5.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/59


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 235/2019

an 27 Meán Fómhair 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil Shóisialta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/40]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Uimh. E6 an 19 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3.E5 (Cinneadh Uimh. E5 an 16 Márta 2017) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘3.E6

32018 D 1004(02): Cinneadh Uimh. E6 an 19 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (IO C 355, 4.10.2018, lch. 5).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Uimh. E6 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)  IO C 355, 4.10.2018, lch. 5.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.