20.5.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

143


RIALACHÁN (AE) Uimh. 515/2014 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin comhbheart maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha seachtracha agus trí bhíthin an chomhbheartais víosaí mar chuid de chóras coinbhéirseach ilsrathach, a cheadódh malartú sonraí agus feasacht staide iomláine agus arb aidhm dó taisteal dlisteanach a éascú agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil.

(2)

Tá cur chuige níos comhchuibhithe de dhíth ar an Aontas maidir le gnéithe inmheánacha agus seachtracha na bainistíochta imirce agus na slándála inmheánaí, agus ba cheart dó comhghaol a bhunú idir an comhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhlíthiúla agus feabhas a chur ar shlándáil theorainneacha seachtracha an Aontais, agus comhar agus idirphlé níos fearr le tríú tíortha chun críocha déileáil le hinimirce neamhdhlíthiúil agus imirce dhlíthiúil a chur chun cinn.

(3)

Is gá cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le saincheisteanna a eascraíonn as brú na n-iarratas imirce agus tearmainn agus maidir le bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais, agus chun buiséad agus dóthain acmhainní a chur ar fáil chun déileáil le cásanna éigeandála i meon na hurraime do chearta an duine agus na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit uile, agus a bheith ar an eolas i gcónaí faoi fhreagrachtaí náisiúnta agus a áirithiú go roinnfear cúraimí ar bhealach soiléir.

(4)

Is é atá i Straitéis Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach (an“Straitéis Slándála Inmheánaí”), arna glacadh ag an gComhairle i bhFeabhra 2010, clár oibre comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála seo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún i Samhain 2010 dar teideal “Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh”, aistrítear prionsabail agus treoirlínte na straitéise isteach ina ngníomhaíochtaí nithiúla trí chúig chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta idirnáisiúnta; an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa chibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann agus athléimneacht na hEorpa a mhéadú in aghaidh géarchéimeanna agus tubaistí.

(5)

De réir Straitéis Slándála Inmheánaí an Aontais, is cuspóirí iad saoirse, slándáil agus ceartas ba cheart a shaothrú go comhuaineach, agus d’fhonn saoirse agus ceartas a bhaint amach, ba cheart slándáil a shaothrú i gcónaí i gcomhréir le prionsabail na gConarthaí, leis an smacht reachta agus le hoibleagáidí an Aontais i ndáil le cearta bunúsacha.

(6)

Ar na príomhphrionsabail a threoraíonn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine agus don smacht reachta, fócas láidir ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an nasc leis an tslándáil sheachtrach, agus comhsheasmhacht agus comhchuibheas le cuspóirí bheartas eachtrach an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad.

(7)

Chun cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus lena áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a chur ar bun.

(8)

De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim airgeadais aonair. Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí (“an Ionstraim”) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat cuimsitheach le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ar cheart don Rialachán seo tagairt dóibh i dtaobh na rialacha maidir le clárú, le bainistíocht airgeadais, le bainistíocht agus rialú, le himréiteach cuntas, le cur i gcrích clár agus le tuairisciú agus meastóireacht.

(9)

Ba cheart do struchtúr nua dhá cholún an chistiúcháin i réimse na ngnóthaí baile rannchuidiú le simpliú, cuíchóiriú, comhdhlúthú agus trédhearcacht an chistiúcháin sa réimse sin.. Ba cheart sineirgí, comhleanúnachas agus comhlántacht a lorg le cistí agus cláir eile, lena n-áirítear d’fhonn cistiúchán a leithdháileadh ar chomhchuspóirí. Ba cheart go seachnófaí forluí idir na hionstraimí cistiúchain éagsúla, áfach.

(10)

Ba cheart go léireodh an Ciste an gá atá le solúbthacht mhéadaithe agus le simpliú méadaithe agus ceanglais i dtéarmaí intuarthachta á n-urramú, agus a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(11)

Is iad na treoirphrionsabail i gcur chun feidhme an Chiste éifeachtacht na mbeart agus cáilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme freisin ar an mbealach is éifeachtaí agus is cairdiúla don úsáideoir.

(12)

Ba cheart go ndéanfadh an Ciste aird ar leith a thabhairt ar na Ballstáit sin a bhfuil ualaí díréireacha orthu ó shreabha imirce mar gheall ar a suíomh geografach.

(13)

Is bunghné den chomhbheartas maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas.

(14)

Ba cheart go léireodh an Ciste dlúthpháirtíocht trí chúnamh airgeadais do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú chun páirt iomlán a ghlacadh in Schengen, agus ba cheart go n-úsáidfeadh na Ballstáit é ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(15)

Chun rannchuidiú le cuspóir ginearálta an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh a gcláir náisiúnta aghaidh ar chuspóirí sonracha na hIonstraime agus go mbeidh leithdháileadh na n-acmhainní idir cuspóirí comhréireach leis na dúshláin agus na riachtanais agus go n-áiritheofar gur féidir na cuspóirí a chomhlíonadh. i gcás nach dtabharfaidh clár náisiúnta aghaidh ar cheann de na cuspóirí sonracha nó go mbeidh an leithdháileadh faoin íosmhéid céatadán do roinnt cuspóirí de na cláir náisiúnta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann bonn cirt a sholáthar laistigh den chlár.

(16)

Chun a bhfuil bainte amach ag an gCiste seo a thomhas, ba cheart comhtháscairí coiteanna a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Ionstraim. Ní fhágann an tomhas ar a bhfuil bainte amach ag na cuspóirí sonracha trí bhíthin comhtháscairí gurb éigeantach é cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na táscairí sin.

(17)

Níor cheart rannpháirtíocht Ballstáit a bheith ar comhthráth lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe chun, inter alia, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais le haghaidh chur chun feidhme acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha.

(18)

Ba cheart go gcuirfeadh an Ionstraim leis an bpróiseas forbartha acmhainne a forbraíodh le cúnamh ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007-2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ba cheart go leathnófaí é chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(19)

Agus cúraimí ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí á ndéanamh i gcomhréir le acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí, cuireann Ballstáit gníomhaíochtaí i gcrích ar mhaithe leis na Ballstáit go léir i limistéar Schengen, agus thar a gceann, agus, ar an gcaoi sin, comhlíonann siad seirbhís phoiblí don Aontas. Ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le tacú leis na costais oibriúcháin a bhaineann le rialú teorann agus leis an mbeartas víosaí agus a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí sin atá ríthábhachtach i leith na seirbhíse sin a chothabháil do chách. Is é atá i gceist le tacaíocht den sórt sin rogha costas sonrach a bhaineann leis na cuspóirí faoin Ionstraim a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart go mbeadh sé mar chuid lárnach de na cláir náisiúnta.

(20)

Ba cheart go gcomhlánófaí agus go neartófaí leis an Ionstraim na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun comhar oibríochtúil a fhorbairt faoi choimirce na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (“Gníomhaireacht Frontex”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle (7), lena n-áirítear na gníomhaíochtaí nua de thoradh leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus ar an gcaoi sin, dlúthpháirtíocht a atreisiú tuilleadh idir na Ballstáit sin a rialaíonn teorainneacha seachtracha ar mhaithe le limistéar Schengen ina iomláine agus thar a cheann. Ciallaíonn sé seo, inter alia, nuair a bheidh a gcláir náisiúnta á dtarraingt suas ag Ballstáit gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair Gníomhaireacht Frontex a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a forbraíodh, eadhon an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n-áirítear a chomhpháirteanna a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir a misean agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú agus faireachas ar na teorainneacha seachtracha a fhorbairt chomh maith le comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex maidir le dréachtchláir náisiúnta arna gcur isteach ag na Ballstáit, agus go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tacaíocht oibríochta.

(21)

Ba cheart an Ionstraim a chur chun feidhme agus na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais á gcomhlíonadh go hiomlán, agus gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha speisialta maidir leis an gceart chun tearmainn agus leis an gceart ar chosaint idirnáisiúnta.

(22)

Tá rialú teorainneacha seachtracha, atá aonfhoirmeach agus ar ardcháilíocht, riachtanach do neartú an limistéir saoirse, slándála agus ceartais. i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais, ba cheart go dtacódh an Ionstraim le bearta a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha, atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir leis an tsamhail rialaithe rochtana ceithre chiseal a chuimsíonn bearta i dtríú tíortha, comhar le tíortha comharsanachta, bearta rialaithe teorann agus bearta rialaithe laistigh de limistéar na saorghluaiseachta chun inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann laistigh de limistéar Schengen a chosc.

(23)

De bhun Airteagal 3 CAE, ba cheart don Ionstraim tacú le gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí go ndéanfaí leanaí atá i mbaol díobhála a chosaint ag na teorainneacha seachtracha. Go háirithe, agus gníomhaíochtaí maidir le sainaithint, cúnamh láithreach agus atreorú chuig seirbhísí cosanta á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit, aon áit gur féidir, aird ar leith a thabhairt do dhaoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaosaigh gan tionlacan.

(24)

Chun rialú aonfhoirmeach agus ar ardcháilíocht ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú faoi chuimsiú na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart don Ionstraim rannchuidiú le forbairt comhchórais Eorpaigh um bainistiú comhtháite teorainneacha. Áirítear ar an gcóras sin na bearta go léir a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt dualgas, le measúnú ar an staid agus ar imthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú dóibh i gcomhar le Gníomhaireacht Frontex, le tríú tíortha agus, i gcás inar gá, le gníomhaithe eile, go háirithe EUROPOL agus an Ghníomhaireacht um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF, agus leas á bhaint as, inter alia, samhail slándála teorann ceithre chiseal agus anailís riosca chomhtháite an Aontais.

(25)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, ba cheart go n-íocfadh an Ionstraim aon chostas breise a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais a chuimsíonn idirthuras den sórt sin, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle (9) agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle (10). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart go mbeadh sé sin áfach ag brath ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)

Ba cheart go n-áireofaí leis an Ionstraim tacaíocht do bhearta náisiúnta agus do chomhar idir Ballstáit i réimse an bheartais víosaí agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar sula mbítear ag an teorainn agus a tharlaíonn sula ndéantar rialuithe ag teorainneacha seachtracha, agus ba cheart go mbainfeadh sí úsáid iomlán as an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS). Tá bainistiú éifeachtach ar ghníomhaíochtaí arna n-eagrú ag seirbhísí na mBallstát i dtríú tíortha chun leasa an chomhbheartais víosaí mar chuid de chóras ilsrathach atá dírithe ar thaisteal dlisteanach a éascú agus ar dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil isteach san Aontas Eorpach, agus tá sé ina chuid lárnach den chomhchóras Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha.

(27)

Thairis sin, ba cheart don Ionstraim tacú le bearta i gcríoch thíortha Schengen mar chuid d’fhorbairt an chomhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha a neartaíonn feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

(28)

Ba cheart don Ionstraim freisin tacú leis an Aontas forbairt a dhéanamh ar chórais TF, a bheadh bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó atá nua, a thabharfadh na huirlisí do Bhallstáit chun gluaiseacht náisiúnach tríú tíre thar theorainneacha a bhainistiú ar shlí níos éifeachtúla agus a áirithiú gur féidir taistealaithe a aithint agus a fhíorú ar shlí níos fearr, ar an tslí sin a d’éascódh taisteal agus a d’fheabhsódh slándáil teorann. Chuige sin, ba cheart clár, i gcomhréir leis an Straitéis um Bainistiú Faisnéise le haghaidh shlándáil inmheánach AE, a bhunú arb é is aidhm dó costais na forbartha a bhaineann le comhchodanna lárnacha agus náisiúnta na gcóras sin a chlúdach araon, rud a áiritheodh comhsheasmhacht theicniúil, idir-inoibritheacht le córais eile TF de chuid an Aontais, coigiltí costais agus cur chun feidhme rianúil sna Ballstáit. Ba cheart go gcomhlíonfadh na córais TF sin cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit an cistiúchán is gá a chaitheamh ar an gCóras Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (Eurosur), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), d’fhonn dea-fheidhmiú an chórais sin a áirithiú.

(30)

Chun aghaidh a thabhairt láithreach ar bhrú imirce gan choinne agus ar rioscaí do shlándáil teorann, ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

(31)

Thairis sin, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht fheabhsaithe i limistéar Schengen ina iomláine, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann beart leormhaith breise a dhéanamh trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár náisiúnta de réir tosaíochta, i gcás inarb infheidhme, agus bearta cúnaimh éigeandála á gcomhlánú.

(32)

Chun dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta a neartú, ba cheart Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoina gcláir náisiúnta i leith tosaíochtaí sonracha atá sainithe ag an Aontas, amhail trealamh teicniúil atá ag teastáil ó Ghníomhaireacht Frontex a cheannach agus comhar consalach don Aontas a fhorbairt. Tá gá le tionchar chistiúchán an Aontais a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhanú. Ba cheart an trédhearcacht is mó, cuntasacht agus grinnscrúdú daonlathach a áirithiú le haghaidh ionstraimí airgeadais nuálacha agus sásraí ina mbíonn baint ag buiséad an Aontais.

(33)

Chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a choimirciú ar fud limistéar Schengen, ba cheart faoin Ionstraim tacú le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (12) mar uirlis riachtanach chun cur chun feidhme bheartais an Aontais sa limistéar saoirse, ceartais agus slándála a éascú trína áirithiú gur ann d’ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha agus nach ann do rialuithe teorann laistigh de limistéar Schengen.

(34)

I bhfianaise na taithí a fuarthas ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha agus forbairt SIS II agus VIS, meastar gurb iomchuí méid áirithe solúbthachta a éascú maidir le haistrithe féideartha acmhainní idir na modhanna éagsúla chun na cuspóirí a shaothraítear faoin ionstraim a chur chun feidhme, gan dochar don phrionsabal mais chriticiúil agus cobhsaíocht airgeadais do na cláir agus don tacaíocht oibriúcháin do na Ballstáit a áirithiú ón tús agus gan dochar do ghrinnscrúdú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

(35)

Ar an mbealach céanna, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus an uasteorainn le haghaidh acmhainní atá ar fáil fós don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”) a mhéadú le feabhas a chur ar chumas an Aontais ilghníomhaíochtaí a dhéanamh in aon bhliain bhuiséid ar leith maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus leis an gcomhbheartas víosaí ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine de réir mar is gá agus a mhéid is gá. Áirítear ar ghníomhaíochtaí Aontais den sórt sin staidéir agus treoirthionscadail chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an comhbheartas víosaí agus a gcur i bhfeidhm a bhrú ar aghaidh, gardaí teorann a oiliúint i gcosaint chearta an duine, bearta nó socruithe i dtríú tíortha a thugann aghaidh ar bhrúnna imirce ó na tíortha sin ar mhaithe le bainistiú barrmhaith ar shreabha imirce isteach san Aontas agus ar mhaithe le heagrú éifeachtúil na gcúraimí gaolmhara ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí.

(36)

Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhchuibhis le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas, a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí cúnaimh sheachtraigh geografacha agus téamacha de chuid an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart go háirithe iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go mbeadh sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Féachfar le comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a bhaint amach freisin, go háirithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart éigeandála.

(37)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, beartas víosaí agus bainistiú sreabha imirce, agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca ag na beartais sin, rannchuideoidh tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo leis na cumais náisiúnta agus Aontais a neartú sna réimsí sin.

(38)

Ba cheart go mbunófar leithdháileadh na méideanna bunúsacha ar na Ballstáit leis an Rialachán seo. Ba cheart an méid bunúsach do gach Ballstát a ríomh ar bhonn na leithdháiltí ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha ar gach Ballstát sna blianta 2010-2012 agus tríd an bhfigiúr arna fháil a roinnt ar iomlán na leithreasaí atá ar fáil le haghaidh bainistíochta roinnte do na trí bliana sin. Rinneadh na ríomhanna i gcomhréir leis na critéir dháilte a leagtar síos i gCinneadh Uimh. 574/2007/CE.

(39)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, le cúnamh ó phríomhtháscairí chun torthaí agus tionchair a mheas. Ba cheart go gcuirfeadh na táscairí, lena n-áirítear bonnlínte ábhartha, an bunús íosta ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na hIonstraime.

(40)

Chun forálacha atá sa Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le sainiú gníomhaíochtaí sonracha faoi na cláir náisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(41)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, lena n-áirítear gníomhartha tarmligthe a ullmhú, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le saineolaithe ó gach Ballstát.

(42)

D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach éifeachtúil tráthúil na bhforálacha maidir le tacaíocht oibriúcháin a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(43)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil do dhlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus leis an mbeartas víosaí, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(44)

Ba cheart Cinneadh 574/2007/CE a aisghairm faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar amach sa Rialachán seo..

(45)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (14), ar acquis é a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (15).

(46)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (16), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (17).

(47)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (18), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (19).

(48)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí an beart sin chun feidhme ina dlí náisiúnta.

(49)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(50)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (21). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(51)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (22). Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear an Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha a bhainistiú agus don chomhbheartas víosaí (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”).

Go comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)

cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;

(b)

an creat ginearálta chun na gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c)

na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus leithdháileadh na n-acmhainní sin;

(d)

raon feidhme agus cuspóir na modhanna sonracha éagsúla trína ndéantar an caiteachas le haghaidh bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an chomhbheartais víosaí a mhaoiniú.

3.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha talún na mBallstát, lena n-áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n-aerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú teorainneacha seachtracha, cibé acu is teorainneacha sealadacha iad na teorainneacha nó nach iad;

(b)

ciallaíonn “comhchaighdeáin an Aontais” cur i bhfeidhm beart oibríochtúil ar shlí choiteann agus neamhscoilte chun leibhéal ard agus aonfhoirmeach a fháil i réimse an rialaithe teorann agus víosaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), catalóg Schengen maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha, an Lámhleabhar Praiticiúil do ghardaí teorann, an Lámhleabhar ar víosaí, Lámhleabhar Eurosur agus aon Rialacháin agus treoirlínte eile atá le glacadh ar leibhéal an Aontais maidir le rialú teorann agus víosaí;

(c)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha sealadacha”:

(i)

an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(ii)

an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(d)

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” aon phointe trasnaithe atá údaraithe ag na húdaráis inniúla chun teorainneacha seachtracha a thrasnú faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006;

(e)

ciallaíonn “sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen” fíorú chur i bhfeidhm ceart acquis Schengen de réir mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013;

(f)

ciallaíonn “staid éigeandála” staid de thoradh ar bhrú práinneach agus eisceachtúil ina dtrasnaíonn, nó ina meastar go dtrasnóidh, líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tíre teorainn sheachtrach Ballstáit amháin nó níos mó nó aon staid éigeandála eile a bhfuil bunús cuí léi a éilíonn gníomhaíocht phráinneach ag na teorainneacha seachtracha;

(g)

ciallaíonn “cuid de theorainneacha seachtracha” iomlán nó cuid de theorainn sheachtrach talún nó mara Ballstáit mar a shainmhínitear é le dlí náisiúnta nó mar a chinneann an lárionad comhordaithe náisiúnta nó aon údarás náisiúnta eile atá freagrach chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é a bheidh i gcuspóir ginearálta na hIonstraime ná rannchuidiú le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas, agus taisteal dlisteanach á éascú ag an am céanna, trí leibhéal aonfhoirmeach agus ard rialaithe ag na teorainneacha seachtracha agus próiseáil éifeachtach víosaí Schengen, i gcomhréir le tiomantas an Aontais do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine.

2.   Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim - i gcomhréir leis na tosaíochtaí a shainaithnítear i straitéisí, i gcláir, i measúnuithe ar an mbagairt agus i measúnuithe riosca ábhartha de chuid an Aontais - leis na cuspóirí sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, seirbhís d’ardcháilíocht a sholáthar d’iarratasóirí víosa, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tíre agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil;

(b)

tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha, lena n-áirítear comhchuibhiú breise ar bhearta a bhaineann le bainistiú teorainneacha a chur chun cinn i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais agus trí fhaisnéis a chomhroinnt idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus Gníomhaireacht Frontex, chun a áirithiú, ar láimh amháin, rialú agus cosaint aonfhoirmeach agus ardleibhéil na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil, agus, ar an láimh eile, trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le acquis Schengen, agus fós rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a ráthú dóibh siúd atá ina gátar, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a chonraigh na Ballstáit i réimse chearta an duine, lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement.

Déanfar baint amach chuspóirí sonracha na hIonstraime a mheas i gcomhréir le hAirteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus leas á bhaint as comhtháscairí, de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus táscairí clár-shonracha a bheidh ar áireamh i gcláir náisiúnta.

3.   Chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhaint amach, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a)

forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú beartas a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar aon rialuithe ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú na dteorainneacha inmheánacha, agus go ndéanfar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha agus go ndéanfar faireachán éifeachtach ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

(b)

córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht, go háirithe trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(i)

seiceálacha teorann seachtraí agus córais faireachais na dteorainneacha seachtracha agus an comhar idirghníomhaireachta idir gardaí teorann, custaim, imirce, tearmann agus údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát a threisiú ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i limistéar na teorann muirí;

(ii)

bearta laistigh den chríoch a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus na bearta tionlacain is gá maidir le slándáil doiciméad, bainistiú céannachta agus idir-inoibritheacht trealaimh theicniúil a fuarthas;

(iii)

aon bhearta a rannchuidíonn chomh maith leis an gcoireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha a bhaineann le gluaiseacht daoine, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus smugláil daoine;

(c)

forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile, agus foirmeacha éagsúla comhair chonsalaigh chun go n-áiritheofar clúdach consalachta níos fearr agus cleachtais chomhchuibhithe maidir le heisiúint víosaí, a chur chun cinn;

(d)

córais TF, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealamh a thacaíonn le comhbheartas víosaí, seiceálacha teorann agus faireachas teorann ag na teorainneacha seachtracha a chur ar bun agus a riar, agus dlí um chosaint sonraí pearsanta á urramú go hiomlán;

(e)

an fheasacht staide ag na teorainneacha seachtracha agus cumais frithghníomhaithe na mBallstát a threisiú;

(f)

cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí, lena n-áirítear feidhmiú éifeachtach sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, a áirithiú;

(g)

gníomhaíochtaí ag na Ballstáit a rannchuidíonn le feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit a oibríonn i dtríú tíortha maidir le sreabha náisiúnach tríú tíre isteach i gcríoch na mBallstát a threisiú, lena n-áirítear cosc ar an inimirce neamhdhlíthiúil, agus dul i ngleic leis an inimirce sin, chomh maith leis an gcomhar le tríú tíortha ina leith sin i gcomhchuibheas iomlán le cuspóirí agus le prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach agus bheartas daonnúil an Aontais.

4.   Déanfar na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh go hiomlán agus dínit an duine á hurramú go hiomlán. Go háirithe, déanfaidh gníomhaíochtaí forálacha na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dlí cosanta sonraí an Aontais, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), prionsabal na córa cothroime a chur ar náisiúnaigh tríú tíre, an ceart chun tearmainn agus ar chosaint idirnáisiúnta, prionsabal an non-refoulement agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta lenar sínithe iad amhail Coinbhinsiún na Ginéive maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a chomhlíonadh.

Go háirithe, in aon chás inar féidir, déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu maidir le sainaithint daoine leochaileacha, cúnamh láithreach a thabhairt do dhaoine leochaileacha agus atreorú daoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaosaigh gan tionlacan, chuig seirbhísí cosanta.

5.   Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta muirí chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. Ina leith sin, féadfar trealamh agus córais a fhaigheann tacaíocht faoin Ionstraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar staideanna cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochta faireachais teorann ar muir, a rannchuideoidh ar an tslí sin le cosaint agus sábháil beatha na n-imirceach a áirithiú.

6.   Rannchuideoidh an Ionstraim freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Faoi chuimsiú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, tacóidh an Ionstraim le gníomhaíochtaí sna Ballstáit nó ag na Ballstáit, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

bonneagair, foirgnimh agus córais atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachais idir pointí trasnaithe teorann chun dul i ngleic le trasnuithe teorann neamhúdaraithe, inimirce neamhdhlíthiúil agus coiriúlacht trasteorann, agus iad a chosc, chomh maith le sreabha taistil rainúla a ráthú;

(b)

trealamh oibriúcháin, modhanna iompair agus córais chumarsáide atá ag teastáil i gcomhair rialaithe teorann éifeachtaigh agus shláin agus chun daoine a bhrath;

(c)

córais TF agus chumarsáide chun sreabha imirce thar theorainneacha a bhainistiú go héifeachtúil, lena n-áirítear infheistíochtaí i gcórais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;

(d)

bonneagair, foirgnimh, córais chumarsáide agus TF agus trealamh oibriúcháin atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus don chomhar consalach, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosaí;

(e)

oiliúint maidir le húsáid an trealaimh agus na gcóras dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) agus cur chun cinn caighdeán bainistithe cáilíochta agus oiliúint gardaí teorann, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, a mhéid a bhaineann le cur i ngníomh a gcúraimí faireachais, comhairleacha agus rialaithe i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta chearta an duine, lena n-áirítear sainaithint íospartach gáinneála ar dhaoine agus smuigleála daoine;

(f)

iasacht oifigeach idirchaidrimh inimirce agus comhairleoirí doiciméad i dtríú tíortha agus malartú agus iasacht gardaí teorann idir Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír;

(g)

staidéir, oiliúint, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí eile chun córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile de réir mar a thagraítear dó in Airteagal 3(3), lena n-áirítear gníomhaíochtaí arb í is aidhm leo comhar idirghníomhaireachta a chothú laistigh de na Ballstáit nó idir Ballstáit agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hidir-inoibritheacht agus comhchuibhiú na gcóras bainistithe teorann;

(h)

staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí arb í is aidhm leo na moltaí, na caighdeáin oibríochtúla agus na cleachtais is fearr a thagann as an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a chur chun feidhme.

2.   Faoi chuimsiú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo, agus i bhfianaise thoradh an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus i gcomhréir le cuspóirí an chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, tacóidh an Ionstraim le gníomhaíochtaí i ndáil le tríú tíortha agus i dtríú tíortha, agus go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

córais faisnéise, uirlisí nó trealamh chun faisnéis a roinnt idir Ballstáit agus tríú tíortha;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar oibríochtúil idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha;

(c)

tionscadail i dtríú tíortha arb í is aidhm leo córais faireachais a fheabhsú chun comhar le Eurosur a áirithiú;

(d)

staidéir, seimineáir, ceardlanna, comhdhálacha, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail chun saineolas teicniúil agus oibríochtúil ad hoc a chur ar fáil do thríú tíortha;

(e)

staidéir, seimineáir, ceardlanna, comhdhálacha, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail trína gcuirtear moltaí sonracha, caighdeáin oibríochtúla agus na cleachtais is fearr chun feidhme, a thig ón gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha.

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, comhordú a áirithiú maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 iad.

3.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 incháilithe ag teorainneacha seachtracha sealadacha.

4.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach an athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha de réir mar a thagraítear dóibh i gCód Teorainneacha Schengen incháilithe.

5.   Ní bheidh na gníomhaíochtaí a bhfuil rialú earraí go huathúil mar aidhm leo nó mar éifeacht acu incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 5

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1.   EUR 2 760 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní foriomlána chun an Ionstraim a chur chun feidhme.

2.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

3.   Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a)

cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 12;

(b)

tacaíocht oibriúcháin, faoi chuimsiú na gclár náisiúnta agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10;

(c)

feidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d)

gníomhaíochtaí Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e)

cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 14;

(f)

clár a chur chun feidhme chun córais TF a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15;

(g)

cúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 16.

4.   Cuirfear an buiséad arna leithdháileadh faoin Ionstraim ar ghníomhaíochtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo, ar an gcúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo agus ar an gcúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus, i gcás inarb iomchuí, faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Cuirfear an buiséad arna leithdháileadh ar chláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9, ar an tacaíocht oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 agus ar fheidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 11 chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Déanfar an buiséad arna leithdháileadh ar thíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir le pointe (c)(i) d’Airteagal 58(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Déanfar modh/modhanna cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh an chláir maidir le forbairt córas TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, a leagan amach i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais faoi réir a nglactha.

5.   Úsáidfear na hacmhainní foriomlána mar a leanas:

(a)

EUR 1 551 milliún le haghaidh chláir náisiúnta na mBallstát;

(b)

EUR 791 milliún chun córais TF a fhorbairt, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha, faoi réir gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais a ghlacadh;

I gcás nach ndéanfar an méid sin a leithdháileadh nó a chaitheamh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, é a ath-leithdháileadh ar cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) agus i bpointe (d) den mhír seo. Beidh measúnú ar éabhlóid na gcóras TF ábhartha lena n-áirítear cur chun feidhme an bhuiséid agus na méideanna nár caitheadh a bhfuil súil leis san áireamh sa ghníomh tarmligthe sin. Is féidir leis an ath-leithdháileadh sin tarlú tar éis na gníomhartha reachtacha ábhartha a ghlacadh nó ag ócáid an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 8;

(c)

EUR 154 milliún le haghaidh na Scéime Idirthurais Speisialta;

(d)

EUR 264 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí Aontais, cúnaimh éigeandála agus cúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, a n-úsáidfear ar a laghad 30 % de le haghaidh gníomhaíochtaí Aontais.

6.   I gcomhpháirt leis na hacmhainní foriomlána arna mbunú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, is ionann na hacmhainní foriomlána atá ar fáil don Ionstraim, mar a bhunaítear iad i mír 1, agus an t-imchlúdach airgeadais don Chiste agus fónann siad mar an bpríomhthagairt, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (28), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

7.   Glacfaidh na tíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirt san Ionstraim i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Cuirfear socruithe i gcrích maidir le rannchuidithe airgeadais na dtíortha sin i leith na hIonstraime agus leis na rialacha forlíontacha atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta den sórt sin, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhacht iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí.

Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1.   Leithdháilfear EUR 1 551 milliún ar na Ballstáit go táscach mar seo a leanas:

(a)

EUR 1 276 milliún, mar a léirítear in Iarscríbhinn I;

(b)

EUR 147 milliún, bunaithe ar thorthaí an tsásra dá dtagraítear in Airteagal 7;

(c)

faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear in Airteagal 8 agus don tréimhse amhail ó bhliain bhuiséid 2018, EUR 128 milliún, an chuid eile de na leithreasuithe atá ar fáil faoin Airteagal seo nó méid eile, arna chinneadh de bhun mhír 4, bunaithe ar thorthaí na hanailíse riosca agus an athbhreithnithe mheántéarma.

2.   Leithdháilfidh gach Ballstát na méideanna bunúsacha i gcomhair na gclár náisiúnta a léirítear in Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

ar a laghad 10 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointe (a) d’Airteagal 9(2);

(b)

ar a laghad 25 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointe (b) d’Airteagal 9(2);

(c)

ar a laghad 5 % i gcomhair gníomhaíochtaí a bhaineann le pointí (c), (d), (e) agus (f) d’Airteagal 9(2).

Féadfaidh na Ballstáit imeacht ó na híoschéatadáin sin ar choinníoll go mbeidh míniú san áireamh sa chlár náisiúnta maidir le cén fáth nach ndéanann acmhainní a leithdháileadh faoi na híosmhéideanna sin baint amach an chuspóra ábhartha a chur i gcontúirt. Measúnóidh an Coimisiún an míniú sin i gcomhthéacs a fhormheasa ar na cláir náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

3.   Caithfidh na Ballstáit an cistiúchán is gá ar Eurosur d’fhonn a dhea-fheidhmiú a áirithiú.

4.   Chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí na hIonstraime mar is ceart i gcás imthosca gan choinne nó imthosca nua agus/nó chun cur chun feidhme éifeachtach an chistiúcháin atá ar fáil faoin Ionstraim a áirithiú, cumhachtófar don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an méid táscach a leagtar síos i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo a choigeartú.

5.   Ní thairbheoidh Ballstáit a aontaíonn don Aontas sa tréimhse 2012-2020 de leithdháiltí do chláir náisiúnta faoin Ionstraim fad is a thairbheoidh siad d’ionstraim shealadach de chuid an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú teorann seachtraí a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 6(1), méid breise a fháil, ar choinníoll go mbeidh sé curtha in áirithe amhlaidh sa chlár náisiúnta agus go mbeidh sé le húsáid chun gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhaint amach.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a athbhreithniú, má mheastar é a bheith iomchuí, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarma. Ar bhonn na ngníomhaíochtaí sonracha nua, féadfaidh na Ballstáit méid breise, mar a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, a fháil, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil.

3.   Déanfar na méideanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann leis an gcinneadh maoinithe aonair lena bhformheastar nó lena n-athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 8

Acmhainní faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma

1.   D’fhonn an méid a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6(1) a leithdháileadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Meitheamh 2017, ualach na mBallstáit i mbainistiú teorann, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a fhéadfaidh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir agus tuarascálacha measúnaithe arna dtarraingt suas mar chuid de shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen, agus leibhéil bhagartha ag teorainneacha seachtracha don tréimhse 2017-2020, chomh maith le tosca a dhéanfaidh difear do shlándáil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát in 2014-2016 a chur san áireamh. Déanfar an méid sin a dháileadh idir na Ballstáit ar bhonn mheá chatagóirí na dteorainneacha seo a leanas, agus mír 6 den Airteagal seo, á cur san áireamh:

(a)

45 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

(b)

38 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

(c)

17 % i gcomhair aerfort.

2.   I gcás teorainneacha seachtracha muirí agus talún, bunófar ríomh an mhéid ar fhad na gcodanna de theorainn sheachtrach arna iolrú faoi leibhéal bagartha (íosta, gnáth-, meán-, ard) do gach cuid de theorainn, mar a leanas:

(a)

comhéifeacht 0,5 maidir le bagairt íosta;

(b)

comhéifeacht 1 maidir le gnáthbhagairt;

(c)

comhéifeacht 3 maidir le meánbhagairt;

(d)

comhéifeacht 5 maidir le bagairt ard.

3.   I gcás na n-aerfort, ríomhfar an leithdháileadh i gcomhair gach Ballstáit mar a leanas:

(a)

50 % ar bhonn líon na ndaoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha;

(b)

50 % ar bhonn líon na náisiúnach tríú tíre ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha.

4.   I gcomhréir le tuarascáil anailíse riosca Ghníomhaireacht Frontex agus i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex, agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaireachtaí Aontais eile, cinnfidh an Coimisiún leibhéil bhagartha do gach cuid de theorainn sheachtrach na mBallstát don tréimhse 2017-2020. Beidh na leibhéil bhagartha bunaithe ar na tosca seo a leanas:

(a)

ualach i mbainistiú teorann ag na teorainneacha seachtracha;

(b)

tosca a dhéanfaidh difear do shlándáil ag na teorainneacha seachtracha na mBallstát sa tréimhse 2014-2016;

(c)

athruithe ar bheartais an Aontais, mar shampla beartais víosaí;

(d)

treochtaí indéanta sa todhchaí i sreabha imirce agus rioscaí gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann le trasnú mírialta daoine ag na teorainneacha seachtracha; agus

(e)

forbairtí dóchúla polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta i dtríú tíortha, agus go háirithe, i dtíortha comharsanacha.

Sula n-eiseoidh an Coimisiún a thuarascáil lena gcinnfear na leibhéil bhagartha, beidh malartú tuairimí aige leis na Ballstáit.

5.   Chun críche acmhainní a leithdháileadh faoi mhír 1:

(a)

cuirfear san áireamh an líne idir na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle (29), ach ní chuirfear san áireamh an teorainn mhuirí lastuaidh den líne sin, cé nach teorainn sheachtrach talún í fad is a leanfaidh Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 10 maidir leis an gCipir a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 d’fheidhm a bheith aige;

(b)

ciallóidh an téarma “teorainneacha seachtracha muirí” teorainn fhorimeallach fharraige teorann na mBallstát mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 4 go hAirteagal 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. i gcásanna, áfach, ina bhfuil oibríochtaí fadraonacha ag teastáil ar bhonn rialta chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc, is é teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard a bheidh i gceist leis an téarma. Cinnfear na teorainneacha forimeallacha sin trí na sonraí ábhartha maidir leis na hoibríochtaí sin in 2014-2016, arna soláthar ag na Ballstáit i gceist, a chur san áireamh.

