22.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/17


RIALACHÁN (AE) UIMH. 692/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2011

maidir le staidreamh Eorpach ar thurasóireacht agus lena n-aisghairtear Treoir 95/57/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ina Conclúidí Uachtaránachta an 14 Nollaig 2007, chuir an Chomhairle Eorpach béim ar ról fíorthábhachtach na turasóireachta maidir le forás agus le poist a ghiniúint san Aontas, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar an tionscal agus ar gheallsealbhóirí eile teacht le chéile chun an Clár Oibre le haghaidh na turasóireachta Eorpaí inbhuanaithe agus iomaíche a chur chun feidhme go tráthúil.

(2)

Tá ionad tábhachtach ag tionscal turasóireachta an Aontais i ngeilleagar na mBallstát, agus is ionann gníomhaíochtaí turasóireachta agus foinse mhór fhéideartha fostaíochta. Chun breithmheas a dhéanamh ar iomaíochas thionscal turasóireachta an Aontais, is gá eolas maith a bheith ar mhéid na turasóireachta, ar a saintréithe, ar phróifíl an turasóra agus ar chaiteachas ar thurasóireacht agus ar na tairbhí do gheilleagair na mBallstát.

(3)

Tá gá le sonraí míosúla chun na tionchair shéasúracha atá ag an éileamh ar acmhainneacht chóiríochta turasóireachta a thomhas, agus tríd sin cabhair a thabhairt d’údaráis phoiblí agus d’oibreoirí eacnamaíocha chun straitéisí agus beartais níos oiriúnaí a fhorbairt chun raon séasúrach laethanta saoire agus gníomhaíochtaí turasóireachta a fheabhsú.

(4)

Is gnóthaí beaga nó meánmhéide iad formhór na ngnóthaí Eorpacha atá ag feidhmiú sa tionscal turasóireachta, agus níl tábhacht straitéiseach na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i dturasóireacht na hEorpa teoranta dá luach eacnamaíoch agus dá gcumas suntasach maidir le poist a chruthú. Tugann siad buntaca freisin do chobhsaíocht agus do rathúnas pobal áitiúil, agus coimircíonn siad fáilteachas agus féiniúlacht áitiúil, atá mar shaintréith den turasóireacht i réigiúin éagsúla na hEorpa. Mar gheall ar mhéid na FBManna, is gá an t-ualach riaracháin ionchasach a bhreithniú, agus ba cheart córas tairseach a thabhairt isteach ionas gur féidir freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí agus, ag an am céanna, laghdú a dhéanamh ar ualach na freagartha ar na páirtithe atá freagrach as sonraí staidrimh a sholáthar, go háirithe FBManna.

(5)

Ciallaíonn an t-athrú ar iompraíocht turasóireachta ó tháinig Treoir 95/57/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1995 maidir le faisnéis staidrimh a bhailiú i réimse na turasóireachta (2) i bhfeidhm, agus an tábhacht mhéadaitheach atá le turais ghairide agus cuairteanna aon lae a rannchuidíonn go mór leis an ioncam ó thurasóireacht i mórán réigiún nó tíortha, an tábhacht mhéadaitheach atá le cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í nó cóiríocht i mbunachais níos lú, agus tionchar méadaitheach an idirlín ar iompraíocht áirithinte turasóirí agus ar thionscal na turasóireachta, gur cheart táirgeadh an staidrimh turasóireachta a oiriúnú.

(6)

Chun a chumasú tábhacht mhaicreacnamaíoch na turasóireachta i ngeilleagair na mBallstát a mheasúnú ar bhonn chreat cuntasaíochta satailíte na turasóireachta a nglactar leis go hidirnáisiúnta agus lena léirítear éifeachtaí na turasóireachta ar an ngeilleagar agus ar phoist, tá gá le feabhas a chur ar infhaighteacht, ar iomláine agus ar chuimsitheacht an bhunstaidrimh turasóireachta mar ionchur chun na cuntais sin a thiomsú, agus, má mheasann an Coimisiún gur gá, mar ullmhúchán do thogra reachtach maidir le tarchur na dtáblaí comhchuibhithe do chuntais satailíte turasóireachta. Éilíonn sé sin go ndéanfar nuashonrú ar na ceanglais dhlíthiúla atá leagtha síos faoi láthair i dTreoir 95/57/CE.

(7)

Chun mór-shaincheisteanna in earnáil na turasóireachta lena ngabhann ábhar imní de chineál eacnamaíoch agus sóisialta a scrúdú, go háirithe saincheisteanna nua a bhfuil gá le taighde sonrach ina leith, tá micreashonraí ag teastáil ón gCoimisiún. Is turasóireacht laistigh den Eoraip í tromlach na turasóireachta san Aontas, rud a fhágann go ndéanann na micreashonraí a thagann ó staidreamh comhchuibhithe Eorpach maidir le héileamh ar thurasóireacht amach foinse staidrimh a sholáthar cheana féin maidir leis an éileamh ar thurasóireacht isteach don Bhallstát cinn scríbe, gan ualach breise a fhorchur, agus, ar an dóigh sin, seachnaítear breathnú dúbailte ar an sreabhadh turasóireachta.

(8)

Le turasóireacht shóisialta, ceadaítear a mhéid daoine is féidir a bheith rannpháirteach sa turasóireacht agus, thairis sin, is féidir léi rannchuidiú le séasúracht a chomhrac, le nóisean na saoránachta Eorpaí a threisiú agus le forbairt réigiúnach a chur chun cinn, de bhreis ar fhorbairt geilleagar áitiúil sonrach a éascú. Chun rannpháirtíocht grúpaí soch-dhéimeagrafacha éagsúla sa turasóireacht a mheasúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar chláir an Aontais i réimse na turasóireachta sóisialta, tá gá ag an gCoimisiún le sonraí rialta maidir le rannpháirtíocht sa turasóireacht agus maidir le hiompar turasóireachta na ngrúpaí sin.

(9)

Is féidir le creat aitheanta ar leibhéal an Aontais cabhrú chun sonraí iontaofa, mionsonraithe agus inchomparáide a ráthú agus, uaidh sin, cumasófar faireachán cuí ar struchtúr agus ar fhorbairt an tsoláthair agus an éilimh turasóireachta. Tá sé riachtanach go mbeidh inchomparáideacht leordhóthanach ann ar leibhéal an Aontais maidir le modheolaíocht, sainmhínithe agus clár na sonraí agus na meiteashonraí staidrimh.

(10)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (3), arb é an creat tagartha é don Rialachán seo, foráiltear go bhfuil staidreamh le bailiú de réir caighdeán ard maidir le neamhchlaontacht, trédhearcacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíochta, cost-éifeachtacht agus rúndacht staidrimh.

(11)

Le linn staidreamh Eorpach a tháirgeadh agus a scaipeadh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis staidrimh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais na prionsabail atá leagtha amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh a chur san áireamh, ar Cód é a ghlac an Coiste um an gClár Staidrimh an 24 Feabhra 2005 agus atá i gceangal leis an Moladh ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2005 maidir le neamhspleáchas, iomláine agus cuntasacht údarás staidrimh náisiúnta agus Comhphobail.

(12)

Chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na spriocdhátaí a bhaineann le tarchur sonraí agus na hIarscríbhinní a oiriúnú, cé is moite de chineál roghnach na sonraí a éilítear agus de theorainn an raoin feidhme faoi mar a shainítear sna hIarscríbhinní. Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún freisin na sainmhínithe a oiriúnú do na hathruithe sna sainmhínithe idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, nuair atá gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(13)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (4).

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat coiteann a bhunú maidir le forbairt chórasach, táirgeadh córasach agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, a bhaint amach go leordhóthanach, mar gheall ar easpa gnéithe coiteanna staidrimh agus ceanglas coiteann cáilíochta agus mar gheall ar easpa trédhearcachta modheolaíochta, ach gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí chreat coiteann staidrimh a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(15)

I bhfianaise na n-athruithe i dtionscal na turasóireachta agus sa chineál sonraí a bhfuil gá leo ag an gCoimisiún agus ag úsáideoirí eile an staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht, níl forálacha Threoir 95/57/CE ábhartha a thuilleadh. Ós rud é gur cheart an reachtaíocht sa réimse seo a nuashonrú, ba cheart Treoir 95/57/CE a aisghairm.

(16)

Rialachán is ea an bealach iomchuí chun úsáid caighdeán coiteann agus táirgeadh staidrimh inchomparáide a áirithiú.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat coiteann maidir le forbairt chórasach, táirgeadh córasach agus scaipeadh córasach staidrimh Eorpaigh ar thurasóireacht.

Chuige sin, déanfaidh Ballstáit staidreamh comhchuibhithe ar sholáthar agus éileamh turasóireachta a bhailiú, a thiomsú, a phróiseáil agus a tharchur.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “tréimhse thagartha” tréimhse dá dtagraíonn sonraí;

(b)

ciallaíonn “bliain tagartha” tréimhse thagartha aon bhliana féilire amháin;

(c)

ciallaíonn “NACE Rev. 2” aicmiú coiteann staidrimh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(d)

ciallaíonn “NUTS” aicmiú coiteann na n-aonad críochach i dtaca le táirgeadh staidrimh réigiúnaigh laistigh den Aontas, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(e)

ciallaíonn “gnáth-thimpeallacht” an limistéar geografach, cé nach gá gur limistéar aonair gan aon bhriseadh é, ar laistigh de a sheolann duine aonair a ghnáthaimh rialta saoil agus déanfar é a chinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas: teorainneacha riaracháin a thrasnú nó an fad ón áit ghnáthchónaithe, ré na cuairte, minicíocht na cuairte, cuspóir na cuairte;

(f)

ciallaíonn “turasóireacht” an ghníomhaíocht arb é atá ann ná cuairteoirí i mbun turais chuig príomhcheann scríbe lasmuigh dá ngnáth-thimpeallacht, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain amháin, ar phríomhchuspóir ar bith, lena n-áirítear gnó, fóillíocht nó cuspóir pearsanta eile, seachas chun bheith ar fostú ag eintiteas cónaitheach san áit a dtugtar cuairt uirthi;

(g)

ciallaíonn “turasóireacht intíre” cuairteanna laistigh de Bhallstát ar thaobh cuairteoirí ar cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad;

(h)

ciallaíonn “turasóireacht isteach” cuairteanna chuig Ballstát ar thaobh cuairteoirí nach cónaitheoirí de chuid an Bhallstáit sin iad;

(i)

ciallaíonn “turasóireacht amach” cuairteanna ar thaobh cónaitheoirí Ballstáit chuig áiteanna lasmuigh den Bhallstát sin;

(j)

ciallaíonn “turasóireacht náisiúnta” turasóireacht intíre agus turasóireacht amach;

(k)

ciallaíonn “turasóireacht laistigh” turasóireacht intíre agus turasóireacht isteach;

(l)

ciallaíonn “bunachas cóiríochta turasóireachta” aonad áitiúil cineáil gníomhaíochta, mar atá sainmhínithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh i ndáil le breathnú agus anailísiú an chórais táirgeachta sa Chomhphobal (7), ar aonad é trína ndéantar seirbhísí cóiríochta gearrthéarma nó gearrfhanachta, de réir mar a thuairiscítear i ngrúpa 55.1 (óstáin agus cóiríocht chomhchosúil), i ngrúpa 55.2 (cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta) agus i ngrúpa 55.3 (tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí) de chuid NACE Rev. 2 a sholáthar mar sheirbhís íoctha — cé go bhféadfadh fóirdheontas páirteach nó fóirdheontas iomlán a bheith ann i leith an phraghais;

(m)

ciallaíonn “cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í”, inter alia, cóiríocht arna soláthar gan mhuirear ag daoine den teaghlach nó ag cairde agus cóiríocht i dtithe saoire úinéir-áitithe, lena n-áirítear maoin amroinnte;

(n)

ciallaíonn “cuairteanna aon lae” cuairteanna gan fanacht thar oíche arna dtabhairt ag cónaitheoirí ar áiteanna lasmuigh dá ngnáth-thimpeallachat agus arna dtionscnamh ón áit ghnáthchónaithe.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, maidir le leasuithe ar na sainmhínithe i mír 1 den Airteagal seo chun na sainmhínithe sin a oiriúnú do na hathruithe ar shainmhínithe idirnáisiúnta.

Airteagal 3

Na hábhair a chumhdaítear agus saintréithe na sonraí a éilítear

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh na sonraí atá le tarchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 leis na nithe seo a leanas:

(a)

turasóireacht laistigh, i dtéarmaí acmhainneacht agus áitíocht na mbunachas cóiríochta turasóireachta, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1, i Roinn 2 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I;

(b)

turasóireacht laistigh, i dtéarmaí oícheanta turasóireachta a chaitear i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I;

(c)

turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le rannpháirtíocht i dturasóireacht agus saintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 1 agus i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;

(d)

turasóireacht náisiúnta, i dtéarmaí an éilimh ar thurasóireacht, a bhaineann le saintréithe na gcuairteanna aon lae, maidir leis na hathróga, an tréimhsiúlacht agus na miondealuithe atá leagtha síos i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, i gcás inar gá sin, ar gníomhartha iad a bhaineann le hoiriúnú na nIarscríbhinní, cé is moite de chineál roghnach na sonraí a éilítear agus den teorainn ar an raon feidhme faoi mar a shainítear sna hIarscríbhinní, chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta nó teicniúla a chur san áireamh. Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na forála seo, déanfaidh an Coimisiún a áirithiú, maidir le haon ghníomhartha tarmligthe a ghlactar, nach ndéanann siad ualaí suntasacha bhreise riaracháin a fhorchur ar na Ballstáit agus ar na freagróirí.

Airteagal 4

Raon feidhme na breathnadóireachta

Is mar a leanas a bheidh raon feidhme na breathnadóireachta maidir leis na ceanglais atá leagtha síos sna hAirteagail seo a leanas:

(a)

in Airteagal 3(1)(a), na bunachais chóiríochta turasóireachta go léir mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(l), mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I;

(b)

in Airteagal 3(1)(b), na hoícheanta turasóireachta go léir a chaith cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í;

(c)

in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar rannpháirtíocht i dturasóireacht, na daoine aonair go léir atá ina gcónaí i gcríoch an Bhallstáit, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 1 d’Iarscríbhinn II;

(d)

in Airteagal 3(1)(c), maidir leis na sonraí ar shaintréithe na dturas turasóireachta agus na gcuairteoirí, na turais turasóireachta go léir ar lena linn a chaith an daonra cónaitheach oíche amháin ar a laghad lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha, mura sonraítear a mhalairt i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;

(e)

in Airteagal 3(1)(d), maidir le saintréithe na gcuairteanna aon lae, na cuairteanna aon lae go léir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(n), mura sonraítear a mhalairt i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 5

Staidéir phíolóta

1.   Tarraingeoidh an Coimisiún clár suas do staidéir phíolóta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn saorálach chun forbairt, táirgeadh agus scaipeadh na dtáblaí comhchuibhithe do chuntais satailíte turasóireachta a ullmhú agus chun measúnú a dhéanamh ar thairbhí i gcoibhneas le costas an tiomsaithe.

2.   Tarraingeoidh an Coimisiún clár suas freisin do staidéir phíolóta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn saorálach chun córas a fhorbairt maidir le tiomsú sonraí lena léireofar éifeachtaí na turasóireachta ar an gcomhshaol.

Airteagal 6

Critéir cháilíochta agus tuarascálacha

1.   Déanfaidh na Ballstáit cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a áirithiú.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta arna leagan síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Gach bliain, soláthróidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún (Eurostat) ar cháilíocht na sonraí a bhaineann leis na tréimhsí tagartha sa bhliain tagartha, agus ar aon athruithe modheolaíochta a rinneadh. Soláthrófar an tuarascáil laistigh de naoi mí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

4.   Le linn na critéir cáilíochta dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún na socruithe do na tuarascálacha cáilíochta, agus struchtúr na dtuarascálacha cáilíochta, a shainiú i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Airteagal 7

Tuarascáil mheastóireachta

Faoin 12 Lúnasa 2016 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le staidreamh arna thiomsú de bhun an Rialacháin seo agus, go háirithe, maidir lena ábharthacht agus maidir leis an ualach ar ghnóthaí.

Airteagal 8

Foinsí sonraí

Maidir leis an mbonn ar a mbailítear na sonraí, déanfaidh na Ballstáit aon bhearta is iomchuí leo chun cáilíocht na dtorthaí a choimeád ar bun. Féadfaidh na Ballstáit na sonraí staidrimh riachtanacha a tháirgeadh trí theaglaim de na foinsí éagsúla seo a leanas a úsáid:

(a)

suirbhéanna, i gcás ina n-iarrtar ar aonaid tuairiscithe sonraí tráthúla, cruinne agus iomlána a thabhairt;

(b)

foinsí iomchuí eile, lena n-áirítear sonraí riaracháin, má tá siad iomchuí i dtéarmaí tráthúlachta agus ábharthachta;

(c)

nósanna imeachta iomchuí maidir le meastacháin staidrimh a dhéanamh.

Airteagal 9

Tarchur sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí, lena n-áirítear sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, agus i Roinn 1 agus i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II a tharchur, i bhfoirm táblaí comhiomlána, i gcomhréir le caighdeán cómhalartaithe arna shonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mhodh leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh an Coimisiún na socruithe praiticiúla don tarchur sonraí a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

3.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a tharchur i bhfoirm comhad micreashonraí — agus gach turas breathnaithe mar thaifead aonair sa tacar sonraí a tharchuirtear — agus déanfar na comhaid sin a sheiceáil go hiomlán, a chur in eagar agus, i gcás inar gá, a iontráil go barúlach, i gcomhréir le caighdeán cómhalartaithe arna shonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfar na sonraí a tharchur nó a uaslódáil trí mhodh leictreonach chuig an bpointe iontrála aonair do shonraí ag an gCoimisiún (Eurostat). Déanfaidh an Coimisiún na socruithe praiticiúla don tarchur sonraí a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

4.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

na sonraí bliantúla atá liostaithe i Roinn 1 agus i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, mura sonraítear a mhalairt in Iarscríbhinn I;

(b)

na sonraí míosúla atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de thrí mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha;

(c)

na heochairtháscairí meara a bhaineann le hoícheanta a chaith cónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta, mar atá liostaithe i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, a tharchur laistigh d’ocht seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha;

(d)

na sonraí atá liostaithe i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I a tharchur laistigh de naoi mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha, má dhéanann an Ballstát lena mbaineann rogha i bhfabhar iad a tharchur;

(e)

na sonraí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a tharchur laistigh de sé mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

5.   Chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta nó teicniúla a chur san áireamh, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11, i gcás inar gá sin, ar gníomhartha iad a bhaineann le leasuithe ar na spriocdhátaí tarchuir atá leagtha síos i mír 4 den Airteagal seo. Le haon leasuithe den sórt sin, déanfar na cleachtais atá sna Ballstáit cheana féin maidir le bailiú sonraí a chur san áireamh.

6.   Maidir leis na sonraí go léir a éilítear leis an Rialachán seo, tosóidh an chéad tréimhse thagartha an 1 Eanáir 2012, mura sonraítear a mhalairt.

Airteagal 10

Lámhleabhar modheolaíoch

Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, lámhleabhar modheolaíoch a tharraingt suas agus a nuashonrú go rialta, ar lámhleabhar é ina mbeidh treoirlínte maidir leis an staidreamh arna tháirgeadh de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear sainmhínithe a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le saintréithe na sonraí a éilítear agus maidir le caighdeáin choiteanna arna gceapadh chun cáilíocht na sonraí a áirithiú.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 9(5), tabharfar don Choimisiún é go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 12

An Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Treoir 95/57/CE.

Déanfaidh Ballstáit torthaí a sholáthar i gcomhréir le Treoir 95/57/CE do gach tréimhse tagartha don bhliain 2011.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DOWGIELEWICZ


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.

(2)  IO L 291, 6.12.1995, lch. 32.

(3)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(4)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(5)  IO L 393, 30.12.2006, lch. 1.

(6)  IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

(7)  IO L 76, 30.3.1993, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

TURASÓIREACHT LAISTIGH

Roinn 1

ACMHAINNEACHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA

A.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur

(1)   Ar an leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

NACE 55.1

Líon na mbunachas

Líon na n-áiteanna leapa

Líon na seomraí leapa

Cineál ceantair (a) agus (b)

NACE 55.2

Líon na mbunachas

Líon na n-áiteanna leapa

Cineál ceantair (a) agus (b)

NACE 55.3

Líon na mbunachas

Líon na n-áiteanna leapa

Cineál ceantair (a) agus (b)


(2)   [roghnach] Ar leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

NACE 55.1

Líon na mbunachas

Líon na n-áiteanna leapa

Líon na seomraí leapa

Aicme mhéide


(3)   Ar an leibhéal náisiúnta, le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

NACE 55.1

Líon na mbunachas a bhfuil seomra leapa amháin nó níos mó iontu atá inrochtana do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear úsáideoirí cathaoireacha rotha

 

B.   Teorainn leis an raon feidhme

(1)

I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.

(2)

I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.

(3)

Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá an líon bliantúil oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon feidhme na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó).

C.   Tréimhsiúlacht

Is í an bhliain 2015 an chéad bhliain tagartha don athróg thríbhliantúil atá liostaithe faoi cheannteideal A(3).

Roinn 2

ÁITÍOCHT NA mBUNACHAS CÓIRÍOCHTA TURASÓIREACHTA (INTÍRE AGUS ISTEACH)

A.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla

(1)   Ar leibhéal réigiúnach NUTS 2 agus ar leibhéal náisiúnta

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

Iomlán (gach cineál bunachas cóiríochta turasóireachta)

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Cineál ceantair (a) agus (b)

NACE 55.1

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 

Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa

Glanráta áitíochta seomraí leapa

 

NACE 55.2

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamchchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 

NACE 55.3

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheorí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 


(2)   Ar leibhéal náisiúnta

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

NACE 55.1

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Cineál ceantair (a) agus (b)

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

[roghnach] Aicmí méide

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa

Glanráta áitíochta seomraí leapa

[roghnach] Aicmí méide

NACE 55.2

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Cineál ceantair (a) agus (b)

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

NACE 55.3

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Cineál ceantair (a) agus (b)

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

An tír nó an limistéar geografach ina gcónaíonn an t-aoi

B.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí míosúla ar an leibhéal náisiúnta

Cineál cóiríochta

Athróga

Miondealuithe

NACE 55.1

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 

Glanrátaí áitíochta áiteanna leapa

Glanráta áitíochta seomraí leapa

 

NACE 55.2

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 

NACE 55.3

Líon na n-oícheanta a chaith cónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

Líon na n-oícheanta a chaith neamhchónaitheoirí i mbunachais chóiríochta turasóireachta

 

Teacht na gcónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

Teacht na neamhchónaitheoirí go bunachais chóiríochta turasóireachta

 

C.   Teorainn leis an raon feidhme

(1)

I dtaca le “óstáin agus cóiríocht chomhchosúil” agus i dtaca le “cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 n-áit leapa nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.

(2)

I dtaca le “tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí”, beidh gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 10 láthair nó níos mó san áireamh ar a laghad i raon feidhme na breathnadóireachta.

(3)

Féadfaidh Ballstáit ar ina leith atá líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta níos lú ná 1 % de líon iomlán bliantúil na n-oícheanta a chaitear i mbunachais chóiríochta turasóireachta san Aontas Eorpach raon na breathnadóireachta a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 20 áit leapa nó níos mó (20 láthair nó níos mó).

(4)

Nuair a chuirtear teorainn leis an raon feidhme i bhfeidhm, mar a thuairiscítear faoi (1), (2) nó (3), déanfar meastachán a tharchur go bliantúil ar líon iomlán na n-oícheanta atá caite ag cónaitheoirí agus ag neamhchónaitheoirí le linn na bliana tagartha sna bunachais chóiríochta turasóireachta atá eisiata ó raon feidhme na breathnadóireachta.

(5)

Maidir leis an gcéad bhliain tagartha a bhfuil gá le sonraí ina leith faoin Rialachán seo, déanfar an meastachán a thuairiscítear faoi (4) a tharchur laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.

(6)

Féadfaidh Ballstáit raon feidhme na breathnadóireachta maidir le glanráta áitíochta na seomraí leapa in óstáin agus i gcóiríocht chomhchosúil a laghdú tuilleadh chun go n-áireofar ar a laghad gach bunachas cóiríochta turasóireachta ina bhfuil 25 seomra leapa nó níos mó.

D.   Eochairtháscairí meara

Is iad na heochairtháscairí meara dá dtagraítear in Airteagal 9(4)(c) den Rialachán seo na hathróga a thagraíonn do líon na n-oícheanta a chaitear mar atá liostaithe faoi cheannteidil B den Roinn seo.

Roinn 3

AICMÍ ATÁ LE CUR I bhFEIDHM DO ROINN 1 AGUS DO ROINN 2

A.   Cineál cóiríochta

Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál cóiríochta, agus tagairt á déanamh do ghrúpa NACE 55.1, do ghrúpa NACE 55.2 agus do ghrúpa NACE 55.3:

óstáin agus cóiríocht chomhchosúil,

cóiríocht saoire agus cóiríocht eile ghearrfhanachta,

tailte campála, páirceanna feithiclí áineasa agus páirceanna leantóirí.

B.   Cineál ceantair (a)

Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (a), agus tagairt á déanamh do chéim uirbithe an bhardais (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach) ina bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:

ceantar dlúthdhaonra,

ceantar idirmheánach,

ceantar tearcdhaonra.

C.   Cineál ceantair (b)

Is iad an dá chatagóir seo a leanas a úsáidfear do chineál ceantair (b), agus tagairt á déanamh do shuíomh an bhardais cóngarach don mhuir (nó aonad áitiúil riaracháin choibhéiseach), áit a bhfuil na bunachais chóiríochta turasóireachta suite:

ar an gcósta,

neamhchósta.

