7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/114


Airteagal 151

(sean-Airteagal 136 CCE)

Beidh de chuspóirí ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe, dlús a chur le fostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta, leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta agus leis an eisiamh a chomhrac.

Chun na críche sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme a chuirfidh san áireamh éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh, agus an riachtanas cumas iomaíochta gheilleagar an Aontais a choimeád ar bun.

Creideann siad go leanfaidh forbairt den sórt sin ní amháin as feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chuirfidh ar aghaidh comhchuibhiú na gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí agus as comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin.