20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

221


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1295/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 166(4), an chéad fhleasc d'Airteagal 167(5) agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé d'aidhm ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) aontas níos dlúithe a chur ar bun idir pobail na hEorpa agus tugann don Aontas an cúram, inter alia, chun rannchuidiú le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlachta náisiúnta agus réigiúnaí agus ag an am céanna a áirithiú gur ann do na dálaí is gá d'iomaíochas thionscal an Aontais. Chuige sin, tacaíonn agus forlíonann an tAontas, más gá, gníomhaíochtaí na mBallstát d'fhonn éagsúlacht chultúrtha agus teanga a urramú, i gcomhréir le hAirteagal 167 CFAE agus le Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn ("Coinbhinsiún UNESCO 2005"), treisíonn sé iomaíochas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus éascaíonn sé oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha.

(2)

Tá tacaíocht an Aontais d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta bunaithe go príomha ar an taithí a fuarthas le cláir an Aontais atá leagtha amach i gCinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) ("clár MEDIA"), Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ("Clár cultúir") agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ("Clár MEDIA Mundus"). Rannchuidíonn Cinneadh 1622/2006/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ("gníomh i leith Phríomhchathair Chultúir na hEorpa) agus Cinneadh Uimh. 1194/2011/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ("gníomh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí") le gníomhartha an Aontais chun tacú le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

(3)

Leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach don chultúr i ndomhan domhandaitheach', a d'fhormhuinigh an Chomhairle i rún an 16 Samhain 2007 (9) agus Parlaimint na hEorpa ina rún an 10 Aibreán 2008 (10), na cuspóirí do ghníomhaíochtaí todhchaíochta an Aontais d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá sé d'aidhm aige éagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, an cultúr mar chatalaíoch don chruthaitheacht sa chreat le haghaidh fáis agus post agus an cultúr mar ghné ríthábhachtach de chaidreamh idirnáisiúnta an Aontais.

(4)

Maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 11, Airteagal 21 agus Airteagal 22 de, déanann earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta rannchuidiú tábhachtach leis an gcomhrac i gcoinne gach cineál idirdhealaithe lena n-áirítear ciníochas agus seineafóibe agus is ardán tábhachtach iad le haghaidh na saoirse tuairimí a nochtadh agus chun urraim d'éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chur chun cinn.

(5)

Le Coinbhinsiún Unesco 2005, a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007, agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann, cuirtear in bhfios go láidir go bhfuil gné chultúrtha agus gné eacnamaíoch araon ag baint le gníomhaíochtaí cultúrtha, earraí cultúrtha agus seirbhísí cultúrtha, toisc go gcuireann siad féiniúlachtaí, luachanna agus bríonna in iúl, agus ní mór, dá bhrí sin, gan caitheamh leo amhail is nach bhfuil acu ach luach tráchtála amháin. Tá sé d'aidhm ag an gCoinbhinsiún sin an comhar idirnáisiúnta a threisiú, lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta comhléiriúcháin agus comhdháileacháin, agus an dlúthpháirtíocht a threisiú freisin d'fhonn léiriú cultúrtha na dtíortha agus na ndaoine aonair uile a chothú. Sonraítear ann freisin go bhfuil aird chuí le tabhairt d'imthosca agus riachtanais speisialta na ngrúpaí sóisialta éagsúla, lena n-áirítear daoine a bhaineann le mionlaigh. Dá réir sin, ba cheart go gcothófaí éagsúlacht cultúr ar an leibhéal idirnáisiúnta le clár tacaíochta d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún sin.

(6)

Ba cheart, freisin, go rannchuideofaí le feabhsú ar luach na láithreán ábhartha, agus go dtabharfaí, ag an am céanna, tuiscint do na pobail ar an úinéireacht atá acu ar luach cultúrtha agus stairiúil láithreán den sórt sin, tríd an oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe a chur chun cinn, i bhfianaise, inter alia, Choinbhinsiún 2003 Unesco maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe agus Choinbhinsiún 1972 Unesco maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint.

(7)

Sainítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Eoraip 2020 straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach" ("Straitéis Eoraip 2020"), straitéis lena ndírítear ar gheilleagar cliste, inbhuanaithe, agus uilechuimsitheach a dhéanamh de gheilleagar an Aontais, a mbeidh leibhéil arda fostaíochta, táirgiúlachta, agus comhtháthaithe shóisialta á soláthar ann. Sa straitéis sin, thug an Coimisiún dá aire gur gá don Aontas dálaí creata níos mealltaí a sholáthar le haghaidh nuálaíochta agus cruthaitheachta. Maidir leis sin, is foinse smaointe nuálacha iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, smaointe ar féidir táirgí agus seirbhísí a chruthaíonn fás agus fostaíocht agus a chabhraíonn le dul i ngleic le hathruithe sa tsochaí a dhéanamh díobh. Ina theannta sin, tá barr feabhais agus iomaíochas sna hearnálacha sin, go príomha mar thoradh ar iarrachtaí ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus gairmithe nach mór a chur chun cinn. Chun na críche sin, ba cheart rochtain ar mhaoiniú d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a fheabhsú.

(8)

Ina conclúidí maidir le seirbhísí faisnéise um shoghluaisteacht le haghaidh ealaíontóirí agus gairmithe cultúir (11), dhaingnigh an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúir don Aontas agus chun a cuspóirí i Straitéis Eoraip 2020 a shaothrú, agus d'iarr sí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, ina réimsí inniúlachtaí faoi seach agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta, soláthar faisnéise atá cuimsitheach agus beacht d'ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir ar mian leo gluaisteacht laistigh den Aontas a éascú.

(9)

D'fhonn cur le feabhsú ar an réimse comhroinnte cultúir, tá sé tábhachtach soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta agus cúrsaíocht thrasnáisiúnta na saothar cruthaitheach agus cultúrtha, lena n-áirítear saothair agus táirgí closamhairc, a chur chun cinn, agus, ar an tslí sin, malartuithe cultúr agus idirphlé idirchultúrachais a chur chun cinn.

(10)

Bhí cláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus faoi réir faireacháin rialta agus meastóireachtaí seachtracha, agus eagraíodh comhairliúcháin phoiblí maidir lena dtodhchaí, ar comhairliúcháin iad as a dtagann sé chun solais go bhfuil ról an-tábhachtach ag na cláir sin ó thaobh éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn. Dealraíonn sé freisin ó na gníomhaíochtaí faireacháin, meastóireachta agus comhairliúcháin sin, chomh maith le ó staidéir neamhspleácha éagsúla, go háirithe an staidéar ar ghné fiontraíochta na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach, go bhfuil dúshláin chomónta os comhair earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, mar atá na hathruithe tapa arb é is cúis leo an t-aistriú digiteach agus domhandú, ilroinnt an mhargaidh a bhaineann le héagsúlacht teanga, deacrachtaí ó thaobh rochtain ar mhaoiniú, nósanna imeachta casta riaracháin agus easpa sonraí inchomparáide, a dteastaíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais uathu uile.

(11)

Tá earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta éagsúlaithe feadh línte náisiúnta agus teanga, a bhfuil de thoradh air tírdhreach cultúir thar a bheith neamhspleách agus saibhir ó thaobh an chultúir de, a chuireann guth ar fáil do thraidisiúin chultúrtha éagsúla oidhreacht na hEorpa. Bíonn éagsúlacht den chineál sin, áfach, ina cúis le sraith bacainní freisin a chuireann bac ar chúrsaíocht thrasnáisiúnta rianúil saothar cultúrtha agus cruthaitheach agus a chuireann isteach ar shoghluaisteacht ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta laistigh den Aontas agus lasmuigh de, rud a bhféadfadh éagothromaíochtaí geografacha agus, ina dhiaidh sin, rogha shrianta don tomhaltóir a bheith mar thoradh air.

