02013R1379 — GA — 25.04.2020 — 002.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1379/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2013 (IO L 354 28.12.2013, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
COUNCIL REGULATION (EU) No 1385/2013 of 17 December 2013 (*) |
L 354 |
86 |
28.12.2013 |
|
RIALACHÁN (AE) 2015/812 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2015 |
L 133 |
1 |
29.5.2015 |
|
RIALACHÁN (AE) 2020/560 Ó PHARLAIMINT NAHEORPA AGUS ÓNGCOMHAIRLE an 23 Aibreán 2020 |
L 130 |
11 |
24.4.2020 |
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1379/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2013
maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Is éard a bheidh i CEM na heilimintí seo a leanas:
eagraíochtaí gairmiúla;
caighdeáin mhargaíochta;
faisnéis do thomhaltóirí;
rialacha iomaíochta
faisnéis faoin margadh.
Airteagal 2
Raon Feidhme
Beidh feidhm ag CEM maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad a mhargaítear san Aontas.
Airteagal 3
Cuspóirí
Is iad cuspóirí CEM na cuspóirí sin a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).
Airteagal 4
Prionsabail
Beidh mar threoir ag CEM prionsabail an dea-rialachais a leagtar síos in Airteagal 3 de de Rialachán (AE) 1380/2013.
Airteagal 5
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 1380/2013, chomh maith leis na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ( 4 ), in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus óngComhairle ( 6 ), agus in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ). Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
ciallaíonn "táirgí iascaigh" orgánaigh uisceacha ar toradh aon ghníomhaíochta iascaigh iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn "táirgí dobharshaothraithe" orgánaigh uisceacha, ag aon chéim dá saolré, ar toradh aon ghníomhaíochta dobharshaothraithe iad nó táirgí a dhíorthaítear uathu, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I;
ciallaíonn "táirgeoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann modh táirgthe chun táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a fháil d'fhonn iad a chur ar an margadh.
ciallaíonn "an earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe" an earnáil den gheilleagar a chuimsíonn gach gníomhaíocht táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a bhaineann le táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe;
ciallaíonn "cur ar fáil ar an margadh" aon soláthar de tháirge iascaigh nó dobharshaothraithe atá ceaptha lena dháileadh, lena chaitheamh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
ciallaíonn "cur ar an margadh" an chéad uair a chuirtear táirge iascaigh nó dobharshaothraithe ar fáil ar mhargadh an Aontais;
ciallaíonn "miondíol" láimhseáil agus/nó próiseáil bhia agus é a stóráil ag an bpointe díola leis an tomhaltóir deiridh nó ag an bpointe seachadta ar an tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear críochfoirt dáilte, oibríochtaí lónadóireachta, ceaintíní monarchan, lónadóireacht in institiúidí, bialanna agus oibríochtaí comhchosúla eile seirbhísí bia, siopaí, ionaid dáilte ollmhargaí agus asraonta mórdhíola;
ciallaíonn "táirge iascaigh agus dobharshaothraithe réamhphacáilte" táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar "bia réamhphacáilte" iad de réir mar a dtagraítear dóibh i bpointe (e) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1169/2011.
CAIBIDIL II
EAGRAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA
ROINN I
Bunú, cuspóirí agus bearta
Airteagal 6
Eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe a bhunú
Airteagal 7
Cuspóirí eagraíochtaí táirgeoirí
Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh na cuspóirí seo a leanas:
gníomhaíochtaí inmharthana agus inbhuanaithe iascaireachta a chur chun cinn ar gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag a gcuid ball agus an beartas comhshaoil á chomhlíonadh ina iomláine, go háirithe de réir mar a leagtar síos é, i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus sa dlí comhshaoil, agus an beartas sóisialta á urramú ag an am céanna. I gcás ina ndéanann an Ballstát lena mbaineann foráil don mhéid sin, beidh an eagraíocht táirgeoirí iascaigh rannpháirteach freisin i mbainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara.
gabhálacha stoc tráchtála nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus, i gcás inar gá, an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha sin, gan margadh a chruthú dóibh siúd atá faoin íosmhéid tagartha caomhantais, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
rannchuidiú le hinrianaitheacht táirgí iascaigh agus rochtain ar fhaisnéis shoiléir, chuimsitheach do thomhaltóirí.
rannchuidiú le deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.
