26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 153

(sean-Airteagal 137 CCE)

1.   D'fhonn cuspóirí Airteagal 151 a ghnóthú, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé iad sna réimsí seo a leanas:

(a)

an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

(b)

dálaí oibre;

(c)

slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe;

(d)

cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconartha oibre;

(e)

oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(f)

ionadú agus comhchosaint leasanna oibrithe agus fostóirí, lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír 5;

(g)

dálaí fostaíochta náisiúnach tríú tíortha ina gcónaí go dlíthiúil ar chríoch an Aontais;

(h)

lánpháirtiú daoine atá arna n-eisiamh ó mhargadh an tsaothair, gan dochar d'Airteagal 166;

(i)

comhionannas idir fir agus mná ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;

(j)

an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;

(k)

córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan dochar do phointe (c).

2.   Chun na críche sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle:

(a)

bearta a ghlacadh atá ceaptha chun comhar idir na Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát;

(b)

trí bhíthin treoracha, ceanglais íosta a chuirfear chun feidhme de réir a chéile a ghlacadh sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) de mhír 1, ag féachaint do na dálaí agus do na rialacha teicniúla i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sna treoracha sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar bhunú nó ar fhorbairt gnóthas beag agus meánmhéide.

Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

Sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(c), (d), (f) agus (g), gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis na Coistí thuasluaite.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinneadh an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme maidir le pointí (d), (f) agus (g) de mhír 1.

3.   Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na dtreoracha arna nglacadh de bhun mhír 2 a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh nó, más iomchuí, cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 155 a chur chun feidhme.

Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta nach déanaí ná an dáta nach mór treoir nó cinneadh a thrasuí nó a chur chun feidhme, na bearta is gá tugtha isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta, agus an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a ghlacadh chun a chumasú dó tráth ar bith a bheith in inmhe na torthaí arna bhforchur leis an treoir sin nó leis an gcinneadh sin a áirithiú.

4.   Forálacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:

ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;

ní choiscfidh siad ar Bhallstát bearta cosanta níos déine atá ag luí leis na Conarthaí a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach.

5.   Ní bheidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le pá, leis an gceart comhlachais, leis an gceart dul ar stailc ná leis an gceart frithdhúnadh a fhorchur.