6.   Thairis sin, tar éis cuireadh a fháil ón gCoimisiún faoin 1 Meitheamh 2017, féadfaidh na Ballstáit leithdháileadh breise a fháil, ar choinníoll go mbeidh sé curtha in áirithe amhlaidh sa chlár náisiúnta agus go mbeidh sé le húsáid chun gníomhaíochtaí sonracha a bhaint amach a bheidh le bunú i bhfianaise thosaíochtaí an Aontais ag an am sin.

7.   Déanfar na méideanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann le cinneadh maoinithe aonair lena bhformheastar nó lena n-athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 9

Cláir náisiúnta

1.   Déanfar an clár náisiúnta a bheidh le hullmhú, agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh, faoin Ionstraim agus an ceann a bheidh le hullmhú faoi Rialachán Uimh. 513/2014 a mholadh don Choimisiún mar chlár náisiúnta aonair amháin le haghaidh an Chiste agus i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Faoi na cláir náisiúnta atá le scrúdú agus le formheas ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfaidh na Ballstáit, laistigh de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo agus toradh an idirphlé beartais dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 á chur san áireamh, go háirithe cuspóirí ón méid seo a leanas a shaothrú:

(a)

Eurosur a fhorbairt i gcomhréir le dlí agus le treoirlínte an Aontais;

(b)

an cumas reatha ar an leibhéal náisiúnta i mbeartas víosaí agus i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha a leathnú agus tacú leis, chomh maithe le bearta laistigh de limistéar na saorghluaiseachta a bhaineann le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a leathnú agus tacú leo, agus aird á tabhairt go háirithe ar theicneolaíocht nua, ar fhorbairtí agus/nó ar chaighdeáin maidir le bainistiú sreabha imirce;

(c)

tacú le forbairt bhreise an bhainistithe ar shreabha imirce trí bhíthin seirbhísí consalacha nó seirbhísí eile de chuid na mBallstát i dtríú tíortha, lena n-áirítear sásraí comhair chonsalaigh a chur ar bun d’fhonn taisteal dlisteanach a éascú i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí an Bhallstáit lena mbaineann agus inimirce neamhdhlíthiúil isteach san Aontas a chosc;

(d)

bainistiú comhtháite teorainneacha a neartú trí bhíthin uirlisí nua, córais idir-inoibritheacha nua agus modhanna oibre nua a thástáil agus a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm acu malartú faisnéise laistigh den Bhallstát a fheabhsú nó feabhas a chur ar chomhar idirghníomhaireachta;

(e)

tionscadail a fhorbairt d’fhonn a áirithiú go bhfuil leibhéal aonfhoirmeach agus ard rialaithe ag na teorainneacha seachtracha i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais agus a dhíríonn ar idir-inoibritheacht mhéadaithe na gcóras bainistithe teorann idir Ballstáit;

(f)

tacú le gníomhaíochtaí, tar éis dul i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex, a dhíríonn ar chomhchuibhiú breise bainistithe teorann agus go háirithe cumais theicneolaíochta a chur chun cinn, i gcomhréir le comhchaighdeáin an Aontais;

(g)

cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le rialú teorann agus víosaí a áirithiú mar fhreagairt ar laigí arna sainaithint ar leibhéal an Aontais, mar a léirítear leis na torthaí arna mbunú faoi chuimsiú shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen;

(h)

an cumas chun dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht aníos a fhorbairt, lena n-áirítear bagairtí agus brúnna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ag teorainneacha seachtracha, agus go háirithe na hanailísí a dhéanann gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais á gcur san áireamh.

3.   Agus na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 á saothrú, féadfaidh na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha faoina gcláir náisiúnta lena n-áirítear trí chomhroinnt faisnéise agus trí chomhar oibríochtúil.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex maidir le dréachtchláir náisiúnta, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tacaíocht oibriúcháin, arna gcur isteach ag na Ballstáit d’fhonn comhlántacht a fhorbairt idir misean Ghníomhaireacht Frontex agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú agus faireachas teorainneacha seachtracha chomh maith le comhsheasmhacht a áirithiú agus chun neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint.

Airteagal 10

Tacaíocht oibriúcháin faoi chláir náisiúnta na mBallstát

1.   Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as suas le 40 % den mhéid a leithdháiltear faoin Ionstraim ar a chlár náisiúnta chun maoiniú a dhéanamh ar thacaíocht oibriúcháin do na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas.

2.   Cuirfear tacaíocht oibriúcháin ar fáil nuair a chomhlíonfaidh an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonadh acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí;

(b)

comhlíonadh chuspóirí an chláir náisiúnta;

(c)

comhlíonadh chomhchaighdeáin an Aontais chun comhordú a fheabhsú idir na Ballstáit agus dúbailt, ilroinnt agus neamhéifeachtúlacht costais i réimse an rialaithe teorann a sheachaint;

3.   Chun na críche sin, sula bhformheastar an clár náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bonnlíne i mBallstáit a chuir in iúl a n-intinn tacaíocht oibriúcháin a iarraidh, á chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha meastóireachta Schengen.

Déanfar tuairimí a mhalartú leis an mBallstát lena mbaineann faoi thorthaí an Choimisiúin.

Tar éis na tuairimí a mhalartú, féadfar a chur de choinníoll ar ghlacadh an Choimisiúin le tacaíocht bhuiséadach faoi chuimsiú cláir náisiúnta Ballstáit go gclárófar agus go gcuirfear i gcrích roinnt gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 faoin tráth a gcuirfear tacaíocht bhuiséadach ar fáil.

4.   Díreofar tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí agus/nó ar sheirbhísí sonracha agus díreofar í ar na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Béarfaidh sí aisíoc iomlán an chaiteachais a tabhaíodh chun na cúraimí agus/nó na seirbhísí arna sainiú sa chlár náisiúnta a bhaint amach, laistigh de na teorainneacha airgeadais atá socraithe sa chlár agus laistigh den uasteorainn a leagtar síos i mír 1.

5.   Beidh tacaíocht oibriúcháin faoi réir fhaireachán agus mhalartú faisnéise idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir leis an staid bonnlíne sa Bhallstát sin, na cuspóirí agus na spriocanna a bheidh le baint amach agus na táscairí chun dul chun cinn a thomhas.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe praiticiúla eile atá le déanamh idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 11

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.   Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna n-eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus um an Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

2.   Ní sháróidh na hacmhainní a leithdháiltear ar an Liotuáin de bhun mhír 1 EUR 154 milliún don tréimhse 2014-2020 agus cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin shonrach bhreise don Liotuáin.

3.   Chun críche mhír 1, ciallaíonn costais bhreise costais a thig go díreach ó na ceanglais shonracha a bhaineann le cur chun feidhme oibriú na Scéime Idirthurais Speisialta agus nach ngintear mar thoradh ar an eisiúint víosaí chun críche idirthurais nó chun críocha eile.

Beidh na cineálacha costais bhreise seo a leanas incháilithe le haghaidh maoinithe:

(a)

infheistíocht i mbonneagair;

(b)

oiliúint a chur ar fhoireann a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme;

(c)

costais oibriúcháin bhreise, lena n-áirítear tuarastail na foirne a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme go sonrach.

4.   Déanfar na táillí tarscaoilte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ríomh ar bhonn leibhéal na dtáillí víosa agus na dtarscaoiltí táillí víosa a bhunaítear leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú (30), faoi chuimsiú an chreata airgeadais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

5.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann agus/nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

6.   Leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe airgeadais nó aon socruithe praiticiúla eile a bheidh le déanamh idir an Liotuáin agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

7.   Chun feidhmiú rianúil na Scéime Idirthurais Speisialta a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún socruithe eatramhacha sonracha íocaíochta a dhéanamh lena ndéantar maolú ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 12

Cláreagrú i gcomhréir le torthaí shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen

Tar éis tuarascáil mheastóireachta Schengen a bheith déanta, arna glacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, conas is fearr aghaidh a thabhairt ar na torthaí, lena n-áirítear aon easnaimh, agus déanfaidh sé na moltaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú a chláir náisiúnta.

I gcás inar gá, déanfaidh Ballstát athbhreithniú ar a chlár náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 514/2014 chun na torthaí agus na moltaí sin a chur san áireamh.

Tosaíocht a bheidh i maoiniú gníomhaíochtaí ceartaitheacha. In idirphlé leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní faoina chlár a ath-leithdháileadh, lena n-áirítear na hacmhainní sin arna gclárú le haghaidh tacaíochta oibriúcháin, agus/nó gníomhaíochtaí a thabhairt isteach nó a leasú a bhfuil sé mar aidhm acu na laigí a leigheas i gcomhréir le torthaí agus le moltaí thuarascáil mheastóireachta Schengen.

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí lena ngabhanna leas ar leith don Aontas (“gníomhaíochtaí Aontais”) a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.   Chun bheith incháilithe do chistiúchán, saothróidh gníomhaíochtaí Aontais na cuspóirí seo a leanas go háirithe:

(a)

tacú le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha agus víosaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Chód Teorainneacha Schengen a fhíorú, go háirithe caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin;

(b)

feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar an staid atá i réim sna Ballstáit agus i dtríú tíortha trí anailís, meastóireacht agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bheartais;

(c)

tacú le forbairt uirlisí staidrimh, lena n-áirítear comhuirlisí staidrimh, agus modhanna staidrimh agus comhtháscairí;

(d)

tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit, agus faireachán a dhéanamh orthu, agus measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht agus ar a dtionchar, lena n-áirítear maidir leis an urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, a mhéid a bhaineann le raon feidhme na hionstraime;

(e)

líonrú, foghlaim fhrithpháirteach, sainaithint agus scaipeadh na gcleachtas is fearr agus cineálacha nuálacha cur chuige i measc geallsealbhóirí éagsúla a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach;

(f)

tionscadail a dhíríonn ar chomhchuibhiú agus ar idir-inoibritheacht beart a bhaineann le bainistiú teorann i gcomhréir le comhcaighdeáin an Aontais d’fhonn forbairt chóras bainistithe teorann comhtháite Eorpach a chur chun cinn;

(g)

feasacht maidir le beartais agus cuspóirí an Aontais a fheabhsú i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(h)

cur le cumas na ngréasán Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar bheartais agus ar chuspóirí an Aontais, iad a chur chun cinn, a fhorbairt tuilleadh agus chun tacú leo;

(i)

tacú le tionscadail atá an-nuálach a fhorbraíonn modhanna nua agus/nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú chuig Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb é is aidhm dóibh tionscadail taighde a thástáil agus a fhíorú;

(j)

tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha agus le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

3.   Cuirfear gníomhaíochtaí Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 14

Cúnamh éigeandála

1.   Cuirfidh an Ionstraim tacaíocht airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha agus shonracha i gcás staide éigeandála de réir mar a shainmhínítear í i bpointe (f) d’Airteagal 2.

2.   Cuirfear cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 15

Clár maidir le forbairt córas TF a bhunú

Cuirfear an clár maidir le forbairt na gcóras TF, atá bunaithe ar chórais TF atá ann cheana agus/nó córais TF nua, chun feidhme faoi réir gníomhartha reachtacha an Aontais a ghlacadh ina sainmhínítear na córais TF sin agus a mbonneagar cumarsáide a bhfuil sé d’aidhm acu, go háirithe, feabhas a chur ar bhainistiú agus ar rialú sreabha taistil ag na teorainneacha seachtracha trí na seiceálacha a neartú agus dlús a chur le trasnuithe teorann do thaistealaithe rialta. i gcás inarb iomchuí, déanfar sineirgí le córais TF atá ann cheana a lorg chun caiteachas dúbailte a sheachaint.

Maidir le miondealú an mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5), déanfar é i ngníomhartha reachtacha ábhartha de chuid an Aontais nó, tar éis na gníomhartha reachtacha sin a ghlacadh, trí ghníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, ar a laghad uair sa bhliain agus aon uair is iomchuí, maidir le dul chun cinn i gcórais nua TF a fhorbairt.

Airteagal 16

Cúnamh teicniúil

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún agus/nó thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an Ionstraim suas le EUR 1,7 milliún a chur leis an gCiste gach bliain le haghaidh cúnaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

2.   Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh an Ionstraim gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Don tréimhse 2014-2020, ní sháróidh an méid a chuirfear ar leataobh le haghaidh cúnaimh theicniúil 5 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar Bhallstát móide EUR 500 000.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4), in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 15 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana amhail ón 21 Bealtaine 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na gcumhachtaí a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse trí bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4), in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 15 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) d’Airteagal 5(5) agus Airteagal 6(4), Airteagal 7(2) agus Airteagal 15 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um “Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Ciste Slándála Inmheánaí” agus Slándáil arna bhunú le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Infheidhmeacht Rialachán (AE) Uimh. 514/2014

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 maidir leis an Ionstraim.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairfear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha.

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint ná do mhodhnú, lena n-áirítear cealú go hiomlán nó go páirteach, na dtionscadal agus na gclár bliantúil, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná don chúnaimh airgeadais arna fhormheas ag an gCoimisiún ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007/CE nó aon reachtaíocht eile a bhainfidh leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.

2.   Le linn don Choimisiún cinntí a ghlacadh maidir le cómhaoiniú faoin Ionstraim, cuirfidh sé san áireamh bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007/CE roimh an 20 Bealtaine 2014 a bhfuil iarmhairtí airgeadais acu le linn na tréimhse atá clúdaithe ag an gcómhaoiniú sin.

3.   Maidir le suimeanna atá geallta i gcomhair cómhaoiniú arna fhormheas ag an gCoimisiún idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2014 ach nach ndearnadh na doiciméid a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta chun an tuarascáil a chur isteach, saorfaidh an Coimisiún sa ghnáthchúrsa iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

4.   Agus an méid le saoradh go huathoibríoch á ríomh, ní thabharfar aird ar mhéideanna a bhaineann le gníomhaíochtaí a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

5.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2015 tuarascáil mheastóireachta ar thorthaí agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoi Chinneadh Uimh. 574/2007/CE maidir leis an tréimhse 2011-2013.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta ex-post faoi Chinneadh Uimh. 574/2007/CE a bhaineann leis an tréimhse 2011-2013 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoin 31 Nollaig 2015.

Airteagal 22

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Aibreán 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 108.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 23.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (Féach leathanach 93 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (Féach leathanach 112 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabhadh Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 22).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 349, 25.11.2004, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 304, 22.11.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15.)

