27.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

50


RIALACHÁN (AE) Uimh. 654/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas roinnt comhaontuithe trádála idirnáisiúnta iltaobhacha, réigiúnacha agus déthaobhacha a thabhairt chun críche, lenar cruthaíodh cearta agus oibleagáidí chun tairbhe fhrithpháirtí na bpáirtithe.

(2)

Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh na hionstraimí iomchuí ag an Aontas chun feidhmiú éifeachtach chearta an Aontais a áirithiú faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta d'fhonn a leasanna eacnamaíocha a chosaint. Is amhlaidh atá go háirithe i gcásanna ina n-achtaíonn tríú tíortha bearta sriantacha trádála lena laghdaítear na sochair a fhabhraíonn d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta. Ba cheart don Aontas a bheith ábalta freagairt go tapa agus ar bhealach solúbtha i gcomhthéacs na nósanna imeachta agus na spriocdhátaí atá leagtha amach sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a thug sé chun críche. Tá gá, dá bhrí sin, le rialacha lena saineofar an creat d'fheidhmiú chearta an Aontais i gcásanna sonracha áirithe.

(3)

Díríonn sásraí réitigh díospóidí arna gcur ar bun leis an Chomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus le sásraí de chuid comhaontuithe idirnáisiúnta trádála eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha agus déthaobhacha, ar réiteach dearfach a fháil ar aon díospóidí a tharlaíonn idir an tAontas agus an páirtí nó na páirtithe eile sna comhaontuithe sin. Ba cheart don Aontas bheith in ann, mar sin féin, lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí, i gcomhréir leis na sásraí sin maidir le réiteach díospóidí, nuair nach n-éiríonn le bealaí eile réiteach dearfach a aimsiú ar dhíospóid. Ba cheart do ghníomhaíocht ón Aontas i gcásanna den sórt sin an tríú tír a spreagadh chun na rialacha ábhartha maidir le trádáil idirnáisiúnta a chomhlíonadh, chun staid ina bhfaightear sochair chómhalartacha a athbhunú.

(4)

Faoi Chomhaontú EDT maidir le Bearta Cosanta, ní mór do chomhalta EDT, a bheartaíonn beart cosanta a chur i bhfeidhm nó a iarrann fadú birt cosanta, leibhéal atá coibhéiseach tríd is tríd le lamháltais agus le hoibleagáidí eile a choimeád idir é féin agus na Comhaltaí onnmhairiúcháin, ar comhaltaí iad sin a ndéanfadh beart den sórt sin difear dóibh. Leagtar síos rialacha comhchosúla i gcomhthéacs comhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile ar thug an tAontas chun críche iad, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha agus déthaobhacha. Ba cheart don Aontas bearta athchothromaithe a dhéanamh trí lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí i gcásanna nach gcuireann an tríú tír lena mbaineann aon choigeartuithe leordhóthanacha agus comhréireacha chun feidhme. Ba cheart do ghníomhaíocht ón Aontas i gcásanna den sórt sin an tríú tír a spreagadh chun bearta a thabhairt isteach le trádáil a fheabhsú, chun staid ina bhfaightear sochair chómhalartacha a athbhunú.

(5)

Le hAirteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (CGTT 1994), agus leis an gComhaontú gaolmhar, rialaítear modhnú nó aistarraingt lamháltas a bunaíodh i sceidil taraifí Chomhaltaí EDT. Comhaltaí EDT a ndéanann aon mhodhnú dá leithéid difear dóibh, tá siad i dteideal, faoi choinníollacha áirithe, lamháltais atá coibhéiseach tríd is tríd a aistarraingt. Ba cheart don Aontas bearta athchothromaithe a ghlacadh sna cásanna sin, mura gcomhaontaítear coigeartuithe cúiteacha. Ba cheart go ndíreofaí beart ón Aontas ar thríú tíortha a spreagadh chun bearta a chur chun feidhme chun trádáil a fheabhsú.

(6)

Ba cheart go bhféadfadh an tAontas a chuid ceart a fhorghníomhú i réimse an tsoláthair phoiblí nuair a theipeann ar chomhpháirtí trádála a chuid gealltanas a urramú faoi Chomhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais (CSR) nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta trádála eile. Dearbhaítear sa CSR nach gcuirfear ar fionraí, mar thoradh ar aon díospóid a tharlaíonn faoin gComhaontú sin, lamháltais ná oibleagáidí eile a thagann faoi aon chomhaontú cumhdaithe eile de chuid EDT. Le gníomhaíocht an Aontais, ba cheart go n-áiritheofaí go gcoinneofaí leibhéal de lamháltais a bheadh comhionann ó thaobh substainte de, mar atá leagtha amach sna comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta trádála.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, laistigh dá gcríocha féin faoi seach, go gcuirfí bearta beartais tráchtála i bhfeidhm i réimse an tsoláthair phoiblí sa bhealach is oiriúnaí dá gcuid struchtúr agus cleachtas riaracháin, agus dlí an Aontais á n-urramú.

(8)

Na bearta beartais tráchtála a ghlactar faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú agus a cheapadh ar bhonn critéar oibiachtúil, lena n-áirítear cé chomh éifeachtach agus atá na bearta maidir le tríú tíortha a mhealladh chun rialacha idirnáisiúnta trádála a chomhlíonadh, a mhéad a d’fhéadfaidís faoiseamh a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha laistigh den Aontas a mbíonn tionchar ag bearta tríú tíortha orthu, agus an aidhm go ndéanfaí tionchair dhiúltacha eacnamaíocha ar an Aontas a íoslaghdú, lena n-áirítear i ndáil le hamhábhair bhunriachtanacha.

(9)

Ba cheart díriú sa Rialachán seo ar na bearta sin a bhfuil taithí ag an Aontas i dearadh agus cur chun feidhme. Mar chuid den athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart a mheas an bhféadfaí a raon feidhme a shíneadh le go bhforálfaí go nglacfaí bearta in earnáil chearta na maoine intleachtúla agus bearta breise i ndáil le seirbhísí, agus an aird chuí ar shainiúlachtaí gach réimse.

(10)

Agus cearta an Aontais á bhforghníomhú, ba cheart tionscnamh earra a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (2). Agus cearta an Aontais á bhforghníomhú tar éis réitigh díospóide i réimse an tsoláthair phoiblí, ba cheart tionscnamh seirbhíse a chinneadh ar bhonn thionscnamh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an tseirbhís á soláthar aige. Ba cheart d’údaráis nó d’eintitis chonarthacha an gnáth-réamhchúram agus an dícheall cuí a fheidhmiú agus faisnéis agus ráthaíochtaí a chuireann fotháirgeoirí ar fáil i ndáil le tionscnamh na n-earraí agus na seirbhísí á meas acu.

(11)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme, feidhmiú agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh in earnáil chearta na maoine intleachtúla agus bearta breise i ndáil le seirbhísí, tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis chéadtráth a chur chun feidhme nó tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cibé acu is luaithe. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. D’fhéadfadh tograí iomchuí reachtacha teacht mar thoradh ar an athbhreithniú.

(12)

Tá sé tábhachtach go mbeadh cumarsáid éifeachtach idir an Coimisiún ar thaobh amháin, agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an taobh eile, agus go léireodh siad a dtuairimí dá chéile, go háirithe maidir le díospóidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta trádála a bhféadfaí bearta a ghlacadh faoin Rialachán seo mar thoradh orthu.

(13)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 (3), ba cheart é a leasú le go ndéanfaí tagairt don Rialachán seo maidir le bearta beartais tráchtála a chur chun feidhme.

(14)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(15)

I bhfianaise a chasta atá sé scrúdú a dhéanamh ar na tionchair iolracha a d’fhéadfadh a bheith ag bearta beartais tráchtála a ghlacfaí faoin Rialachán seo, agus le go mbeadh a dhóthain deiseanna ann an tacaíocht is leithne is féidir a bhaint amach, níor cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh sa chás eisceachtúil nach dtabharfadh an coiste dá dtagraítear sa Rialachán seo aon tuairim uaidh maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme atá curtha faoina bhráid ag an gCoimisiún.

(16)

Chun leasanna an Aontais a chosaint, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh, nuair a éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, i gcásanna a bhfuil údar maith leo a bhaineann leis an ngá bearta beartais tráchtála a oiriúnú d'iompar an tríú páirtí lena mbaineann.

(17)

Is gan dochar a bheidh an Rialachán seo do bhearta beartais tráchtála a d’fhéadfaí a ghlacadh ar bhonn gníomhartha ábhartha eile de chuid an Aontais nó ar bhonn fhorálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ar bhonn fhorálacha infheidhme na gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta i ndáil le fionraí nó aistarraingt lamháltas nó oibleagáidí eile á n-urramú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta chun feidhmiú éifeachtach agus tráthúil chearta an Aontais a áirithiú maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí nó a aistarraingt faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

freagairt do sháruithe a dhéanann tríú tíortha ar rialacha trádála idirnáisiúnta a bhfuil tionchar acu ar leasanna an Aontais, d’fhonn réiteach sásúil a fháil lena n-athshlánófaí tairbhí d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais.

(b)

lamháltais nó oibleagáidí eile sa chaidreamh trádála le tríú tíortha a athchothromú, nuair a athraítear an chóireáil a thugtar d’earraí ón Aontas ar bhealach a chuireann isteach ar leasanna an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “tír” aon Stát nó críoch chustaim ar leith;

(b)

ciallaíonn “lamháltais nó oibleagáidí eile” lamháltais taraife nó aon sochair eile a bhfuil sé tógtha ag an Aontas air féin a chur i bhfeidhm ina thrádáil le tríú tíortha de bhua comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí iontu;

(c)

ciallaíonn “leibhéal neamhnithe nó lagaithe” an méid a bhíonn tionchar ar leasanna a fhabhraíonn don Aontas faoi chomhaontú trádála idirnáisiúnta. Mura sainmhínítear é ar bhealach eile sa chomhaontú ábhartha, áirítear ann aon tionchar eacnamaíoch díobhálach a thagann as beart tríú tír;

(d)

ciallaíonn “pionós sainordaitheach praghais” oibleagáid ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha a sheolann nósanna imeachta soláthair phoiblí chun praghas seirbhísí agus/nó earraí de thionscnamh tríú tíortha áirithe a tairgeadh faoi nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí a ardú, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Airteagal 3

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

tar éis díospóidí trádála a bhreithniú faoi Chomhaontú EDT maidir leis na Rialacha agus na Nósanna Imeachta lena Rialaítear Réiteach Díospóidí (Comhaontú EDT maidir le Réiteach Díospóidí), nuair atá an tAontas údaraithe chun lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí faoi na comhaontuithe iltaobhacha agus ilpháirtithe atá cumhdaithe ag Comhaontú EDT maidir le Réiteach Díospóidí;

(b)

tar éis díospóidí trádála a bhreithniú faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, nuair atá sé de cheart ag an Aontas lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí faoi chomhaontuithe den sórt sin;

(c)

maidir le lamháltais nó oibleagáidí eile a athchothromú, a bhféadfadh beart cosanta arna chur i bhfeidhm ag tríú tír ceart a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 8 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Cosanta, nó de bhun na bhforálacha maidir le bearta cosanta a áirítear i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha;

(d)

i gcásanna ina modhnaíonn comhalta de chuid EDT lamháltais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994, murar aontaíodh aon choigeartuithe cúiteacha.

Airteagal 4

Feidhmiú chearta an Aontais

1.   I gcás ina bhfuil gá le beart chun leasanna an Aontais a chosaint sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na bearta beartais tráchtála iomchuí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Comhlíonfaidh gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 1 na coinníollacha seo leanas:

(a)

i gcás ina ndéantar lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí tar éis díospóid trádála a bhreithniú faoi Chomhaontú EDT maidir le Réiteach Díospóidí, ní rachaidh leibhéal na ngníomhartha thar an leibhéal atá údaraithe ag Comhlacht EDT maidir le Réiteach Díospóidí.

(b)

i gcás ina ndéantar lamháltais nó oibleagáidí eile a fhionraí tar éis nós imeachta idirnáisiúnta maidir le réiteach díospóidí a chomhlionadh faoi chomhaontuithe trádála idirnáisúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, ní rachaidh a leibhéal thar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe mar thoradh ar bheart an tríú tír lena mbaineann arna chinneadh ag an gCoimisiún trí dhul ar iontaoibh eadrána, de réir mar a bheidh.

(c)

i gcás ina ndéantar lamháltais nó oibleagáidí eile a athchothromú faoi fhorálacha maidir le bearta cosanta i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta, beidh beart an Aontais coibhéiseach tríd is tríd le leibhéal na lamháltas nó na n-oibleagáidí eile a ndéanann an beart cosanta difear dóibh, i gcomhréir le coinníollacha Chomhaontú EDT maidir le Bearta Cosanta nó coinníollacha na bhforálacha maidir le bearta cosanta i gcomhaontuithe trádála idirnáisúnta eile, lena n-áirítear comhaontuithe réigiúnacha nó déthaobhacha, faoina gcuirtear an beart cosanta i bhfeidhm.

(d)

i gcás lamháltais a aistarraingt sa trádáil le tríú tír faoi Airteagal XXVIII de CGTT, 1994 agus an Comhaontú gaolmhar (5), beidh siad coibhéiseach go substainteach leis na lamháltais arna modhnú nó arna n-aistarraingt ag an tríú tír sin, i gcomhréir leis na téarmaí atá bunaithe in Airteagal XXVIII de CGTT 1994 agus sa Chomhaontú gaolmhar.

3.   Cinnfear bearta beartais tráchtála dá dtagraítear mír 1 ar bhonn na gcritéar seo a leanas, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil agus leas ginearálta an Aontais:

(a)

éifeachtacht na mbeart maidir le tríú tíortha a spreagadh chun rialacha idirnáisiúnta trádála a chomhlíonadh;

(b)

acmhainneacht na mbeart faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha san Aontas a ndeachaigh bearta tríú tíortha i bhfeidhm orthu;

(c)

infhaighteacht foinsí soláthair malartacha do na hearraí nó seirbhísí lena mbaineann, chun aon tionchar diúltach ar thionscail iartheachtacha, ar údaráis nó eintitis chonarthacha, nó ar thomhaltóirí deiridh laistigh den Aontas a sheachaint nó a íoslaghdú;

(d)

castacht dhíréireach riaracháin agus costais dhíréireacha a sheachaint agus na bearta á gcur chun feidhme;

(e)

aon chritéir shonracha a d’fheadfaí a shuíomh i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta i ndáil leis na cásanna sin dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 5

Bearta beartais tráchtála

1.   Gan dochar d’aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, is é an méid seo a leanas a bheidh sna bearta beartais tráchtála a fhéadfar a achtú trí bhíthin gnímh cur chun feidhme de bhun Airteagal 4(1):

(a)

lamháltais taraife a fhionraí agus dleachtanna custaim nua nó méadaithe a fhorchur, lena n-áirítear athbhunú dleachtanna custaim ar leibhéal na náisiún barrfhabhair nó dleachtanna custaim a fhorchur thar leibhéal na náisiún barrfhabhair, nó aon mhuirear breise ar allmhairí nó ar onnmhairí earraí;

(b)

srianta cainníochtúla a thabhairt isteach nó a mhéadú ar allmhairí nó onnmhairí earraí, bídís curtha i bhfeidhm le cuóta, le ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin nó le haon bhearta eile;

(c)

lamháltais a fhionraí i ndáil le hearraí, seirbhísí nó soláthróirí i réimse an tsoláthair phoiblí, tríd an méid seo a leanas:

(i)

soláthróirí earraí nó seirbhísí arna mbunú sa tríú tír lena mbaineann agus a oibríonn ón tríú tír lena mbaineann agus/nó tairiscintí ar fiú breis agus 50 % de na hearraí nó na seirbhísí ón tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó sholáthar poiblí; agus/nó

(ii)

pionós sainordaitheach praghais a fhorchur ar thairiscintí de sholáthróirí earraí nó seirbhísí arna mbunú sa tríú tír lena mbaineann agus a oibríonn ón tríú tír agus/nó ar an gcuid sin den tairiscint arb éard atá inti earraí nó seirbhísí ón tríú tír lena mbaineann.

2.   Maidir le bearta arna nglacadh de bhun mhír 1(c):

(a)

áireofar orthu tairsigh, de réir tréithe na n-earraí agus na seirbhísí lena mbaineann, a mbeidh pionós eisiata agus/nó pionós sainordaitheach praghais le cur i bhfeidhm tharstu, agus forálacha an chomhaontaithe trádála lena mbaineann agus leibhéal an neamhnithe nó an laghdaithe á gcur san áireamh;

(b)

cinnfear iontu na hearnálacha nó na catagóirí earraí nó seirbhísí a mbeidh feidhm acu maidir leo, chomh maith le haon eisceacht is infheidhme;

(c)

cinnfear iontu na húdaráis chonarthacha nó na heintitis nó catagóirí d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis, ar liosta de réir Ballstát, a bhfuil a tsoláthair cumhdaithe. Chun bunús an chinnidh sin a sholáthar, tíolacfaidh gach Ballstát liosta d’údaráis nó d’eintitis iomchuí chonarthacha nó catagóirí d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis. Áiritheofar leis na bearta sin go mbainfear amach leibhéal iomchuí i leith lamháltas nó oibleagáidí eile a fhionraí agus go mbainfear amach dáileadh cóir i measc na mBallstát.

Airteagal 6

Rialacha i dtaobh tionscnaimh

1.   Cinnfear tionscnamh earra i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92.

2.   Cinnfear tionscnamh seirbhíse ar bhonn thionscnamh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an tseirbhís á soláthar aige. Measfar gurb éard a bheidh i dtionscnamh soláthraí seirbhíse:

(a)

i gcás duine nádúrtha, an tír ar náisiúnach di é nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe aige inti;

(b)

i gcás duine dhlítheanaigh, ceachtar den dá rud seo a leanas:

(i)

má sholáthraítear an tseirbhís ar bhealach seachas trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an tír ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe nó ina bhfuil sé curtha ar bun ar shlí eile faoi dhlíthe na tíre sin agus a bhfuil sé ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó ar a críoch;

(ii)

má sholáthraítear an tseirbhís trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an Ballstát ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe agus a bhfuil sé ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó ar a chríoch sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit sin.

Chun críocha phointe (ii) de phointe (b) den chéad fhomhír, mura bhfuil an duine dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, measfar gur tionscnamh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil an duine dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís faoina n-úinéireacht nó faoina rialú tionscnamh an duine dlítheanach sin.

Measfar go bhfuil an duine dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís “faoi úinéireacht” daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50 % dá leas cothromais faoi úinéireacht thairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sé “faoi rialú” ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a gníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile.

Airteagal 7

Bearta a fhionraí, a mhodhnú agus a aisghairm

1.   I gcás, tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh de bhun Airteagal 4(1), ina dtugann an tríú tír lena mbaineann cúiteamh iomchuí, comhréireach don Aontas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) agus (b), féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghnímh chur chun feidhme sin a fhionraí ar feadh na tréimhse cúitimh. Cinnfear an fhionraíocht i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Aisghairfidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme faoi Airteagal 4(1) i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a dhéanann an tríú tír, a bhfuarthas go raibh rialacha trádála idirnáisiúnta á sárú ag a bhearta i nós imeachta maidir le réiteach díospóidí, í féin a thabhairt i gcomhréir leis na rialacha sin, nó i gcás inar thángthas ar réiteach comhshásúil ar bhealach eile;

(b)

i gcásanna athchothromaithe lamháltas nó oibleagáidí eile tar éis do thríú tír beart cosanta a ghlacadh, nuair a aistarraingítear an beart cosanta nó nuair a théann sé in éag, nó nuair a thugann an tríú tír lena mbaineann cúiteamh iomchuí, comhréireach don Aontas tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 4(1);

(c)

i gcásanna inar mhodhnaigh comhalta EDT lamháltais faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994, nuair a thugann an tríú tír lena mbaineann cúiteamh iomchuí, comhréireach don Aontas tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 4(1).

Cinnfear an aisghairm dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

3.   I gcás inar gá coigeartuithe a dhéanamh ar bhearta beartais tráchtála arna nglacadh faoin Rialachán seo, agus na coinníollacha agus na critéir faoi réir Airteagal 4(2) agus (3) arna gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún aon leasuithe iomchuí a thabhairt isteach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.   Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe agus a bhaineann le foirceannadh nó modhnú an bhirt tríú tír lena mbaineann, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach lena bhfionrófar, lena leasófar nó lena n-aisghairfear gníomhartha cur chun feidhme faoi Airteagal 4(1), de réir mar a fhoráiltear san Airteagal seo, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3).

Airteagal 8

An nós imeachta coiste

1.   Beidh an coiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste a thuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 9

Bailiú faisnéise

1.   Iarrfaidh an Coimisiún faisnéis agus barúlacha maidir le leasanna eacnamaíocha an Aontais in earraí nó i seirbhísí sonracha nó in earnálacha sonracha, i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, trí fhógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó trí aon mhodh cumarsáide poiblí eile atá oiriúnach, lena gcuirtear in iúl an tréimhse ina thíolacfar ionchur. Cuirfidh an Coimisiún an t-ionchur a fhaightear san áireamh.

2.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

3.   Ní nochtfaidh Parlaimint na hEorpa, ná an Chomhairle, ná an Coimisiún, ná na Ballstáit, ná a n-oifigigh faoi seach aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

4.   Féadfaidh soláthróir na faisnéise a iarraidh go gcaithfear leis an bhfaisnéis arna soláthar mar fhaisnéis rúnda. Sna cásanna sin, beidh achoimre neamhrúnda ag gabháil léi ina gcuirtear an fhaisnéis i láthair i dtéarmaí ginearálta nó ráiteas ina míneofar na cúiseanna nach féidir achoimre a thabhairt ar an bhfaisnéis.

5.   Más cosúil nach bhfuil údar maith leis an iarraidh ar rúndacht agus mura bhfuil an soláthróir toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí ná nochtadh na faisnéise i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre a údarú, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis sin.

6.   Ní chuirfidh mír 2 go mír 5 bac ar institiúidí an Aontais ná ar údaráis na mBallstát faisnéis ghinearálta a nochtadh. Ní mór leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, a chur san áireamh i nochtadh den sórt sin.

Airteagal 10

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an chéad ghníomh cur chun feidhme a ghlacadh nó tráth nach déanaí ná 18 Iúil 2019, cibé acu is luaithe, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil leis na bearta beartais tráchtála a d’fhéadfaí a ghlacadh, chomh maith lena chur chun feidhme, agus déanfaidh sé a fhionnachtana a chur i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2.   D'ainneoin mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú lena ndírítear ar bhearta breise beartais tráchtála a bheartú faoin Rialachán seo, ar bearta iad lena bhfionraítear lamháltais nó oibleagáidí eile i réimse na trádála i seirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú, inter alia, ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

forbairtí idirnáisiúnta i ndáil le hoibleagáidí eile a fhionraí faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS);

(b)

forbairtí laistigh den Aontas i ndáil le rialacha comónta maidir le hearnálacha seirbhísí a ghlacadh;

(c)

a éifeachtaí atá bearta breise beartais tráchtála a d'fhéadfadh a bheith ann mar mhodh chun cearta an Aontais a fhorghníomhú faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta trádála;

(d)

sásraí atá ar fáil chun cur chun feidhme praiticiúil, ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtúil, bhearta breise beartais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le seirbhísí a áirithiú; agus

(e)

impleachtaí do sholáthróirí seirbhíse atá san Aontas tráth a ghlactar gníomhartha cur chun feidhme faoin Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú tosaigh a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 18 Iúil 2017.

Airteagal 11

Leasuithe ar ghníomhartha eile

In Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 3286/94, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcás nach mór don Aontas, i ndiaidh dó gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 12(2), cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta comhbheartais tráchtála atá le glacadh de bhun Airteagal 11(2)(c) nó de bhun Airteagal 12, gníomhóidh sé, gan mhoill, i gcomhréir le hAirteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, de réir mar is iomchuí, le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) nó le haon nósanna imeachta eile is infheidhme.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2014.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 an 22 Nollaig 1994 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála le feidhmiú chearta an Chomhphobail a áirithiú faoi rialacha trádála idirnáisiúnta, go háirithe na rialacha atá bunaithe faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 349, 31.12.1994, lch. 71).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Comhthuiscint “Léirmhíniú agus Cur i bhFeidhm d'Airteagal XXVIII”.


Ráiteas ón gCoimisiún

Is díol sásaimh don Choimisiún gur glacadh an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le feidhmiú chearta an Aontais maidir le rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle.

Faoin Rialachán, cumhachtaítear don Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcásanna sonracha áirithe, ar bhonn critéar oibiachtúil agus faoi réir rialú na mBallstát. Agus an cumhachtú sin á fheidhmiú aige, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir leis an Dearbhú seo.

Agus dréachtghníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán fairsing d’fhonn a áirithiú go gcuirfear gach leas ábhartha san áireamh mar is cuí. Sna comhairliúcháin sin, tá an Coimisiún ag súil le hionchur a fháil ó na páirtithe leasmhara príobháideacha a ndéanfaidh bearta tríú tír, nó bearta féideartha maidir leis an mbeartas tráchtála atá le glacadh ag an Aontas, difear dóibh. Ar an gcaoi chéanna, tá an Coimisiún ag súil le hionchur a fháil ó na húdaráis phoiblí a d’fhéadfadh baint a bheith acu le cur chun feidhme na mbeart féideartha maidir leis an mbeartas tráchtála atá le glacadh ag an Aontas. I gcás na mbeart i réimse an tsoláthair phoiblí, cuirfear ionchur ó údaráis phoiblí na mBallstát go háirithe san áireamh mar is cuí agus dréachtghníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú.

Aithníonn an Coimisiún chomh tábhachtach agus atá sé go bhfaighidh na Ballstáit faisnéis ar bhonn tráthúil agus é ag machnamh faoi ghníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo, le go mbeidh ar a gcumas lámh a bheith acu i gcinntí a dhéanamh atá bunaithe ar an eolas go léir, agus gníomhóidh sé chun an cuspóir seo a bhaint amach.

Dearbhaíonn an Coimisiún go ndéanfaidh sé dréachtghníomhartha cur chun feidhme a chuirfidh sé faoi bhráid choiste na mBallstát a tharchur chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle go pras. Ar an gcaoi chéanna, déanfaidh sé na dréachtghníomhartha cur chun feidhme deiridh a tharchur chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle go pras tar éis dó na tuairimí a thabhairt sa choiste.

Coinneoidh an Coimisiún an Pharlaimint agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn rialta maidir le forbairtí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh cásanna a theacht astu lena mbeadh gá le bearta a ghlacadh faoin Rialachán. Déanfar é seo trí na coistí atá freagrach sa Chomhairle agus sa Pharlaimint.

Is díol sásaimh don Choimisiún go bhfuil sé beartaithe ag an bParlaimint idirphlé struchtúraithe a chur chun cinn maidir le réiteach díospóide agus ceisteanna forfheidhmithe agus beidh sé rannpháirteach go hiomlán sna seisiúin thiomnaithe leis an gcoiste parlaiminteach atá freagrach chun tuairimí a mhalartú maidir le díospóidí trádála agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe, lena n-áirítear i ndáil leis an tionchar ar thionscail an Aontais.

Ar deireadh, dearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil sé an-tábhachtach dó a áirithiú go mbeidh an Rialachán ina uirlis éifeachtach agus éifeachtúil chun cearta an Aontais faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear i réimse na trádála i seirbhísí. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin, ar raon feidhme Airteagal 5 d’fhonn bearta breise maidir le beartas tráchtála a bhaineann le trádáil i seirbhísí a chumhdach, a luaithe a bheidh na dálaí ann chun indéantacht agus éifeachtacht na mbeart sin a áirithiú.