20.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/65


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 264/2022

an 23 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/793]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh (AE) 2022/1229 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena leasaítear Cinntí 2014/312/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE, (AE) 2016/1332 agus (AE) 2017/176 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú lena mbaineann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh (AE) 2022/1244 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena mbunaítear critéir an Éicilipéad AE maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2022/1244, aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 2d (Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún):

 

32022 D 1244: Cinneadh (AE) 2022/1244 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena mbunaítear critéir an Éicilipéad AE maidir le damhnaí fáis agus feabhsaitheoirí ithreach (IO L 190, 19.7.2022, lch. 141).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo isteach i bpointí 2v (Cinneadh 2014/312/AE ón gCoimisiún), 2w (Cinneadh 2014/391/AE ón gCoimisiún) agus 2zo (Cinneadh 2014/763/AE ón gCoimisiún):

‘—

32022 D 1229: Cinneadh (AE) 2022/1229 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 (IO L 189, 18.7.2022, lch. 20).’

3.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointí 2zb (Cinneadh (AE) 2017/176 ón gCoimisiún) agus 2zd (Cinneadh (AE) 2016/1332 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32022 D 1229: Cinneadh (AE) 2022/1229 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 (IO L 189, 18.7.2022, lch. 20).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí (AE) 2022/1229 agus (AE) 2022/1244 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2022, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Kristján Andri STEFÁNSSON


(1)  IO L 189, 18.7.2022, lch. 20.

(2)  IO L 190, 19.7.2022, lch. 141.

(3)  IO L 303, 20.11.2015, lch. 75.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.