7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/29


Airteagal 22

1.   Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 21, déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainaithint.

Beidh cinntí ón gComhairle Eorpach maidir le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais bainteach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Féadfaidh na cinntí sin a bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh cur chuige téamúil a bheith acu. Saineoidh siad a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.

Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar mholadh ón gComhairle arna ghlacadh ag an gComhairle de réir na socruithe arna leagan síos do gach réimse. Cuirfear cinntí ón gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí.

2.   Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, do réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus an Coimisiún, do réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach, tograí comhpháirteacha a thíolacadh don Chomhairle.