7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/190


Airteagal 329

(sean-Airteagail 27a go 27e, 40 go 40b agus 43 go 45 CAE agus sean-Airteagail 11 agus 11a CCE)

1.   Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu i gceann de na réimsí atá folaithe sna Conarthaí, seachas réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach agus an comhbheartas eachtrach agus slándála, díreoidh siad chuig an gCoimisiún iarraidh a shonróidh raon feidhme agus cuspóirí an chomhair fheabhsaithe arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra.

Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú.

2.   Díreofar chuig an gComhairle an iarraidh ó na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a bhunú eatarthu. Déanfar an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála, a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le beartais eile an Aontais. Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa í freisin mar eolas.

Is le cinneadh ón gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, a dheonófar an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.