(12)

Ós rud é gur príomhthréith d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta í an éagsúlacht teanga a mbíonn ilroinnt ó thaobh teangacha de mar thoradh uirthi i roinnt earnálacha, tá fotheidealú, dubáil, agus reacaireacht bunriachtanach maidir le saothair chultúrtha agus chruthaitheacha, lena n-áirítear saothair chlosamhairc, a chur i gcúrsaíocht.

(13)

Tá tionchar ollmhór ag an aistriú digiteach ar an gcaoi a ndéantar earraí agus seirbhísí cultúrtha agus cruthaitheacha, a mbainistítear iad, a scaiptear iad, a mbíonn rochtain orthu, a n-úsáidtear iad agus a gcuirtear luach airgid orthu. Cé gur cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le féachaint le cothromaíocht nua a bhaint amach idir inrochtaineacht saothar cruthaitheach agus cultúrtha a mhéadú, luach saothair cothrom a bheith ag ealaíontóirí agus cruthaitheoirí agus teacht chun cinn samhlacha gnó nua, cuireann na hathruithe atá ann mar thoradh ar an aistriú digiteach deiseanna leathana ar fáil d'earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus do shochaí na hEorpa i gcoitinne. Féadfaidh costais dáilte níos ísle, bealaí nua dáileacháin, an acmhainn atá ann lucht éisteachta nua agus níos mó a fhorbairt, agus deiseanna nua do tháirgí nideoige rochtain a éascú agus cúrsaíocht saothar cultúrtha agus cruthaitheach ar fud an domhain a mhéadú. D'fhonn leas iomlán a bhaint as na deiseanna in agus oiriúnú do chomhthéacs an aistrithe dhigitigh agus domhandaithe, ní mór d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta scileanna nua a fhorbairt agus teastaíonn rochtain níos mó ar mhaoiniú uathu chun trealamh a uasghrádú, táirgeadh nua agus modhanna dáilte a fhorbairt agus a samhlacha gnó a oiriúnú.

(14)

Tá cleachtais reatha dáilte ina mbonn taca don chóras maoinithe do scannáin. Mar sin féin, tá gá níos mó agus níos mó poiblíocht a dhéanamh ar thairiscintí mealltacha dleathacha ar líne atá ag teacht chun cinn agus nuálaíocht a spreagadh. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, modhanna nua dáileacháin a chur chun cinn d'fhonn ligean do shamhlacha nua gnó teacht chun cinn.

(15)

Is saincheist leanúnach do go leor oibreoirí pictiúrlainne beaga, go háirithe oibreoirí scáileáin aonair, é digitiú na bpictiúrlann, mar gheall ar chostais arda an trealaimh dhigitigh. Cé gur ag na Ballstáit go príomha atá inniúlacht i leith cultúir agus gur cheart dóibh dá bhrí sin leanúint de dhul i ngleic leis an tsaaincheist seo ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, de réir mar is iomchuí, tá acmhainn mhaoinithe ann ó chláir agus ó chistí an Aontais, go háirithe na cinn sin atá dírithe ar fhorbairt áitiúil agus réigiúnach.

(16)

Ar mhaithe le lucht éisteachta a fhorbairt, go háirithe daoine óga, tá gá le gealltanas ar leith ó thaobh an Aontais, go háirithe, chun tacú le litearthacht meán agus scannáin.

(17)

Ar cheann de na dúshláin is mó d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe do mhicrifhiontair agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus meánmhéide, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhbhrabúsmhara agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, tá an deacracht atá le sárú acu maidir le rochtain a fháil ar na cistí a theastaíonn uathu chun a ngníomhaíochtaí a mhaoiniú, chun a n-iomaíochas a fhás, a chothabháil agus a mhéadú nó a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú. Cé gur dúshlán comónta é seo do FBManna i gcoitinne, tá an cás i bhfad níos achrannaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta de bharr chomh doláimhsithe atá go leor dá gcuid sócmhainní, próifíl fréamhshamhla a ngníomhaíochtaí, agus an gá intreach atá acu le dul i riosca, turgnaimh a dhéanamh agus a bheith nuálaíoch. Ní mór go dtuigfeadh an earnáil airgeadais an dul i riosca agus go dtacódh sí leis.

(18)

Mar threoirthionscadal, is tionscnamh trasearnálach é Comhaontas Eorpach na dTionscal Cruthaitheach a thacaíonn go príomha leis na tionscail chruthaitheacha ar leibhéal beartais. Tá sé d'aidhm aige cistí breise a fháil do thionscail chruthaitheacha agus an t-éileamh ar sheirbhísí tionscal cruthaitheach a spreagadh i measc tionscal agus earnálacha eile. Déanfar tástáil ar uirlisí nua d'fhonn tacaíocht níos fearr a thabhairt do nuálaíocht i dtionscail chruthaitheacha agus déanfar giaráil orthu chun fónamh d'ardán foghlama beartais lena gcuimsítear páirtithe leasmhara Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha.

(19)

Trí cláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus reatha d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a thabhairt le chéile laistigh de chlár réime aonair cuimsitheach ('an Clár'), thabharfaí tacaíocht níos éifeachtaí do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus meánmhéide ina gcuid iarrachtaí chun buntáiste a bhaint as na deiseanna a chuireann an t-aistriú digiteach agus domhandú ar fáil agus chabhrófaí leo dul i ngleic le saincheisteanna a bhfuil ilroinnt margaidh ag eascairt astu faoi láthair. D'fhonn a bheith éifeachtach, ba cheart don Chlár nádúr sonrach na n-earnálacha éagsúla, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais shonracha a chur san áireamh trí chineálacha cur chuige sainoiriúnaithe laistigh de dhá fhochlár neamhspleácha agus de shraith thrasearnálach. Go háirithe, tá sé tábhachtach sineirgíochtaí a áirithiú ar an leibhéal cur chun feidhme idir an Clár agus na straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha le haghaidh speisialtóireachta cliste. Chuige sin, ba cheart go mbunófaí, leis an gClár, struchtúr comhchuibhithe tacaíochta d'earnálacha difriúla an chultúir agus na cruthaitheachta arbh é a bheadh ann córas deontas arna chomhlánú le hionstraim airgeadais.

(20)

Le clár tacaíochta d'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, ba cheart go gcuirfí san áireamh cineál déach an chultúir agus na ngníomhaíochtaí cultúrtha, agus aitheantas á thabhairt ar thaobh amháin do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do luach eacnamaíoch na n-earnálacha sin, lena n-áirítear an méid a chuireann siad leis an gcruthaitheacht, leis an nuáil agus leis an gcuimsiú sóisialta sa tsochaí ina hiomláine.

(21)

Maidir le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart luach intreach an chultúir agus nádúr sonrach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur san áireamh, lena n-áirítear a thábhachtaí atá na heagraíochtaí neamhbhrabúis agus na tionscadail a thagann faoin bhFochlár Cultúir.

(22)

Ba cheart d'ionstraim airgeadais féinmhaoinitheach, an tSaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta ("an tSaoráid Ráthaíochta"), cur ar chumas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcoitinne fás, agus go soláthrófaí go sonrach giaráil leordhóthanach do ghníomhaíochtaí nua agus do dheiseanna nua. Ba cheart d'idirghabhálaithe airgeadais gníomhú i bhfabhar tionscadal i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta chun punann chothrom iasachtaí a áirithiú i dtéarmaí clúdaigh gheografaigh agus ionadaithe earnálaigh. Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha sa chomhthéacs seo, chun cur chuige leathan a bhaint amach faoin tSaoráid Ráthaíochta.

(23)

Ba cheart cistiú a sholáthar chomh maith do ghníomhaíocht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa agus do riar ghníomhaíocht an Lipéid Oidhreachta Eorpaí, toisc go rannchuidíonn siad le muintearas le limistéar comhchultúir a threisiú, le hidirphlé idirchultúrtha agus comhthuiscint a spreagadh agus le luach na hoidhreachta cultúrtha fheabhsú.

(24)

I dteannta Ballstát, agus tíortha agus críocha thar lear atá incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, de bhun Airteagal 58 de Chinneadh 2001/822/CE ón gComhairle (12), ba cheart don Chlár a bheith oscailte freisin, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar pháirtithe iad sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus do rannpháirtíocht thíortha de chuid Chónaidhm na hEilvéise. Ba cheart go bhféadfadh tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais agus tíortha atá cumhdaithe ag an mBeartas Eorpach um Chomharsanacht a bheith rannpháirteach sa Chlár freisin, seachas a mhéid a bhaineann leis an tSaoráid Ráthaíochta.

(25)

Ba cheart don Chlár a bheith ar fáil freisin do ghníomhaíochtaí comhair dhéthaobhaigh nó iltaobhaigh le tríú tíortha eile ar bhonn leithreasaí breise atá le sainiú agus socruithe sonracha atá le comhaontú leis na páirtithe lena mbaineann.

(26)

Ba cheart comhar sna réimsí cultúir agus closamhairc idir an Clár agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Unesco, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI) a chothú.

(27)

Is gá breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár a áirithiú, mar aon leis an gcaoi a gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na mBallstát leo agus an chaoi a gcomhlíontar Airteagal 167(4) CFAE leo agus an chaoi a bhfuil siad i gcomhréir le gníomhaíochtaí eile an Aontais, go háirithe i réimsí an oideachais, na fostaíochta, an mhargaidh inmheánaigh, na fiontraíochta, na hóige, na sláinte, na saoránachta agus an cheartais, an taighde agus na nuálaíochta, an bheartais tionscail agus comhtháthaithe, na turasóireachta agus an chaidrimh sheachtraigh, na trádála agus forbartha agus an chláir oibre dhigitigh.

(28)

I gcomhlíonadh na bprionsabal do mheasúnú lena mbaineann feidhmíocht, ba cheart go n-áireofaí leis na nósanna imeachta le haghaidh fhaireachán agus mheasúnú an chláir Chláir tuarascálacha mionsonraithe bliantúla agus ba cheart tagairt a dhéanamh iontu do spriocanna agus táscairí sonracha, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama, lena n-áirítear cinn cháilíochtúla. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, leis na nósanna imeachta faireacháin agus meastóireachta, obair na ngníomhaithe ábhartha, amhail Eurostat agus torthaí an tionscadail ESS-net Culture, agus Institiúid UNESCOUNESCO um Staidreamh.

(29)

Chun a áirithiú go ndéanfar faireachán agus measúnú barrmhaith ar an gClár i rith ré iomlán an Chláir, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla breise a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(30)

Mar a shonraítear i dtuarascáil an Choimisiúin an 30 Iúil 2010 ar thionchar Pharlaimint na hEorpa agus Cinntí ón gComhairle lena modhnaítear bunúis dlí na gClár Eorpach i réimsí na Foghlama ar feadh an tSaoil, an Chultúir, na hÓige agus na Saoránachta, tá an giorrú suntasach a rinneadh ar na moilleanna i nósanna imeachta bainistíochta tar éis éifeachtúlacht na gclár a mhéadú. Ba cheart cúram ar leith a ghlacadh chun a áirithiú go leanfar de nósanna imeachta riaracháin agus airgeadais a shimpliú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as córais fónta agus oibiachtúla, a thugtar chun dáta go tráthrialta, chun cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ar ráta comhréidh a chinneadh.

(31)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(32)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle (14), ó bhí 2009 ann tá an Coimisiún tar éis cúraimí cur chun feidhme a chur ar iontaoibh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir as bainistiú gníomhaíochtaí Aontais i réimse an oideachais, an chlosamhairc agus an chultúir. Dá bhrí sin, ar bhonn anailís chostais agus sochair, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gníomhaireacht feidhmiúcháin reatha chun an Clár a chur chun feidhme, dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(33)

Leagtar síos sa Rialachán, d'fhad iomlán an Chláir, imchlúdach airgeadais de EUR … arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar i nithe buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (15), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(34)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear bearta maidir le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) ("an Rialachán Airgeadais").

(35)

Maidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus de bhun Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (17) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ba cheart bearta iomchuí a tharraingt suas agus a chur chun feidhme chun calaois a chosc agus chun cistí a cailleadh nó a aistríodh nó a úsáideadh go míchuí a aisghabháil.

(36)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit, i bhfianaise shaintréith thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta na ngníomhaíochtaí beartaithe, cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa a choimirciú, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn agus iomaíochas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe iomaíochas earnáil an chlosamhairc, a neartú, a bhaint amach go leordhóthanach agusgur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí tuartha na ngníomhaíochtaí, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach;

(37)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh 1855/2006/CE agus Cinneadh 1041/2009/CE a aisghairm

(38)

Ba cheart forálacha a dhéanamh do bhearta a rialaíonn an t-aistriú ó chláir MEDIA, Cultúr agus MEDIA Mundus chuig an gClár,

(39)

Chun an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht chistiúcháin a thugtar leis an gClár seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

(40)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht cistithe arna soláthar faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2014. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luath agus is féidir tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Bunú agus ré

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Eoraip na Cruthaitheachta chun tacaíocht a thabhairt d'earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta ('an Clár').

2.   Cuirfear an Clár chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn 'earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta' gach earnáil a bhfuil a gníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha agus/nó ar léirithe ealaíonta nó léirithe eile cruthaitheacha, bíodh nó ná bíodh na gníomhaíochtaí sin dírithe ar an margadhagus cibé cineál struchtúir trína gcuirtear i gcrích iad, agus beag beann ar an tslí a mhaoinítear an struchtúr sin. Áirítear leis na gníomhaíochtaí sin forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha nó ealaíonta nó léirithe eile cruthaitheachta, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail oideachas nó bainistíocht. Áirítear ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta inter alia: ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht ealaíonta, closamhairc (lena n-áirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha, inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh, féilte, ceol, litríocht, taibhealaíona, foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona;

(2)

ciallaíonn 'FBManna' micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (19).

