7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/64


Airteagal 43

(sean-Airteagal 37 CCE)

1.   Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraithe dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagruithe náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo.

2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagrú na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú.

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

4.   I gcomhréir le mír 2, féadfar an comheagrú dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagruithe náisiúnta margaíochta, más rud é:

(a)

go dtairgeann an comheagrú do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagrú dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b)

go n-áirithíonn an t-eagrú sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

5.   Má bhíonn comheagrú d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagrú ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas.