12005SAN06/10/B



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0293 - 0297


B. BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA

1. 31993 R 0259: Rialachán (CEE) Uimh. 259/93 ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le loingsiú dramhaíola a mhaoirsiú agus a rialú laistigh den Chomhphobal Eorpach agus isteach ann agus amach as (IO L 30, 6.2.1993, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2557: Rialachán (CE) Uimh. 2557/2001 ón gCoimisiún an 28.12.2001 (IO L 349, 31.12.2001, lch. 1).

(a) Go dtí an 31 Nollaig 2014, cuirfear in iúl do na húdaráis inniúla gach loingsiú dramhaíola lena hathghabháil chuig an mBulgáir atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 259/93 agus próiseálfar iad ar cothrom le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán.

(b) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, go dtí an 31 Nollaig 2009 féadfaidh údaráis inniúla na Bulgáire, ar cothrom leis na forais agóide atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Rialachán, agóidí a dhéanamh i gcoinne loingsithe chuig an mBulgáir i gcás na dramhaíola seo a leanas lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinn III. Beidh loingsithe den sórt sin faoi réir Airteagal 10 den Rialachán.

AA. DRAMHAÍL A IOMPRAÍONN MIOTAL

- AA 090 Dramhaíl agus iarmhair arsanaice

- AA 100 Dramhaíl agus iarmhair mhearcair

- AA 130 Licéir ó mhiotail a phicliú

AB. DRAMHAÍL A BHFUIL COMHÁBHAIR NEAMHORGÁNACHA GO PRÍOMHA INTI, AR FÉIDIR MIOTAIL AGUS ÁBHAIR ORGÁNACHA A BHEITH INTI

AC. DRAMHAÍL A BHFUIL COMHÁBHAIR ORGÁNACHA GO PRÍOMHA INTI, AR FÉIDIR MIOTAIL AGUS ÁBHAIR NEAMHORGÁNACHA A BHEITH INTI

- AC 040 Slodaí peitril (gásailín) luaidhe

- AC 050 Sreabháin theirmeacha (traschur teasa)

- AC 060 Sreabháin hiodrálacha

- AC 070 Sreabháin choscán

- AC 080 Sreabháin frithreoáin

- AC 110 Feanóil, comhábhair feanóil lena n-áirítear clóraifeanól i bhfoirm leachtanna agus slodaí

- AC 120 Naftailéiní polaclóirinithe

- AC 150 Clórafluaracarbóin

- AC 160 Halóin

- AC 190 Bruth - meilteach éadrom de dheasca stialladh gluaisteán

- AC 200 Comhdhúile orgánacha fosfair

- AC 230 Iarmhair neamhuiscí halaiginithe nó neamh-halaiginithe driogtha a eascraíonn ó oibríochtaí athghabhála tuaslagóirí orgánacha

- AC 240 Dramhaíl a eascraíonn ó hidreacarbóin halaiginithe alafatacha (ar nós clóraimeatán, déchlóireatáin, clóiríde vinile, clóiríde vinilidéine, clóiríde aillile agus eipeaclóirihidríne) a tháirgeadh

- AC 260 Aoileach leachtach muc, faecas

AD. DRAMHAÍL AR FÉIDIR COMHÁBHAIR ORGÁNACHA NÓ NEAMHORGÁNACHA A BHEITH INTI

- AD 010 Dramhaíl ó tháirgí cógaisíochta a tháirgeadh agus a ullmhú

Dramhaíl ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas, atá comhdhéanta de nó atá fabhtaithe aige:

- AD 040 Ciainídí neamhorgánacha, amach ó iarmhair a iompraíonn miotail lómhara i bhfoirm sholadach ina bhfuil rianta de chiainídí neamhorgánacha

- AD 050 Ciainídí orgánacha

- AD 060 Dramhaíl olaí/uisce; meascáin hidreacarbón/uisce, eibleachtaí

- AD 070 Dramhaíl ó dhúigh, ruaimeanna, líocha, péinteanna, laicir, vearnais a tháirgeadh, a fhoirmliú agus a úsáid

- AD 150 Ábhar orgánach a fhaightear go nádúrtha arna úsáid mar mheán scagtha (ar nós bithscagairí)

- AD 160 Dramhaíl bhardasachta/tí

Féadfar an tréimhse sin a fhadú go tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2012 faoin nós imeachta atá sainithe in Airteagal 18 de Threoir 75/442/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1975 maidir le dramhaíl [9] mar atá arna leasú le Treoir 91/156/CEE ón gComhairle [10].

(c) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, go dtí an 31 Nollaig 2009 féadfaidh údaráis inniúla na Bulgáire, ar cothrom leis na forais agóide atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Rialachán, agóid i gcoinne loingsithe dramhaíola chuig an mBulgáir lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán agus i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.

(d) De mhaolú ar Airteagal 7(4) de Rialachán (CEE) Uimh. 259/93, déanfaidh údaráis inniúla na Bulgáire agóid i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil atá liostaithe in Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán agus i gcoinne loingsithe dramhaíola lena hathghabháil nach bhfuil liostaithe sna hIarscríbhinní sin arb é a gceann scríbe áis a thairbhíonn de mhaolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú [11] nó de Threoir 2001/80/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le hastaíocht truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin a theorannú [12], i rith na tréimhse ina gcuirtear an maolú sealadach i bhfeidhm maidir leis an áis chinn scríbe.

2. 31994 L 0062: Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl pacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32004 L 0012: Treoir 2004/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.2.2004 (IO L 47, 18.2.2004, lch. 26).

