7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/85


Airteagal 92

(sean-Airteagal 72 CCE)

Go dtí go mbeidh na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 91(1) leagtha síos, agus mura mbeidh cinneadh lena ndeonófar maolú glactha d'aon toil ag an gComhairle, ní fhéadfaidh aon Bhallstát cuid is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach ná indíreach ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla a bhaineann leis an ábhar ar an 1 Eanáir 1958 nó, i gcás Stát aontach, ar dháta a n-aontachais.