02018R1860 — GA — 03.08.2021 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2018/1860 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 28 Samhain 2018 (IO L 312 7.12.2018, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2021/1152 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 7 Iúil 2021 |
L 249 |
15 |
14.7.2021 |
RIALACHÁN (AE) 2018/1860 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Samhain 2018
maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta ar foláirimh i ndáil le náisiúnaigh tríú tír iad atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gCóras Faisnéise Schengen (SIS), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1861 é, agus chomh maith leis sin, maidir le faisnéis fhorlíontach a mhalartú faoi na foláirimh sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” náisiúnach tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “cinneadh um fhilleadh” cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina luaitear nó ina ndearbhaítear fanacht náisiúnaigh tríú tír a bheith neamhdhleathach agus lena bhforchuirtear nó lena luaitear oibleagáid um fhilleadh lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “foláireamh” foláireamh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis fhorlíontach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “aistriú” aistriú mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “imeacht deonach”' imeacht deonach mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE;
ciallaíonn “Ballstát eisiúna” Ballstát eisiúna mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “Ballstát deonaithe” Ballstát deonaithe mar a shainmhínítear i bpointe (11) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “Ballstát forghníomhaitheach” Ballstát forghníomhaitheach mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;
ciallaíonn “CS-SIS” feidhm tacaíochta teicniúla SIS Láir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “cead cónaithe” cead cónaithe dá dtagraítear i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/399;
ciallaíonn “víosa fadfhanachta” víosa fadfhanachta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Choinbhinsiún an 19 Meitheamh 1990 chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile ( 1 ) a chur chun feidhme;
ciallaíonn “amas” amas mar a shainmhínítear i bpointe (8) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1861;
ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” baol don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 i Rialachán (AE) 2016/399;
ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” na teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399.
Airteagal 3
Foláirimh maidir le filleadh a iontráil in SIS
Airteagal 4
Catagóirí sonraí
Ní bheidh san fholáireamh maidir le filleadh arna n-iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ach na sonraí seo a leanas:
sloinnte;
céadainmneacha;
ainmneacha tráth breithe;
ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;
áit bhreithe;
dáta breithe;
inscne;
náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;
an bhfuil an méid a leanas fíor i gcás an duine lena mbaineann:
tá an duine armtha;
is duine foréigneach é;
theith sé nó d'éalaigh sé;
tá an baol ann go gcuirfidh sé lámh ina bhás féin;
is baol é don tsláinte phoiblí; nó
tá an duine páirteach i ngníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541;
cúis an fholáirimh;
an t-údarás a chruthaigh an foláireamh;
tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;
an beart atá le déanamh i gcás amas;
naisc le foláirimh eile de bhun Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1861;
an maidir le náisiúnach tríú tír ar bagairt é don tslándáil phoiblí, don tslándáil phoiblí nó don tslándáil náisiúnta atá an cinneadh um fhilleadh á eisiúint;
cineál an chiona;
catagóir dhoiciméad aitheantais an duine;
tír eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;
uimhir(uimhreacha) dhoiciméad aitheantais an duine;
dáta eisiúna dhoiciméad aitheantais an duine;
grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;
sonraí dachtalascópacha;
cóip de dhoiciméad aitheantais an duine, daite más féidir;
dáta deiridh na tréimhse ina gceadaítear imeacht deonach, más rud é go gceadaítear sin;
an ndearnadh an cinneadh um fhilleadh a chur ar fionraí nó an ndearnadh forfheidhmiú an chinnidh sin a chur ar athló, lena n-áirítear mar gur cuireadh isteach achomharc;
an bhfuil toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh arb é an bunús le haghaidh foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861.
I dtaca leis na sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear i bpointe (v) de mhír 1, is ceadmhach:
idir 1 go 10 de mhéarloirg a thógfar ón náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus a lámh ar leathadh agus an líon céanna de mhéarloirg rollta a áireamh sna sonraí sin;
i gcás náisiúnaigh tríú tír ar dodhéanta a méarloirg a ghlacadh, is ceadmhach suas le dhá lorg dearnan a ghlacadh uathu;
i gcás náisiúnaigh tríú tír atá le filleadh mar phionós faoin dlí coiriúil nó a bhfuil cion coiriúil déanta acu ar chríoch an Bhallstáit a d'eisigh an cinneadh um fhilleadh, is ceadmhach suas le dhá lorg dearnan a ghlacadh uathu.
Airteagal 5
An t-údarás atá freagrach as faisnéis fhorlíontach a mhalartú
Áiritheoidh Biúró SIRENE a ainmnítear faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1861 go ndéanfar an fhaisnéis fhorlíontach uile, a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir foláirimh maidir le filleadh i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán sin, a mhalartú.
Airteagal 6
Amais ar imeacht ag na teorainneacha seachtracha — Deimhniú um fhilleadh
I gcás amas ar fholáireamh maidir le filleadh a bhaineann le náisiúnach tríú tír a bhfuil críoch na mBallstát á fágáil aige trí theorainn sheachtrach Ballstáit, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis a leanas in iúl don Bhallstát eisiúna, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú:
gur sainaithníodh an náisiúnach tríú tír;
áit agus am na seiceála;
gur fhág an náisiúnach tríú tír críoch na mBallstát;
go ndearnadh an náisiúnach tríú tír a aistriú, más amhlaidh an cás.