(a) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(a) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Bhulgáir an sprioc foriomlán athghabhála nó losctha ag gléasraí losctha dramhaíola lena ngabhann athghabháil fuinnimh a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2011 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 35 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 39 % do 2007, 42 % do 2008, 46 % do 2009 agus 48 % do 2010.

(b) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(b) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Bhulgáir an sprioc foriomlán athghabhála nó losctha ag gléasraí losctha dramhaíola lena ngabhann athghabháil fuinnimh a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2014 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 50 % de réir meáchain do 2011, 53 % do 2012 agus 56 % do 2013.

(c) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(c) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Bhulgáir amach an sprioc athchúrsála le haghaidh plaisteach faoin 31 Nollaig 2009 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 8 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 12 % do 2007 agus 14,5 % do 2008.

(d) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(d) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Bhulgáir amach an sprioc foriomlán athchúrsála faoin 31 Nollaig 2014 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 34 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 38 % do 2007, 42 % do 2008, 45 % do 2009, 47 % do 2010, 49 % do 2011, 52 % do 2012 agus 54,9 % do 2013.

(e) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(e)(i) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Bhulgáir amach an sprioc athchúrsála le haghaidh gloine faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 26 % de réir meáchain faoin 31 Nollaig 2006, 33 % do 2007, 40 % do 2008, 46 % do 2009, 51 % do 2010, 55 % do 2011 agus 59,6 % do 2012.

(f) De mhaolú ar Airteagal 6(1)(e)(iv) de Threoir 94/62/CE, déanfaidh an Bhulgáir an sprioc athchúrsála le haghaidh plaisteach, ar a n-áireofar go heisiach ábhar a dhéantar a athchúrsáil ar ais i bplaistigh, a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2013 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- 17 % de réir meáchain do 2009, 19 % do 2010, 20 % do 2011 agus 22 % do 2012.

3. 31999 L 0031: Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1), mar atá arna leasú le:

- 32003 R 1882: Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29.9.2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

De mhaolú ar Airteagal 5(3)(a) agus (b) agus ar Iarscríbhinn I, pointe 2, an dara fleasc, de Threoir 1999/31/CE agus gan dochar d'Airteagal 6(c)(ii) den Treoir agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1975 maidir le dramhaíl [13], ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2014 maidir leis na 14 áis seo a leanas atá ann ag na ceanglais do dhramhaíl leachtach, chreimneach agus ocsaídeach agus i dtaca le cosc ar uisce dromchla a theacht isteach i ndramhaíl arna cur i líonadh talún:

1. linn sloda "Polimeri", Varna, Devnya;

2. linn chumasctha luaithrigh agus sloda "Solvay Sodi", "Deven" agus "Agropolichim", Varna, Devnya i mbardasacht Varna;

3. linn luaithrigh TPP "Varna", Varna, Beloslav;

4. linn luaithrigh "Sviloza", Veliko Tarnovo, Svishtov;

5. TPP ag linn luaithrigh "Zaharni zavodi", Veliko Tarnovo, Gorna Oriahovitsa

6. linn luaithrigh "Vidachim v likvidatsya", Vidin, Vidin;

7. linn luaithrigh "Toplofikatsia-Ruse" TPP "Ruse Thoir", Ruse, Ruse;

8. linn luaithrigh TPP "Republica", "COF-Pernik" agus "Kremikovtsi-Rudodobiv", Pernik, Pernik;

9. "Toplofikatsia Pernik" agus "Solidus" — linn luaithrigh Pernik, Pernik, Pernik;

10. linn luaithrigh TPP "Bobov dol", Kyustendil, Bobov dol;

11. linn luaithrigh "Brikel", Stara Zagora, Galabovo;

12. linn luaithrigh "Toplofikatsia Sliven", Sliven, Sliven;

13. linn luaithrigh TPP "Maritsa 3", Haskovo, Dimitrovgrad;

14. linn luaithrigh "Maritsa 3", Haskovo, Dimitrovgrad.

Áiritheoidh an Bhulgáir laghdú de réir a chéile den dramhaíl arna cur i líonadh talún sna 14 áis neamhchomhlíontach atá ann i gcomhréir leis na méideanna uasta bliantúla seo a leanas:

- faoin 31 Nollaig 2006: 3020000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2007: 3010000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2008: 2990000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2009: 1978000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2010: 1940000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2011: 1929000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2012: 1919000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2013: 1159000 tona;

- faoin 31 Nollaig 2014: 1039000 tona.

4. 32002 L 0096: Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 37, 13.2.2003, lch. 24), mar atá arna leasú le:

- 32003 L 0108: Treoir 2003/108/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8.12.2003 (IO L 345, 31.12.2003, lch. 106).

De mhaolú ar Airteagail 5(5) agus 7(2) de Threoir 2002/96/CE, faoin 31 Nollaig 2008 bainfidh an Bhulgáir amach ráta bailiúcháin leithligh de cheithre chileagram DTLL ar a laghad ar an meán in aghaidh an duine in aghaidh na bliana ó theaghlaigh phríobháideacha agus bainfidh sí amach an ráta athghábhála agus an ráta athúsáide agus athchúrsála comhpháirteanna, ábhar agus substaintí.

[9] IO L 194, 25.7.1975, lch. 39. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[10] IO L 78, 26.3.1991, lch. 32.

[11] IO L 257, 10.10.1996, lch. 26.

[12] IO L 309, 27.11.2001, lch. 1. Treoir mar atá arna leasú go deireanach le hIonstraim Aontachais 2003 (IO L 236, 23.9.2003, lch. 33).

[13] IO L 194, 25.7.1975, lch. 39. Treoir mar atá arna leasú le Treoir 91/156/CEE agus mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

--------------------------------------------------