12003TN11/10/C



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0869 - 0870


C. CÁILÍOCHT AN UISCE

1. 31983 L 0513: Treoir 84/513/CEE ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 1983 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh caidmiam (IO L 291, 24.10.1983, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

De mhaolú ar Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I de Threoir 83/513/CEE, ní bheidh feidhm ag na luachanna teorantacha do sceitheadh caidmiam sna huiscí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 76/464/CEE maidir le truailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a sceitheadh i dtimpeallacht uisceach an Chomhphobail [6] i Málta go dtí an 31 Nollaig 2004 maidir le sruth éalaithe Ras il-Ħobż, go dtí an 31 Nollaig 2006 maidir le sruth éalaithe Iċ-Ċumnija agus go dtí an 31 Márta 2007 maidir le sruth éalaithe Wied Għammieq.

2. 31986 L 0280: Treoir 86/280/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le luachanna teorantacha agus cuspóirí cáilíochta do sceitheadh substaintí contúirteacha áirithe atá folaithe i Liosta I den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 76/464/CEE (IO L 181, 4.7.1986, lch. 16), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31991 L 0692: Treoir 91/692/CEE ón gComhairle an 23.12.1991 (IO L 377, 31.12.1991, lch. 48).

De mhaolú ar Airteagal 3 agus Iarscríbhinn II de Threoir 86/280/CEE, ní bheidh feidhm ag an luach teorantach do sceitheadh clórafoirm dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 76/464/CEE maidir le truailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe a sceitheadh i dtimpeallacht uisceach an Chomhphobail [7] i Málta go dtí an 30 Meán Fómhair 2004 maidir le gléasraí cumhachta Marsa agus Delimara, go dtí an 31 Nollaig 2004 maidir le sruth éalaithe Ras il-Ħobż go dtí an 31 Nollaig 2006 maidir le sruth éalaithe Iċ-Ċumnagus go dtí an 31 Márta 2007 maidir le sruth éalaithe Wied Għammieq. Ina theannta sin, ní bheidh feidhm at na luachanna teorantacha do sceitheadh tríchlóireitiléine agus sárchlóireitiléine i Málta go dtí an 31 Nollaig 2004 maidir le sruth éalaithe Ras il-Ħobż, go dtí an 31 Nollaig 2006 maidir le sruth Iċ-Ċumnija agus go dtí an 31 Márta 2007 maidir le sruth éalaithe Wied Għammieq.

3. 31991 L 0271: Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40), mar atá arna leasú le:

- 31998 L 0015: Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27.2.1998 (IO L 67, 7.3.1998, lch. 29).

(a) De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 91/271/CE, ní bheidh feidhm iomlán go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2006 i Málta ag na ceanglais do chórais bhailithe fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- faoi cheann dháta an aontachais, beidh an Treoir comhlíonta i gcás Marsa Land agus Gozo-Main in ionannas le 24 % den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

- faoi cheann an 30 Meitheamh 2004, beidh an Treoir comhlíonta do Dheisceart Mhálta in ionannas le 67 % breise den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

- faoi cheann an 31 Nollaig 2005, beidh an Treoir comhlíonta do Gharb in Gozo agus Nadur in Gozo in ionannas le 1 % breise den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

(b) De mhaolú ar Airteagal 4 de Threoir 91/271/CEE, ní bheidh feidhm iomlán go dtí an 31 Márta 2007 i Málta ag na ceanglais do chóireáil fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- faoi cheann dháta an aontachais, beidh an Treoir comhlíonta i gcás Marsa Land is ionann le 19 % den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

- faoi cheann an 31 Deireadh Fómhair 2004, beidh an Treoir comhlíonta do Gozo-Main in ionannas le 5 % breise den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

- faoi cheann an 31 Nollaig 2005, beidh an Treoir comhlíonta do Gharb in Gozo agus Nadur in Gozo in ionannas le 1 % breise den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

- faoi cheann na 31 Deireadh Fómhair Meitheamh 2006, beidh an Treoir comhlíonta do Thuaisceart Mhálta in ionannas le 8 % breise den lód iomlán in-bhithdhíghrádaithe;

4. 31998 L 0083: Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

De mhaolú ar Airteagail 5(2) agus 8 agus Cuid B d'Iarscríbhinn I de Threoir 98/83/CE, ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2005 i Málta ag na luachanna arna socrú do pharaiméadair fluairíde agus nítráite.

[6] IO L 129,18.5.1976, lch 23. Treoir mar atá arna leasú go deireanach ag Treoir 2000/60/CE (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

[7] IO L 129,18.5.1976, lch 23. Treoir mar atá arna leasú go deireanach ag Treoir 2000/60/CE (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

--------------------------------------------------