I gcás ina bhfágann náisiúnach tríú tír, atá faoi réir foláireamh maidir le filleadh, críoch na mBallstát, thar theorainn sheachtrach an Bhallstáit eisiúna, cuirfear an deimhniú um fhilleadh chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta.
Airteagal 7
Neamhchomhlíonadh cinntí um fhilleadh
Airteagal 8
Amais ag na teorainneacha seachtracha ar theacht isteach
I gcás amas ar fholáireamh maidir le filleadh a bhaineann le náisiúnach tríú tír a thagann isteach ar chríoch na mBallstát trí na teorainneacha seachtracha, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
i gcás ina mbeidh toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach sin in iúl don Bhallstát eisiúna láithreach, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú. Scriosfaidh an Ballstát eisiúna láithreach an foláireamh maidir le filleadh agus eiseoidh sé foláireamh maidir le teacht isteach agus fanacht a dhiúltú de bhun phointe (b) d'Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/1861;
i gcás nach mbeidh toirmeasc ar theacht isteach ag gabháil leis an gcinneadh um fhilleadh, cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach sin in iúl láithreach don Bhallstát eisiúna, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chun go bhféadfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh gan mhoill.
Is é an Ballstát forghníomhaitheach a dhéanfaidh an cinneadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, maidir le teacht isteach an náisiúnaigh tríú tír.
Airteagal 9
Réamhchomhairliúchán sula ndéantar cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh
I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh i gcás náisiúnach tríú tír is ábhar d'fholáireamh maidir le filleadh, lena ngabhann toirmeasc ar theacht isteach, arna iontráil ag Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit a bheidh i gceist i gcomhairle le chéile, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, i gcomhréir le na rialacha seo a leanas:
rachaidh an Ballstát deonaithe i gcomhairle leis an mBallstát eisiúna sula ndéantar an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh;
tabharfaidh an Ballstát eisiúna freagra ar an iarraidh ar chomhairliúchán tráth nach déanaí ná 10 lá dá éis;
mura bhfaighfear freagra faoin spriocdháta dá dtagraítear i bpointe (b), ciallóidh sé sin nach gcuireann an Ballstát eisiúna in aghaidh dheonú nó shíneadh an cheada cónaithe nó na víosa fadfhanachta;
agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;
cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh; agus
i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil rún aige an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a dheonú nó a shíneadh, nó go bhfuil cinnte aige sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh.
Is faoin mBallstát deonaithe a fhágfar an cinneadh deiridh maidir le cead cónaithe nó víosa fadfhanachta a dheonú do náisiúnach tríú tír.
Airteagal 10
Réamhchomhairliúchán sula n-iontráiltear foláireamh maidir le filleadh
I gcás inar eisigh Ballstát cinneadh um fhilleadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE agus ina bhfuil sé ag smaoineamh ar fholáireamh maidir le filleadh a iontráil do náisiúnach tríú tír a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa bhailí fadfhanachta aige, a dheonaigh Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
cuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin gcinneadh;
beidh mionsonraí leordhóthanacha faoi na cúiseanna atá leis an gcinneadh san áireamh sa mhalartú faisnéise faoi phointe (a);
ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh, déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;
agus an cinneadh ábhartha á dhéanamh, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá le cinneadh an Bhallstáit a rinne an cinneadh um fhilleadh agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;
laistigh de 14 lá féilire ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát a rinne an cinneadh um fhilleadh ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir leis an mBallstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra darb uasfhad 12 lá eile a chur leis an tréimhse sin;
i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát a rinne an cinneadh um fhilleadh go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta á choinneáil nó á coinneáil ar bun aige, ní chuirfidh an Ballstát a ghlac an cinneadh um fhilleadh foláireamh maidir le filleadh isteach.
Airteagal 11
Comhairliúchán a posteriori tar éis foláireamh maidir le filleadh a iontráil
I gcás ina dtagann sé chun cinn gur iontráil Ballstát foláireamh maidir le filleadh do náisiúnach tríú tír atá ina shealbhóir nó ina sealbhóir ar chead cónaithe bailí nó ar víosa bhailí fadfhanachta, arna dheonú nó arna deonú ag Ballstát eile, féadfaidh an Ballstát eisiúna cinneadh a dhéanamh an cinneadh um fhilleadh a tharraingt siar. I gcás tarraingt siar den chineál sin, scriosfaidh sé an foláireamh maidir le filleadh láithreach. Ach i gcás ina gcinneann an Ballstát eisiúna an cinneadh um fhilleadh a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2008/115/CE a choinneáil ar bun, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú de réir na rialacha seo a leanas:
cuirfidh an Ballstát eisiúna an Ballstát deonaithe ar an eolas faoin gcinneadh um fhilleadh;
beidh mionsonraí leordhóthanacha faoi na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh maidir le filleadh san áireamh sa mhalartú faisnéise faoi phointe (a);
ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát eisiúna ar fáil, déanfaidh an Ballstát deonaithe a mheas cé acu atá nó nach bhfuil cúiseanna ann chun an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a tharraingt siar;
agus a chinneadh á dhéanamh aige, cuirfidh an Ballstát deonaithe san áireamh na cúiseanna atá leis an gcinneadh a rinne an Ballstát eisiúna, agus déanfaidh sé a mheas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar aon bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil phoiblí a d'eascródh as an náisiúnach tríú tír sin a bheith ar chríoch na mBallstát;
laistigh de 14 lá féilire ó fuarthas an iarraidh ar chomhairliúchán, cuirfidh an Ballstát deonaithe an Ballstát eisiúna ar an eolas faoina chinneadh nó i gcás nárbh fhéidir leis an mBallstát deonaithe cinneadh a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, déanfaidh an Ballstát, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh réasúnaithe ar shíneadh a chur leis an tréimhse ama ina dtabharfar freagra darb uasfhad 12 lá eile a chur leis an tréimhse sin;
i gcás ina dtabharfaidh an Ballstát deonaithe fógra don Bhallstát eisiúna go bhfuil an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta á choinneáil nó á coinneáil ar bun aige, déanfaidh an Ballstát eisiúna an foláireamh maidir le filleadh a scriosadh láithreach.
Airteagal 12
Comhairliúcháin i gcás amas i dtaca le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta
I gcás ina gcastar amas ar Bhallstát ar fholáireamh maidir le filleadh arna iontráil ag Ballstát eile maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa bhailí fadfhanachta arna dheonú nó arna deonú ag Ballstát eile, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
cuirfidh an Ballstát forghníomhaitheach an Ballstát eisiúna ar an eolas faoin gcás;
cuirfidh an Ballstát eisiúna tús leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11;
tabharfaidh an Ballstát eisiúna fógra don Bhallstát forghníomhaitheach faoin toradh tar éis an chomhairliúcháin.
Airteagal 13
Staitisticí maidir le malartú faisnéise
Cuirfidh na Ballstáit staidreamh ar fáil do eu-LISA go bliantúil faoi na malartuithe faisnéise a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8 go Airteagal 12 agus faoi gach uair nár cloíodh le spriocdháta dá bhforáiltear sna hAirteagail sin.
Airteagal 14
Foláirimh a scriosadh
Airteagal 15
Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha chun críche filleadh
Ní dhéanfar sonraí a aistriú chuig an tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
is chun náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach agus atá le filleadh a shainaithint, agus chun doiciméad aitheantais nó taistil a eisiúint ina leith, agus chun na gcríoch sin amháin, a aistreofar nó a chuirfear ar fáil na sonraí sin;
tugadh fógra don náisiúnach tríú tír lena mbaineann go bhféadfadh sé go roinnfí a chuid sonraí pearsanta nó a cuid sonraí pearsanta agus faisnéis fhorlíontach a bhaineann leis nó léi le húdaráis tríú tír.
Airteagal 16
Staitisticí
Cuirfidh eu-LISA staitisticí ar fáil ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil, (arna rangú de réir gach Ballstáit ar leith agus san iomlán) faoi líon na bhfoláireamh maidir le filleadh a cuireadh isteach in SIS. Áireofar ar na staitisticí na sonraí dá dtagraítear i bpointe (y) d'Airteagal 4(1), faoi líon na bhfoláireamh dá dtagraítear in Airteagal 7(1), agus faoi líon na bhfoláireamh maidir le filleadh a scriosadh. Cuirfidh eu-LISA staitisticí ar fáil faoi na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus le hAirteagal 13. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sna staitisticí sin.
Beidh an staidreamh sin ar áireamh sa tuarascáil bhliantúil staitistiúil dá bhforáiltear in Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2018/1861.
Airteagal 17
Ceart rochtana ag na húdaráis inniúla ar shonraí atá in SIS
Airteagal 18
Meastóireacht
Laistigh de 2 bhliain ó thosófar á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar sa mheastóireacht sin measúnú ar na sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
Airteagal 19
Infheidhmeacht Rialachán (AE) 2018/1861
Sa mhéid agus nach suitear leis an Rialachán seo iad, i dtaca le hiontráil, próiseáil, agus uasdátú foláireamh, i dtaca leis na forálacha maidir le freagrachtaí na mBallstát agus eu-LISA, na coinníollacha maidir le foláirimh a rochtain agus an tréimhse athbhreithnithe a bhaineann le foláirimh, próiseáil sonraí, cosaint sonraí, dliteanas agus faireachán a dhéanamh agus staitisticí, mar a leagtar síos in Airteagail 6 go 19, Airteagal 20(3) agus (4), Airteagail 21, 23, 32 agus 33, Airteagal 34(5) agus Airteagail 36a, 36b, 36c agus 38 go 60 de Rialachán (AE) 2018/1861, beidh feidhm acu sin go léir agus sonraí á n-iontráil agus á bpróiseáil in SIS i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón dáta arna socrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2018/1861.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
( 1 ) IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.
( 2 ) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
( 3 ) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).