D.   Aicme mhéide

Is iad na trí chatagóir seo a leanas a úsáidfear d’aicme mhéide, agus tagairt á déanamh do líon na seomraí leapa sna bunachais chóiríochta turasóireachta:

bunachais bheaga: níos lú ná 25 seomra leapa,

bunachais mheánmhéide: idir 25 agus 99 seomra leapa,

bunachais mhóra: 100 seomra leapa nó níos mó; le tuairisciú ar leithligh agus ar bhonn roghnach: “idir 100 agus 249 seomra leapa” agus “250 seomra leapa nó níos mó”.

E.   Tíortha agus limistéir gheografacha

Is iad na catagóirí seo a leanas a úsáidfear don tír nó don limistéar geografach ina gcónaíonn aíonna a fhanann i mbunachais chóiríochta turasóireachta:

an tAontas Eorpach (an tAontas); le tuairisciú ar leithligh: gach Ballstát ar leith,

Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE); le tuairisciú ar leithligh: an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis (lena n-áirítear Lichtinstéin),

tíortha Eorpacha eile (seachas an tAontas nó CSTE; gan an Rúis, an Tuirc, an Úcráin a áireamh),

an Rúis,

an Tuirc,

an Úcráin,

an Afraic; le tuairisciú ar leithligh: an Afraic Theas,

Meiriceá Thuaidh; le tuairisciú ar leithligh: Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada,

Meiriceá Theas agus Láir; le tuairisciú ar leithligh: an Bhrasaíl,

an Áise; le tuairisciú ar leithligh: Daon-Phoblacht na Síne, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré,

an Astráil, an Aigéine agus críocha eile; le tuairisciú ar leithligh: an Astráil.

Roinn 4

TURASÓIREACHT LAISTIGH I gCÓIRÍOCHT NACH CÓIRÍOCHT AR CÍOS Í

A.   Athróga atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla

[roghnach] Líon na n-oícheanta turasóireachta a caitheadh i gcóiríocht nach cóiríocht ar cíos í le linn na bliana tagartha.

B.   Miondealú

[roghnach] Déanfar an athróg atá liostaithe faoi cheannteideal A a mhiondealú de réir thír chónaithe na gcuairteoirí a mhéid a bhaineann le cónaitheoirí de chuid an Aontais, agus déanfar cuairteoirí atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas a ghrúpáil in aon chatagóir bhreise amháin.


IARSCRÍBHINN II

TURASÓIREACHT NÁISIÚNTA

Roinn 1

RANNPHÁIRTÍOCHT SA TURASÓIREACHT CHUN CRÍOCHA PEARSANTA

A.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí bliantúla

Athróga

Miondealuithe de réir ré agus de réir cheann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta

Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

1.

Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, a ghlacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta i rith na bliana tagartha

2.

Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, nach nglacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta i rith na bliana tagartha

(a)

Aon turas (i.e. turas amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis)

(b)

Turais intíre amháin (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis, ach gan turas amach ar bith a áireamh)

(c)

Turais amach amháin (i.e. turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis, ach gan turas intíre ar bith a áireamh)

(d)

Turais intíre agus amach (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis agus turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar oíche amháin ar a laghad a bheith i gceist leis)

(e)

Gearrthurais (i.e. turas amháin ar a laghad agus fanacht thar 1 oíche go 3 oíche a bheith i gceist leis)

(f)

Turais fhada (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis)

(g)

Turais fhada, turais intíre amháin (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis, ach gan turas amach ar bith a raibh fanacht thar 4 oíche nó níos mó i gceist leis a áireamh)

(h)

Turais fhada, turais amach amháin (i.e. turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis, ach gan turas intíre ar bith a raibh fanacht thar 4 oíche nó níos mó i gceist leis a áireamh)

(i)

Turais fhada, turais intíre agus turais amach (i.e. turas intíre amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis agus turas amach amháin ar a laghad agus fanacht thar 4 oíche nó níos mó a bheith i gceist leis)

1.

Inscne

2.

Aoisghrúpa

3.

[roghnach] Leibhéal oideachais

4.

[roghnach] Staid fhostaíochta

5.

[roghnach] Ioncam teaghlaigh

Déanfar miondealuithe de réir ré agus de réir ceann scríbe na dturas turasóireachta chun críocha pearsanta a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.

B.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur le haghaidh sonraí tríbhliantúla

Athróga

Miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha (le deis a chur ar fáil do na freagróirí freagraí iolracha a thabhairt)

Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

1.

Líon na gcónaitheoirí, atá 15 bliana d’aois nó os a chionn, nach nglacann páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha (i.e. nach ndearna aon turas a raibh fanacht thar 1 oíche amháin ar a laghad i gceist leis le linn na bliana tagartha)

(a)

Cúiseanna airgeadais (gan aon airgead a bheith ar fáil le haghaidh turas saoire, níltear in acmhainn dul ar laethanta saoire)

(b)

Easpa ama shaoir mar gheall ar ghealltanais teaghlaigh

(c)

Easpa ama shaoir mar gheall ar ghealltanais oibre nó staidéir

(d)

Cúiseanna sláinte nó soghluaisteacht laghdaithe

(e)

Is fearr leo fanacht sa bhaile, gan spreagadh chun taistil

(f)

Sábháilteacht

(g)

Cúiseanna eile

1.

Inscne

2.

Aoisghrúpa

3.

[roghnach] Leibhéal oideachais

4.

[roghnach] Staid fhostaíochta

5.

[roghnach] Ioncam teaghlaigh

Déanfar na miondealuithe de réir na bpríomhchúiseanna nár glacadh páirt sa turasóireacht chun críocha pearsanta le linn na bliana tagartha a chomhcheangal leis na miondealuithe soch-dhéimeagrafacha.

Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga tríbhliantúla.

C.   Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

(1)   Inscne:: fireannach, baineannach.

(2)   Aoisghrúpa: níos óige ná 15 [roghnach], 15-24, 25-34, 35-44, 45-54, 55-64, 65 nó os a chionn, agus fo-iomláin do 25-44 agus 45-64.

(3)   Leibhéal oideachais.: íochtarach (ISCED 0, 1 nó 2), meánach (ISCED 3 nó 4), uachtarach (ISCED 5 nó 6).

(4)   Staid fhostaíochta: fostaithe (fostaí nó féinfhostaithe), dífhostaithe, mac léinn (nó dalta), daoine eile nach bhfuil sa lucht oibre.

(5)   Ioncam teaghlaigh: i gceathairíleanna.

Roinn 2

TURAIS TURASÓIREACHTA AGUS CUAIRTEOIRÍ A RINNE NA TURAIS

A.   Athróga atá le tarchur

 

Athróga

Catagóirí atá le tarchur

Tréimhsiúlacht

1.

Mí imeachta

 

Bliantúil

2.

Ré an turais de réir líon na n-oícheanta

 

Bliantúil

3.

[Do thurais amach amháin] Ré an turais: líon na n-oícheanta a caitheadh ar an gcríoch intíre

 

Tríbhliantúil

4.

Príomhthír chinn scríbe

De réir an liosta tíortha sa lámhleabhar modheolaíoch arna tharraingt suas faoi Airteagal 10 den Rialachán seo

Bliantúil

5.

Príomhchuspóir leis an turas

(a)

Pearsanta: fóillíocht, áineas agus laethanta saoire

(b)

Pearsanta: cuairt ar ghaolta agus ar chairde

(c)

Pearsanta: eile (e.g. oilithreacht, cóireáil sláinte)

(d)

Gairmiúil/gnó

Bliantúil

6.

[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Cineál cinn scríbe, agus deis a bheith ann freagraí iolracha a thabhairt

(a)

Cathair

(b)

Cois farraige

(c)

Faoin tuath (lena n-áirítear cois locha, abhainn, etc.)

(d)

Long cúrsála

(e)

Sléibhte (ardchríocha, cnoic, etc.)

(f)

Eile

Tríbhliantúil

7.

[Do thurais chun críocha pearsanta amháin] Bhí leanaí sa ghrúpa taistil

(a)

Bhí

(b)

Ní raibh

Tríbhliantúil

8.

Príomh-mhodh iompair

(a)

Aer (seirbhísí eitilte, sceidealta nó cairtfhostaithe, nó aer-sheirbhísí eile)

(b)

Uiscebhealach (línte phaisinéirí agus báid fharantóireachta phaisinéirí, cúrsálacha, bád pléisiúir, soitheach ar cíos, etc.)

(c)

Iarnród

(d)

Bus, cóiste (sceidealta nó neamhsceidealta)

(e)

Mótarfheithicil (príobháideach nó ar cíos)

(f)

Eile (e.g. rothar)

Bliantúil

9.

Príomh-mhodhanna cóiríochta

(a)

Cóiríocht ar cíos: óstáin nó cóiríocht chomhchosúil

(b)

Cóiríocht ar cíos: ionaid champála, páirc charbhán nó leantóirí (neamhchónaitheach)

(c)

Cóiríocht ar cíos: cóiríocht eile ar cíos (bunachais sláinte, brúnna óige, muiríne, etc.)

(d)

Cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í: a dteach saoire féin

(e)

Cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í: cóiríocht arna soláthar ag gaolta nó ag cairde gan mhuirear

(f)

Cóiríocht nach cóiríocht ar cíos í: cóiríocht eile nach cóiríocht ar cíos í

Bliantúil

10.

An turas a chur in áirithe: úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun an príomh-mhodh iompair a chur in áirithe

(a)

Úsáideadh

(b)

Níor úsáideadh

(c)

Ní fios

Tríbhliantúil

11.

An turas a chur in áirithe: úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun an príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe

(a)

Úsáideadh

(b)

Níor úsáideadh

(c)

Ní fios

Tríbhliantúil

12.

[Do thurais ar ina leith nár úsáideadh tionscnóir turas nó gníomhaireacht taistil chun príomh-mhodh iompair nó príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe, agus do thurais den sórt sin amháin] An turas a chur in áirithe (neamhspleách)

(a)

Cuireadh na seirbhísí in áirithe go díreach tríd an soláthróir seirbhíse

(b)

Ní raibh gá le háirithint

Tríbhliantúil

13.

An turas a chur in áirithe: turas láneagraithe

(a)

Úsáideadh

(b)

Níor úsáideadh

Tríbhliantúil

14.

An turas a chur in áirithe: úsáideadh an t-idirlíon chun an príomh-mhodh iompair a chur in áirithe

(a)

Úsáideadh

(b)

Níor úsáideadh

(c)

Ní fios

Tríbhliantúil

15.

An turas a chur in áirithe: úsáideadh an t-idirlíon chun an príomh-mhodh cóiríochta a chur in áirithe

(a)

Úsáideadh

(b)

Níor úsáideadh

(c)

Ní fios

Tríbhliantúil

16.

Caiteachas an turasóra aonair ar iompar le linn an turais

 

Bliantúil

17.

Caiteachas an turasóra aonair ar chóiríocht le linn an turais

 

Bliantúil

18.

[roghnach] Caitheachas an tuarasóra aonair ar bhia agus ar dheochanna i gcaiféanna agus i mbialanna le linn an turais

 

Bliantúil

19.

Caiteachas eile an turasóra aonair le linn an turais; (19a) le tuairisciú ar leithligh: buanearraí agus earraí luachmhara

 

Bliantúil

20.

Próifíl an chuairteora: inscne, agus úsáid á baint as na catagóirí seo a leanas

(a)

Fireannach

(b)

Baineannach

Bliantúil

21.

Próifíl an chuairteora: aois, i mblianta iomlána

 

Bliantúil

22.

Próifíl an chuairteora: tír chónaithe

 

Bliantúil

23.

[roghnach] Próifíl an chuairteora: leibhéal oideachais

(a)

Íochtarach (ISCED 0, 1 nó 2)

(b)

Meánach (ISCED 3 nó 4)

(c)

Uachtarach (ISCED 5 nó 6)

Bliantúil

24.

[roghnach] Próifíl an chuairteora: staid fhostaíochta

(a)

Fostaithe (fostaí nó féinfhostaithe)

(b)

Dífhostaithe

(c)

Mac léinn (nó dalta)

(d)

Daoine eile nach bhfuil sa lucht oibre

Bliantúil

25.

[roghnach] Próifíl an chuairteora: ioncam teaghlaigh i gceathairíleanna

 

Bliantúil

B.   Teorainn leis an raon feidhme

Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta ná gach turas turasóireachta a bhfuil fanacht thar oíche amháin ar a laghad i gceist leis lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht arna dhéanamh ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana agus os a chionn agus a chríochnaigh le linn na tréimhse tagartha. Féadfar na sonraí ar an daonra atá faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.

C.   Tréimhsiúlacht

(1)

Is í an bhliain 2013 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(3), faoi cheannteideal A(6) agus faoi cheannteideal A(7).

(2)

Is í an bhliain 2014 an chéad bhliain tagartha do na hathróga agus na catagóirí tríbhliantúla atá liostaithe faoi cheannteideal A(10) go ceannteideal A(15).

Roinn 3

CUAIRTEANNA AON LAE

A.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn bliantúil (cuairteanna amach aon lae)

Athróga

[roghnach]

Miondealuithe

[roghnach]

Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

1.

Líon na gcuairteanna amach aon lae chun críocha pearsanta

2.

Líon na gcuairteanna amach aon lae ar chúiseanna gairmiúla

(a)

De réir tíre cinn scríbe

1.

Inscne

2.

Aoisghrúpa

3.

Leibhéal oideachais

4.

Staid fostaíochta

5.

Ioncam teaghlaigh

3.

Caiteachas ar chuairteanna amach aon lae chun críocha pearsanta

4.

Caiteachas ar chuairteanna amach aon lae ar chúiseanna gairmiúla

(a)

De réir tíre cinn scríbe

(b)

De réir catagóire caiteachais: iompar, siopadóireacht, bialanna/caiféanna, eile

B.   Athróga agus miondealuithe atá le tarchur ar bhonn tríbhliantúil (cuairteanna intíre aon lae)

Athróga

[roghnach]

Miondealuithe

[roghnach]

Miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

1.

Líon na gcuairteanna intíre aon lae chun críocha pearsanta

2.

Líon na gcuairteanna intíre aon lae ar chúiseanna gairmiúla

 

1.

Inscne

2.

Aoisghrúpa

3.

Leibhéal oideachais

4.

Staid fostaíochta

5.

Ioncam teaghlaigh

3.

Caiteachas ar chuairteanna intíre aon lae chun críocha pearsanta

4.

Caiteachas ar chuairteanna intíre aon lae ar chúiseanna gairmiúla

(a)

De réir catagóire caiteachais: iompar, siopadóireacht, bialanna/caiféanna, eile

C.   Aicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha

Is iad na haicmí atá le cur i bhfeidhm maidir le miondealuithe soch-dhéimeagrafacha ná iad siúd atá liostaithe i gceannteideal C de Roinn 1 den Iarscríbhinn seo.

D.   Teorainn leis an raon feidhme

Is é a bheidh i raon feidhme na breathnadóireachta gach cuairt aon lae lasmuigh den ghnáth-thimpeallacht, ar cuairteanna iad arna dtabhairt ag an daonra cónaitheach atá 15 bliana nó os a chionn. Is féidir na sonraí a bhaineann leis an daonra faoi bhun 15 bliana d’aois a tharchur go leithleach ar bhonn roghnach.

E.   Tréimhsiúlacht agus na chéad tréimhsí tagartha

(1)

Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal A a tharchur ar bhonn bliantúil, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2014.

(2)

Déanfar saintréithe na gcuairteanna aon lae atá liostaithe faoi cheannteideal B a tharchur gach 3 bliana, agus déanfar na ceithre ráithe den bhliain féilire roimhe sin a thuairisciú go leithleach. Tosóidh an chéad tréimhse tagartha an 1 Eanáir 2015. Maidir leis an gcéad tréimhse tagartha amháin, beidh an tarchur roghnach.