomchuí agus ba cheart é a chur san áireamh.

(46)

Ba cheart do ENISA, ina cáil mar rúnaíocht do líonra CSIRTanna, tacú le CSIRTanna na mBallstát agus le CERT-EU i dtaca leis an gcomhar oibríochtúil i dtaobh chúraimí ábhartha uile Líonra CSRITanna, dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/1148. Thairis sin, ba cheart do ENISA tacú le comhar idir na CSIRTanna ábhartha agus é a chur chun cinn i gcás teagmhas, ionsaithe nó briseadh i ngréasáin nó i mbonneagar arna mbainistiú nó arna gcosaint ag CSRITanna agus lena mbaineann dhá CERT ar a laghad, nó lena bhféadfadh baint a bheith ag dhá CSIRT ar a laghad, agus aird chuí á tabhairt ar nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha líonra CSIRTanna.

(47)

D’fhonn ullmhacht an Aontais a fheabhsú i dtaca le freagairt ar theagmhais, ba cheart do ENISA cleachtaí rialta cibearshlándála a eagrú ar leibhéal an Aontais agus tacú leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cleachtaí den sórt sin a eagrú, arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart cleachtaí cuimsitheach ar mhórscála a eagrú, lena gcuirtear san áireamh gnéithe teicniúla, oibríochtúla nó straitéiseacha ar bhonn débhliantúil. Sa bhreis air sin, ba cheart do ENISA a bheith in ann cleachtaí nach bhfuil chomh cuimsitheach céanna a eagrú go rialta a mbeidh an sprioc chéanna acu, is é sin ullmhacht an Aontais a fheabhsú i dtaca le freagairt ar theagmhais.

(48)

Ba cheart do ENISA a cuid saineolais i dtaca le deimhniú cibearshlándála a fhorbairt agus a chothabháil d’fhonn tacú le beartas an Aontais sa réimse sin. Ba cheart do ENISA cur leis na dea-chleachtais atá ann cheana agus glacadh an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn laistigh den Aontas, trí rannchuidiú, i measc nithe eile, le creat um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a bhunú agus a chothabháil ar leibhéal an Aontais (creat Eorpach um dheimhniúchán cibearshlándála), d’fhonn trédhearcacht an mheasúnaithe chibearshlándála do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, muinín sa mhargadh inmheánach digiteach agus a hiomaíochas a threisiú.

(49)

Ba cheart beartais éifeachtúla cibearshlándála a bheith bunaithe ar mhodhanna measúnaithe riosca atá dea-fhorbartha, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Baintear úsáid as leibhéal éagsúla modhanna um measúnú riosca gan cleachtas comhchoiteann ar bith a bheith ann i dtaobh conas iad a chur i bhfeidhm go héifeachtúil. Déanfar leibhéal na cibearshlándála san Aontas a mhéadú trí dhea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt i dtaobh measúnú riosca agus i dtaobh réitigh idir-inoibritheacha bainistithe riosca in eagraíochtaí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí. Chun na críche sin, ba cheart do ENISA tacú le comhar idir geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha ar leibhéal an Aontais, agus a gcuid iarrachtaí maidir le bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú i dtaobh bainistíochta riosca agus i dtaobh slándála intomhaiste táirgí leictreonacha, córas leictreonach agus gréasáin agus seirbhísí leictreonacha, lena gcomhdhéantar na córais gréasán agus faisnéise in éineacht le bogearraí.

(50)

Ba cheart do ENISA na Ballstáit, monaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a spreagadh chun a gcuid caighdeán ginearálta slándála a fheabhsú ionas go ndéanfaidh gach úsáideoir Idirlín na bearta is gá chun a chuid cibearshlándála pearsanta a áirithiú agus ba cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun na críche sin. Go háirithe, ba cheart do mhonaróirí agus soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nuashonruithe riachtanacha a chur ar fáil agus táirgí, seirbhísí nó próisis nach gcomhlíonann caighdeáin chibearshlándála a aisghairm, a tharraingt siar nó a athchúrsáil agus, san am céanna, ba cheart d’allmhaireoirí agus dáileoirí a áirithiú go gcomhlíonann táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a chuireann siad ar mhargadh AE na ceanglais is infheidhme agus nach mbeidh siad ina riosca do thomhaltóirí an Aontais.

(51)

I gcomhar leis na húdaráis inniúla, ba cheart do ENISA a bheith in ann faisnéis a scaipeadh maidir le leibhéal cibearshlándála na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na bpróiseas TFC atá á dtairiscint sa mhargadh inmheánach, agus foláirimh a eisiúint dírithe ar mhonaróirí agus soláthraithe a cheangal orthu slándáil a dtáirgí TFC, a seirbhísí TFC agus a próisis TFC, lena n-áirítear an chibearshlándáil, a fheabhsú.

(52)

Ba cheart do ENISA lánaird a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá ar bun faoi láthair maidir le taighde, forbairt agus measúnú teicneolaíoch, go háirithe na gníomhaíochtaí sin arna ndéanamh ag tionscnaimh taighde éagsúla an Aontais chun comhairle a chur ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit, arna hiarraidh sin dóibh, maidir le riachtanais agus tosaíochtaí taighde i réimse na cibearshlándála. Chun gur féidir riachtanais agus tosaíochtaí taighde a shainaithint, ba cheart do ENISA dul i gcomhairle leis na húsáideoirí ábhartha. Féadfar, go háirithe, comhar a chur ar bun leis an gComhairle Eorpach um Thaighde, leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus le hInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála.

(53)

Ba cheart do ENISA dul i gcomhairle go rialta le heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, go háirithe tráth a n-ullmhaítear scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil.

(54)

Is saincheisteanna domhanda cibearbhagairtí. Tá gá le comhar idirnáisiúnta níos dlúithe chun caighdeáin chibearshlándála a fheabhsú, lena n-áirítear noirm chomhchoiteanna iompraíochta a shainiú agus cóid iompair a ghlacadh, an úsáid a bhaintear as caighdeáin idirnáisiúnta, agus comhroinnt faisnéise, lena gcuirtear comhoibriú idirnáisiúnta níos mire chun cinn mar fhreagra ar shaincheisteanna slándála gréasán agus faisnéise agus mar chur chuige comhchoiteann domhanda maidir leo sin. Chun na críche sin, ba cheart do ENISA tacú le rannpháirteachas breise de chuid an Aontais agus comhar breise le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta trí shaineolas agus anailís riachtanach a sholáthar do na comhlachtaí agus do na hinstitiúidí, do na comhlachtaí, do na hoifígí agus dona gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí.

(55)

Ba cheart go mbeadh ENISA in ann freagairt a thabhairt ar iarrataí ad hoc ar chomhairle agus cúnamh ó na Ballstáit agus ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, a thagann faoi chuimsiú shainordú ENISA.

(56)

Maidir le rialachas ENISA, is stuama agus is inmholta prionsabail áirithe ón Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann a chur chun feidhme, ráiteas a chomhaontaigh an Grúpa Oibre Idirinstitiúideach ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh i mí Iúil 2012, arb é is cuspóir leis gníomhaíochtaí gníomhaireachtaí díláraithe a chuíchóiriú agus a bhfeidhmiú a fheabhsú. Ina theannta sin, na moltaí a thugtar sa Ráiteas Comhpháirteach agus Cur Chuige Coiteann, ba cheart iad a bheith le feiceáil, de réir mar is iomchuí, i gCláir Oibre ENISA, meastóireachtaí ENISA, agus cleachtas tuairiscithe agus riaracháin ENISA.

(57)

Ba cheart don Bhord Bainistíochta, ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, treo ginearálta oibríochtaí ENISA a bhunú agus a áirithiú go gcuireann sí a cúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chur ar iontaoibh an Bhoird Bainistíochta na cumhachtaí is gá chun an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht ENISA, doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh agus deireadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

(58)

Ionas go bhfeidhmeodh ENISA go héifeachtúil agus mar is cuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an taithí agus an saineolas gairmiúil ag na daoine atá le ceapadh ina gcomhaltaí den Bhord Bainistíochta. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú freisin chun leanúnachas in obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú.

(59)

Ar mhaithe le feidhmiú rianúil ENISA, ní mór an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh na cibearshlándála. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhualgais a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin togra a ullmhú le haghaidh chlár oibre bliantúil ENISA, tar éis dó dul i gcomhairle roimh ré leis an gCoimisiún, agus ba cheart dó na céimeanna ar fad is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear clár oibre ENISA i bhfeidhm mar is cuí. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil a ullmhú a bheidh le cur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta, lena gcumhdaítear cur chun feidhme chlár oibre bliantúil ENISA, dréachtráiteas faoi mheastacháin ar ioncam agus caiteachas a tharraingt suas do ENISA, agus an buiséad a chur chun feidhme. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de rogha ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin grúpaí oibre ad hoc a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair shonracha, go háirithe ábhair a bhaineann leis an eolaíocht, leis an teicneolaíocht, leis an dlí nó leis an tsocheacnamaíocht. Go háirithe, maidir le scéim shonrach d’iarrthacha Eorpacha deimhniúcháin (“scéim iarrthach”) a ullmhú, meastar nach mór grúpa oibre ad hoc a chur ar bun. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú go ndéanfar comhaltaí na ngrúpaí oibre ad hoc a roghnú de réir na gcaighdeán is airde saineolais, agus é mar aidhm leis cothromaíocht a bheith ann ó thaobh inscne de, de réir mar is iomchuí i dtaca leis na saincheisteanna i dtrácht, idir riaracháin phoiblí na mBallstát, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus an earnáil phríobháideach, lena n-áirítear lucht tionscail, úsáideoirí agus saineolaithe acadúla ar an tslándáil gréasán agus faisnéise.

(60)

Ba cheart don Bhord Feidhmiúcháin cuidiú leis an mBord Bainistíochta feidhmiú go héifeachtúil. Mar chuid den obair ullmhúcháin a bhaineann le cinntí an Bhoird Bainistíochta, ba cheart Bhord Feidhmiúcháin mionscrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ábhartha agus na roghanna atá ar fáil a fhiosrú agus comhairle agus réitigh a mholadh i dtaca le cinntí an Bhoird Bainistíochta a ullmhú.

(61)

Ba cheart Grúpa Comhairleach ENISA a bheith ag ENISA mar chomhlacht comhairleach, chun idirphlé rialta leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí, agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart don Ghrúpa Comhairleach ENISA, arna bhunú ag an mBord Bainistíochta ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, díriú ar shaincheisteanna is ábhartha do gheallsealbhóirí agus ba cheart dó na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid ENISA. Ba cheart dul i gcomhairle leis an Grúpa Comhairleach ENISA i ndáil leis an dréachtchlár oibre bliantúil go háirithe. Ba cheart le comhdhéanamh an Ghrúpa Comhairleach ENISA agus leis na cúraimí atá sannta don ghrúpa sin, grúpa ar, ba cheart leordhóthanacht ionadaíocht na ngeallsealbhóirí in obair ENISA a áirithiú.

(62)

Ba cheart an Grúpa um Dheimhniú i ndáil leis an gCibearshlándáil de chuid na nGeallsealbhóirí a bhunú chun cuidiú le ENISA agus leis an gCoimisiún éascú a dhéanamh ar an gcomhairliúchán le geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart an Grúpa um Dheimhniú i ndáil leis an gCibearshlándáil de chuid na nGeallsealbhóirí a bheith comhdhéanta de chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht, ar dhóigh chomhréireach, ar lucht tionscail, ar thaobh an éilimh agus an tsoláthair araon i gcás tháirgí TFC agus sheirbhísí TFC, lena n-áirítear, go háirithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide, soláthraithe seirbhísí digiteacha, comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí agus comhlachtaí um measúnú comhréireachta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), lucht acadúil agus eagraíochtaí tomhaltóirí.

(63)

Ba cheart rialacha a bheith i bhfeidhm ag ENISA maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú. Ina theannta sin, ba cheart do ENISA forálacha ábhartha an Aontais a chur i bhfeidhm, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag ENISA, ba cheart sin a dhéanamh faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart do ENISA na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise a chomhlíonadh, go háirithe faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais (FRAE).

(64)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán ENISA a áirithiú agus chun go mbeidh sí in ann cúraimí breise a chomhlíonadh, lena n-áirítear cúraimí éigeandála gan choinne, ba cheart a thabhairt ENISA buiséad uathrialach leordhóthanach a mbeidh a ioncam ag teacht, den chuid is mó, ó ranníocaíocht ón Aontas agus ó ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá rannpháirteach in obair ENISA. Tá buiséad iomchuí ríthábhachtach chun a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag ENISA chun a cúraimí a chomhlíonadh agus a cuspóirí a bhaint amach, ar cúraimí agus cuspóirí iad atá ag dul i méid. Ba cheart do thromlach fhoireann ENISA a bheith ag gabháil go díreach do chur chun feidhme oibríochtúil shainordú ENISA. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát óstach, agus ag Ballstát ar bith eile, ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh le hioncam ENISA. Ba cheart go leanfadh nós imeachta buiséid an Aontais de bheith infheidhme a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontais atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Thairis sin, ba cheart don Chúirt Iniúchóirí cuntais ENISA a iniúchadh chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú.

(65)

Tá an deimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil tábhachtach chun slándáil tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC a mhéadú agus chun an mhuinín a gcuirtear iontu a neartú. Ní bheidh rath ar an margadh aonair digiteach, ná go háirithe ar an ngeilleagar sonraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, ach amháin má tá muinín ag an bpobal i gcoitinne go bhfuil leibhéal áirithe dearbhaithe cibearshlándála ag na táirgí, na seirbhísí agus na próisis sin. Is samplaí iad gluaisteáin nasctha agus gluaisteáin uathoibrithe, feistí leighis leictreonacha, córais rialaithe um uathoibriú tionsclaíoch agus eangaí cliste de na hearnálacha ina bhfuil deimhniú á úsáid go forleathan cheana féin nó ina meastar a mbeidh sé in úsáid go luath. Na hearnálacha sin atá á rialú le Treoir (AE) 2016/1148, is earnálacha iad ina bhfuil deimhniú cibearshlándála criticiúil.

(66)

Sa Teachtaireacht uaidh in 2016 dar teideal “Strengthening Europe’s Cyber Resilience System and Fostering a Competitive and Innovative Cybersecurity Industry (Córas Cibear-athléimneachta na hEorpa a Threisiú agus Tionscal Cibearshlándála atá Iomaíoch agus Nuálach a Chothú)”, leag an Coimisiún amach an gá atá le táirgí agus réitigh atá ar ardchaighdeán, inacmhainne agus idir-inoibritheach. Tá soláthar tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC laistigh den mhargadh aonair an-ilroinnte ar bhonn geografach. Is amhlaidh atá toisc gur fhorbair tionscail na cibearshlándála san Eoraip ar bhonn éilimh ó rialtais na mBallstát den chuid is mó. Ina theannta sin, tá bearnaí eile ann atá ag déanamh dochair don mhargadh aonair i réimse na cibearshlándála, mar atá an t-easnamh maidir le réitigh idir-inoibritheacha (caighdeáin theicniúla), cleachtais agus sásraí deimhniúcháin don Aontas ar fad. Is deacair do ghnólachtaí Eorpacha, dá bhrí sin, dul san iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal domhanda. Laghdaíonn sé freisin an rogha atá ann maidir le teicneolaíochtaí cibearshlándála inmharthana agus inúsáidte a bhfuil rochtain ag daoine aonair agus gnólachtaí orthu. Ar an gcaoi chéanna, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2016 faoin athbhreithniú meántéarma ar chur chun feidhme straitéis an mhargaidh aonair dhigitigh, leag an Coimisiún béim ar an ngá le táirgí agus seirbhísí nasctha a bheith slán, agus luaigh sé go bhféadfadh creat slándála TFC ar leibhéal na hEorpa lena leagtar síos rialacha maidir leis an gcaoi chun deimhniú slándála TFC a eagrú san Aontas, go bhféadfadh córas den chineál sin muinín daoine as an idirlíon a chaomhnú agus dul i ngleic freisin le hilroinnt an mhargaidh cibearshlándála mar atá faoi láthair.

(67)

Faoi láthair, ní bhaintear úsáid as deimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ach ar bhonn teoranta. Nuair is ann dá leithéid, is iondúil gur ar leibhéal na mBallstát a úsáidtear é, nó faoi chuimsiú scéimeanna arna stiúradh ag lucht tionscail. Sa chomhthéacs sin, deimhniú a eisíonn údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin, ní aithnítear, i bprionsabal, sna Ballstáit eile é. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar chuideachtaí a dtáirgí TFC, a seirbhísí TFC agus a bpróisis TFC a dheimhniú i roinnt Ballstát ina n-oibríonn siad d’fhonn a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair náisiúnta, mar shampla, rud a chuirfeadh lena gcostais. Thairis sin, cé go bhfuil scéimeanna nua ag teacht chun cinn, is cosúil nach bhfuil aon chur chuige comhleanúnach agus iomlánaíoch i bhfeidhm maidir le saincheisteanna cothrománacha cibearshlándála, i réimse Idirlíon na Rudaí Nithiúla, mar shampla. Tá easnaimh agus éagsúlachtaí suntasacha sna scéimeanna atá i bhfeidhm faoi láthair ó thaobh cumhdach táirgí, leibhéil dearbhaithe, critéir shubstainteacha agus úsáid iarbhír de, rud a chuireann bac ar shásraí aitheantais frithpháirteacha laistigh den Aontas.

(68)

Rinneadh iarrachtaí áirithe chun aitheantas frithpháirteach a áirithiú do dheimhnithe laistigh den Aontas. Níor éirigh leo ach i bpáirt, áfach. Is é an sampla is fearr ina thaobh seo Grúpa na nOifigeach Sinsearach - Comhaontú um Aitheantas Frithpháirteach (MRA) i ndáil le Slándáil na gCóras Faisnéise (SOG-IS). Cé gurb é an múnla is tábhachtaí don chomhar agus don aitheantas frithpháirteach i réimse an deimhnithe slándála, níl páirteach in SOG-IS ach cuid de na Ballstáit. I ngeall air sin, tá éifeachtúlacht MRA de chuid SOG-IS teoranta ó thaobh an mhargaidh inmheánaigh de.

(69)

Dá bhrí sin, is gá cur chuige comhchoiteann a ghlacadh agus creat Eorpach um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a bhunú lena leagtar síos na príomhcheanglais chothrománacha i dtaca le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a fhorbairt agus faoina bhféadfar deimhnithe agus ráitis chomhréireachta ón Aontas le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a aithint agus a úsáid sna Ballstáit uile. Agus an méid sin á dhéanamh, tá sé riachtanach go gcuirfear le scéimeanna náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana, chomh maith le córais um aitheantas frithpháirteach, go háirithe SOG-IS, agus an fhéidearthacht a chruthú aistriú rianúil a dhéanamh ó scéimeanna atá ann cheana faoi na córais sin chuig scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála faoin gcreat nua Eorpach. Dhá chuspóir ba cheart a bheith ag an gcreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála: ar an gcead dul síos, ba cheart dó cuidiú chun muinín a mhéadú i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a deimhníodh faoi na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin. Ar an dara dul síos, ba cheart go gcabhródh sé iolrú scéimeanna deimhniúcháin i ndáil leis an gcibearshlándáil sna Ballstáit a sheachaint, ar deimhnithe iad atá ag teacht salach ar a chéile nó a bhfuil forluí eatarthu agus, ar an gcaoi sin, na costais ar ghnóthais oibriú sa mhargadh aonair digiteach a laghdú. Ba cheart na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála sin a bheith neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta nó Eorpacha, ach amháin má tá na caighdeáin sin neamhéifeachtúil nó míchuí i dtaca le cuspóirí dlisteanacha an Aontais a chomhlíonadh ina thaobh sin.

(70)

Ba cheart an creat Eorpach um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a bhunú ar bhealach aonfhoirmeach sna Ballstáit uile chun “siopadóireacht deimhniúcháin” bunaithe ar éagsúlachtaí i gcostais nó leibhéil déine i mBallstáit éagsúla a sheachaint.

(71)

Ba cheart a bhfuil ann cheana féin ag an leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta agus, más gá, sonraíochtaí teicniúla ó fhóraim agus cuibhreannais, a bheith ina dhúshraith do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil, chun foghlaim ó na láidreachtaí atá ann cheana agus measúnú a dhéanamh ar laigí agus iad a cheartú.

(72)

Tá gá le réitigh sholúbtha i ndáil leis an gcibearshlándáil chun go bhfanfaidh an tionscal chun cinn ar chibearbhagairtí agus, dá bhrí sin, ba cheart aon scéim um dheimhniú a dhearadh ar bhealach lena bhféadfadh an riosca a sheachaint go rachadh an scéim sin as dáta go tapa.

(73)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a ghlacadh i dtaca le grúpaí ar leith de tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC. Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta náisiúnta um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil na scéimeanna sin a chur chun feidhme agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus ba cheart deimhnithe a eisítear faoi na scéimeanna sin a bheith bailí agus aitheanta ar fud an Aontais. Níor cheart do scéimeanna um dheimhniú arna n-oibriú ag lucht tionscail nó ag eagraíochtaí príobháideacha eile teacht faoi raon feidhme an Rialacháin. Mar sin féin, féadfaidh na comhlachtaí a oibríonn na scéimeanna sin a mholadh don Choimisiún na scéimeanna sin a mheas mar bhonn lena bhformheas mar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

(74)

Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais lena bhforáiltear rialacha sonracha maidir le deimhniú tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC. Go háirithe, leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/679 forálacha maidir le sásraí deimhniúcháin agus, ina theannta sin, séalaí agus marcanna cosanta sonraí a chur ar bun ionas go bhféadfar a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag oibríochtaí próiseála a dhéanann rialaitheoirí agus próiseálaithe laistigh den Rialachán sin. Ba cheart a áirithiú leis na sásraí deimhniúcháin agus leis na séalaí agus na marcanna cosanta sin go bhféadfadh ábhair sonraí measúnú a dhéanamh go gasta ar an leibhéal cosanta sonraí a bhaineann le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ábhartha. Tá an Rialachán seo gan dochar do dheimhniú oibríochtaí próiseála sonraí, lena n-áirítear nuair a bhíonn na hoibríochtaí sin faoi Rialachán (AE) 2016/679, leabaithe i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC.

(75)

Ba cheart gurbh é cuspóir na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil a áirithiú go ndéanfaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arna ndeimhniú faoi scéim den chineál sin ceanglais shonraithe a chomhlíonadh d’fhonn cosaint a thabhairt d’infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí pearsanta stóráilte nó tarchurtha nó próiseáilte nó do na feidhmeanna gaolmhara atá ag na táirgí, próisis, seirbhísí agus scéimeanna sin le linn a saolré nó do na seirbhísí a tháirgeann siad nó ar féidir rochtain a fháil orthu trína mbíthin sin de réir bhrí an Rialacháin seo. Ní féidir a leagan amach go mionsonraithe sa Rialachán seo na ceanglais chibearshlándála a bhaineann leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC uile. Tá an oiread difríochta ag roinnt le táirgí, seirbhísí agus próisis TFC gona riachtanais ghaolmhara chibearshlándála gur deacair ceanglais ghinearálta a leagan síos maidir leis an gcibearshlándáil a bheadh bailí ar bhonn uilechoiteann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, tuairim leathan agus tuairim ghinearálta den chibearshlándáil a ghlacadh chun críche an deimhnithe agus, mar chomhlánú air sin, tacar cuspóirí sonracha cibearshlándála a leagan síos is gá a thabhairt san áireamh agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú i ndáil leis an gcibearshlándáil á gceapadh. Ba cheart na socruithe trínar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach i dtaca le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis ar leith TFC a mhionsonrú a thuilleadh ar leibhéal na scéime aonair um dheimhniú, arna glacadh ag an gCoimisiún, trí thagairt a dhéanamh do chaighdeáin nó do shonraíochtaí teicniúla, mar shampla, i gcás nach mbíonn fáil ar chaighdeáin iomchuí.

(76)

Ba cheart do na sonraíochtaí teicniúla a úsáidfear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála na prionsabal a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a urramú. Ach tharlódh go gcaithfí cead a thabhairt imeacht beagán ó na ceanglais sin i gcásanna cuí-réasúnaithe nuair ba scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, a mbeadh leibhéal dearbhúcháin “ard” aici, a bheadh ag úsáid na sonraíochtaí teicniúla sin. Ba cheart pé cúis a bheadh lena leithéid a thabhairt go poiblí.

(77)

Is é atá sa mheasúnú comhréireachta an nós imeachta trína ndéantar meastóireacht i dtaobh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais áirithe a bhaineann le táirge TFC, seirbhís TFC, nó próiseas TFC. An trí páirtí neamhspleách — nach ionann agus monaróir an táirge nó soláthraí na seirbhíse —a dhéanann an measúnú sin. Ba cheart deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint tar éis do mheastóireacht rathúil a bheith déanta ar na táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC. Is ionann an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil sin agus dearbhú gur cuireadh an mheastóireacht i gcrích mar is ceart. De réir mar a oireann do leibhéal an dearbhaithe, is ceart go ndéanfaí foráil sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála maidir le cé acu an comhlacht príobháideach nó poiblí a eiseoidh an deimhniú. Ní dearbhú per se iad an measúnú agus deimhniú comhréireachta sin gur cibearshlán do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC. Is nósanna imeachta agus modheolaíochtaí theicniúla iad chun a léiriú gur tástáladh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC agus go gcomhlíonann siad ceanglais áirithe chibearshlándála a leagtar síos in áiteanna eile, mar shampla i gcaighdeáin theicniúla.

(78)

Bunaithe ar an anailís riosca a bhaineann le húsáid táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a bheidh leibhéal iomchuí an deimhnithe gona cheanglais slándála ghaolmhara a roghnóidh lucht úsáide na ndeimhnithe. Ba cheart, dá réir sin, leibhéal an dearbhaithe a bheith i gcomhréir leis an leibhéal riosca a bhaineann leis an úsáid a bheartaítear do tháirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC.

(79)

D’fhéadfaí foráil a dhéanamh, le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, do mheasúnú comhréireachta a chur i gcrích faoi fhreagracht mhonaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, agus faoina fhreagracht siúd amháin (“féinmheasúnú comhréireachta”). I gcásanna den chineál sin, ba cheart gur leor go ndéanfadh an monaróir TFC nó an soláthraí TFC féin gach seiceáil d’fhonn comhréireacht na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróiseas TFC leis an scéim deimhniúcháin a áirithiú. Is ceart féinmheasúnú comhréireachta den chineál seo a mheas mar mheasúnú is cuí i gcás táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC le nach mbaineann ach íseal-chastacht amhail dearadh agus sásra táirgthe simplí agus nach baol don leas poiblí iad ach ar éigean. Ina chionn sin, níor cheart go gceadófaí féinmheasúnú comhréireachta ach i gcás táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ag a mbíonn an leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”.

(80)

D’fhéadfaí foráil a dhéanamh, le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, do mheasúnú comhréireachta agus do dheimhnithetáirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC. I gcás den sórt sin, is ceart caoi shoiléir intuigthe a thabhairt sa scéim do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí eile nach iad chun idirdheighilt idir táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arb é an monaróir nó an soláthraí a mheasúnaíonn iad agus táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arna measúnú ag an tríú páirtí.

(81)

Agus féinmheasúnú comhréireachta ar siúl ag monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC, agus próisis TFC is ceart dó a bheith in ann an ráiteas comhréireachta ón Aontas a ullmhú agus a shíniú mar chuid den nós imeachta measúnóireachta comhréireachta sin. Is é atá i ráiteas comhréireachta ón Aontas doiciméad lena dtugtar le fios go bhfuil táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC ar leithligh i gcomhréir le ceanglais na scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Má eisíonn agus má shíníonn monaróir nó soláthraí ráiteas comhréireachta ón Aontas, is ionann sin agus freagracht a ghlacadh as comhréireacht an táirge TFC, na seirbhíse TFC, nó an phróisis TFC le ceanglais dhlíthiúla na scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Is ceart cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.

(82)

Is ceart do mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC an ráiteas comhréireachta ón Aontas, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil a ghabhann leis an bhfaisnéis ábhartha eile uile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC na seirbhísí TFC, nó na bpróiseas le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, is ceart an ráiteas sin a bheith ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ar feadh tréimhse dá bhforáiltear de réir na scéime Eorpaí um dheimhniú cibearshlándála ábhartha. Is ceart a shonrú sa doiciméadacht theicniúil sin na ceanglais agus an cumhdach is infheidhme faoin scéim, a mhéid is ábhartha do féinmheasúnú comhréireachta, dearadh, monaraíocht agus oibriú an táirge TFC, na seirbhíse TFC, nó an phróisis TFC. Is ceart an doiciméadacht theicniúil sin a thiomsú ar shlí a bhéarfaidh go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge TFC nó na seirbhíse TFC leis na ceanglais is infheidhme faoin scéim sin.

(83)

Cuireann rialachas an Chreata Eorpach um dheimhniú cibearshlándála rannpháirtíocht na mBallstát san áireamh, chomh maith le rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí, agus bunaíonn sé ról an Choimisiúin le linn do na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bheith á pleanáil, á moladh, á hiarraidh, á hullmhú, á glacadh agus á hathbhreithniú.

(84)

Ba cheart don Choimisiún clár oibre rollach de chuid an Aontais do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú le tacaíocht an Ghrúpa Eorpaigh um Dheimhniú Cibearshlándála (“an ECCG”) agus Ghrúpa na nGeallsealbhóirí um Dheimhniú Cibearshlándála, tar éis comhairliúchán oscailte ar fud an Aontais agus ba cheart don Choimisiún é a fhoilsiú i bhfoirm ionstraime atá neamhcheangailteach. Ba cheart go mbeadh clár oibre rollach an Aontais ina dhoiciméad straitéiseach lena gceadaítear do lucht tionscail, údaráis náisiúnta agus do na comhlachtaí um chaighdeánú, go háirithe, ullmhú roimh ré do scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála Eorpaigh amach anseo. Ba cheart go gcuimseodh clár oibre rollach an Aontais forléargas ilbhliantúil ar na hiarrataí ar scéimeanna iarrthacha a bheartaíonn an Coimisiún a thíolacadh do ENISA lena n-ullmhú, agus é bunaithe ar fhorais shonracha. Ba cheart don Choimisiún an clár oibre rollach seo de chuid an Aontais a chur san áireamh, fad is atá a bPlean Rollach á ullmhú acu do Chaighdeánú TFC, agus d’iarrataí maidir le caighdeánú chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. I bhfianaise tabhairt isteach agus glacadh mear teicneolaíochtaí nua, teacht chun cinn rioscaí cibearshlándála nach rabhthas ar an eolas fúthu roimhe seo agus forbairtí reachtacha agus margaidh, ba cheart go mbeadh an Coimisiún nó an ECCG i dteideal a iarraidh ar ENISA scéimeanna iarrthacha a ullmhú nach raibh san áireamh i gclár oibre rollach an Aontais. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún agus don Grúpa ECCG measúnú a dhéanamh chomh maith ar an ngá atá le hiarraidh den sórt sin trí aird a thabhairt ar aidhmeanna agus cuspóirí foriomlána an Rialacháin seo agus trí leanúnachas a áirithiú maidir le pleanáil agus úsáid acmhainní ENISE.

Tar éis dó iarraidh den sórt sin a fháil, ba cheart do ENISA scéimeanna iarrthacha a ullmhú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC ar leith gan moill mhíchuí. Maidir leis an iarraidh ón gCoimisiún, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a tionchar dearfach agus ar a tionchar diúltach ar an margadh sin atá i gceist, go háirithe a tionchar ar FBManna, an nuáil, bacainní iontrála ar an margadh agus ar an gcostas ar na húsáideoirí deiridh. Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, ar bhonn na scéime iarrthaí arna ullmhú ag ENISA, an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Agus an cuspóir ginearálta agus na cuspóirí slándála a leagtar síos sa Rialachán seo á gcur san áireamh, ba cheart a shonrú sna scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh ag an gCoimisiún, íostacar eilimintí a bhaineann leis an ábhar, an raon feidhme agus feidhmiú na scéime aonair. Ba cheart a áireamh sna heilimintí sin, i measc nithe eile, raon feidhme agus cuspóir an deimhnithe cibearshlándála, lena n-áirítear catagóirí na bpróiseas TFC, na dtáirgí TFC agus na seirbhísí TFC a chumhdaítear, mionsonrú na gceanglas cibearshlándála, mar shampla trí thagairt do chaighdeáin nó do shonraíochtaí teicniúla, na critéir meastóireachta agus na modhanna sonracha meastóireachta, agus an leibhéal dearbhaithe atá beartaithe acu: (“bunúsach”, “substaintiúil” nó “ard”), agus na leibhéil mheastóireachta nuair is iomchuí. Ba cheart do ENISA a bheith in ann diúltú d’iarraidh ó ECCG. Ba cheart don Bhord Bainistíochta cinntí den sórt in a glacadh agus ba cheart údar chaoi a thabhairt ina dtaobh.

(85)

Is ceart do ENISA suíomh gréasáin a chothabháil ar a mbeidh eolas agus poiblíocht maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála ar a n-áireofar i measc nithe eile iarrataí ar scéimeanna iarrthacha mar aon leis an aiseolas a gheofar le linn an phróisis comhchomhairliúcháin a dhéanfaidh ENISA le linn chéim an ullmhaithe. Is ceart go mbeadh eolas le fáil chomh maith ar an suíomh sin faoi dheimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear a dtarraingt siar agus a ndul in éag. Sonrófar ar an suíomh gréasáin freisin na scéimeanna deimhniúcháin cibearshlándála náisiúnta ar ghabh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ina n-ionad.

(86)

Is bonn muiníne é deimhniú ó scéim deimhniúcháin Eorpach go sásaíonn táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC, na ceanglais slándála a bhíonn ag scéim Eorpach ar leith um dheimhniú cibearshlándála. D’fhonn comhleanúnachas an chreata Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a áirithiú, ba cheart do scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bheith in ann leibhéil dearbhúcháin i dtaca le deimhnithe cibearshlándála Eorpacha agus le ráitis comhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoin scéim sin a shonrú. D’fhéadfadh tagairt a chur ar gach deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil do cheann de na leibhéil dearbhúcháin seo a leanas: “bunúsach”, “substainteach” nó “ard”, nuair nach bhféadfaí a chur ar an ráiteas comhréireachta ón Aontas ach an leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”. Baineann a gcion féin den dua agus den doimhneacht leis na leibhéil dearbhúcháin ó thaobh na meastóireachta ar tháirgí TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC agus is dá saintréithe go dtagraítear iontu do shonraíochtaí, do chaighdeáin agus do phróisis theicniúla is bainteach leis sin, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm leo teagmhais a mhaolú nó a chosc. Is ceart gach leibhéal dearbhúcháin a bheith i gcomhréir i measc na n-earnálacha difriúla ina gcuirtear an dearbhú i bhfeidhm.

(87)

Féadfar, faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leibhéil éagsúla mheastóireachta a shonrú, ag brath ar dhéine agus ar dhoimhneacht na modheolaíochta meastóireachta. Is ceart do na leibhéil mheastóireachta comhfhreagairt do cheann amháin de na leibhéil dearbhúcháin agus baint a bheith aici le teaglaim iomchuí de chomhpháirteanna dearbhúcháin. I dtaca le gach leibhéal dearbhúcháin, is ceart a bheith ag gach táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC tacar feidhmeanna slándála, mar a shonraítear sa scéim, lena bhféadfaí an méid seo a leanas a áireamh: foirmíocht shlán ach a mbaintear an táirge as an mbosca, cód sínithe, maolú slán ar uasghrádú agus ar dhúshaothrú, agus coimircí iomlána i dtaca le cruach nó carn. Is ceart gur le cur chuige slándáildírithe maille le huirlisí gaolmhara a forbraíodh na feidhmíochtaí sin, agus a chothaítear iad, d’fhonn a áirithiú go ndéantar sásraí bhogearraí is chrua-earraí éifeachtacha a ionchorprú ar bhonn iontaofa.

(88)

I dtaca leis an leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, ba cheart na comhpháirteanna dearbhúcháin seo a leanas, ar a laghad, a bheith mar threoir don mheastóireacht: athbhreithniú, a dhéanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta, ar dhoiciméadacht theicniúil an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC. I gcás ina mbíonn próisis TFC ina gcuid den dearbhú, is ceart an próiseas lena ndeartar, lena bhforbraítear agus lena gcothaítear an táirge TFC nó an tseirbhís TFC a bheith faoi réir athbhreithniú teicniúil freisin. I gcás ina ndéantar foráil, faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, do fhéinmheasúnú comhréireachta, is ceart gur leor má dhéanann an monaróir nó an soláthraí tháirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC an féinmheasúnú comhréireachta ar chomhréireacht na n-earraí, na seirbhísí TFC nó an phróisis TFC leis an scéim deimhniúcháin.

(89)

I dtaca leis an leibhéal dearbhúcháin “substainteach”, is ceart don mheastóireacht ní hé amháin an leibhéal “bunúsach” a bheith mar threoir aige ach fíorú ar chomhlíonadh fheidhmíochtaí slándála an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC leis an doiciméadacht theicniúil, ar a laghad, freisin.

(90)

I dtaca leis an ardleibhéal dearbhúcháin, is ceart don mheastóireacht ní hé amháin an leibhéal “substainteach” a bheith mar threoir aige ach tástáil éifeachtúlachta a dhéanann measúnú ar fhrithsheasmhacht fheidhmíochtaí slándála an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC ina leith siúd a dhéanann cibearionsaithe ilchasta agus a mbíonn scileanna agus acmhainní nach suaill acu.

(91)

Is ceart go bhfanfadh deimhniú cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas ina rogha mura bhforáiltear dá mhalairt i ndlí an Aontais nó na mBallstát arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais. In éagmais dlí comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, is ceadmhach do na Ballstáit rialacháin theicniúla náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear do dheimhniú éigeantach faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le Treoir (AE) Uimh. 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Is ceadmhach do na Ballstáit leas a bhaint chomh maith as deimhniú Eorpach cibearshlándála faoi chuimsiú an tsoláthair phoiblí agus Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(92)

I réimsí áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith de dhíth amach anseo riachtanais shonracha chibearshlándála agus an deimhniú a bhaineann leo a bheith éigeantach i gcás táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC áirithe ar mhaithe le feabhas a chur ar leibhéal na cibearshlándála san Aontas. Ba cheart go gcoinneodh an Coimisiún súil ar thionchair na scéimeanna Eorpacha glactha um dheimhniú cibearshlándála ar infhaighteacht táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC sa mhargadh inmheánach agus go ndéanfadh sé measúnú ar leibhéal úsáide na scéimeanna deimhniúcháin ag na monaróirí nó ag na soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas. Ba cheart éifeachtúlacht na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus cé acu ba cheart nó nár cheart do scéimeanna ar leith a bheith éigeantach, ba cheart iad a mheas i bhfianaise reachtaíocht an Aontais maidir le cibearshlándáil, go háirithe Treoir (AE) 2016/1148 maidir le slándáil córais gréasán agus faisnéise arna n-úsáid ag oibreoirí seirbhísí riachtanacha.

(93)

Ba cheart go gcabhróidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándála agus ráitis chomhréireachta ón Aontas le húsáideoirí deiridh roghanna eolasacha a bheith acu. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh faisnéis struchtúir ag gabháil le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ar eisíodh deimhnithe nó ráiteas chomhréireachta ón Aontas ina leith, agus í curtha in oiriúint don leibhéal teicniúil atá ag an úsáideoir deiridh ar beartaíodh dó iad. Ba cheart go mbeadh an eolas sin go léir ar fáil ar líne, agus i gcás inarb iomchuí, é a bheith i bhfoirm fhisiciúil. Ba cheart go mbeadh rochtain ag an úsáideoir deiridh ar fhaisnéis maidir leis an tagairt don scéim um dheimhniú, an leibhéal dearbhaithe, an cur síos ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann leis an táirge TFC, an seirbhís TFC nó próiseas TFC, agus an t-údarás eisiúna nó an comhlacht eisiúna, nó a bheith in ann cóip den deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil a fháil. Ina theannta sin, ba cheart an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas faoi bheartas tacaíochta cibearshlándála, eadhon cé chomh fada is féidir leis an úsáideoir deiridh a bheith ag súil le nuashonruithe nó paistí cibearshlándála a fháil, an mhonaróra nó an tsoláthraí táirgí TFC, seirbhís TFC nó próisis TFC. I gcás inarb infheidhme, treoir a thabhairt maidir le gníomhartha nó le socruithe is féidir leis an úsáideoir deiridh a chur chun feidhme chun cibearshlándáil táirge TFC nó seirbhís TFC a chothabháil nó a mhéadú agus ba cheart pointe aonair teagmhála chun tuairisciú a dhéanamh agus tacaíocht a fháil i gcás cibearionsaithe (sa bhreis ar thuairisciú uathoibríoch) a sholáthar. Ba cheart an t-eolas sin a nuashonrú go rialta agus é ar fáil ar shuíomh gréasáin lena gcuirtear faisnéis maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándáil ar fáil.

(94)

D’fhonn cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, scoirfidh na scéimeanna náisiúnta deimhniúcháin cibearshlándála nó nósanna imeachta le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC arna gcumhdach faoi scéim Eorpach deimhniúcháin cibearshlándála, scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu ó dháta arna leagan síos ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Thairis sin, níor cheart do na Ballstáit scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála a thabhairt isteach do tháirgí TFC, do sheirbhísí TFC nó do phróisis TFC arna gcumhdach cheana faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála. Ach ní ceart cosc a chur ar na Ballstáit scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh nó a choinneáil ar bun chun críocha slándála náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl don ECCG rún ar bith atá acu scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála a dhréachtú. Ba cheart don Choimisiún agus don ECCG meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair a bheadh ag na scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus i bhfianaise aon leasa straitéisigh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a iarraidh ina ionad.

(95)

Cabhróidh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le cleachtais chibearshlándála a chomhchuibhiú laistigh den Aontas. Ní mór go gcuirfidh siad le leibhéal méadaitheach na cibearshlándála laistigh den Aontas. Le dearadh na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart forbairt nuálaíochtaí i réimse na cibearshlándála a chur san áireamh agus a lamháil.

(96)

Ba cheart do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála modhanna reatha forbartha bogearraí agus crua-earraí a chur san áireamh, go háirithe tionchar nuashonruithe minice bogearraí nó dochtearraí ar dheimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil aonair. Ba cheart do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála na coinníollacha faoina bhféadfadh sé a bheith mar cheangal ag nuashonrú go ndéanfaí táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC a athdheimhniú nó go laghdófaí scóip an deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil ar leith, agus aon tionchar díobhálacha féideartha a bheadh ag an nuashonrú ar chloí le riachtanais slándála an deimhnithe sin á chur san áireamh.

(97)

A luaithe a ghlacfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, ba cheart go mbeidh monaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC in ann iarratais a chur isteach ar dheimhnithe dá dtáirgí TFC agus dá seirbhísí TFC chuig comhlacht um measúnú comhréireachta a roghnóidh siad féin in aon áit san Aontas. Ba cheart do chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú má chomhlíonann siad ceanglais shonracha áirithe. Ba cheart creidiúnú a eisiúint le haghaidh uastréimhse 5 bliana agus ba cheart é a bheith in-athnuaite faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht fós um measúnú comhréireachta na ceanglais. Ba cheart do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta creidiúnú comhlachta um measúnú comhréireachta a theorannú, a chur ar fionraí nó a aisghairm i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha don chreidiúnú, nó nach bhfuil siad á gcomhlíonadh níos mó nó i gcás ina sáraíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.

(98)

D’fhéadfadh crostagairtí sa reachtaíocht náisiúnta a dhéanann tagairt do chaighdeáin náisiúnta nach mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu a thuilleadh de bharr theacht i bhfeidhm scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bheith ina chúis le mearbhall. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a marana a dhéanamh ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a ghlacadh ina reachtas náisiúnta.

(99)

D’fhonn caighdeáin choibhéiseacha a bhaint amach ar fud an Aontais, chun aitheantas frithpháirteach a éascú agus chun glacadh foriomlán na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráitis comhréireachta AE a chur chun cinn, is gá córas athbhreithnithe piaraí a chur ar bun idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart go gcumhdódh athbhreithniú piaraí nósanna imeachta chun maoirseacht a dhéanamh ar chloí táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil, chun faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a dhéanann féinmheasúnú comhréireachta, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlachtaí measúnaithe comhréireachta, agus ar oiriúnacht an tsaineolais atá ag pearsanra na gcomhlachtaí a eisíonn deimhnithe d’ardleibhéil dearbhaithe. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, plean 5 bliana ar a laghad a bhunú le haghaidh athbhreithnithe piaraí, chomh maith leis na critéir agus na modheolaíochtaí le haghaidh oibriú an chórais athbhreithnithe piaraí a leagan síos.

(100)

Gan dochar don chóras athbhreithnithe piaraí ginearálta a chuirfear i bhfeidhm ar fud na n-údarás náisiúnta uile um dheimhniú cibearshlándála laistigh den chreat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, d’fhéadfadh scéimeanna deimhniúcháin áirithe sásra measúnaithe piaraí a chuimsiú do na comhlachtaí a eisíonn deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ag an leibhéal dearbhaithe is airde faoi scéimeanna den sórt sin. Ba cheart go dtacódh an ECCG le cur chun feidhme na sásraí measúnaithe piaraí den sórt sin. Ba cheart go háirithe go ndéanfadh na measúnuithe piaraí sin measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na comhlachtaí lena mbaineann ag cur a gcuid cúraimí i gcrích ar bhealach comhchuibhithe agus d’fhéadfadh sásraí achomhairc a bheith i gceist leis sin. Is ceart torthaí na bpiarmheasúnuithe sin a chur ar fáil go poiblí. Is ceadmhach do na comhlachtaí lena mbaineann bearta iomchuí a ghlacadh d’fhonn a gcuid cleachtas agus saineolais a oiriúnú dá réir.

(101)

Is ceart do na Ballstáit údarás deimhniúcháin cibearshlándála náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as an Rialachán seo. Féadfaidh údarás deimhniúcháin cibearshlándála náisiúnta a bheith ann cheana féin nó bheith nua. Ba cheart go mbeadh Ballstát in ann cinneadh a dhéanamh freisin, trí chomhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, údarás deimhniúcháin cibearshlándála náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú i gcríoch an Bhallstáit eile sin.

(102)

Is ceart do na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, go háirithe, faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh ar na ceanglais a leagtar, faoin ráiteas comhréireachta ón Aontas, ar mhonaróirí nó soláthraithe na dtáirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC atá bunaithe ina chríoch faoi seach, cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta trí shaineolas agus faisnéis ábhartha a sholáthar dóibh, údarú a thabhairt do na comhlachtaí creidiúnaithe cúraimí a chur i gcrích nuair a shásaíonn siad ceanglais bhreise a leagtar amach i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála gearáin arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil arna n-eisiúint ag na húdaráis sin nó deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta a thagraíonn don ardleibhéal dearbhúcháin, ba cheart dóibh ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála oibriú i gcomhar le húdaráis deimhniúcháin náisiúnta cibearshlándála eile um dheimhniú nó le húdaráis phoiblí eile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt faoi na cásanna sin inar féidir nach bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú chibearshlándála ar leith. Ba cheart don Choimisiún an comhroinnt faisnéise sin a éascú trí chóras tacaíochta faisnéise leictreonach ginearálta a chur ar fáil, mar shampla, an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) agus Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX) atá in úsáid cheana féin ag údaráis faireachais margaidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(103)

D’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála a áirithiú, ba cheart ECCG a bhunú ina mbeidh ionadaithe ó na húdaráis deimhniúcháin náisiúnta cibearshlándála nó ó údaráis ábhartha náisiúnta eile rannpháirteach. Ba cheart a bheith ar phríomhchúraimí an ECCG cúnamh agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena chuid oibre lena áirithiú go ndéanfar an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach; cúnamh a thabhairt do ENISA agus a bheith ag obair i ndlúthchomhar léi chun na scéimeanna iarrthacha ar leith um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, is féidir le ECCG iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú, tuairimí a ghlacadh a chuirfear faoi bhráid ENISA maidir le scéimeanna iarrthacha agus tuairimí a ghlacadh a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a chothabháil agus a athbhreithniú. Is ceart do ECCG éascú a dhéanamh ar mhalartú na ndea-chleachtas agus an tsaineolais i measc na n-údarás deimhniúcháin náisiúnta cibearshlándála a bheidh freagrach as údarú na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta agus as eisiúint deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil.

(104)

Chun feasacht a mhúscailt agus chun glacadh scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála amach anseo a éascú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte cibearshlándála ginearálta nó earnáilsonracha a eisiúint, mar shampla treoirlínte maidir le dea-chleachtais chibearshlándála nó iompraíocht stuama cibearshlándála lenar ndíreofar aird ar éifeacht dhearfach úsáidte táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC dheimhnithe áirithe TFC.

(105)

D’fhonn an trádáil a éascú a thuilleadh, agus i bhfianaise gur ar bhonn domhanda a bhíonn na slabhraí soláthair TFC, is ceadmhach don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 218 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach a dhaingniú i dtaca le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil. Is ceadmhach don Choimisiún a mholadh, agus an chomhairle a gheobhaidh sé ó ENISA agus ón nGrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála á cur san áireamh dó, go rachfaí i mbun caibidlíochta mar is ábhartha. Is ceart do gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándáil dálaí sonracha a sholáthar i dtaca leis an aitheantas frithpháirteach le tríú tíortha.

(106)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

(107)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh; maidir leis na socruithe trína ndéanann ENISA fiosruithe; hun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le plean d’athbhreithniú piaraí ar údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus hun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na cúinsí, na formáidí, agus na nósanna imeachta i dtaca le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

(108)

Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí ENISA go rialta agus go neamhspleách. Sa mheastóireacht sin, ba cheart go dtabharfaí aird ar ENISA maidir lena cuspóirí a bhaint amach, a cleachtais oibre agus ábharthacht a cúraimí, go háirithe maidir leis na cúraimí atá uirthi ó thaobh comhoibriú oibriúcháin ar leibhéal an Aontais. Ba cheart a mheasúnú sa mheastóireacht sin freisin tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála. Má dhéantar athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir ról ENISA mar phointe tagartha comhairle agus saineolais a threisiú, agus an féidearthacht ról a bheith ann do ENISA maidir le tacú le measúnú ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC tríú tír nach gcomhlíonann rialacha an Aontais, i gcás ina bhfuil na táirgí, na seirbhísí agus na próisis sin ag teacht isteach san Aontas.

(109)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(110)

Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   D’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí, agus d’fhonn leibhéal ard cibearshlándála, cibear-athléimneachta agus muiníne a áirithiú laistigh den Aontas, leagtar síos an méid seo a leanas leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí, cúraimí agus gnéithe eagraíochtúla a bhaineann le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); agus

(b)

creat chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú ar mhaithe le leibhéal dóthanach cibearshlándála i measc táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas a áirithiú, agus chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála san Aontas.

Tá feidhm ag an gcreat dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír agus ní dochar é d’fhorálacha ar leith i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le deimhniú deonach nó éigeantach.

2.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint, slándáil náisiúnta agus gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cibearshlándáil” na gníomhaíochtaí go léir is gá chun córais gréasán agus faisnéise, úsáideoirí na gcóras sin, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí;

(2)

ciallaíonn “córas gréasán agus faisnéise” córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(3)

ciallaíonn “straitéis náisiúnta um shlándáil córas gréasán agus faisnéise” straitéis náisiúnta um shlándáil córas gréasán agus faisnéise mar a shainmhínítear í i bpointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(4)

ciallaíonn “oibreoir seirbhísí riachtanacha” oibreoir seirbhísí riachtanacha mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(5)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse digití” soláthraí seirbhíse digití mar a shainmhínítear é i bpointe (6) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2016/1148;

(6)

ciallaíonn “teagmhas” teagmhas mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(7)

ciallaíonn “láimhseáil teagmhas” láimhseáil teagmhas mar a shainmhínítear í i bpointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) Uimh. 2016/1148;

(8)

ciallaíonn “cibearbhagairt” aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, cur isteach ar, nó tionchar díobhálach eile a bheith aige ar chórais gréasán agus faisnéise, ar úsáideoirí na gcóras sin agus ar dhaoine eile lena mbaineann.

(9)

ciallaíonn “scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála” tacar cuimsitheach rialacha, ceanglas teicniúil, caighdeán agus nósanna imeachta a bhunaítear ag leibhéal an Aontais agus a bhaineann le deimhniú nó measúnú comhréireachta táirgí TFC sonracha, seirbhísí TFC sonracha agus próisis TFC shonracha;

(10)

ciallaíonn “scéim náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála” tacar cuimsitheach rialacha, ceanglais theicniúla, caighdeáin agus nósanna imeachta arna bhforbairt agus arna nglacadh ag údarás poiblí náisiúnta agus a bhaineann le deimhniú nó measúnú comhréireachta táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a chuimsítear faoi raon feidhme na scéime áirithe sin;

(11)

ciallaíonn “deimhniú Eorpach cibearshlándála” doiciméad a eisíonn comhlacht ábhartha lena bhfianaítear go bhfuiltear tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC atá i gceist maidir le comhréireacht le ceanglais shonracha slándála arna leagan síos i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(12)

ciallaíonn “táirge TFC” eilimint nó grúpa eilimintí de chóras gréasán nó faisnéise;

(13)

ciallaíonn “seirbhís TFC” seirbhís lena ndéantar, go hiomlán nó go páirteach, traschur, stóráil, aisghabháil nó próiseáil ar fhaisnéis trí bhíthin córais gréasán agus faisnéise;

(14)

ciallaíonn “próiseas TFC” sraith gníomhaíochtaí a dhéantar chun táirge TFC nó seirbhís TFC a dhearadh, a fhorbairt, a sheachadadh agus a chothabháil;

(15)

ciallaíonn “creidiúnú” creidiúnú mar atá sainmhínithe i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(16)

ciallaíonn “comhlacht creidiúnaithe náisiúnta” comhlacht creidiúnaithe náisiúnta mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(17)

ciallaíonn “measúnú comhréireachta” measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(18)

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008;

(19)

ciallaíonn “caighdeán” caighdeán mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(20)

ciallaíonn “sonraíocht theicniúil” doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla nach mór do tháirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC a chomhlíonadh, nó nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a bhaineann leis an méid sin;

(21)

ciallaíonn “leibhéal dearbhúcháin” bonn don mhuinín go sásaíonn táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC, ceanglais slándála de chuid scéim Eorpach ar leith um dheimhniú cibearshlándála, go luaitear an leibhéal ag a ndearnadh an mheastóireacht ach nach ndéanann, ann féin, an leibhéal dearbhúcháin agus cainníocht na slándála a bhíonn ag an táirge TFC, seirbhís TFC nó próiseas TFC lena mbaineann a thomhas.

(22)

ciallaíonn “féinmheasúnú comhréireachta” gníomh arna dhéanamh ag monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a dhéanann meastóireacht d’fhonn a fhíorú an bhfuil na ceanglais a leagtar i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh ag na táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC.

TEIDEAL II

ENISA – (GNÍOMHAIREACHT AN AONTAIS EORPAIGH UM CHIBEARSHLÁNDÁIL)

CAIBIDIL I

Sainordú agus cuspóirí

Airteagal 3

Sainordú

1.   Rachaidh ENISA i mbun na cúraimí a leagfar uirthi faoin Rialachán seo i dtaca le hardleibhéal coiteann cibearshlándála a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú go gníomhach leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais an chibearshlándáil a fheabhsú. Beidh ENISA ina pointe tagartha ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ag geallsealbhóirí ábhartha eile de chuid an Aontais i dtaca le comhairle agus saineolas cibearshlándála.

Agus í ag dul i mbun na gcúraimí a shanntar di faoin Rialachán seo, cuirfidh ENISA le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a laghdú.

2.   Déanfaidh ENISA na cúraimí a leagtar uirthi le gníomhartha dlí an Aontais ina leagtar amach bearta chun dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann leis an gcibearshlándáil a chomhfhogasú.

3.   Agus a cuid cúraimí á gcomhlíonadh aici, gníomhóidh ENISA go neamhspleách, agus seachnóidh sí dúbláil le gníomhaíochtaí Ballstáit, agus an saineolas atá ag na Ballstáit cheana féin á chur san áireamh aici.

4.   Forbróidh ENISA a acmhainní féin, lena n-áirítear cumais agus scileanna, idir theicniúil agus dhaonna, atá riachtanach d’fhonn na cúraimí a shainordaítear chuige faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Airteagal 4

Cuspóirí

1.   Beidh ENISA ina hionad saineolais ar an gcibearshlándáil de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht theicniúil agus eolaíoch na comhairle agus an chúnaimh a thabharfaidh sí agus na faisnéise a chuirfidh sí ar fáil, na trédhearcachta a bhaineann lena nósanna imeachta oibriúcháin agus a modhanna oibriúcháin, agus í a bheith dúthrachtach i dtaobh a cúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh ENISA cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí, an Aontais agus do na Ballstáit i dtaca le beartais de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear beartais earnálacha i ndáil le cibearshlándáil, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

3.   Tacóidh ENISA le forbairt acmhainneachta agus le hullmhacht ar fud an Aontais trí chuidiú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha d’fhonn cosaint a ngréasán agus a gcóras faisnéise a fheabhsú, an chibear-athléimneacht agus acmhainneachtaí freagartha a fheabhsú, agus scileanna agus inniúlachtaí i réimse na cibearshlándála a fhorbairt.

4.   Déanfaidh ENISA comhar, agus lena n-áirítear comhroinnt faisnéise agus comhordú ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na geallsealbhóirí (idir phríobháideach agus phoiblí) lena mbaineann, maidir le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil.

5.   Déanfaidh ENISA na cumais cibearchosanta ar leibhéal an Aontais a mhéadú le tacú le gníomhartha na mBallstát i dtaca le cosc a chur ar chibearbhagairtí agus freagairt orthu, go háirithe i gcás teagmhais trasteorann.

6.   Cuirfidh ENISA úsáid an deimhnithe Eorpaigh chun cinn ar mhaithe le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Beidh lámh ag ENISA i mbunú agus i gcothabháil creata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo, d’fhonn trédhearcacht an dearbhaithe cibearshlándála do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, agus leis sin an mhuinín as an margadh digiteach inmheánach agus a iomaíochas a threisiú.

7.   Déanfaidh ENISA leibhéal ard feasachta ar chibearshlándáil, an cibearshláinteachas agus an chibearlitearthacht san áireamh, a chur chun cinn i measc na saoránach, i measc na n-eagraíochtaí agus i measc gnólachtaí.

CAIBIDIL II

Cúraimí

Airteagal 5

Beartas agus dlí an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme

Rannchuideoidh ENISA le beartas agus dlí an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, tríd an méid seo a leanas

(1)

cúnamh agus comhairle a chur ar fáil, chomh maith le hobair ullmhúcháin a dhéanamh, ar fhorbairt agus athbhreithniú bheartas agus dlí an Aontais i réimse na cibearshlándála, agus ar thionscnaimh beartais agus dlí earnáilsonracha i gcás ina bhfuil ábhair a bhaineann le cibearshlándáil i gceist, go háirithe trína tuairim neamhspleách a thabhairt agus anailís a dhéanamh;

(2)

cuidiú leis na Ballstáit beartas agus dlí an Aontais maidir le cibearshlándáil a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go háirithe i ndáil le Treoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear trí bhíthin tuairimí a eisiúint, treoirlínte, comhairle a sholáthar agus dea-chleachtais faoi thopaicí amhail bainistiú riosca, tuairisciú teagmhas agus comhroinnt faisnéise, chomh maith le malartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú i ndáil leis an méid sin.

(3)

cabhrú le Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais beartais cibearshlándála a fhorbairt agus a chur chun cinn, a bhaineann le hinfhaighteacht nó sláine ghinearálta chroí poiblí an idirlín oscailte;

(4)

rannchuidiú le hobair an Ghrúpa Comhair de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148, trí shaineolas agus cúnamh a chur ar fáil;

(5)

tacú:

(a)

le forbairt agus cur chun feidhme bheartas an Aontais i réimse an aitheantais leictreonaigh agus seirbhísí iontaoibhe, go háirithe trí chomhairle a thabhairt agus treoirlínte theicniúla a eisiúint, agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú;

(b)

le leibhéal slándála feabhsaithe maidir le cumarsáidí leictreonacha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chomhairle agus saineolas a chur ar fáil agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na húdaráis inniúla a éascú;

(c)

leis na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme gnéithe sonracha cibearshlándála de bheartas agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar fáil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí arna iarraidh sin.

(6)

tacú le hathbhreithniú rialta ar ghníomhaíochtaí beartais an Aontais trí thuarascáil bhliantúil a sholáthar ar staid cur chun feidhme an chreata dlí ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

faiséis maidir le fógraí teagmhais ó na Ballstáit arna gcur ar fáil ag na príomhphointí teagmhála don Ghrúpa Comhair de bhun Airteagal 10(3) de Threoir (AE) 2016/1148;

(b)

achoimrí fógraí faoi sháruithe ar shlándáil nó teip ó thaobh sláine maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, arna gcur ar fáil ag na comhlachtaí maoirseachta do ENISA, de bhun Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(c)

fógraí faoi theagmhais slándála arna dtarchur ag soláthraithe a chuireann gréasáin cumarsáide leictreonaí phoiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil go poiblí, agus iad á soláthar ag na húdaráis inniúla don Ghníomhaireacht, de bhun Airteagal 40 de Threoir (AE) 2018/1972.

Airteagal 6

Forbairt acmhainní

1.   Tabharfaidh ENISA cúnamh dóibh seo a leanas:

(a)

na Ballstáit agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar chosc, brath, anailís agus cumas freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, tríd an eolas agus an saineolas a sholáthar dóibh;

(b)

na Ballstáit agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i mbunú agus i gcur chun feidhme, ar bhonn deonach, beartais nochta leochaileachta;

(c)

institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ina n-iarrachtaí feabhas a chur ar chosc, brath, agus anailís i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála agus chun feabhas a chur ar a gcumais freagartha i dtaca le bagairtí agus teagmhais chibearshlándála, go háirithe trí thacaíocht chuí i ndáil le CERT-EU;

(d)

na Ballstáit agus iad i mbun CSIRTanna a fhorbairt, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 9(5) de Threoir (AE) 2016/1148;

(e)

na Ballstáit, agus iad i mbun straitéisí náisiúnta a fhorbairt maidir le slándáil na gcóras gréasán agus faisnéise, arna iarraidh sin dóibh de bhun Airteagal 7(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus cuirfidh ENISA le scaipeadh na straitéisí sin ar fud an Aontais freisin agus tugann sí dá haire an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme ar fud an Aontais ar mhaithe leis na cleachtais is fearr a chur chun cinn;

(f)

institiúidí an Aontais agus iad i mbun straitéisí cibearshlándála an Aontais a fhorbairt agus a athbhreithniú, scaipeadh na straitéisí sin a chur chun cinn agus an dul chun cinn i dtaca lena gcur chun feidhme a rianadh;

(g)

CSIRTanna na mBallstát agus an Aontais chun leibhéal a gcumais a mhéadú, lena n-áirítear trí idirphlé agus malartú faisnéise a chur chun cinn, d’fhonn a áirithiú, i dtaca leis an úrscothacht, go gcomhlíonann gach CSIRT tacar coiteann de chumais íosta agus go n-oibríonn sé de réir na ndea-chleachtas;

(h)

na Ballstáit trí na cleachtaí cibearshlándála a eagrú ar bhonn rialta ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7(5), agus 2 uair sa bhliain ar a laghad agus trí mholtaí beartais a dhéanamh agus iad bunaithe ar phróiseas meastóireachta na gcleachtaí agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh uathu;

(i)

comhlachtaí poiblí ábhartha trí oiliúint a chur ar fáil maidir leis an gcibearshlándáil, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le geallsealbhóirí;

(j)

an nGrúpa Comhair, trí dhea-chleachtais a mhalartú, go háirithe maidir le hoibreoirí seirbhísí riachtanacha a shainaithint ag na Ballstáit, de bhun Airteagal 11(3)(1) de Threoir (AE) 2016/1148, lena n-áirítear dea-chleachtais maidir le spleáchais trasteorann, i ndáil le rioscaí agus teagmhais.

2.   Tacóidh ENISA le comhroinnt faisnéise i measc earnálacha éagsúla agus laistigh díobh, go háirithe sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148, trí bhíthin dea-chleachtais agus treoir a thabhairt maidir leis na huirlisí agus na nósanna imeachta atá ar fáil, agus maidir le dul i ngleic le saincheisteanna rialála a bhaineann le comhroinnt faisnéise.

Airteagal 7

Comhoibriú oibríochtúil ar leibhéal an Aontais

1.   Tacóidh ENISA le comhar oibríochtúil i measc na mBallstát, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus idir gheallsealbhóirí.

2.   Comhoibreoidh ENISA ar leibhéal oibríochtúil agus bunóidh sí sineirgíochtaí le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, lena n-áirítear CERT-EU, leis na seirbhísí sin a bhíonn ag déileáil le cibearchoireacht agus leis na húdaráis maoirseachta a bhíonn ag déileáil le cosaint príobháideachta agus sonraí pearsanta, d’fhonn dul i ngleic le saincheisteanna atá ina n-ábhar imní dóibh go léir, lena n-áirítear trí bhíthin:

(a)

fios gnó agus dea-chleachtais a mhalartú;

(b)

comhairle a chur ar fáil agus treoirlínte a eisiúint maidir le saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an gcibearshlándáil;

(c)

socruithe praiticiúla a leagan síos, chun cúraimí sonracha a chur i bhfeidhm, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

3.   Is í ENISA a chuirfidh rúnaíocht ar fáil do líonra CSIRTanna, de bhun Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2016/1148, agus a thacóidh go gníomhach, sa cháil sin, le comhroinnt na faisnéise agus an comhar idir a chuid comhaltaí.

4.   Tacóidh ENISA le Ballstáit i gcomhar oibríochtúil laistigh de líonra CSIRTanna trí:

(a)

comhairle a thabhairt maidir le feabhas a chur ar a cumais teagmhais a chosc, a bhrath agus freagairt do theagmhais agus, arna iarraidh do Bhallstát amháin nó níos mó, comhairle a sholáthar i ndáil le cibearbhagairt shonrach;

(b)

cabhrú, arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, leis an measúnú ar theagmhais a imríonn tionchar suntasach nó substaintiúil trí shaineolas a chur ar fáil agus trí láimhseáil theicniúil teagmhas den sórt sin a éascú, go háirithe trí thacú le comhroinnt dheonach faisnéise ábhartha agus réiteach teicniúil idir na Ballstáit;

(c)

anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus ar theagmhais, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil go poiblí nó ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit ar fáil go deonach chun na críche sin; agus

(d)

arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, tacaíocht a sholáthar i ndáil le fiosrúcháin theicniúla ex post ar theagmhais a fhágann lorg suaithinseach nó suntasach, de réir bhrí Threoir (AE) 2016/1148.

Agus na cúraimí sin á ndéanamh acu, rachaidh ENISA agus CERT-EU i mbun comhar struchtúrach d’fhonn tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí, agus dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint.

5.   Eagróidh ENISA cleachtaí rialta cibearshlándála ar leibhéal an Aontais agus tacóidh sí leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cleachtaí cibearshlándála a eagrú, arna iarraidh sin dóibh. Féadfar a áireamh ar na cleachtaí cibearshlándála sin, ar leibhéal an Aontais, eilimintí teicniúla, oibríochtúla, nó straitéiseacha. Uair amháin gach 2 bhliain, eagróidh ENISA cleachtadh mórscála cuimsitheach.

Cuideoidh ENISA freisin le cleachtaí cibearshlándála earnála a eagrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha a mbeidh cead acu páirt a ghlacadh i gcleachtaí cibearshlándála ar leibhéal an Aontais chomh maith.

6.   Ullmhóidh ENISA, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, tuarascáil rialta dhomhain ar Staid Theicniúil na Cibearshlándála san Aontas maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí bunaithe ar fhaisnéis foinse oscailte, a hanailís féin, agus ar thuarascálacha arna gcomhroinnt acu seo a leanas, i measc comhlachtaí eile: CSIRTanna na mBallstát nó ionaid ilfhreastail arna bunú le Treoir (AE) 2016/1148; EC3 agus CERT-EU.

7.   Cuideoidh ENISA chun freagairt chomhoibritheach a fhorbairt, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, ar theagmhais mhórscála trasteorann nó ar ghéarchéimeanna cibearshlándála, go háirithe trí:

(a)

tuarascálacha ó fhoinsí náisiúnta a chomhiomlánú agus anailís a dhéanamh orthu, agus iad ar fáil san fhearann poiblí nó á gcomhroinnt go deonach, d’fhonn cuidiú le feasacht staide choiteann a bhunú;

(b)

sreabhadh éifeachtach faisnéise a áirithiú mar aon le sásraí géaraithe idir líonra CSIRTanna agus lucht déanta cinntí polaitiúla agus teicniúla ar leibhéal an Aontais:

(c)

éascú a dhéanamh ar láimhseáil theicniúil teagmhais nó géarchéimeanna den sórt sin, lena n-áirítear go háirithe, trí thacú le comhroinnt dheonach réiteach teicniúil i measc na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh;

(d)

tacú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus, arna iarraidh sin dóibh, leis na Ballstáit, i dtaca le cumarsáid leis an bpobal i dtaobh teagmhas nó géarchéimeanna den sórt sin;

(e)

na pleananna comhair a thástáil chun freagairt do theagmhais agus géarchéimeanna den chineál sin ar leibhéal an Aontais agus arna iarraidh sin dóibh, tacú leis na Ballstáit i dtástáil a dhéanamh ar phleananna den sórt sin ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 8

An margadh, deimhniú cibearshlándála, agus caighdeánú

1.   Déanfaidh ENISA beartas an Aontais maidir le deimhniú i ndáil le deimhniú cibearshlándála táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC mar a bhunaítear le Teideal III den Rialachán seo a chur chun cinn agus tacú leis an méid sin trí na nithe seo a leanas:

(a)

ar bhonn leanúnach, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimsí gaolmhara um chaighdeánú, chomh maith le sonraíochtaí iomchuí teicniúla a mholadh a úsáidfear chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt de bhun pointe (c) d’Airteagal 54(1) nach mbíonn fáil ar chaighdeáin ar bith;

(b)

scéimeanna iarrthacha Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála (“scéimeanna iarrthacha”) a ullmhú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC i gcomhréir le hAirteagal 49;

(c)

meastóireacht a dhéanamh ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála i gcomhréir le hAirteagal 49(8).

(d)

páirt a ghlacadh in athbhreithnithe piaraí de bhun Airteagal 59(4);

(e)

cuidiú leis an gCoimisiún rúnaíocht a chur ar fáil don ECCG faoi réir Airteagal 62(5);

2.   cuirfidh ENISA rúnaíocht ar fáil don Ghrúpa um Dheimhniú Cibearshlándála de bhun Airteagal 22(4);

3.   déanfaidh ENISA treoirlínte a thiomsú agus a fhoilsiú agus dea-chleachtais a fhorbairt, maidir le ceanglais cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus le lucht tionscail ar bhealach foirmiúil struchtúrtha trédhearcach.

4.   rannchuideoidh ENISA le fothú acmhainní i dtaca le próisis mheastóireachta agus deimhniúcháin trí threoirlínte a thiomsú agus a fhoilsiú agus trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstát arna iarraidh sin dóibh.

5.   éascóidh ENISA bunú agus glacadh caighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta i dtaobh bainistiú riosca agus i dtaobh slándáil táirgí TFC,seirbhísí TFC agus prósis TFC.

6.   déanfaidh ENISA, i gcomhar leis na Ballstáit agus lucht tionscail, comhairle agus treoirlínte a dhréachtú maidir leis na réimsí teicniúla a bhaineann leis na ceanglais slándála d’oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha agus do sholáthraithe seirbhíse digití, agus maidir le caighdeáin atá ann cheana, lena n-áirítear caighdeáin náisiúnta na mBallstát, de bhun Airteagal 19(2) de Threoir (EU) 2016/1148.

7.   déanfaidh ENISA anailísiú go rialta ar na príomhthreochtaí sa mhargadh cibearshlándála ar thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon agus iad sin a scaipeadh, d’fhonn an margadh cibearshlándála san Aontas a chothú.

Airteagal 9

Eolas agus faisnéis

Déanfaidh ENISA:

(a)

anailísiú ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus measúnuithe topaic-shonracha a chur ar fáil ar an tionchar a mheastar a bheadh ag nuálaíochtaí teicneolaíochta ar an gcibearshlándáil ó thaobh na sochaí, an dlí, an gheilleagair agus na rialála de;

(b)

anailísí straitéiseacha fadtéarmacha ar cibearbhagairtí agus cibeartheagmhais d’fhonn treochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint agus cuidiú chun teagmhais a bhaineann le cibearshlándáil a chosc;

(c)

comhairle, treoir agus dea-chleachtais a chur ar fáil, i gcomhar le saineolaithe údaráis na mBallstát agus le geallsealbhóirí ábhartha, maidir le slándáil córas gréasán agus faisnéise, go háirithe maidir le slándáil agus na mbonneagar sin a thacaíonn leis na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148 agus leo siúd arna n-úsáid ag soláthraithe na seirbhísí digití a liostaítear in Iarscríbhinn III de chuid na Treorach sin;

(d)

trí thairseach dílsithe, faisnéis maidir leis an gcibearshlándáil, arna cur ar fáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, a thiomsú, a eagrú agus a chur ar fáil do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, agus ar bhonn deonach ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí;

(e)

faisnéis maidir le teagmhais shuntasacha atá ar fáil go poiblí a bhailiú agus a anailísiú agus tuarascálacha a thiomsú d’fhonn treoir a chur ar fáil do shaoránaigh, d’eagraíochtaí agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais.

Airteagal 10

Ardú feasachta agus an t-oideachas

I dtaca le heolas agus faisnéis, déanfaidh ENISA:

(a)

feasacht an phobail ar rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil a ardú, agus treoir a thabhairt do shaoránaigh, d’eagraíochtaí agus do ghnólachtaí maidir le dea-chleachtais le haghaidh úsáideoirí aonair, lena n-áirítear cibearshláinteachas agus cibearlitearthacht;

(b)

feachtais rialta for-rochtana a eagrú i gcomhréir leis na Ballstáit, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus le lucht tionscail, chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil agus ar a hinfheictheacht ar fud an Aontais, agus díospóireacht chuimsitheach phoiblí a spreagadh;

(c)

cuidiú leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh an fheasacht a ardú i dtaobh na cibearshlándála agus an t-oideachas maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun cinn;

(d)

tacaíocht a thabhairt do chomhordú níos dlúithe agus do mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát maidir le hoideachas cibearshlándála agus feasacht.

Airteagal 11

Taighde agus nuálaíocht

I dtaca le taighde agus nuálaíocht, déanfaidh ENISA an méid seo:

(a)

comhairle a chur ar fáil d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus do na Ballstáit maidir le riachtanais agus tosaíochtaí taighde i réimse na cibearshlándála d’fhonn freagairtí éifeachtacha ar rioscaí agus cibearbhagairtí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a chumasú, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide nua agus cinn atá ag teacht chun cinn, agus d’fhonn teicneolaíochtaí seachanta rioscaí a úsáid go héifeachtúil;

(b)

páirt a ghlacadh, i gcás ina bhfuil na cumhachtaí ábhartha tugtha ag an gCoimisiún di, i gcéim cur chun feidhme clár um maoiniú taighde agus nuálaíochta, nó ina cáil mar thairbhí;

(c)

rannchuidiú, ar leibhéal an Aontais, leis an gclár oibre um thaighde straitéiseach agus nuálaíocht i réimse na cibearshlándála.

Airteagal 12

An comhar idirnáisiúnta

Cuideoidh ENISA le hiarrachtaí an Aontais comhar a bhunú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus laistigh de chomharchreataí ábhartha idirnáisiúnta, chun comhar idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna cibearshlándála a chur chun cinn, trí:

(a)

gníomhú, i gcás inarb iomchuí, mar bhreathnóir in eagrú cleachtaí idirnáisiúnta, agus anailís a dhéanamh agus tuairisciú don Bhord Bainistíochta ar thoradh na gcleachtaí sin;

(b)

malartú dea-chleachtas ábhartha a éascú, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún;

(c)

saineolas a chur ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó;

(d)

Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil don Choimisiún faoi chúrsaí a bhaineann le comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach do dhearbhuithe cibearshlándála le tríú tíortha i gcomhar le ECCG a bunaíodh faoi Airteagal 62.

CAIBIDIL III

Eagrú ENISA

Airteagal 13

Struchtúr ENISA

Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr riaracháin agus bainistíochta ENISA:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Bord Feidhmiúcháin;

(c)

Bainisteoir Feidhmiúcháin;

(d)

Grúpa Comhairleach de chuid ENISA.

(e)

Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh.

Roinn 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 14

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Comhalta amháin a dhéanfaidh ionadaíocht ar gach Ballstát arna gceapadh ag gach Ballstát agus beirt comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar an gCoimisiún agus arna gceapadh ag an gCoimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Beidh cearta vótála ag na comhaltaí uile.

2.   Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht air nuair a bheidh an comhalta as láthair.

3.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na cibearshlándála, ag cur san áireamh a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Bainistíochta a theorannú chun leanúnachas in obair an Bhoird Bainistíochta sin a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ionadaíocht chothromaithe a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta.

4.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bhainistíochta agus a gcuid malartach. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

Airteagal 15

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

treo ginearálta oibríocht ENISA a bhunú agus a áirithiú go n-oibreoidh ENISA i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo; áiritheoidh sé freisin comhsheasmhacht obair ENISA le gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit agus a dhéantar ar leibhéal an Aontais;

(b)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair de chuid ENISA dá dtagraítear in Airteagal 24 a ghlacadh sula dtíolacfar chuig an gCoimisiún é chun a thuairim a fháil ina leith;

(c)

doiciméad clársceidealaithe aonair sin ENISA a ghlacadh, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 17, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh;

(d)

cur chun feidhme an chlársceidealaithe ilbhliantúil agus bhliantúil a áirítear sa doiciméad aonair clársceidealaithe;

(e)

buiséad bliantúil ENISA a ghlacadh, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad ENISA i gcomhréir le Caibidil V;

(f)

measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil chomhdhlúite bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ENISA agus í a ghlacadh faoin 1 Iúil an bhliain ina dhiaidh sin, agus an measúnú agus an tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, lena n-áirítear sa tuarascáil na cuntais agus cur síos ar an gcaoi ar chomhlíon ENISA a cuid táscairí feidhmíochta; agus lena bhfoilseofar an tuarascáil bhliantúil go poiblí;

(g)

na rialacha airgeadais a ghlacadh is infheidhme maidir leis ENISA i gcomhréir le hAirteagal 32;

(h)

straitéis frith-chalaoise a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag féachaint d’anailís costais is tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme;

(i)

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a comhaltaí;

(j)

obair leantach leordhóthanach a áirithiú ar na torthaí agus ar na moltaí a eascróidh as imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascálacha agus na meastóireachtaí éagsúla inmheánacha agus seachtracha;

(k)

a cuid rialacha nós imeachta a ghlacadh lena n-áirítear rialacha do chinntí sealadacha i ndáil le leithdháileadh ar chúraimí sonracha de bhun Airteagal 19(7);

(l)

i dtaca le baill foirne ENISA, na cumhachtaí a fheidhmiú arna ndeonú di le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne Oifigigh”) don Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile an Aontais (“Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (24) don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo;

(m)

rialacha a ghlacadh chun na Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne Oifigigh;

(n)

an Stiúrthóir Riaracháin a cheapadh agus, más ábhartha, síneadh a chur lena théarma oifige nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 36;

(o)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, a bheidh neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a chuid dualgas, agus féadfaidh sé gurb é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin é;

(p)

gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir inmheánacha ENISA agus maidir le modhnú na struchtúir inmheánacha sin, más gá, ag cur san áireamh riachtanais ghníomhaíochtaí ENISA agus ag féachaint do bhainistiú fónta buiséid;

(q)

bunú socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 7 i ndáil le hAirteagal 7;

(r)

bunú nó tabhairt chun críche socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 42.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne d’Oifigigh agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Féadfar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

3.   Nuair is gá sin mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh chun cumhachtaí an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 16

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

Toghfaidh an Bord Bainistíochta an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí féin, trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí. Mairfidh na téarmaí oifige ar feadh tréimhse 4 bliana, a bheidh ina tréimhse in-athnuaite uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin. Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh ex officio mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid dualgas a chomhlíonadh.

Airteagal 17

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2.   Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana. Beidh cruinnithe urghnácha aige freisin arna iarraidh sin don Chathaoirleach, don Choimisiún nó d’aon trian ar a laghad de na comhaltaí.

3.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála aige.

4.   Féadfaidh comhaltaí an Ghrúpa Comhairleach ENISA bheith rannpháirteach, i gcruinnithe den Bhord Bainistíochta, ar chuireadh ón gCathaoirleach, ach ní bheidh ceart vótála acu.

5.   Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta nó do na comhaltaí malartacha, faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird.

6.   Is í ENISA a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 18

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí de réir thromlach a chomhaltaí.

2.   Beidh tromlach dhá thrian de chomhaltaí uile an Bhoird Bainistíochta ag teastáil chun cinntí maidir leis an doiciméad clársceidealaithe aonair agus an buiséad bliantúil a ghlacadh, agus chun an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a théarma oifige a shíneadh, nó é a chur as oifig.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal ceart vótála an chomhalta a fheidhmiú.

4.   Glacfaidh an Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta páirt sa vótáil.

5.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

6.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta, leagfar síos socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na cúinsí ina bhféadfadh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile.

Roinn 2

An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 19

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.

2.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:

(a)

na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;

(b)

a áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéanfar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus moltaí a thagann as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascála iniúchta agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla;

(c)

cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhairle a chur air i ndáil le cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha a chur chun feidhme de bhun Airteagal 20, gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 20 iad.

3.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de chúigear comhaltaí. Déanfar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh ó chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Beidh duine de na comhaltaí ina Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, a fhéadfaidh freisin a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin, agus duine eile d’ionadaithe an Choimisiúin. Beidh sé mar aidhm ag na ceapacháin ionadaíocht chothrom idir na hinscní a bhaint amach ar an mBord Feidhmiúcháin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.

4.   Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar feadh 4 bliana. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.   Beidh cruinniú ag an mBord Feidhmiúcháin uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise a chomóradh arna iarraidh sin do chomhaltaí an Bhoird.

6.   Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.

7.   Nuair is gá, i gcásanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin agus cúrsaí buiséadacha a chur ar fionraí. Cuirfear gach cinneadh sealadach in iúl don Bord Bainistíochta gan aon mhoill mhíchuí go ndéana sé formheas air tráth nach déanaí ná trí mhí ó glacadh an cinneadh. Ní ghlacfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon chinneadh a dteastóidh móramh de dhá dtrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina leith.

Roinn 3

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 20

Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgais, a bhainisteoidh ENISA. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.

2.   Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.

3.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán laethúil ENISA;

(b)

na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(c)

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas sula ndéanfar é a thíolacadh chuig an gCoimisiún;

(d)

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta ina thaobh sin;

(e)

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA, lena n-áirítear an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(f)

plean gníomhaíochta a ullmhú mar bheart leanúnach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;

(g)

plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint d’obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, agus ar imscrúduithe de chuid OLAF, mar aon le tuairisc ar an dul chun cinn a chur chuig an gCoimisiún 2 uair sa bhliain, agus chuig an mBord Riaracháin ar bhonn rialta;

(h)

na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA dá dtagraítear in Airteagal 32 a ullmhú;

(i)

dréachtráiteas ENISA ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a buiséad a chur chun feidhme;

(j)

leasa airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(k)

straitéis frith-chalaoise do ENISA a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(l)

teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí chun idirphlé rialta le geallsealbhóirí ábhartha a áirithiú;

(m)

an malartú tráthrialta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir lena ngníomhaíochtaí i ndáil leis an gcibearchoireacht chun comhleanúnachas a áirithiú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartas an Aontais;

(n)

cúraimí eile arna sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an Rialachán seo a dhéanamh.

4.   I gcás ina bhfuil gá leis agus faoi réir chuspóirí agus cúraimí ENISA, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin grúpaí oibre ad hoc de shaineolaithe a bhunú, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh na ngrúpaí oibre, le ceapadh shaineolaithe na ngrúpaí oibre ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na ngrúpaí oibre ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA.

5.   Nuair is gá, chun cúraimí ENISA a chur i gcrích go héifeachtúil agus go héifeachtach agus ar bhonn anailís iomchuí costais/sochair, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh oifig áitiúil amháin nó níos mó a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó. Sula gcinnfear oifig áitiúil a chur ar bun, lorgóidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán tuairim na mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear an Ballstát ina bhfuil suíomh ENISA, agus gheobhaidh sé nó sí toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. I gcásanna ina mbeadh easaontú le linn phróiseas an chomhairliúcháin idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Ballstáit lena mbaineann, cuirfear an tsaincheist faoi bhráid na Comhairle lena plé. Coimeádfar an líon foirne is lú is féidir i ngach oifig áitiúil agus ní mó san iomlán a bheidh sin ná 40 % den fhoireann atá sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA. Ní mó ná 10 % de líon na foirne atá sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA a bheidh líon na foirne i ngach oifig áitiúil.

Sonrófar sa chinneadh lena mbunaítear oifig áitiúil raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin ENISA a dhéanamh faoi dhó.

Roinn 4

Grúpa Comhairleach Enisa, an Grúpa um Dheimhniú I nDáil Lu gCibearshlándáil agus gréasán NA nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh

Airteagal 21

Grúpa Comhairleach ENISA

1.   Ar bhealach trédhearcach, bunóidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dóibh arna mholadh sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Grúpa Comhairleach ENISA, agus beidh an buanghrúpa sin comhdhéanta de shaineolaithe aitheanta atá ina n-ionadaithe ar na geallsealbhóirí ábhartha, amhail an tionscal TFC, soláthraithe gréasán nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, FBManna, oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla i réimse na cibearshlándála agus ionadaithe údarás inniúil a dtugtar fógra dóibh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, chomh maith le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus údaráis um maoirseacht ar chosaint sonraí. Féachfaidh an Bord Bainistíochta lena áirithiú go mbeidh ann cuí-chothromaíocht inscne agus thíreolaíoch i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla.

2.   Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA na nósanna imeachta maidir le Grúpa Comhairleach ENISA agus go háirithe na nósanna imeachta maidir le comhdhéanamh dá dtagraítear i mír 1, líon agus ceapadh na gcomhaltaí agus oibríocht an Ghrúpa Comhairleach ENISA, agus poibleofar na nósanna imeachta sin.

3.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó aon duine a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn cás ar chás, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach ENISA.

4.   Tréimhse 2 bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA. Beidh saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit i dteideal a bheith i láthair ag na cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair Ghrúpa Comhairleach ENISA. Más rud é nach comhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA iad, tabharfar cuireadh chuig na cruinnithe d’ionadaithe comhlachtaí eile a mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá ábhartha do chruinnithe Ghrúpa Comhairleach ENISA agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ina chuid oibre.

5.   Cuirfidh Grúpa Comhairleach ENISA comhairle ar ENISA maidir le feidhmiú cúraimí ENISA, seachas maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Theideal III den Rialachán seo. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre bliantúil ENISA agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre bliantúil.

6.   Cuirfidh an Grúpa Comhairleach ENISA an Bord Bainistíochta ar an eolas go tráthrialta maidir lena chuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 22

An Grúpa um Dheimhniú Cibearshlándála do Gheallsealbhóirí

1.   Bunófar an Grúpa um Dheimhniú Cibearshlándála do Gheallsealbhóirí.

2.   Maidir le baill an Ghrúpa um Dheimhniú Cibearshlándála do Gheallsealbhóirí, roghnófar iad as measc na saineolaithe aitheanta a dhéanfaidh ionadaíocht ar na geallsealbhóirí ábhartha. Roghnóidh an Coimisiún, trí ghlao trédhearcach oscailte, na baill sin de bhun moladh ó ENISA lena n-áiritheofar an chothromaíocht i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla agus an chothromaíocht inscne agus gheografach.

3.   Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an nGrúpa um Dheimhniú Cibearshlándála do Gheallsealbhóirí:

(a)

comhairle a chur ar an gCoimisiún faoi shaincheisteanna straitéiseacha a bhaineann leis an gcreat Eorpach don deimhniú cibearshlándála;

(b)

arna iarraidh sin, comhairle a chur ar ENISA faoi chúrsaí ginearálta agus straitéiseacha a bhaineann le cúraimí ENISA ar an margadh, le deimhniú cibearshlándála agus le caighdeánú;

(c)

cuidiú leis an gCoimisiún clár saothair rollach an Aontais a ullmhú da dtagraítear in Airteagal 47;

(d)

tuairim a eisiúint i dtaobh i dtaobh chlár saothair rollach an Aontais de bhun Airteagal 47(4); agus

(e)

i gcás práinne, comhairle a thabhairt don Choimisiún agus ar an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thomhaltóirí (ECCG) faoina riachtanaí atá scéimeanna breise deimhniúcháin nach gcuimsítear sa chlár saothair rollach an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 47 agus Airteagal 48.

4.   Déanfaidh ionadaithe ón gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht araon cathaoirleacht ar an nGrúpa um Dheimhniú Cibearshlándála do Gheallsealbhóirí; is í ENISA a chuirfidh ar fáil an rúnaíocht.

Airteagal 23

Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit (Oifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh). Ceapfaidh gach Ballstát ionadaí amháin ar Ghréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh. Féadfar cruinnithe an Ghréasáin na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a thionól i bhformáidí éagsúla saineolaithe.

2.   Déanfaidh Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh an malartú faisnéise a éascú idir ENISA agus na Ballstáit go háirithe, agus tacaíocht a thabhairt do ENISA chun a chuid gníomhaíochtaí, torthaí agus moltaí a scaipeadh ar fud an Aontais ar na geallsealbhóirí ábhartha.

3.   Gníomhóidh na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh mar lárphointí teagmhála ar an leibhéal náisiúnta chun comhar a éascú idir ENISA agus saineolaithe náisiúnta i gcomhthéacs clár oibre bliantúil ENISA a chur chun feidhme.

4.   Cé gur cheart do na hOifigigh Náisiúnta Idirchaidrimh dlúthchomhar a bheith acu le hionadaithe an Bhoird Bainistíochta sna tíortha dar díobh iad féin faoi seach, ní dhéanfaidh an Gréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh féin dúbailt ar obair an Bhoird Bainistíochta ná ar an obair a dhéanfaidh fóraim eile de chuid an Aontais.

5.   Déanfar feidhmeanna agus nósanna imeachta do Ghréasán na nOifigeach Náisiúnta Idirchaidrimh a shonrú i rialacha inmheánacha oibriúcháin ENISA agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

Roinn 5

Oibríocht

Airteagal 24

Doiciméad clársceidealaithe amháin

1.   Cuirfidh ENISA a hoibríochtaí i gcrích i gcomhréir le doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh a clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil, ina gcuimseofar a gníomhaíochtaí beartaithe ar fad.

2.   Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe a tharraingt suas ina mbeidh clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus an phleanáil acmhainní airgeadais agus daonna i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (25) agus treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.

3.   Faoin 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i mír 1 agus tarchuirfidh sé é chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir na bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí chomh maith le haon leaganacha den doiciméad sin a tugadh cothrom le dáta tráth níos déanaí.

4.   Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go cinntitheach agus déanfar coigeartú air, más gá sin.

5.   Beidh sa chlár oibre bliantúil cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 7. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a sannfar cúram nua do ENISA. Glacfar aon leasú mór ar an gclár oibre bliantúil leis an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

7.   Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann.

8.   Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a nuashonrú nuair is iomchuí, agus go háirithe i gcás inar gá chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 67.

Airteagal 25

Dearbhú leasanna

1.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus oifigigh atá ar iasacht ó Bhallstáit ar bhonn sealadach déanfaidh gach duine acu faoi seach dearbhú gealltanas agus dearbhú ina léirítear nach ann nó gurb ann d’aon leas díreach nó indíreach a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais. Maidir leis na dearbhuithe, beidh siad beacht agus iomlán, déanfar go bliantúil agus i scríbhinn iad agus tabharfar cothrom le dáta iad cibé uair is gá sin.

2.   Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus leis na saineolaithe seachtracha a ghlacann páirt i ngrúpaí oibre ad hoc, déanfaidh gach duine acu dearbhú go beacht agus go hiomlán ar a dhéanaí ag tús gach cruinnithe ar dearbhú é ina léireofar aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach i dtaobh a neamhspleáchais i ndáil leis na hítimí atá ar an gclár agus staonfaidh siad ó pháirt a ghlacadh sa phlé ar na pointí sin agus ó vótáil ar na pointí sin.

3.   Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha i dtaobh dearbhuithe leasa dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 26

Trédhearcacht

1.   Cuirfidh ENISA a gníomhaíochtaí i gcrích le leibhéal ard trédhearcachta agus i gcomhréir le hAirteagal 28.

2.   Áiritheoidh ENISA go ndéanfar faisnéis iomchuí oibiachtúil iontaofa a bhfuil teacht uirthi go héasca a sholáthar don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le torthaí a cuid oibre. Poibleoidh sí freisin na dearbhuithe leasa a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 25.

3.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí ENISA.

4.   Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

Airteagal 27

Rúndacht

1.   Gan dochar d’Airteagal 28, ní sceithfidh ENISA le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici nó arna tabhairt di a bhfuil iarraidh réasúnaithe déanta ina leith déileáil go rúnda, léi.

2.   Comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna meithleacha ad hoc, agus comhaltaí foirne ENISA, lena n-áirítear oifigigh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn sealadach, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta d’Airteagal 339 de CFAE, fiú amháin nuair a bheidh deireadh lena gcuid dualgas.

3.   Leagfaidh ENISA síos, ina rialacha inmheánacha oibríochta féin, na socruithe praiticiúla d’fhonn na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur chun feidhme.

4.   Má cheanglaítear é sin le haghaidh fheidhmíocht chúraimí ENISA, cinnfidh an Bord Bainistíochta go gceadófar do ENISA faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil. Sa chás sin, glacfaidh ENISA, i gcomhaontú le seirbhísí an Choimisiúin, rialacha slándála a chuirfidh i bhfeidhm na prionsabail slándála a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 (26) ón gCoimisiún agus 2015/444 (27) ón gCoimisiún. Cuimseofar leis na rialacha slándála sin na forálacha le haghaidh faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 28

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh ENISA.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh faoin 28 Nollaig 2019.

3.   Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag ENISA de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpaigh faoi Airteagal 228 CFAE nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 CFAE.

CAIBIDIL IV

Bunú agus struchtúr bhuiséad ENISA

Airteagal 29

Buiséad ENISA a bhunú

1.   Gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas ENISA don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus tarchuirfidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, chuig an mBord Bainistíochta. Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

2.   Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas EMISA don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar bhonn dréachtráiteas meastachán ENISA.

3.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 31 Eanáir gach bliain, an ráiteas meastachán, a bheidh ina chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas leo dá dtagraítear in Airteagal 42(2).

4.   Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta an Aontais, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad i gcomhréir le hAirteagal 314 CFAE.

5.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht ón Aontas a thabharfar do ENISA.

6.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta do ENISA.

7.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad ENISA in éineacht leis an doiciméad clársceidealaithe aonair. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh deireanach bhuiséad ginearálta an Aontais. I gcás inar gá, déanfaidh an Bord Bainistíochta buiséad agus doiciméad clársceidealaithe aonair ENISA a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 30

Struchtúr bhuiséid ENISA

1.   Gan dochar d’acmhainní eile, beidh in ioncam ENISA:

(a)

ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais;

(b)

ioncam a shannfar d’ítimí sonracha caiteachais i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32;

(c)

cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)

ranníocaíochtaí ó thríú tíortha a rannchuideoidh le hobair ENISA, dá dtagraítear in Airteagal 42;

(e)

aon ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit in airgead nó i gcomhchineál.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit a sholáthraíonn ranníocaíochtaí saorálacha, faoi phointe (e) den chéad fhomhír, aon cheart sonrach ná seirbhís shonrach a éileamh mar thoradh air sin.

2.   Beidh ar áireamh i gcaiteachas ENISA costais a bhaineann le foireann, le tacaíocht riaracháin agus theicniúil, le bonneagar agus le hoibríocht, chomh maith le costais a eascraíonn as conarthaí le tríú páirtithe.

Airteagal 31

Buiséad ENISA a chur chun feidhme

1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as buiséad ENISA a chur chun feidhme.

2.   Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar ENISA is atá aige ar ranna an Choimisiúin.

3.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais (bliana N + 1).

4.   Nuair a gheobhaidh sé barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha ENISA, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a bhfuil sé freagrach astu agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha ENISA.

6.   Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais N + 1, tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

7.   Faoin 1 Iúil na bliana airgeadais N + 1, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.   Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta litir ionadaíochta ina gcumhdaítear cuntais chríochnaitheacha ENISA sin a sheoladh chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus cóip chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, an dáta céanna a tharchuirfidh sé na cuntais chríochnaitheacha sin.

9.   Faoin 15 Samhain an bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

10.   Faoin 30 Meán Fómhair den bhliain N + 1, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha agus cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.

11.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

12.   Ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa roimh 15 Bealtaine den bhliain N + 2, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid a chur chun feidhme do bhliain N.

Airteagal 32

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ach amháin i gcás ina mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’fheidhmiú ENISA agus ina dtoileoidh an Coimisiún leis roimh ré.

Airteagal 33

Calaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac i gcoinne calaoise, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) a éascú, aontóidh ENISA, faoin 28 Nollaig 2019, don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (30). Glacfaidh ENISA na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile ENISA, agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.

2.   Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus faisnéis a fhaightear ar bhonn cigireachtaí ar an láthair, iniúchtaí a dhéanamh ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir ag a mbeidh cistí an Aontais faighte ó ENISA.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (31) d’fhonn a shuíomh an ndearnadh aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an ENISA.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i socruithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid ENISA lena gcumhachtófar go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL V

Foireann

Airteagal 34

Forálacha ginearálta

Maidir leis na Rialacháin Foirne d’Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chomh maith leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann ENISA.

Airteagal 35

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le ENISA agus maidir lena foireann.

Airteagal 36

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceaptha mar ghníomhaire sealadach de ENISA faoi phointe (a) d’Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann.

3.   Ar mhaithe le conradh fostaíochta an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann ENISA.

4.   Sula ndéanfar an ceapachán, tabharfar cuireadh don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna na gComhaltaí a fhreagairt.

5.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar na cúraimí agus dúshláin a bheidh ann amach anseo do ENISA.

6.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18(2).

7.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana.

8.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le haon rún a bheadh aige téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Laistigh de thrí mhí roimh aon fhadú den sórt sin, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, má iarrtar é sin air, ráiteas a dhéanamh os comhair an choiste chuí Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna Chomhaltaí an choiste a fhreagairt.

9.   Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhfuil fad curtha lena théarma oifige páirt in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

10.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún.

Airteagal 37

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.   Féadfaidh ENISA úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus as foireann eile nach bhfuil fostaithe ag ENISA. Ní bheidh feidhm ag na Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leis an bhfoireann sin.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht do ENISA.

CAIBIDIL VI

Forálacha ginearálta maidir le ENISA

Airteagal 38

Stádas dlí ENISA

1.   Beidh ENISA ina comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag ENISA an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht thar ceann ENISA.

Airteagal 39

Slándáil ENISA

1.   Beidh dliteanas conarthach ENISA faoi rialú an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag ENISA.

3.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, cúiteoidh ENISA, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a fhoireann i gcomhlíonadh a ndualgas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith ENISA faoi rialú ag na coinníollacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann ENISA.

Airteagal 40

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag Rialachán CEE Uimh. 1 ón gComhairle maidir le ENISA (32). Féadfaidh na Ballstáit agus na comhlachtaí eile arna gceapadh acu dul i dteagmháil le ENISA agus freagra a fháil ina rogha teanga oifigiúil de chuid institiúidí an Aontais.

2.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh ENISA.

Airteagal 41

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag ENISA faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2018/1725. Féadfaidh an Bord Bainistíochta na bearta breise is gá a ghlacadh chun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 a bheith á chur i bhfeidhm ag ENISA.

Airteagal 42

Comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   A mhéid is gá chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh ENISA dul i gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó leis an mbeirt acu. Chuige sin, féadfaidh ENISA, socruithe oibre a leagan síos i gcomhar le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tar éis di formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré. Ní chruthófar leis na socruithe sin oibleagáidí dlíthiúla ar an Aontas ná ar na Ballstáit.

2.   Beidh ENISA oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe chuige sin tugtha i gcrích acu leis an Aontas. Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe oibre ina sonrófar, go háirithe, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta gach ceann de na tíortha sin in obair ENISA, lena n-áirítear forálacha a bhaineann lena rannpháirtíocht sna tionscnaimh a dtugann ENISA fúthu, le ranníocaíochtaí airgeadais agus le cúrsaí foirne. I dtaca le cúrsaí foirne, comhlíonfaidh na socruithe oibre sin na Rialacháin Foirne Oifigigh Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile i gcás ar bith.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta straitéis i gcomhair caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le cúrsaí a mbeidh inniúlacht ag ENISA ina leith. Áiritheoidh an gCoimisiún go bhfeidhmeoidh ENISA laistigh dá sainordú agus laistigh den chreat idirinstitiúideach atá ann cheana trí shocruithe oibre oiriúnacha a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 43

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh ENISA rialacha slándála féin lena gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin chun agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus FRAE a chosaint, mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. Áireofar sna rialacha slándála sin forálacha le haghaidh faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 44

Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

1.   Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do ENISA sa Bhallstát aíochta agus na saoráidí a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, foireann ENISA agus a dteaghlach, leagfar síos iad i gcomhaontú ceanncheathrún idir ENISA agus an Ballstát aíochta a thabharfar chun críche tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

2.   Soláthróidh Ballstát óstach ENISA na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí ENISA a áirithiú, agus inrochtaineacht an tsuímh, saoráidí leordhóthanacha oideachais a bheith ann do leanaí na gcomhaltaí foirne á gcur san áireamh, inrochtaineacht iomchuí ar an margadh saothair, slándáil shóisialta agus cúram míochaine do leanaí agus do chéilí na gcomhaltaí foirne araon.

Airteagal 45

Rialú riaracháin

Déanfaidh an tOmbudsman Eorpach maoirseacht ar oibríochtaí ENISA, i gcomhréir le forálacha Airteagal 228 CFAE.

TEIDEAL III

CREAT UM DHEIMHNIÚ CIBEARSHLÁNDÁLA

Airteagal 46

An creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála

1.   Bunófar an creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála chun na dálaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí leibhéal na cibearshlándála a mhéadú laistigh den Aontas ionas gur féidir cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar leibhéal an Aontais i dtaca le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála, d’fhonn margadh aonair digiteach a chruthú le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC.

2.   Leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, soláthrófar sásra chun scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus chun a fhianú go gcomhlíonfaidh na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a ndearnadh meastóireacht orthu i gcomhréir le scéimeanna den chineál sin, ceanglais shonracha slándála agus é mar aidhm infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha nó próiseáilte nó feidhmeanna nó na seirbhísí a chuirfidh na táirgí, seirbhísí agus próisis sin ar fáil ar feadh a saolré a chosaint.

Airteagal 47

Clár saothair rollach an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála

1.   Foilseoidh an Coimisiún clár saothair rollach de chuid an Aontais don deimhniú Eorpach cibearshlándála (“an clár oibre rollach an Aontais”) lena sainaithneofar tosaíochtaí straitéiseacha i dtaca le scéimeanna Eorpacha deimhniúcháin cibearshlándála a bhunú amach anseo.

2.   Áireofar go háirithe ar chlár oibre rollach an Aontais liosta de tháirgí, de sheirbhísí TFC, de phróisis TFC agus de chatagóirí TFC a bheadh in ann leas iad a chumhdach faoi cheanna de na scéimeanna Eorpacha deimhniúcháin cibearshlándála sin.

3.   Is ar aon cheann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC agus catagóirí TFC ar leith a áireofar ar chlár oibre rollach an Aontais:

(a)

scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bheith ar fáil agus á bhforbairt a chumhdaíonn aon chatagóir ar leith de tháirgí TFC, de sheirbhísí TFC, nó de phróisis TFC agus go háirithe i dtaca leis an mbaol atá ann go dtarlódh ilroinnt;

(b)

dlí nó beartas ábhartha de chuid an Bhallstáit nó an Aontais;

(c)

éileamh ón margadh;

(d)

forbairtí i réimse na mbagairtí cibearshlándála;

(e)

iarratas go n-ullmhófaí scéim iarrthach shonrach ag ECCG.

4.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go cuí na tuairimí a eiseoidh an ECCG agus an Grúpa Geallsealbhóirí um Dheimhniú maidir leis an dréachtchlár oibre rollach an Aontais.

5.   Foilseofar an chéad chlár oibre rollach an Aontais faoin 28 Meitheamh. Tabharfar an clár oibre rollach an Aontais cothrom le dáta ar a laghad gach 3 bliana nó níos mó más gá.

Airteagal 48

Iarraidh ar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála

1.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ENISA scéim iarrthach a ullmhú nó scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a athbhreithniú ar bhonn an chláir oibre rollach an Aontais.

2.   I gcásanna a mbeidh údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún, nó ECCG, a iarraidh ar an 2020ENISA scéim iarrthach a ullmhú nó athbhreithniú a dhéanamh ar scéim atá ann cheana nach bhfuil ar áireamh i gclár saothair rollach an AontaisTabharfar clár oibre rollach an Aontais cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 49

Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú

1.   Arna iarraidh sin don Choimisiún de bhun Airteagal 43b, ullmhóidh ENISA scéim iarrthach Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 54 den Rialachán seo.

2.   Arna iarraidh sin don ECCG de bhun Airteagal 48(2), féadfaidh ENISA scéim iarrthach a ullmhú a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 54 den Rialachán seo. Má dhiúltaíonn ENISA an iarraidh sin, léireofar cúiseanna an chinnidh sin. Is é an Bord Bainistíochta a dhéanfaidh aon chinneadh faoi iarraidh den sórt sin a dhiúltú.

3.   Agus scéim iarrthach á n-ullmhú aici, rachaidh ENISA i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir trí phróiseas foirmiúil, oscailte, trédhearcach, cuimsitheach comhairliúcháin.

4.   I gcás gach scéim iarrthach, bunóidh ENISA meitheal ad hoc i gcomhréir le hAirteagal 20(4) agus é mar chuspóir aici comhairle shonrach a chur ar ENISA agus saineolas sonrach a chur ar fáil di.

5.   Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go dlúth le ECCG. Tabharfaidh ECCG cúnamh do ENISA agus cuirfidh sí comhairle shaineolach uirthii ndáil leis an scéim iarrthach a ullmhú agus glacfaidh sí tuairim maidir leis an scéim iarrthach.

6.   Tabharfaidh ENISA lánaird ar thuairim ECCG sula dtarchuirfidh sé an scéim iarrthach a ullmhófar i gcomhréir le míreanna 3, 4 agus 5 chuig an gCoimisiún. Ní tuairim cheangailteach a bheidh inti agus ní bheidh aon bhac ar ENISA an scéim iarrthach a tharchur chuig an gCoimisiún fiú murab ann don tuairim.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn scéim iarrthach arna ullmhú ag ENISA, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena bhforáiltear maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála do tháirgí, do sheirbhísí TFC agus do phróisis TFC, a chomhlíonann ceanglais a leagtar amach in Airteagal 51, Airteagal 52 agus Airteagal 54 den Rialachán seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta fiosrúcháin in Airteagal 66(2).

8.   Gach cúig bliain, ar a laghad, déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht, ar an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus aird á tabhairt ar an aiseolas a fhaightear ó pháirtithe leasmhara. Más gá, féadfaidh an Coimisiún nó an ECCG a iarraidh ar ENISA tús a chur leis an bpróiseas chun scéim athbhreithnithe iarrthach a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 48 agus an Airteagal seo.

Airteagal 50

Suíomh gréasáin faoi scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.   Coimeádfaidh ENISA suíomh gréasáin tiomnaithe ar a gcuirfear faisnéis ar fáil agus ar a ndéanfar poiblíocht faoi scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála, deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráitis chomhréireachta ón Aontas, lena n-áirítear faiséis i ndáil le scéimeanna agus deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráitis chomhréireachta ón Aontas a aistarraingíodh agus a chuaigh in éag agus an stór nasc chuig faisnéis i dtaca leis an gcibearshlándáil a chuirfidh monaróirí agus soláthraithe ar fáil ar líne i gcomhréir le hAirteagal 55.

2.   I gcás inarb infheidhme, sonrófar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1 freisin na scéimeanna deimhniúcháin cibearshlandála náisiúnta ar ghabh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a n-ionad.

Airteagal 51

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a dhearadh ionas go mbainfear ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas amach, de réir mar is infheidhme:

(a)

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile a chosaint ar stóráil, próiseáil, rochtain nó nochtadh bíodh sin de thaisme nó neamhúdaraithe le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(b)

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar shlí eile a chosaint ar scriosadh a tharlaíonn de thaisme nó go neamhúdaraithe, ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(c)

féadfaidh daoine, feidhmchláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil go heisiach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(d)

spleáchais agus leochaileachtaí a bhfuiltear ar an eolas fúthu a shainaithint agus a dhoiciméadú;

(e)

taifead a dhéanamh ar cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu, a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, agus na hamanna ar a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(f)

is féidir a sheiceáil cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(g)

a fhíorú nach bhfuil leochaileachtaí aitheanta i dtáirgí TFC, i seirbhísí TFC agus i bpróisis TFC;

(h)

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(i)

go bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC slán trí dhearadh agus trí réamhshocrú;

(j)

cuirtear na bogearraí agus na crua-earraí is déanaí ar fáil do tháirgí TFC, do sheirbhísí TFC agus do phróisis TFC nach bhfuil aon leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu, agus cuirtear sásraí ar fáil dóibh le haghaidh nuashonruithe slána.

Airteagal 52

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.   Féadfaidh scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ceann amháin nó níos mó de na leibhéil seo a leanas a shonrú do tháirgí, do sheirbhísí agus do phróisis TFCar leibhéil maidir le dearbhú iad: “bunúsach”, “substaintiúil” nó “ard”,. Beidh leibhéal an dearbhaithe i gcomhréir leis an leibhéal riosca, a bhaineann leis an úsáid a bheartaítear do tháirge TFC, do sheirbhís TFC, nó do phróisis TFC, i dtéarmaí a dhóchúla atá sé go dtarlóidh teagmhas agus i dtéarmaí thionchar an teagmhais.

2.   Tagróidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus ráiteas comhréireachta ón Aontas d’aon leibhéil dearbhaithe arna sonrú sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, faoina mbeidh an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas eisithe.

3.   Sonrófar i ngach leibhéil dearbhúcháin na ceanglais slándála a chomhfhreagraíonn don leibhéal dearbhúcháin sin, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála agus méid comhfhreagrach na hiarrachta chun meastóireacht a dhéanamh ar tháirge TFC, ar sheirbhís TFC nó ar phróisis TFC.

4.   Tagróidh an deimhniú agus ráiteas comhréireachta ón Aontas do shonraíochtaí, caighdeáin agus nósanna imeachta teicniúla áirithe léi, lena n-áirítear rialuithe teicniúla, arb é is aidhm dóibh an baol atá ann go dtarlóidh teagmhais chibearshlándála a laghdú nó a chosc.

5.   Le deimhniú cibearshlándála Eorpach nó ráiteas comhréireachta ón Aontas lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas sin eisithe ina leith, na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar leis na rioscaí bunúsacha atá aitheanta i leith cibeartheagmhas agus cibearionsaithe a íoslaghdú. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta, ar a laghad athbhreithniú ar dhoiciméadacht theicniúil. Nuair nach bhfuil meastóireacht den sórt sin iomchuí, úsáidfear gníomhaíochtaí ionadaíocha iontu lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach.

6.   Le deimhniú cibearshlándála Eorpach lena dtagraítear do leibhéal dearbhúcháin “substaintiúil”, tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith, na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar chibear-rioscaí aitheanta, ar chibeartheagmhais agus ar chibearionsaithe a dhéanann gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní teoranta acu. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad: athbhreithniú a dhéanamh ar neamh-infheidhmeacht na leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí agus a thástáil go ndéantar, leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, an fheidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart. Nuair nach bhfuil gníomhaíochtaí meastóireachta den sórt sin iomchuí, féadfar gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach a úsáid.

7.   Le deimhniú cibearshlándála Eorpach lena dtagraítear do leibhéal dearbhaithe “ard” (i.e. “ardleibhéal”), tabharfar dearbhú go gcomhlíonann na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a bhfuil an deimhniú sin eisithe ina leith na ceanglais slándála chomhfhreagracha, lena n-áirítear feidhmiúlachtaí slándála, agus go ndearnadh meastóireacht orthu go leibhéal iomchuí lena bhféachtar le híoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh gníomhaithe a bhfuil scileanna agus acmhainní suntasacha acu cibearionsaithe úrscothacha. Áireofar sna gníomhaíochtaí meastóireachta ar a laghad: neamh-infheidhmeacht leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí a athbhreithniú, a thástáil go ndéantar, leis na táirgí TFC, seirbhísí TFC, nó próisis TFC na feidhmiúlachtaí slándála is gá a chur chun feidhme mar is ceart, ar an mbonn úrscothach, agus measúnú a dhéanamh ar a bhfrithsheasmhacht in aghaidh ionsaitheoirí oilte trí thástáil treáite. Nuair nach bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin iomchuí, féadfar orthu gníomhaíochtaí ionadaíocha lena ngabhfaidh éifeacht choibhéiseach a úsáid.

8.   D’fhéadfaí, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leibhéil éagsúla mheastóireachta a shonrú, ag brath ar dhéine agus ar dhoimhneacht na modheolaíochta meastóireachta a úsáidtear. Le gach ceann de na leibhéil mheastóireachta, comhfhreagrófar do cheann amháin de na leibhéil dearbhúcháin agus saineofar é le teaglaim iomchuí de chomhpháirteanna dearbhúcháin.

Airteagal 53

Féinmheasúnú comhréireachta

1.   D’fhéadfaí a cheadú, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, féinmheasúnú comhréireachta a chur i gcrích faoi fhreagracht mhonaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC agus faoina bhfreagracht siúd amháin. Beidh an féinmheasúnú comhréireachta sin infheidhme maidir le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a mbaineann riosca íseal leo nó maidir le scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála agus a chomhfhreagraíonn don leibhéal dearbhúcháin “bunúsach”, agus maidir leis na seirbhísí agus na táirgí sin amháin.

2.   Féadfaidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisiúint ina ndeirtear gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa scéim. Trí ráiteas den sórt sin a eisiúint, glacann monaróir nó soláthraí na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na próisis TFC freagracht as comhlíonadh an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC leis na ceanglais a leagtar amach sa scéim sin.

3.   Déanfaidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC go ceann tréimhse a shaineofar sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, an ráiteas comhréireachta ón Aontas, an doiciméadacht theicniúil agus faoin bhfaisnéis ábhartha uile eile a bhaineann le comhréireacht na dtáirgí TFC nó na seirbhísí TFC le scéim a choinneáil ar fáil don údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58(1). Cuirfear cóip den ráiteas comhréireachta ón Aontas faoi bhráid an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus faoi bhráid ENISA.

4.   Ráiteas comhréireachta ón Aontas a eiseofar de bhun an Airteagail seo, is ar bhonn deonach a eiseofar é mura sonraítear a mhalairt i ndlí an Aontais nó i ndlí na mBallstát.

5.   Na ráitis chomhréireachta ón Aontas, tabharfar aitheantas dó i ngach Ballstát.

Airteagal 54

Gnéithe de scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála

1.   I scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

ábhar agus raon feidhme na scéime deimhniúcháin, lena n-áirítear an cineál nó na catagóirí próiseas, táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a chumhdófar;

(b)

tuairisc shoiléir ar chríoch na scéime agus conas a fhreagraíonn na caighdeáin, na modhanna meastóireachta agus na leibhéil dearbhúcháin a roghnófar do riachtanais na n-úsáideoirí atá beartaithe don scéim.

(c)

tagairtí do chaighdeáin idirnáisiúnta, Eorpacha nó náisiúnta ar cloíodh leo sa mheastóireacht nó i gcás nach mbíonn fáil ar chaighdeáin nó nach iomchuí iad, déanfar tagairt do shonraíochtaí teicniúla a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 nó, i gcás nach mbíonn na sonraíochtaí sin ar fáil, do shonraíochtaí teicniúla nó do cheanglais eile chibearshlándála a shaineofar sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(d)

i gcás inarb infheidhme, leibhéal amháin dearbhúcháin nó níos mó;

(e)

léiriú ar cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear féinmheasúnú comhréireachta faoin scéim;

(f)

i gcás inarb infheidhme, ceanglais shonracha nó bhreise a mbeidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoina réir d’fhonn a ráthú go bhfuil an inniúlacht theicniúil acu chun meastóireacht a dhéanamh ar cheanglais chibearshlándála;

(g)

na critéir agus modhanna meastóireachta sonracha a úsáidtear, lena n-áirítear na cineálacha meastóireachta, d’fhonn a léiriú go bhfuil na cuspóirí slándála dá dtagraítear in Airteagal 51 bainte amach;

(h)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis atá le soláthar nó atá le cur ar fáil ar shlí eile do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta ag an iarratasóir agus atá de dhíth don deimhniú;

(i)

i gcás ina ndéantar foráil sa scéim maidir le marcanna agus lipéid, na coinníollacha faoinar féidir na marcanna nó na lipéid sin a úsáid;

(j)

rialacha maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil nó an ráitis comhréireachta ón Aontas, lena n-áirítear sásraí lena léiriú go bhfuil na ceanglais chibearshlándála shonraithe á gcomhlíonadh go leanúnach;

(k)

i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha maidir le deimhniú a eisiúint, a chothabháil agus a athnuachan agus maidir le leanúint de na deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil, mar aon leis na coinníollacha maidir le raon feidhme an deimhnithe a leathnú nó a laghdú;

(l)

rialacha maidir leis na hiarmhairtí ar neamh-chomhréireacht táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, ar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC iad atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas chomhréireachta ón Aontas ina leith, ach nach gcomhlíonann le ceanglais na scéime;

(m)

rialacha maidir leis an gcaoi ina ndéanfar leochaileachtaí cibearshlándála i dtáirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nár braitheadh cheana a thuairisciú agus a láimhseáil;

(n)

i gcás inarb infheidhme, rialacha maidir le taifid a choinneáil ag comhlachtaí um measúnú comhréireachta;

(o)

scéimeanna a shainaithint, ar scéimeanna náisiúnta nó idirnáisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iad, lena gcumhdaítear an cineál céanna nó na catagóirí céanna táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próiseas TFC, ceanglais slándála, critéar agus modhanna meastóireachta agus leibhéal dearbhaithe;

(p)

ábhar agus formáid na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus na ráiteas comhréireachta ón Aontas, arna eisiúint;

(q)

tréimhse infhaighteachta an ráitis comhréireachta ón Aontas agus dhoiciméadacht theicniúil na faisnéise ábhartha uile eile a chuirtear ar fáil ag monaróir nó ag soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC;

(r)

uastréimhse bhailíochta na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisítear faoin scéim;

(s)

an beartas maidir le nochtadh le haghaidh deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a dheonaítear, a leasaítear agus a tharraingítear siar a eisítear faoin scéim;

(t)

coinníollacha i gcomhair aitheantas frithpháirteach scéimeanna um dheimhniú le tríú tíortha;

(u)

i gcás inarb infheidhme, rialacha a bhaineann le haon sásra piarmheasúnuithe a bhunófar sa scéim do na húdaráis nó comhlachtaí a eisíonn deimhnithe Eorpacha cibearshlándála d’ardleibhéil dearbhúcháin de bhun Airteagal 56(6). Ní dochar an sásra sin don athbhreithniú piaraí dá bhforáiltear in Airteagal 59;

(v)

an fhormáid agus na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag monaróirí nó ag soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC agus an fhaisnéis chibearshlándála fhorlíontach á soláthar agus á tabhairt cothrom le dáta acu i gcomhréir le hAirteagal 55.

2.   Ní thiocfaidh riachtanais shonracha na scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála salach ar aon riachtanais dlí is infheidhme, go háirithe riachtanais a eascraíonn as dlí chomhchuibhithe an Aontais.

3.   I gcás ina bhforálann gníomh dlí sonrach den Aontas amhlaidh, féadfar deimhniú comhréireachta nó ráiteas comhréireachta ón Aontas a eisítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a úsáid chun an toimhdiú le riachtanais an ghnímh dlí a léiriú.

4.   I gcás nach ann do dhlí chomhchuibhithe de chuid an Aontais, féadfar foráil i ndlí na mBallstát go bhféadfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a úsáid chun an toimhdiú comhréireachta leis na riachtanais dlí a bhunú.

Airteagal 55

Faisnéis chibearshlándála bhreise do tháirgí TFC, próisis, seirbhísí TFC agus próisis TFC deimhnithe

1.   Cuirfidh monaróir nó soláthraí táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, ar táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC iad atá deimhnithe ar eisíodh ráiteas chomhréireachta ón Aontas ina leith, an fhaisnéis fhorlíontach seo a leanas ar fáil:

(a)

treoir agus moltaí chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí deiridh le cumraíocht, suiteáil agus úsáid shlán, feidhmiú slán agus cothabháil shlán na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC nó na bpróisis TFC;

(b)

an tréimhse ar lena linn a tháirgfear tacaíocht slándála do na húsáideoirí deiridh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht na nuashonruithe sin a bhaineann leis an gcibearshlándáil;

(c)

faisnéis teagmhála an mhonaróra nó an tsoláthróra agus modhanna a nglactar leo chun faisnéis faoi leochaileacht a fháil ó úsáideoirí deiridh agus ó thaighdeoirí slándála;

(d)

tagairt do stórtha ar líne ina liostaítear leochaileachtaí a nochtadh go poiblí a bhaineann leis an táirge TFC, leis an tseirbhís TFC nó leis an bpróiseas TFC agus treoir chomhairleach ábhartha chibearshlándála.

2.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, beidh sí ar fáil i bhfoirm leictreonach agus fanfaidh sí ar fáil, agus tabharfar cothrom le dáta í de réir mar is gá, ar a laghad go dtí go rachaidh an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil comhfhreagrach nó an ráiteas comhréireachta ón Aontas in éag.

Airteagal 56

Deimhniú cibearshlándála

1.   Measfar go gcomhlíonann táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arna ndeimhniú faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Airteagal 44 ceanglais scéime den chineál sin.

2.   Is deimhniú deonach a bheidh ann, mura sonraítear a mhalairt le dlí an Aontais nó le dlí na mBallstát.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú go tráthrialta, agus ar a dhéanaí faoin 31 Nollaig 2023 agus ar a laghad gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, ar éifeachtúlacht agus ar úsáid na scéimeanna deimhniúcháin arna nglacadh agus ar cé acu a shocrófar nó nach socrófar, trí reachtaíocht ábhartha an Aontais, go bhfuil aon scéim shonrach deimhniúcháin le déanamh sainordaitheach chun leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, do sheirbhísí TFC agus do phróisis TFC san Aontas agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ar bhonn thoradh na measúnuithe sin, sainaithneoidh an Coimisiún, na táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC a chumhdaítear le scéim deimhniúcháin atá ann cheana agus beidh siad cumhdaithe le scéim deimhniúcháin shainordaitheach.

Mar thosaíocht, díreoidh an Coimisiún ar na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1148 a mheasúnófar 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis ghlacadh na chéad scéime Eorpach um dheimhniú cibearshlándála.

Agus an measúnú a ullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

breithniú a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar mhonaróirí nó ar sholáthraithe na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na bpróiseas TFC sin agus ar na húsáideoirí i dtéarmaí costas na mbeartas sin, agus breithniú a dhéanamh ar na sochair (shochaíocha agus/nó eacnamaíocha) a eascraíonn as an leibhéal feabhsaithe slándála atá tuartha i leith na dtáirgí TFC agus na seirbhísí TFC nó próisis TFC spriocdhírithe;

(b)

aird a thabhairt ar dhlí ábhartha na mBallstát nó tríú tíortha atá ann cheana agus ar ghlacadh an dlí sin;

(c)

próiseas oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir agus leis na Ballstáit a chur i gcrích;

(d)

breithniú a dhéanamh ar spriocdhátaí cur chun feidhme, ar bhearta agus tréimhsí idirthréimhseacha, agus go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart ar na monaróirí nó ar na soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, á chur san áireamh;

(e)

an bealach is gasta agus is éifeachtúla a mholadh a gcuirfear an t-aistriú ó scéimeanna deonacha deimhniúcháin chuig scéimeanna sainordaitheacha deimhniúcháin chun feidhme.

4.   Eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 60, ar bhonn critéir a chumhdaítear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, arna glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 49, deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil lena dtagraítear don leibhéal “bunúsach” nó “substaintiúil’”dearbhúcháin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar foráil le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála nach bhféadfar an deimhnithe Eorpacha um chibearshlándála a eisiúint ach amháin ag comhlacht poiblí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Is é a bheidh sa chomhlacht sin ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 58(1); nó

(b)

comhlacht poiblí atá creidiúnaithe mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun Airteagal 60(1).

6.   I gcás ina n-éilítear, le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Airteagal 49, ardleibhéal dearbhúcháin, níl an deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil faoin scéim sin le heisiúint ach ag údarás náisiúnta um deimhniú cibearshlándáil agus don údarás sin amháin nó, faoi na coinníollacha seo a leanas, do chomhlacht um measúnú comhréireachta sna cásanna seo a leanas, an deimhniú a eisiúint:

(a)

má dhéanann údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála formheas a thabhairt roimh ré i gcás gach deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil aonair a eisíonn comhlacht um measúnú comhréireachta; nó

(b)

má dhéanann an t-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an cúram na deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint a tharmligean go ginearálta, roimh ré, do chomhlacht um measúnú comhréireachta.

7.   An duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann a tháirgí TFC, a sheirbhísí TFC nó a phróisis TFC faoi bhráid an tsásra deimhniúcháin, cuirfidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun an próiseas deimhniúcháin a dhéanamh ar fáil nó don údarás náisiúnta um dheimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil dá dtagraítear in Airteagal 58 nó don chomhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 51, i gcás inarb ionann an t-údarás sin agus an comhlacht a eisíonn an deimhniú.

8.   An té a mbeidh deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil ina sheilbh, cuirfidh sé an t-údarás nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 7 a eisíonn an deimhniú ar an eolas faoi aon leochaileachtaí nó neamhrialtachtaí a bhraitear ina dhiaidh sin maidir le slándáil an táirge TFC, seirbhíse TFC nó phróisis TFC deimhnithe a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na ceanglais a bhaineann leis an deimhniú. Cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht an fhaisnéis sin ar aghaidh gan aon mhoill mhíchuí chuig an údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

9.   Eiseofar deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil don tréimhse dá bhforáiltear sa scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála ar leith agus féadfar iad a athnuachan, ar choinníoll go leanfar de na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh.

10.   Déanfar deimhniú Eorpach cibearshlándála arna eisiúint de bhun an Airteagail seo a aithint sna Ballstáit go léir.

Airteagal 57

Scéimeanna agus deimhnithe náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála

1.   Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, scoirfidh scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na nósanna imeachta gaolmhara do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC arna gcumhdach ag scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála d’éifeachtaí a bheith acu ón dáta arna bhunú leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 49(7). Scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus na nósanna imeachta gaolmhara do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nach gcumhdaítear le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, leanfaidh na scéimeanna sin de bheith infheidhme.

2.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála a thabhairt isteach do tháirgí TFC, seirbhísí TCF agus próisis TFC arna gcumhdach cheana faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála atá i bhfeidhm.

3.   Leanfaidh deimhnithe, atá ann cheana, a eisíodh faoi scéimeanna náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála agus a chumhdaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bheith bailí go dtí a ndáta éaga.

4.   Chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, cuirfidh na Ballstáit tionscnaimh chun scéimeanna náisiúnta nua um dheimhniú cibearshlándála faoi bhráid an Choimisiúin agus an ECCG.

Airteagal 58

Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó ar a chríoch nó, má chomhaontaítear go frithpháirteach é le Ballstát eile, ainmneoidh sé údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó atá bunaithe sa Bhallstát eile sin le bheith freagrach as na cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na n-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ainmnithe; i gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás amháin, tabharfaidh sé eolas don Choimisiún freisin faoi na cúraimí a shannfar do gach ceann de na húdaráis sin.

3.   Gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 56(5) agus d’Airteagal 56(6), beidh gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, ó thaobh eagrúcháin, cinntí maoinithe, struchtúir dhlíthiúil agus cinnteoireachta de, neamhspleách ar na heintitis ar a ndéanfaidh sé maoirseacht.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcloífidh gníomhaíochtaí an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, a bhaineann le deimhnithe Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 56(5) agus le d’Airteagal 56(6), go gcloífidh siad leis an deighilt dhocht, ó thaobh róil agus freagrachtaí, idir na gníomhaíochtaí sin agus na gníomhaíochtaí maoirseachta atá a leagtar amach san Airteagal seo agus go bhfeidhmeoidh na gníomhaíochtaí sin go neamhspleách ar a chéile.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála chun a gcumhachtaí a fheidhmiú agus chun na cúraimí a shannfar dóibh a dhéanamh, ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.

6.   Chun go gcuirfear an rialachán seo chun feidhme go héifeachtach, is iomchuí na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bheith rannpháirteach sa ECCG ar bhealach gníomhach, éifeachtach, éifeachtúil agus slán.

7.   Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an méid seo a leanas:

(a)

rialacha a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú a áirítear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (j) d’Airteagal 54(1) chun faireachán a dhéanamh an gcomhlíontar, le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC ceanglais na ndeimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíodh ar a gcríocha faoi seach, i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh ábhartha eile;

(b)

faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar mhonaróirí nó ar sholáthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próiseas TFC atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach agus a chuireann féinmheasúnú comhréireachta i gcrích, go háirithe faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí na monaróirí nó na soláthraithe sin a leagtar amach in Airteagal 53(2) agus (3) agus sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála;

(c)

gan dochar d’Airteagal 60(3), cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn gníomhach, do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta chun crícha an Rialacháin seo;

(d)

faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 56(5);

(e)

i gcás inarb infheidhme, údarú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 60(3) agus údarú atá ann cheana a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcásanna nach gcomhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an Rialacháin seo;

(f)

gearáin a láimhseáil arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil arna n-eisiúint ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó, ag deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 56(6) nó i ndáil le ráitis comhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoi Airteagal 53, ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach;

(g)

tuarascáil achomair bhliantúil a chur ar fáil, ar na gníomhaíochtaí a rinneadh, faoi phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) den mhír seo nó faoi mhír 8, do ENISA agus do ECCG;

(h)

oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála nó le húdaráis phoiblí eile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt faoi na cásanna sin inar féidir nach bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisís TFC ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo nó na scéimeanna Eorpacha ar leith um dheimhniú cibearshlándála; agus

(i)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil.

8.   Beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a iarraidh ar chomhlachtaí um dheimhniú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas aon fhaisnéis a éilíonn sé a chur ar fáil chun na cúraimí a dhéanamh;

(b)

imscrúduithe a dhéanamh, i bhfoirm iniúchtaí, ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí an ráitis comhréireachta ón Aontas, chun críche comhlíonadh leis an Teideal seo a fhíorú;

(c)

bearta cuí a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, sealbhóirí deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas an Rialachán seo nó scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(d)

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus sealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála chun críche imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le dlí nós imeachta an Aontais nó Ballstáit;

(e)

deimhnithe arna n-eisiúint ag an údarás náisiúnta um dheimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil nó deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 48(4a) i gcás nach gcomhlíonann deimhnithe den sórt sin an Rialachán seo ná scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a aistarraingt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(f)

pionóis a ghearradh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 65, agus a éileamh go scoirfear láithreach de sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

9.   Oibreoidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún agus, go háirithe, malartóidh siad faisnéis, taithí agus dea-chleachtais maidir leis an deimhniú cibearshlándála agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cibearshlándáil tháirgí TFC, sheirbhísí TFC agus phróisis TFC.

Airteagal 59

Athbhreithniú piaraí

1.   Chun go mbeidh caighdeáin choibhéiseacha ann ar fud an Aontais i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisítear agus i ndáil le ráitis chomhréireachta ón Aontas, beidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoi réir athbhreithniú piaraí.

2.   Oibreofar an t-athbhreithniú piaraí ar bhonn critéar agus nósanna imeachta meastóireachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin.

3.   Déanfar measúnú san athbhreithniú piaraí, ar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás inarb infheidhme, cé acu a chloítear nó nach gcloítear le deighilt dhocht, ó thaobh ról agus freagrachtaí, idir gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bhaineann le deimhnithe a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 56(5) agus d’Airteagal 56(6), agus na gníomhaíochtaí maoirseachta de réir Airteagal 58 agus an bhfeidhmíonn an dá chineál gníomhaíochtaí go neamhspleách ar a chéile;

(b)

na nósanna imeachta maidir le maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar, le táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC, deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil de bhun phointe (a) d’Airteagal 58(7),

(c)

na nósanna imeachta maidir le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáidí monaróirí agus soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC de bhun pointe (b) d’Airteagal 58(7);

(d)

na nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a fhaireachán, a údarú agus a mhaoirsiú;

(e)

i gcás inarb infheidhme, an bhfuil an saineolas iomchuí ag foireann na gcomhlachtaí nó na n-údarás a eisíonn deimhnithe d’ardleibhéil dearbhúcháin de bhun Airteagal 56(6).

4.   Is dhá údarás maoirseachta náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ó Bhallstáit eile agus ón gCoimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú piaraí, agus déanfar é uair amháin ar a laghad gach 5 bliana. Féadfaidh ENISA a bheith rannpháirteach san athbhreithniú piaraí.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 66(2), lena mbunaítear plean don athbhreithniú piaraí a chur ar bun lena gcumhdófar tréimhse 5 bliana ar a laghad, lena leagtar síos na critéir i ndáil le comhdhéanamh na foirne athbhreithnithe piaraí, an mhodheolaíocht a úsáidfear san athbhreithniú piaraí, agus an sceideal, an tréimhsiúlacht agus cúraimí eile a bhaineann leis an athbhreithniú piaraí. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bhreithnithe an ECCG. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).

6.   Scrúdóidh an ECCG torthaí na hathbhreithnithe piaraí, agus cuirfidh an Grúpa sin achoimrí i dtoll a chéile a fhéadfar a chur ar fáil don phobal agus eiseoidh sé, nuair is gá, treoirlínte nó moltaí maidir le gníomhaíochtaí nó bearta a bheidh le déanamh ag na heintitis lena mbaineann.

Airteagal 60

Comhlachtaí measúnaithe comhréireachta

1.   Ní dhéanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a ainmnítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú ach amháin má chomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   I gcás ina n-eiseoidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála deimhniú Eorpach cibearshlándála de bhun phointe (a) d’Airteagal 56(5) agus Airteagal 56(6), déanfar comhlacht creidiúnaithe an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a chreidiúnú mar chomhlacht um measúnú comhréireachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

3.   Má leagtar ceanglais shonracha nó ceanglais bhreise amach i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (f) d’Airteagal 54(1), ní dhéanfaidh ach comhlachtaí um measúnú comhréireachta, a n-údaraíonn NCCA ina leith go gcomhlíonann siad na ceanglais sin, cúraimí a chur i gcrích faoi na scéimeanna sin.

4.   Eiseofar an creidiúnú dá dtagraítear i mír 1 do na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta le haghaidh uastréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta fós na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo. Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta gach beart is iomchuí taobh istigh d’achar ama réasúnta chun creidiúnú comhlachta um measúnú comhréireachta a shrianadh, a fhionraí nó a aisghairm a eisítear de bhun mhír 1 i gcás nach mbeidh na coinníollacha le haghaidh deimhniú comhlíonta, nó nach mbeidh siad á gcomhlíonadh a thuilleadh nó i gcás ina sáróidh bearta a dhéanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta an Rialachán seo.

Airteagal 61

Fógra a thabhairt

1.   Maidir le gach scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, cuirfidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála fógra chuig an gCoimisiún maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna gcreidiúnú agus i gcás inarb infheidhme, arna n-údarú de bhun Airteagal 60(3) chun deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisiúint ar leibhéal áirithe dearbhúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoin agus, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi.

2.   Bliain amháin tar éis teacht i bhfeidhm do scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, foilseoidh an Coimisiún san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé na leasuithe ar an liosta comhlachtaí um measúnú comhréireachta ar tugadh fógra ina leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   Féadfaidh údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun comhlacht um measúnú comhréireachta ar thug an t-údarás lena mbaineann fógra ina leith a bhaint den liosta comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi cheann 1 mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, chun cúinsí, formáidí agus nósanna imeachta na bhfógraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhunú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).

Airteagal 62

Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála

1.   Bunófar an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála (an “Grúpa ECCG”).

2.   Beidh an ECCG comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó ó ionadaithe ó údaráis náisiúnta ábhartha eile. Ní fhéadfaidh aon chomhalta den ECCG a bheith ina ionadaí ar níos mó ná dhá Bhallstát.

3.   Féadfar cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí agus do thríú páirtithe ábhartha freastal ar chruinnithe den ECCG agus páirt a ghlacadh ina chuid oibre.

4.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar an ECCG:

(a)

cúnamh agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir lena chuid oibre lena áirithiú go ndéanfar an Teideal seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe i ndáil le clár saothair rollach an Aontais, saincheisteanna beartais a bhaineann le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil, cur chuige beartais a chomhordú agus scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú;

(b)

cúnamh agus comhairle a thabhairt do ENISA agus oibriú i gcomhar léi i ndáil le scéim iarrthach a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán seo;

(c)

tuairim a ghlacadh ar na scéimeanna iarrthacha de bhun Airteagal 44;

(d)

a iarraidh ar ENISA scéimeanna iarrthacha um dheimhniú Eorpach cibearshlándála a ullmhú de bhun Airteagal 48(2);

(e)

tuairimí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiún a ghlacadh maidir leis na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá ann cheana a chothabháil agus a athbhreithniú;

(f)

na forbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe cibearshlándála a scrúdú agus faisnéis agus dea-chleachtais maidir le scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála a mhalartú;

(g)

an comhar idir na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála faoin Teideal seo a éascú trí fhothú acmhainní agus trí fhaisnéis a mhalartú, go háirithe trí mhodhanna a leagan síos le faisnéis a mhalartú go héifeachtúil i ndáil leis na saincheisteanna uile maidir le deimhniú cibearshlándála;

(h)

tacaíocht a chur ar fáil maidir le sásraí measúnaithe piaraí a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a bhunaítear faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála de bhun phointe (u) d’Airteagal 54(1);

(i)

ailíniú scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta a éascú, lena n-airítear trí scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála atá cheana ann a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a dhéanamh do ENISA maidir le plé a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha um chaighdeánú chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanachtaí nó bearnaí sna caighdeáin aitheanta idirnáisiúnta atá ar fáil.

5.   Le cúnamh ó ENISA, is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar ECCG,agus cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht ar fáil do ECCG, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 8(1).

Airteagal 63

Ceart chun gearán a dhéanamh

1.   Beidh an ceart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh le heisitheoir deimhnithe Eorpach i ndáil le cibearshlándáil nó, nuair a bhaineann an gearán le deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil arna eisiúint ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 56(6), an gearán a dhéanamh leis an údarás ábhartha náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála.

2.   An t-údarás nó an comhlacht a ndearnadh an gearán leis, cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi gcaoi a mbeidh na himeachtaí ag dul ar aghaidh agus faoin gcinneadh a rinneadh, agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoin gceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach, dá dtagraítear in Airteagal 64, a fháil.

Airteagal 64

Ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach

1.   D’ainneoin aon leigheasanna riaracháin nó aon leigheasanna neamhbhreithiúnacha eile, beidh an ceart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun leigheas breithiúnach éifeachtach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinntí a dhéanann an t-údarás nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 63(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i ndáil le deimhniú Eorpach cibearshlándála a eisiúint, gan a bheith á eisiúint nó i ndáil le haitheantas don deimhniú sin, ar deimhniú é atá i seilbh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha sin;

(b)

mainneachtain gníomhú a dhéanamh i leith gearán a rinneadh leis an údarás nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 63(1).

2.   De bhun an Airteagail seo, déanfar imeachtaí chun an comhlacht is ábhar do na himeachtaí breithiúnacha a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát sin ina bhfuil sé suite.

Airteagal 65

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Teideal seo agus sáruithe ar scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 66

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 67

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht ENISA agus a cleachtas oibre agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú ENISA a mhodhnú agus ar na himpleachtaí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag aon mhodhnú den sórt sin. Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht aon aiseolas a thugtar do ENISA mar fhreagairt ar a gníomhaíochtaí. I gcás ina measfaidh an Coimisiún, i bhfiainise na gcuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, nach bhfuil údar a thuilleadh ag feidhmiú leanúnach ENISA, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú i dtaca leis na forálacha a bhaineann le ENISA.

2.   Leis an meastóireacht sin déanfar measúnú freisin ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i dtaca leis na cuspóirí leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú do tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC san Aontas agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

3.   Leis an meastóireacht déanfar measúnú ar cibé an bhfuil gá le ceanglais riachtanacha chibearshlándála i dtaca le rochtain a fháil ar an margadh inmheánach chun cosc a chur ar tháirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC nach gcomhlíonann ceanglais chibearshlándála bhunúsacha teacht isteach ar mhargadh an Aontais.

4.   Faoin 28 Meitheamh 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh an tuarascáil meastóireachta i dteannta a conclúidí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Déanfar torthaí na tuarascála sin a phoibliú.

Airteagal 68

Aisghairm agus comharbas

1.   Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 le héifeacht ón 27 Meitheamh 2019.

2.   Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 agus do ENISA a bunaíodh faoin Rialachán sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do ENISA a bunaíodh faoin Rialachán seo.

3.   Tiocfaidh ENISA a bunaíodh faoin Rialachán seo i gcomharbas ar ENISA a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 i ndáil le gach úinéireacht, comhaontú, oibleagáid dhlíthiúil, conradh fostaíochta, ceangaltas airgeadais agus dliteanas. Leanfaidh cinntí uile an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Feidhmiúcháin arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 de bheith bailí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad leis an Rialachán seo.

4.   Bunófar ENISA ar feadh tréimhse ama éiginnte ón 27 Meitheamh 2019.

5.   Fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna cheapadh de bhun Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, in oifig agus déanfaidh sé cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo, ar feadh a bheidh fágtha de théarma oifige an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha.

6.   Fanfaidh comhaltaí den Bhord Bainistíochta agus a gcuid comhaltaí malartacha arna gceapadh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, in oifig agus déanfaidh siad cúramaí an Bhoird Bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo ar feadh a bheidh fágtha dá dtéarma oifige.

Airteagal 69

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 58, 60, 61, 63, 64 agus 65 ón 28 Meitheamh 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Aibreán 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 227, 28.6.2018, lch. 86.

(2)  IO C 176, 23.5.2018, lch. 29.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019.

(4)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (IO L 165, 18.6.2013, lch. 41).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasán agus Faisnéise (IO L 77, 13.3.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1007/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 293, 31.10.2008, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 580/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir lena ré (IO L 165, 24.6.2011, lch. 3).

(9)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.2002. lch. 37).

(12)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(13)  Cinneadh 2004/97/CE, Euratom arna ghlacadh de thoil a chéile ag cruinniú Ionadaithe na mBallstát ar leibhéal na gCeannairí Stát nó Rialtais, an 13 Nollaig 2003 maidir le suímh oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 29, 3.2.2004, lch. 15).

(14)  IO C 12, 13.1.2018, lch. 1.

(15)  Moladh (AE) 2017/1584 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le freagairt chomhordaithe ar theagmhais agus géarchéimeanna mórscála cibearshlándála (IO L 239, 19.9.2017, lch. 36).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 2018, 13.8.2008, lch. 30).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(20)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(21)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar poiblí lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhele haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(24)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(26)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(27)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(30)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(31)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(32)  Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).


IARSCRÍBHINN

NA CEANGLAIS ATÁ LE COMHLÍONADH AG NA COMHLACHTAÍ UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

Comhlíonfaidh na comhlachtaí ar mian leo creidiúnú a fháil na ceanglais seo a leanas:

1.

Bunófar comhlacht um measúnú comhréireachta de réir an dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.

Beidh comhlacht um measúnú comhréireachta ina chomhlacht tríú páirtí agus é neamhspleách ar an eagraíocht nó ar na táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a dhéanann sé a mheasúnú.

3.

Féadfar a mheas gur comhlacht um measúnú comhréireachta é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC a ndéanann sé measúnú orthu, ar choinníoll go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.

4.

Comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus lucht a ardbhainistíochta, agus an fhoireann atá freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh siad ina ndearthóirí, ina monaróirí, ina soláthraithe, ina suiteálaithe, ina gceannaitheoirí, ina n-úinéirí, ina n-úsáideoirí nó ina gcothabhálaithe ar an táirge TFC, ar an tseirbhís TFC nó ar an bpróiseas TFC a ndéantar measúnú air, ná ní bheidh siad ina n-ionadaithe údaraithe de chuid aon cheann de na páirtithe sin. Ní choisctear, leis an gcosc sin, táirgí TFC a rinneadh measúnú orthu a úsáid a bhfuil gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta ná táirgí TFC sin a úsáid chun críocha pearsanta.

5.

Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus lucht a ardbhainistíochta, agus maidir leis na daoine atá freagrach as an measúnú comhréireachta a chur i gcrích, ní bheidh baint dhíreach acu le dearadh, monarú nó tógáil, le margaíocht, le suiteáil, le húsáid nó le cothabháil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC agus na bpróiseas TFC sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar pháirtithe a ghabhann de na gníomhaíochtaí sin. Ní ghabhfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta agus na daoine atá freagrach as an measúnú comhréireachta a chur i gcrích d’aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh teacht salach ar neamhspleáchas a mbreithiúnais ná a n-ionracais i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta. Beidh feidhm ag an gcosc sin go háirithe maidir le seirbhísí comhairliúcháin.

6.

Más le heintiteas poiblí nó le hinstitiúid phoiblí comhlacht um measúnú comhréireachta nó má tá sé á fheidhmiú acu, déanfar neamhspleáchas agus neamhláithreacht aon choinbhleachta leasa a áirithiú agus a dhoiciméadú idir an t-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, agus an comhlacht um measúnú comhréireachta.

7.

Áiritheoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochuideachtaí ná a bhfochonraitheoirí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta féin.

8.

Déanfaidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus a bhfoireann na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích de réir an leibhéil is airde ionracas gairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá sa réimse sonrach lena mbaineann, agus beidh siad saor ó gach cineál brú agus aslaigh lena n-áirítear brú agus aslach de chineál airgeadais, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí a mbeadh leas acu as torthaí na ngníomhaíochtaí sin.

9.

Beidh ar chumas an chomhlachta um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta go léir a chur i gcrích a shanntar dó faoin Rialachán seo, cibé acu a dhéanann an comhlacht um measúnú comhréireachta féin na cúraimí sin a chur i gcrích nó a dhéantar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. Maidir le haon fhochonraitheoireacht nó aon chomhairliúchán le foireann seachtrach, déanfar iad a dhoiciméadú i gceart, ní bheidh aon idirghabhálaithe bainteach leo agus beidh siad sin faoi réir comhaontú i scríbhinn ina gcumhdófar, i measc nithe eile, rúndacht agus coinbhleachtaí leasa. Glacfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann lánfhreagracht as na cúraimí a dhéantar.

10.

Le haghaidh gach nós imeachta um measúnú comhréireachta agus le haghaidh gach cineál, catagóir agus fochatagóir táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, beidh na nithe seo a leanas ar fáil do chomhlacht um measúnú comhréireachta i gcónaí:

(a)

foireann ag a bhfuil an t-eolas teicniúil is gá agus taithí leordhóthanach iomchuí acu chun na cúraimí um measúnú comhréireachta a chur i gcrích;

(b)

tuairiscí ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht agus in-atáirgtheacht na nósanna imeachta sin. Beidh beartais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm aige lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dhéanann sé mar chomhlacht dá dtugtar fógra a fógraíodh de bhun Airteagal 61 agus a ghníomhaíochtaí eile;

(c)

na nósanna imeachta sin a ghabhann le gníomhaíochtaí a chur i gcrích a chuireann san áireamh méid an ghnóthais, an earnáil ina bhfuil sé ag oibriú, a struchtúr, castacht theicneolaíocht an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC atá i gceist agus cineál an phróisis táirgthe, is é sin, cé acu olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe é.

11.

Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh ar bhealach iomchuí; beidh rochtain aige ar an trealamh agus ar na saoráidí uile is gá chuige sin.

12.

Beidh na hinniúlachtaí seo a leanas ag na daoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanamh:

(a)

oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chumhdóidh na gníomhaíochtaí uile um measúnú comhréireachta;

(b)

eolas sásúil ar na ceanglais a bhíonn i gceist sna measúnuithe comhréireachta a dhéanann siad agus údarás leordhóthanach chun na measúnuithe sin a dhéanamh;

(c)

eolas agus tuiscint iomchuí ar na ceanglais is infheidhme agus ar na caighdeáin tástála;

(d)

an cumas deimhnithe, taifid agus tuarascálacha a ullmhú lena dtaispeánfar gur cuireadh measúnuithe comhréireachta i gcrích.

13.

Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta, lucht a ardbhainistíochta, na ndaoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta agus aon fhochonraitheoirí.

14.

Ní bheidh luach saothair lucht ardbhainistíochta agus na ndaoine atá freagrach as na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ag brath ar líon na measúnuithe comhréireachta a chuirfear i gcrích ná ar thorthaí na measúnuithe sin.

15.

Rachaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta faoi árachas dliteanais ach amháin má ghabhann an Ballstát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás inarb é an Ballstát féin atá freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.

16.

Déanfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta agus a bhaill foirne, coistí, fochuideachtaí, fochonraitheoirí, agus aon chomhlacht gaolmhar nó baill foirne de chuid comhlachtaí seachtracha dá chuid rúndacht a choinneáil agus urramóidh siad rúndacht ghairmiúil maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus a gcuid cúraimí um measúnú comhréireachtaá gcomhlíonadh acu faoin Rialachán seo nó de bhun aon fhoráil de chuid an dlí náisiúnta a thugann éifeacht don Rialachán seo, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil daoine mar sin faoina réir seachas maidir le húdaráis inniúla na mBallstát ina ndéantar na gníomhaíochtaí. Déanfar cearta dílseánaigh a chosaint. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag an gcomhlacht um measúnú comhréireachta i dtaca le ceanglais an phointe seo.

17.

Cé is moite de pointe 16, le ceanglais na hIarscríbhinne seo, ní chuirfear bac ar bith ar fhaisnéis theicniúil agus treoir rialála a mhalartú idir comhlacht um measúnú comhréireachta agus duine atá ag cur isteach ar dheimhniú nó atá á bheartú sin.

18.

Oibreoidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le tacar téarmaí agus coinníollacha atá comhsheasmhach, cothrom agus réasúnach, agus leas FBManna i ndáil le táillí, á chur san áireamh acu.

19.

Comhlíonfaidh na comhlachtaí um measúnú ceanglais an chaighdeáin ábhartha a chomhchuibhítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le haghaidh creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann táirgí TFC, seirbhísí TFC nó próisis TFC, a dheimhniú.

20.

Áiritheoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta go sásóidh na saotharlanna tástála a úsáidfear chun críche measúnúcháin comhréireachta ceanglais an chaighdeáin ábhartha a chomhchuibhítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le haghaidh creidiúnú saotharlanna a dhéanann tástáil.