26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 160

(sean-Airteagal 144 CCE)

Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste um Chosaint Shóisialta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cosaint shóisialta a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar fhorbairt beartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus san Aontas;

malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

gan dochar d'Airteagal 240, tuarascálacha a ullmhú nó tuairimí a fhoirmiú nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh laistigh de réimsí a inniúlachta, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.