(3)

ciallaíonn 'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha' idirghabhálaithe airgeadais de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 139(4) den An Rialachán Airgeadais, arna roghnú faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta ("an tSaoráid Ráthaíochta") i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a sholáthraíonn nó a bhfuil sé beartaithe acu an méid a leanas a sholáthar:

(a)

iasachtaí chuig FBManna agus chuig micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (ráthaíochtaí ón gCiste Eorpach Infheistíochta ("CEF")); nó

(b)

ráthaíochtaí d'iasachtaí chuig idirghabhálaithe airgeadais eile a sholáthraíonn iasachtaí chuig FBManna agus chuig micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (frith-ráthaíochtaí ón CEF);

(4)

ciallaíonn 'soláthróirí forbartha cumais' eintitis atá in ann saineolas a sholáthar i gcomhréir le hIarscríbhinn I chun go mbeidh idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha in ann measúnú éifeachtach a dhéanamh ar shainiúlachtaí agus ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus lena dtionscadail.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)

éagsúlacht chultúrtha agus teanga Eorpach a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chur chun cinn;

(b)

iomaíochas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe iomaíochas earnáil an chlosamhairc, a neartú d'fhonn fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

tacú le cumas earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun oibriú go trasnáisiúnta agus go hidirnáisiúnta;

(b)

cúrsaíocht thrasnáisiúnta saothar cultúir agus cruthaitheachta agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe ealaíontóirí, a chur chun cinn, chomh maith le dul i gcion ar lucht féachana nua agus lucht féachana níos mó agus feabhas a chur ar rochtain ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha san Aontas agus lasmuigh de, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí, ar dhaoine óga, ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar na grúpaí tearcionadaithe;

(c)

cumas airgeadais FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a neartú ar bhealach inbhuanaithe, agus ag ana m céanna féachaint le clúdach cothrom geografach agus ionadú cothrom earnálach a áirithiú;

(d)

forbairt beartais, an nuálaíocht, an chruthaitheacht, forbairt an lucht féachana agus samhlacha nua gnó agus bainistíochta a chothú trí thacaíocht a thabhairt don chomhar trasnáisiúnta maidir le beartas.

Airteagal 5

Breisluach Eorpach

1.   Agus aitheantas á thabhairt do luach intreach agus eacnamaíoch an chultúir, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag roinnt leo in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Rannchuideoidh sé le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020 agus a cuid tionscnamh suaitheanta a bhaint amach.

2.   Áiritheofar breisluach Eorpach trí cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

gné thrasnáisiúnta gníomhaíochtaí a dhéanann cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta, agus idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí den sórt sin ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chomh maith leis ar shaoránaigh agus ar an eolas atá acu ar chultúir seachas a gcultúir féin;

(b)

an comhar trasnáisiúnta idir gníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta lena n-áirítear ealaíontóirí, gairmithe closamhairc, eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus oibreoirí closamhairc a fhorbairt agus a chur chun cinn, ar comhar é atá dírithe ar fhreagairtí níos cuimsithí, níos gasta, níos éifeachtaí agus níos fadtéarmaí do dhúshláin dhomhanda a spreagadh;

(c)

na barainneachtaí scála agus an mhais chriticiúil a chothaíonn tacaíocht an Aontais ag cruthú éifeachta giarála le haghaidh cistí breise

(d)

machaire níos réidhe a áirithiú in earnálacha Eorpacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí thíortha ag a bhfuil cumas táirgeachta íseal nó tíortha nó réigiúin a bhfuil limistéar srianta geografach agus/nó teanga iontu a chur san áireamh.

Airteagal 6

Struchtúr an Chláir

Cuimseofar sa Chlár na sraitheanna seo a leanas:

(a)

Fochlár MEDIA;

(b)

Fochlár Cultúir;

(c)

Sraith Thrasearnála.

Airteagal 7

Lógónna na bhFochlár

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an Clár infheicthe trí úsáid a bhaint as lógónna, a bhainfidh go sonrach le gach aon cheann de na Fochláir.

2.   Bainfidh tairbhithe Fhochláir MEDIA úsáid as an lógó a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia. Déanfaidh an Coimisiún mionsonraí breise maidir le húsáid an lógó agus cuirfidh sé na tairbhithe ar an eolas fúthu.

3.   Úsáidfidh tairbhithe Fhochláir Cultúir lógó a bheidh bunaithe ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún mionsonraí breise maidir le húsáid an lógó sin a bhunú agus cuirfidh sé na tairbhithe ar an eolas fúthu.

4.   Beidh an Coimisiún agus na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16 i dteideal lógónna na bhFochlár a úsáid freisin.

Airteagal 8

Rochtain ar an gClár

1.   Cothófar, leis an gClár, éagsúlacht chultúrtha ar leibhéal idirnáisiúnta i gcomhréir le Coinbhinsiún UNESCO 2005.

2.   Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na mBallstát.

3.   Gan dochar do mhír 2a, beidh an Clár oscailte freisin do rannpháirtíocht na dtíortha seo a leanas, ar choinníoll go n-íocfaidh siad leithreasaí breise agus, i gcás Fhochláir MEDIA, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20):

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí mar aon le tíortha is iarrthóirí ionchasacha atá ag baint tairbhe as straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir an Aontais a bunaíodh leis na Comhaontuithe Réime, na Cinntí ó Chomhairle Comhlachaithe nó na comhaontuithe comhchosúla faoi seach;

(b)

na tíortha CSTE sin ar pháirtithe iad den (Comhaontú LEE), i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe sin;

(c)

Cónaidhm na hEilvéise, ar bhonn comhaontaithe dhéthaobhaigh leis an tír sin;

(d)

tíortha atá cumhdaithe leis an IonstraimEorpach um Chomharsanacht agus Chomhpháírtíocht i gcomhréir leis an nós imeachta arna sainiú leis na tíortha sin i ndiaidh na gcomhaontuithe réime lena bhforáiltear dá rannpháirtíocht i gcláir an Aontais.

4.   Na tíortha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (d) de mhír 3, cuirfear bac orthu ó bheith rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta.

5.   Beidh an Clár ar fáil do ghníomhaíochtaí den chomhar déthaobhach nó iltaobhach atá dírithe ar thíortha nó ar réigiúin ar bhonn leithreasaí breise arna n-íoc ag na tíortha nó na réigiúin sin agus ar bhon socruithe sonracha a bheidh le comhaontú leo.

6.   Ceadófar leis an gClár comhar agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta amhail UNESCO, Comhairle na hEorpa, ECFE nó EDMI ar bhonn ranníocaíochtaí comhpháirteacha chun cuspóirí an Chláir a réadú.

CAIBIDIL II

Fochlár MEDIA

Airteagal 9

Tosaíochtaí Fhochlár MEDIA

1.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí i réimse atreisiú chumas na earnála closamhairc Eorpaí oibriú go trasnáisiúnta:

(a)

fáil agus feabhsú scileanna agus inniúlachtaí gairmithe na hearnála closamhairc a éascú, agus forbairt líonraí a éascú, lena n-áirítear úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha chun oiriúnú d'fhorbairt an mhargaidh a áirithiú, cineálacha nua cur chuige i leith fhorbairt an lucht féachana a thástáil agus samhlacha nua gnó a thástáil;

(b)

cumas oibreoirí closamhairc a mhéadú chun saothair chlosamhairc Eorpacha a fhorbairt a d'fhéadfaí a chur i gcúrsaíocht san Aontas agus níos faide i gcéin agus chun an comhléiriúchán Eorpach agus idirnáisiúnta a éascú, lena n-áirítear le craoltóirí teilifíse;

(c)

malartuithe gnó le gnó a spreagadh trí rochtain ar mhargaí agus ar uirlisí gnó a éascú lena gcuirfear ar cumas oibreoirí closamhairc infheictheacht a dtionscadal ar mhargaí an Aontais agus ar mhargaí idirnáisiúnta a mhéadú.

2.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí maidir le cúrsaíocht thrasnáisiúnta a chur chun cinn:

(a)

tacú leis an dáileadh amharclannaíochta trí mhargaíocht thrasnáisiúnta, brandáil thrasnáisiúnta, dáileadh trasnáisiúnta agus taispeántas trasnáisiúnta de shaothair chlosamhairc;

(b)

margaíocht thrasnáisiúnta, brandáil thrasnáisiúnta agus dáileadh trasnáisiúnta de shaothair chlosamhairc a chur chun cinn ar gach ardán eile nach ardán amharclannaíochta é;

(c)

tacú le forbairt an lucht féachana mar mhodh chun suim a spreagadh i saothair chlosamhairc Eorpacha, agus chun feabhas a chur ar an rochtain orthu, go háirithe tríd an gcur chun cinn, trí imeachtaí, trí litearthacht i scannáin agus trí fhéilte;

(d)

modhanna nua dáileacháin a chur chun cinn chun deis a thabhairt do shamhlacha nua gnó teacht chun cinn.

Airteagal 10

Bearta tacaíochta Fhochlár MEDIA

D'fhonn na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 9 a chur chun feidhme, soláthrófar tacaíocht le Fochlár MEDIA don mhéid seo a leanas:

(a)

raon cuimsitheach de bhearta oiliúna a fhorbairt lena gcuirtear chun cinn fáil agus feabhsú scileanna agus inniúlachtaí ag gairmithe na hearnála closamhairc, tionscnaimh roinnte eolais agus líonraithe, lena n-áirítear lánpháirtiú na dteicneolaíochtaí digiteacha;

(b)

saothar closamhairc Eorpach a fhorbairt go háirithe scannáin agus saothair theilifíse amhail ficsean, cláir faisnéise agus scannáin do leanaí agus scannáin bheochana, chomh maith le saothair idirghníomhacha amhail físchluichí agus ilmheáin a bhfuil cumas níos fearr maidir le cúrsaíocht trasteorann iontu;

(c)

gníomhaíochtaí lena ndíreofaí ar thacú le cuideachtaí léiriúcháin closamhairc Eorpacha, go háirithe cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha, d'fhonn comhléiriúcháin Eorpacha agus idirnáisiúnta de shaothair chlosamhairc a éascú, lena n-áirítear saothair theilifíse;

(d)

gníomhaíochtaí lena gcabhrófaí le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta comhléiriúcháin teacht le chéile agus/nó tacaíocht indíreach a thabhairt do shaothair chlosamhairc arna gcomhléiriú ag cistí tacaíochta comhléiriúcháin idirnáisiúnta atá bunaithe i dtír atá rannpháirteach sa Chlár;

(e)

rochtain ar imeachtaí trádála agus ar mhargaí gairmiúla réimse an chlosamhairc a éascú agus úsáid uirlisí gnó ar líne a éascú laistigh den Aontas agus lasmuigh di;

(f)

córais tacaíochta a bhunú chun scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta a dháileadh tríd an dáileadh amharclannaíochta agus ar ardáin eile agus le haghaidh gníomhaíochtaí idirnáisiúnta díolacháin, go háirithe fotheidealú, dubáil, agus reacaireacht a chur le saothair chlosamhairc;

(g)

cúrsaíocht scannán Eorpach ar fud na cruinne agus scannán idirnáisiúnta san Aontas a éascú ar gach ardán dáileacháin, trí thionscadail chomhair idirnáisiúnta in earnáil an chlosamhairc;

(h)

gréasán oibreoirí pictiúrlainne Eorpacha a mbeadh cion suntasach de scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta á thaispeáint aige;

(i)

tionscnaimh lena gcuirfí i láthair agus lena gcuirfí chun cinn réimse éagsúlachta de shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena n-áirítear gearrscannáin, amhail féilte agus ócáidí eile fógraíochta;

(j)

gníomhaíochtaí lena ndíreofaí ar litearthacht scannáin a chur chun cinn agus ar eolas agus spéis an lucht féachana a mhéadú i ndáil le saothair chlosamhairc Eorpacha, lena n-áirítear oidhreacht an chlosamhairc agus na cineamatagrafaíochta, go háirithe i measc lucht éisteachta óg;

(k)

gníomhaíochtaí nuálacha lena ndéanfaí samhlacha agus uirlisí nua gnó a thástáil i réimsí ar dóigh tionchar a bheith orthu ag tabhairt isteach agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha.

Airteagal 11

Faireachlann Eorpach Closamhairc

1.   Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann Eorpach Closamhairc ar feadh ré an Chláir ("an Fhaireachlann").

2.   Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le saothrú tosaíochtaí an Fhochláir MEDIA ar na modhanna seo a leanas:

(a)

trédhearcacht agus bunú machaire níos réidhe a spreagadh maidir le hinrochtaineacht na faisnéise dlí agus airgeadais/margaidh agus rannchuidiú le hinchomparáideacht na faisnéise dlí agus staidrimh;

(b)

sonraí agus anailís ar an margadh a sholáthar atá úsáideach chun línte gníomhaíochta an Fhochláir MEDIA a shainiú agus chun an tionchar a imríonn siad ar an margadh a mheasúnú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontais ina dhéileálacha leis an bhFaireachlann.

CAIBIDIL III

Fochlár Cultúir

Airteagal 12

Tosaíochtaí Fhochlár Cultúir

1.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí i réimse atreisiú chumas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun oibriú go trasnáisiúnta:

(a)

tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirfear na scileanna, na hinniúlachtaí agus an fios gnó ar fáil do ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta ar gníomhaíochtaí iad a rannchuideoidh le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú, lena n-áirítear oiriúnú do theicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh, cineálacha nuálacha cur chuige i leith fhorbairt an lucht féachana a thástáil agus samhlacha nua gnó agus bainistithe a thástáil;

(b)

tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirfear ar chumas ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta comhoibriú go hidirnáisiúnta agus a ngairmeacha beatha agus a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú san Aontas agus níos faide i gcéin, ar bhonn straitéisí fadtéarmacha nuair is féidir;

(c)

tacaíocht a chur ar fáil chun eagraíochtaí Eorpacha cultúir agus cruthaitheachta agus líonrú idirnáisiúnta a threisiú d'fhonn rochtain ar dheiseanna gairmiúla a éascú.

2.   Beidh siad seo a leanas mar thosaíochtaí maidir leis an gcúrsaíocht thrasnáisiúnta agus maidir leis an tsoghluaisteacht thrasnáisiúnta a chur chun cinn:

(a)

tacú le turasóireacht, le himeachtaí, le taispeántais agus le féilte idirnáisiúnta;

(b)

tacú le cúrsaíocht litríocht na Eorpa d'fhonn an inrochtaineacht is leithne is féidir a áirithiú;

(c)

tacú le forbairt an lucht féachana mar mhodh chun suim a spreagadh i saothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha agus in oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe na hEorpa agus chun feabhas a chur ar an rochtain orthu.

Airteagal 13

Bearta tacaíochta Fhochlár Cultúir

1.   D'fhonn na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 12 a chur chun feidhme, soláthrófar tacaíocht leis an bhFochlár Cultúir do na nithe seo a leanas:

(a)

tionscadail um chomhar trasnáisiúnta lena dtabharfar eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla le chéile chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí earnálacha nó trasearnálacha;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéanfaidh líonraí Eorpacha d'eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla;

(c)

gníomhaíochtaí a dhéanfaidh eagraíochtaí a bhfuil gairm Eorpach acu lena gcothófar forbairt nuathallann agus lena spreagfar soghluaisteacht thrasnáisiúnta ghníomhaithe an chultúir agus na cruthaitheachta agus cúrsaíocht na saothar, a bhfuil sé de chumas iontu tionchar forleathan a imirt ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus foráil d'éifeachtaí marthanacha;

(d)

aistriúchán liteartha agus a thuilleadh cur chun cinn de;

(e)

gníomhaíochtaí speisialta a mbeidh sé d'aidhm acu saibhreas agus éagsúlacht na gcultúr Eorpach a dhéanamh níos infheicthe, agus idirphlé idirchultúrtha agus comhthuiscint a spreagadh, lena n-áirítear duaiseanna cultúrtha an Aontais, an gníomh um Lipéad Oidhreachta Eorpaí agus an gníomh um Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa.

2.   Beidh na bearta a leagtar amach i mír 1 dírithe, go háirithe, ar thionscadail neamhbhrabúis.

CAIBIDIL IV

An tSraith Thrasearnálach

Airteagal 14

Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta

1.   Bunóidh an Coimisiún Saoráid Ráthaíochta a bheidh dírithe ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

Feidhmeoidh an tSaoráid Ráthaíochta mar ionstraim neamhspleách agus bunófar agus bainisteofar í i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tSaoráid Ráthaíochta:

(a)

rochtain ar airgeadas a éascú do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta;

(b)

feabhas a chur ar chumas na n-idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus lena gcuid tionscadal, lena n-áirítear trí bhearta cúnaimh theicniúil, tógála eolais agus líonraithe.

Cuirfear na tosaíochtaí chun feidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 139(4) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún an tSaoráid Ráthaíochta chun feidhme i modh bainistithe indírigh trí chúraimí a chur ar iontaoibh CEI dá dtagraítear i bpointe (iii) d'Airteagal 58(1)(c) den Rialachán Airgeadais sin, faoi réir théarmaí an chomhaontaithe a thabharfaidh an Coimisiún agus an CEI i gcrích.

Airteagal 15

Comhar trasnáisiúnta beartais

1.   D'fhonn comhar trasnáisiúnta maidir le beartas a chur chun cinn, tacóidh an tSraith Thrasearnála leis an méid seo a leanas:

(a)

malartú trasnáisiúnta na taithí agus an fheasa gnó maidir le samhlacha nua gnó agus bainistithe, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus líonrú i measc na n-eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus lucht ceaptha beartas, a bhfuil baint acu le forbairt earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus an líonrú digiteach á chur chun cinn i gcás inarb iomchuí;

(b)

sonraí margaidh a bhailiú, staidéir, anailís ar riachtanais mhargadh an tsaothair agus ar riachtanais scileanna, anailís ar bheartais chultúrtha náisiúnta agus Eorpacha agus tacaíocht do shuirbhéanna staidrimh bunaithe ar uirlisí agus ar chritéir a bhaineann go sonrach le gach earnáil ar leith agus meastóireachtaí lena n-áirítear gach gné d'éifeacht an Chláir a thomhas;

(c)

an táille ranníocaíochta le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann lena gcothófar bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh in earnáil an chlosamhairc a íoc;

(d)

tástáil cineálacha cur chuige nua agus trasearnálach gnó maidir le cistiú, dáileadh, agus luach airgid a chur ar chruthú;

(e)

comhdhálacha, seimineáir agus idirphlé ar bheartais lena n-áirítear i réimse na litearthachta cultúrtha agus litearthacht na meán, agus an líonrú digiteach á chur chun cinn i gcás inarb iomchuí;

(f)

a gcuid cúraimí á gcur i gcrích ag na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 16.

2.   Faoin 30 Meitheamh 2014, cuirfidh an Coimisiún staidéar indéantachta i gcrích féachaint an bhféadfaí sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta seachas earnáil an chlosamhairc, agus tíolacfaidh sé torthaí an staidéir sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Ag brath ar thorthaí an staidéir indéantachta, féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun a áirithiú go mbaileofar sonraí agus go ndéanfar anailís orthu in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta seachas earnáil an chlosamhairc.

Airteagal 16

Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta

1.   Bunóidh na tíortha atá rannpháirteach sa chlár, agus iad ag gníomhú leis an gCoimisiún, Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus a gcleachtas náisiúnta ("Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta").

2.   Tacóidh an Coimisiún le líonra na nDeasc um Eoraip na Cruthaitheachta.

3.   Cuirfidh na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta na cúraimí seo a leanas i gcrích, agus saintréithe sonracha gach earnála á gcur san áireamh acu:

(a)

faisnéis faoin gClár a sholáthar, agus é a chur chun cinn sna tíortha a bheidh rannpháirteach sa Chlár;

(b)

cuideoidh siad le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta maidir leis an gClár agus cuirfidh siad faisnéis bhunúsach iomchuí ar fáil maidir leis na deiseanna tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil faoi bheartas an Aontais;

(c)

spreagfaidh siad comhar trasteorann in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta;

(d)

tacóidh siad leis an gCoimisiún trí chúnamh a chur ar fáil maidir le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sna tíortha a bheidh rannpháirteach sa Chlár, mar shampla trí na sonraí a bheidh ar fáil faoi na hearnálacha seo a sholáthar;

(e)

tacóidh siad leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar cumarsáid chuí agus scaipeadh cuí ar thorthaí agus ar thionchair an Chláir.

(f)

áiritheoidh siad go ndéanfar eolas maidir leis an maoiniú Aontais arna deonadh agus maidir leis na torthaí a fuarthas dá dtíortha a chur in iúl agus a scaipeadh.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, agus é ag gníomhú leis na Ballstáit, cáilíocht agus torthaí na seirbhíse a chuireann Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta ar fáil á áirithiú trí fhaireachán agus meastóireacht rialta agus neamhspleách.

CAIBIDIL V

Torthaí feidhmíochta agus scaipeadh

Airteagal 17

Comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht an Chláir a áirithiú leis an méid seo a leanas:

(a)

le beartais ábhartha an Aontais, amhail beartais i réimsí an oideachais, na fostaíochta, na sláinte, an mhargaidh inmheánaigh, an chláir oibre dhigitigh, na hóige, na saoránachta, an chaidrimh sheachtraigh, na trádála, an taighde agus na nuálaíochta, na fiontraíochta, na turasóireachta, mhéadú an cheartais agus na forbartha;

(b)

foinsí ábhartha eile de chistiú an Aontais i réimse na mbeartas cultúir agus meán, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, na cláir thaighde agus nuálaíochta, chomh maith leis na hionstraimí airgeadais a bhaineann le ceartas agus le saoránacht, cláir chomhair sheachtraigh agus na hionstraimí réamhaontachais.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo agus cuirfear chun feidhme é gan dochar do cheanglais idirnáisiúnta an Aontais.

Airteagal 18

Faireachán agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faireachán agus meastóireacht sheachtrach ar an gClár ar bhonn rialta, le táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla feidhmíochta a leagtar amach thíos:

(a)

táscairí le haghaidh na gcuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3:

(i)

cion na fostaíochta agus na holltáirgeachta náisiúnta a thagann ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus na hathruithe ar an gcion sin;

(ii)

líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha, lena n-áirítear aon uair is féidir, saothair ó thíortha seachas a dtír féin.

(b)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4:

(i)

scála gníomhaíochtaí idirnáisiúnta na n-eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus líon na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh;

(ii)

líon gcineálacha taithí foghlama agus na ngníomhaíochtaí ar thacaigh an Clár leo agus trínar cuireadh feabhas ar inniúlachtaí ghníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear gairmithe na hearnála closamhairc, agus lenar méadaíodh a n-infhostaitheacht.