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lch. 11).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(15)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(16)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(17)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(18)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(19)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(20)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(21)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(26)  Rialachán (CE) Uimh. 1931/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha maidir le trácht teorann áitiúil ag teorainneacha seachtracha talún na mBallstát agus lena leasaítear forálacha Choinbhinsiún Schengen (IO L 405, 30.12.2006, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(28)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 a ghabhann leis an Ionstraim Aontachais (IO L 161, 30.4.2004, lch. 128).

(30)  IO L 129, 17.5.2007, lch. 27.


IARSCRÍBHINN I

Méideanna arb é atá iontu iad an bonn do chláir náisiúnta na mBallstát (in EUR)

Ballstát/stát comhlachaithe

Íosmhéid

Cuid sheasta a dháiltear ar bhonn mheán 2010-2012

% 2010-2012 leis an gCróit

IOMLÁN

AT

5 000 000

9 162 727

0,828  %

14 162 727

BE

5 000 000

12 519 321

1,131  %

17 519 321

BG

5 000 000

35 366 130

3,196  %

40 366 130

CH

5 000 000

13 920 284

1,258  %

18 920 284

CY

15 000 000

19 507 030

1,763  %

34 507 030

CZ

5 000 000

9 381 484

0,848  %

14 381 484

DE

5 000 000

46 753 437

4,225  %

51 753 437

DK

5 000 000

5 322 133

0,481  %

10 322 133

EE

5 000 000

16 781 752

1,516  %

21 781 752

ES

5 000 000

190 366 875

17,201  %

195 366 875

FI

5 000 000

31 934 528

2,886  %

36 934 528

FR

5 000 000

79 999 342

7,229  %

84 999 342

GR

5 000 000

161 814 388

14,621  %

166 814 388

HR

4 285 714

31 324 057

2,830  %

35 609 771

HU

5 000 000

35 829 197

3,237  %

40 829 197

IE

 

 

 

 

IS

5 000 000

326 980

0,030  %

5 326 980

IT

5 000 000

151 306 897

13,672  %

156 306 897

LI

5 000 000

0

0,000  %

5 000 000

LT

5 000 000

19 704 873

1,780  %

24 704 873

LU

5 000 000

400 129

0,036  %

5 400 129

LV

5 000 000

10 521 704

0,951  %

15 521 704

MT

15 000 000

38 098 597

3,442  %

53 098 597

NL

5 000 000

25 609 543

2,314  %

30 609 543

NO

5 000 000

9 317 819

0,842  %

14 317 819

PL

5 000 000

44 113 133

3,986  %

49 113 133

PT

5 000 000

13 900 023

1,256  %

18 900 023

RO

5 000 000

56 151 568

5,074  %

61 151 568

SE

5 000 000

6 518 706

0,589  %

11 518 706

SI

5 000 000

25 669 103

2,319  %

30 669 103

SK

5 000 000

5 092 525

0,460  %

10 092 525

UK

 

 

 

 

IOMLÁN

169 285 714

1 106 714 286

100,00  %

1 276 000 000


IARSCRÍBHINN II

Liosta de ghníomhaíochtaí sonracha

1.

Sásraí um chomhar consalach a chur ar bun idir dhá Bhallstát ar a laghad as a leanfaidh barainneachtaí scála i ndáil le próiseáil iarratas agus le heisiúint víosaí ag consalachtaí i gcomhréir leis na prionsabail maidir le comhar a leagtar síos sa Chód Víosa, lena n-áirítear comh-lárionaid iarratais i gcomhair víosaí.

2.

Modhanna iompair agus trealamh oibriúcháin a cheannach a mheastar a bheith riachtanach chun imlonnaithe i rith oibríochtaí comhpháirteacha ag Gníomhaireacht Frontex, agus a chuirfear ar fáil do Ghníomhaireacht Frontex i gcomhréir leis an dara agus an tríú fomhír d’Airteagal 7(5) de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.


IARSCRÍBHINN III

Cuspóirí le haghaidh tacaíochta oibriúcháin faoi chuimsiú na gclár náisiúnta

Cuspóir 1: forbairt agus cur chun feidhme beartas a chur chun cinn lena áirithiú nach ndéantar aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, agus go ndéantar seiceálacha ar dhaoine ag teorainneacha seachtracha agus go ndéantar faireachán éifeachtach ar thrasnú teorainneacha seachtracha

oibríochtaí

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 2: forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar consalach

oibríochtaí

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, cothabháil agus deisiú

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 3: córais TF shlána, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealamh a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce, lena n-áirítear faireachas, thar theorainneacha seachtracha an Aontais a chur ar bun agus a riar

bainistiú oibríochtúil SIS, VIS agus córas nua le bunú

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna

costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

bonneagar cumarsáide agus slándáil chomh maith le nithe a bhaineann le cosaint sonraí

uasghrádú/athsholáthar trealaimh

áitreabh daingean a ghlacadh ar cíos agus/nó a athchóiriú


IARSCRÍBHINN IV

Liosta de chomhtháscairí chun na cuspóirí sonracha a thomhas

(a)

Tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tíre agus dul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil

(i)

Líon na ngníomhaíochtaí comhair consalachta a forbraíodh le cabhair ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

comhshuímh,

comh-lárionaid iarratas,

uiríll,

nithe eile.

(ii)

Líon na foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann leis an gcomhbheartas víosaí le cabhair ón Ionstraim

(iii)

Líon na bpost speisialaithe i dtríú tíortha le tacaíocht ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

oifigigh idirchaidrimh inimirce,

nithe eile.

(iv)

Céatadán agus líon na gconsalachtaí arna bhforbairt nó arna n-uasghrádú le cabhair ón Ionstraim amach as líon iomlán na gconsalachtaí

(b)

Tacú le bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear trí fhaisnéis a roinnt idir na Ballstáit agus idir Ballstáit agus Gníomhaireacht Frontex, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le hinimirce neamhdhlíthiúil, ar láimh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le acquis Schengen ar an láimh eile

(i)

Líon na foirne a oiltear agus líon na gcúrsaí oiliúna i ngnéithe a bhaineann le bainistiú teorann le cabhair ón Ionstraim

(ii)

Líon na mbonneagar rialuithe teorann (seiceálacha agus faireachas) agus na modhanna arna bhforbairt nó arna n-uasghrádú le cabhair ón Ionstraim

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

bonneagar,

loingeas (teorainneacha aeir, talún, farraige),

trealamh,

nithe eile.

(iii)

Líon trasnuithe teorann na dteorainneacha seachtracha trí gheataí Rialú Teorann Uathoibrithe le tacaíocht ón Ionstraim as líon iomlán na dtrasnuithe teorann

(iv)

Líon na mbonneagar náisiúnta faireachais teorann arna bhforbairt tuilleadh/arna mbunú i gcreat Eurosur

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

Lárionaid Chomhordaithe Náisiúnta,

Lárionaid Chomhordaithe Réigiúnacha,

Lárionaid Chomhordaithe Áitiúla,

cineálacha eile lárionad comhordaithe.

(v)

Líon na dteagmhas arna dtuairisciú ag Ballstáit don Phictiúr de Dhálaí Eorpacha

Chun críocha tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla, amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, déanfar an táscaire seo a mhiondealú tuilleadh i bhfochatagóirí, amhail:

inimirce neamhdhlíthiúil, lena n-áirítear maidir le teagmhais a bhaineann le riosca do shaol na n-imirceach,

coireacht trasteorann,

cásanna géarchéime.