(c)

táscairí don chuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 4 maidir le Fochlár MEDIA:

(i)

an líon iontrálacha do scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta san Eoraip agus do scannáin Eorpacha ar fud an domhain (na 10 margadh neamh-Eorpacha is tábhachtaí) i bpictiúrlanna;

(ii)

an céatadán de shaothair chlosamhairc Eorpach i bpictiúrlanna, ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha;

(iii)

líon na ndaoine sna Ballstáit a bhreathnaíonn ar shaothair chlosamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta agus líon na ndaoine sna tíortha atá rannpháirteach sa Chlár a bhreathnaíonn ar shaothair chlosamhairc Eorpacha;

(iv)

líon na bhfíschluichí Eorpacha a tháirgtear san Aontas agus sna tíortha atá rannpháirteach sa Chlár.

(d)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5 a mheid maidir le Fochlár Cultúir:

(i)

líon na ndaoine a dtéitear i gcion orthu go díreach agus go hindíreach trí thionscadail a dtacaíonn an Clár leo;

(ii)

líon na dtionscadal lena ndírítear ar leanaí, ar dhaoine óga agus ar ghrúpaí ar tearcionadaithe, agus líon na daoine a dtéitear i gcion orthu leis sin.

(e)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4:

(i)

líon na n-iasachtaí a ráthaíodh faoi chuimsiú na Saoráide Ráthaíochta, iad á n-aicmiú de réir tionscnaimh náisiúnta, méid agus earnálacha FBManna agus micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide;

(ii)

líon na n-iasachtaí deonaithe ag na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, iad á n-aicmiú de réir tionscnaimh náisiúnta;

(iii)

líon agus raon geografach na n-idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha;

(iv)

líon na FBManna agus na micrea-eagraíochtaí, na n-eagraíochtaí beaga agus na n-eagraíochtaí meánmhéide atá ag tairbhiú den tSaoráid Ráthaíochta, iad á n-aicmiú de réir a dtionscnaimh náisiúnta, a méid agus a n-earnálacha;

(v)

meánráta mainneachtana na n-iasachtaí;

(vi)

an éifeacht ghiarála a baineadh amach leis na hiasachtaí ráthaithe i ndáil leis an éifeacht ghiarála tháscach (1:5,7);

(f)

táscairí le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4:

(i)

líon na mBallstát a bhaineann úsáid as torthaí mhodh oscailte an chomhordaithe i bhforbairt a mbeartas náisiúnta

(ii)

agus líon na dtionscnamh nua agus torthaí na mbeartas sin.

2.   Cuirfear torthaí an phróisis faireacháin agus meastóireachta san áireamh nuair a bheidh an Clár á chur chun feidhme.

3.   Chomh maith le faireachán rialta ar an gClár, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheántéarmach a bheidh bunaithe ar mheastóireacht sheachtrach agus neamhspleách, ina ndéanfar:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a chur san áireamh, chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an Chláir, go háirithe i dtaca lena gcuspóirí a bhaint amach mar aon lena bhreisluach Eorpach;

(b)

aghaidh a thabhairt ar an scóip atá ann maidir le simpliú, an Chláir a chomhchuibheas inmheánach agus seachtrach, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, mar aon le rannchuidiú na mbeart do thosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

(c)

a chur san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach Chinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Chinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Chinneadh Uimh. 1041/2009/CE.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheántéarmach mheastóireachta dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2017.

5.   Ar bhonn meastóireachta críochnaithí seachtraí agus neamhspleáiche, bunóidh an Coimisiún tuarascáil chríochnaitheach ina measfar tionchair fhadtéarmacha agus inbhuanaitheacht an Chláir bunaithe ar na táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a roghnaíodh. Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 4, measfaidh an Coimisiún freisin éifeachtaí na Saoráide Ráthaíochta ar an rochtain ar iasachtaí ó na bainc agus na costais ghaolmhara do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí agus d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

6.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chríochnaitheach mheastóireachta, dá dtagraítear i mír 5 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 30 Meitheamh 2022.

Airteagal 19

Cumarsáid agus scaipeadh

1.   Tabharfaidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na tionscadail a fuair cistiú ón Aontas do na tíortha atá rannpháirteach sa Chlár trí na cinntí roghnúcháin a chur chucu laistigh de choicís tar éis a nglactha.

2.   Déanfaidh tairbhithe na dtionscadal arna dtacú ag an gClár an fhaisnéise i dtaobh chistiú an Aontais a fuarthas agus na dtorthaí a fuarthas a chur in iúl agus a scaipeadh.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a scaipeadh ar na Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta.

CAIBIDIL VII

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 20

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal -21 chun na táscairí feidhmíochta cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 18(1) a fhorlíonadh.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún go ceann fhad an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh an cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VIIa

Forálacha cur chun feidhme

Airteagal 22

Cur chun feidhme an Chláir

1.   Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, clár oibre bliantúil i ndáil leis na Fochláir agus leis an tSraith dá dtagraítear in Airteagal 6. Áiritheoidh an Coimisiún sna cláir oibre bhliantúla go ndéanfar na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 chomh maith leis na tosaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 12 a chur chun feidhme go bliantúil ar shlí chomhsheasmhach agus tabharfaidh sé breac-chuntas ar na torthaí ionchasacha, ar an modh cur chun feidhme agus ar mhéid iomlán an phlean maoinithe. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tuairisc ar na bearta a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár cur chun feidhme táscach.

Maidir le deontais, áireofar sa chlár oibre bliantúil na tosaíochtaí, na critéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dhámhachtana, agus uasráta an chómhaoinithe. Is 80 % de chostais na n-oibríochtaí a dtacaítear leo, ar a mhéad, a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón gClár.

Maidir leis an tSaoráid Ráthaíochta, áireofar sa chlár oibre bliantúil na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais, na critéir eisiata maidir le hinneachar na dtionscadal a thíolactar do na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, an leithdháileadh bhliantúil ar an CEI agus na critéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dhámhachtana do sholáthróirí forbartha cumais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(4).

3.   Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte ginearálta i dtaca leis an gClár a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(3).

Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste ('Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta') cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   Féadfaidh an Coiste um Eoraip na Cruthaitheachta teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna nithiúla a bhaineann leis an tSraith Thrasearnálach.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Forálacha airgeadais

1.   Is EUR 1 462 724 000 a shocraítear a bheidh san imchlúdach airgeadais don Chlár don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí 31 Nollaig2020 i bpraghsanna reatha.

Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi theorainn an chreata airgeadais ilbhliantúil.

2.   Déanfar an t- imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a)

56 % ar a laghad don Fhochlár MEDIA;

(b)

31 % ar a laghad don Fhochlár Cultúir;

(c)

13 % ar a mhéad don tSraith Thrasearnálach, agus 4 % ar a laghad á leithdháileadh le haghaidh na mbeart comhair trasnáisiúnta atá liostaithe in Airteagal 15 agus le haghaidh na na nDeasca um Eoraip na Cruthaitheachta.

3.   Beidh na costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an chláir mar chuid de na leithdháiltí leagtha síos i mír 2 agus ní rachaidh méid iomlán na gcostas sin níos mó ná 7 % de bhuiséad an Chláir agus leithdháilfear 5 % de sin ar chur chun feidhme Fochlár MEDIA agus 2 % ar chur chun feidhme Fhochlár Cultúir.

4.   féadfar freisin an t-leis an imchlúdach airgeadais dá tagraítear i mír 1 speansais a chumdach ar speansais iada bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a riachtanach go díreach chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéad is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir, agus speansais atá nasctha le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon le speansais maidir le cúnamh riaracháin agus teicniúil eile a thabhóidh an Coimisiún chun an Clár a bhainistiú.

5.   Leis an imchlúdach airgeadais, féadfar speansais a chumhdach maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a theastaíonn chun an t-aistriú a áirithiú idir na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1718/2006/CE, faoi Chinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 1041/2009/CE agus an Rialachán seo.

Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad i ndiaidh 2020 chun costais chomhchosúla a chumhdach, ionas go mbeifear ábalta na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoi 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

6.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo féadfaidh an Coimisiún costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tacaithe a bhreithniú mar chinn incháilithe fiú má thabhaíonn an tairbhí na costais sin roimh chur isteach an iarratais ar mhaoiniú.

Airteagal 25

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha agus cigireachtaí éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh arna mhaoiniú faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais, a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 26

Aisghairm agus foráil idirthréimhseach

1.   Déantar leis seo Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/EC a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2.   Gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu faoin 31 Nollaig 2013 ar bhonn na gCinntí dá dtagraítear i mír 1, leanfar dá mbainistiú go dtí go bhfoirceanntar iad i gcomhréir leis na Cinntí sin.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. LEŠKEVIČIUS


(1)  IO L 181, 21.6.2012, lch. 35.

(2)  IO L 277, 13.9.2012, lch. 156.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Nollaig 2013

(4)  Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 maidir le clár tacaíochta don earnáil chlosamhairc Eorpach (MEDIA 2007) a chur chun feidhme (IO L 327, 24.11.2006, lch. 12).

(5)  Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Clár Cultúir do n a blianta 2007 go 2013 (IO L 372, 27.12.2006, lch. 1).

(6)  Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear clár comhair closamhairc le gairmithe ó thríú tíortha (MEDIA Mundus) (IO L 288, 4.11.2009, lch. 10).

(7)  Cinneadh 1622/2006/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear gníomhaíocht Chomhphobail i leith imeacht Phríomhchathair Chultúir na hEorpa do na blianta 2007 go dtí 2019 (IO L 304, 03.11.2006, lch. 1).

(8)  Cinneadh Uimh. 1194/2011/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí (IO L 303, 22.11.2011, lch. 1).

(9)  IO C 287, 29.11.2007, lch. 1.

(10)  IO C 247 E, 15.10.2009, lch. 32.

(11)  IO C 175, 15.6.2011, lch. 5.

(12)  Cinneadh 2001/822/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2001 maidir le comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an gComhphobal Eorpach ("An Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear") (IO L 314, 22.11.2011, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (IO L 11, 16.1.2003, lch. 1).

(15)  IO C 420, 20.12.2013, lch. 1

(16)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. (IO L 298, 26.10,2012, lch. 1)

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 1).

(19)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(20)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe atá leagtha síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

NA SOCRUITHE CUR CHUN FEIDHME DO SHAORÁID RÁTHAÍOCHTA EARNÁLACHA AN CHULTÚIR AGUS NA CRUTHAITHEACHA

An tacaíocht airgeadais a sholáthraítear leis an tSaoráid Ráthaíochta, cuirfear in áirithe í do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, atá oiriúnaithe do riachtanais shonracha na n-earnálacha agus brandáilte dá réir.

1.   Cúraimí

Soláthrófar an méid seo a leanas leis an tSaoráid Ráthaíochta:

(a)

ráthaíochtaí d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha ó aon tír atá rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta;

(b)

saineolas breise d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, le heagraíochtaí beaga agus le heagraíochtaí meánmhéide agus lena gcuid tionscadal i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta;

2.   Idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha a roghnú

Roghnóidh an CEI na hidirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha i gcomhréir leis an dea-chleachtas margaidh agus leis an gcuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 5. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san áireamh ar na critéir roghnúcháin:

(a)

méid an chistithe d'fhiachas a chuirtear ar fáil do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide;

(b)

an polasaí bainistithe riosca d'oibríochtaí trína dtugtar iasachtaí, go háirithe i ndáil le tionscadail i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta;

(c)

an cumas punann iasachtaí éagsúlaithe a fhorbairt agus chun plean margaíochta agus cur chun cinn a thairiscint do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide ar fud na réigiún agus na n-earnálacha.

3.   Fad tréimhse na Saoráide Ráthaíochta

Féadfaidh aibíocht suas le 10 mbliana a bheith ag ráthaíochtaí aonair.

I gcomhréir le pointe (i) d'Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí arna nginiúint leis na ráthaíochtaí a shannadh don tSaoráid Ráthaíochta ar feadh tréimhse nach faide ná tréimhse an ghealltanais móide 10 mbliana. Déanfar aisíocaíochtaí a ghintear i gcomhréir le forálacha de chuid comhaontuithe ábhartha tarmligin, trí oibríochtaí an Chiste Ráthaíochta Léiriúcháin MEDIA a bunaíodh roimh 2014, a shannadh don tSaoráid Ráthaíochta sa tréimhse 2014-2020. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas maidir leis an sannadh sin trí mheán an Choiste um Eoraip na Cruthaitheachta.

4.   Forbairt cumais

Faoin tSaoráid Ráthaíochta, ciallaíonn forbairt cumais saineolas a sholáthar d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun cur lena dtuiscint ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (i ngnéithe cosúil le cineál doláimhsithe na sócmhainní comhthaobhacha, méid an mhargaidh nach bhfuil mais chriticiúil aige, cineál fréamhshamhaltach táirgí agus seirbhísí) agus saineolas breise a sholáthar do gach idirghabhálaí airgeadais rannpháirteach i ndáil le forbairt punann agus le meastóireacht na rioscaí a bhaineann le tionscadail i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta.

Na hacmhainní a shannfar don fhorbairt cumais, teorannófar iad go dtí 10 % de bhuiséad na Saoráide Ráthaíochta iad.

Roghnóidh an CEI na soláthróirí forbartha cumais thar ceann na Saoráide Ráthaíochta agus faoi mhaoirseacht an Choimisiúin trí nós imeachta soláthair poiblí agus oscailte, ar bhonn critéar amhail an taithí i gcistiú earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an saineolas, an clúdach geografach, an cumas seachadta agus fios an mhargaidh.

5.   An Buiséad

Cuimseoidh an leithdháileadh buiséadach costas iomlán na Saoráide Ráthaíochta, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta i dtreo idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha, amhail caillteanais ó ráthaíochtaí, táillí bainistíochta do CEI as bainistiú acmhainní an Aontais, agus aon chostais nó speansais incháilithe eile.

6.   Infheictheacht agus múscailt feasachta

Cabhróidh CEI leis an tSaoráid Ráthaíochta a chur chun cinn vis-à-vis earnáil bhaincéireachta na hEorpa. Chomh maith leis sin, áiritheoidh gach idirghabhálaí airgeadais rannpháirteach agus an CEI go gcuirfear leibhéal iomchuí infheictheachta agus trédhearcachta i bhfeidhm ar an tacaíocht a thugtar faoin tSaoráid Ráthaíochta trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis na deiseanna airgeadais do na spriocfhiontair, eadhon, FBManna agus do na sprioc-eagraíochtaí, eadhon micrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide.

Chuige sin, tabharfaidh an Coimisiún, inter alia, an fhaisnéis riachtanach do líonra na Deasc um Eoraip na Cruthaitheachta le go mbeidh siad in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích.

7.   Cineálacha iasachta

Le cineálacha iasachta a chumhdófar leis an tSaoráid Ráthaíochta, áireofar go háirithe an méid a leanas:

(a)

infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe agus inláimhsithe;

(b)

aistrithe gnó;

(c)

caipiteal oibre (amhail maoiniú eatramhach, maoiniú líonta bearnaí, sreabhadh airgid, línte creidmheasa).


IARSCRÍBHINN II

LÓGÓ FHOCHLÁR MEDIA

Is mar a leanas a bheidh lógó Fhochlár MEDIA:

Image