Saothróidh eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe na cuspóirí seo a leanas:
gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn ar gníomhaíochtaí iad arna ndéanamh ag a gcuid ball trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh fhorbairt na ngníomhaíochtaí sin agus an beartas comhshaoil agus, gó háirithe, agus go háirithe de réir mar a leagtar síosRialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chomhlíonadh ina iomláine agus laistigh de dhlí comhshaoil, agus an beartas sóisialta á urramú;
a fháil amach cibé an bhfuil gníomhaíochtaí a mball ag teacht leis na pleananna náisiúnta straitéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go dtagann táirgí beatha dobharshaothraithe de bhunadh iascaigh ó iascaigh atá á mbainistiú go hinbhuanaithe.
I dteannta na gcuspóirí atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí dhá cheann nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas:
feabhas a chur ar na coinníollacha faoina gcuirtear táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe a gcuid ball ar an margadh;
feabhas a chur ar shochair eacnamaíocha;
na margaí a chobhsú;
rannchuidiú leis an soláthar bia agus ardcháilíocht bia agus ardchaighdeáin sábháilteachta a chur chun cinn; agus ag an am céanna rannchuidiú le fostaíocht sna limistéir feadh an chósta agus faoin tuath;
tionchar comhshaoil na hiascaireachta a laghdú, lena n-áirítear trí bhearta chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta.
Airteagal 8
Bearta a d'fhéadfadh eagraíochtaí táirgeoirí a úsáid
Chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 7 a bhaint amach, féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí úsáid a bhaint as, inter alia, na bearta seo a leanas:
táirgeadh a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh;
soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a threorú;
táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais dá gcuid ball a chur chun cinn ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trí úsáid a bhaint mar shampla as féidearthacht an deimhnithe, go háirithe sonrúcháin tionscnaimh, séalaí cáilíochta, sonrúcháin geografacha, speisaltachtaí traidisúnta atá ráthaithe, agus fiúntas táirgí ó thaobh inbhuanaitheachta de;
gníomhaíochtaí a gcuid ball a rialú agus bearta comhlíonta a ghlacadh i ndáil leis na rialacha arna mbunú ag an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann agus rialú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin.
gairmoiliúint agus cláir chomhair a chur chun cinn chun daoine óga a spreagadh chun dul isteach san earnáil;
tionchar comhshaoil na hiascaireachta a laghdú, lena n-áirítear trí bhearta chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta;
úsáid na teicneolaíochta faisnéise cumarsáide a chur chun cinn chun feabhas a chur ar mhargaíocht agus ar phraghsanna;
rochtain tomhaltóirí ar fhaisnéis maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a éascú.
Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh úsáid a bhaint freisin as na bearta seo a leanas:
gníomhaíochtaí iascaireachta a gcuid ball a chomhphleanáil agus a chomhbhainistiú as láimh a chéile, faoi réir eagrú bhainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara ag na Ballstáit, lena n-áirítear bearta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú agus chun comhairle a thabhairt d'údaráis inniúla;
na gabhálacha nach bhfuil de dhíth a sheachaint agus a íoslaghdú trí bheith bainteach le forbairt agus cur i bhfeidhm beart teicniúil, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha stoc tráchtála nach bhfuil de dhíth gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoin íosmhéid tagartha caomhantais, i gcomhréir le hAirteagal 15(11) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 34(2) den Rialachán seo, de réir mar is iomchuí;
stóráil shealadach do tháirgí iascaigh a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 31 den Rialachán seo.
Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí dobharshaothraithe úsáid a bhaint freisin as na bearta seo a leanas:
gníomhaíochta dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe a fhad a bhaineann siad le cosaint an chomhshaoil, le sláinte ainmhithe agus le leas ainmhithe.
faisnéis a bhailiú faoi na táirgí a mhargaítear, lena n-áirítear faisnéis eacnamaíoch faoi chéad-díolacháin agus faoi thuartha táirgeachta;
faisnéis maidir leis an gcomhshaol a bhailiú;
bainistiú gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a gcuid ball a phleanáil; agus
tacú le cláir le haghaidh daoine gairmiúla chun táirgí dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn; agus
stóráil shealadach do tháirgí dobharshaothraithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán seo.
Airteagal 9
Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú
Airteagal 10
Cuspóirí na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí
Saothróidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí na cuspóirí seo a leanas:
aon cheann de na cuspóirí de chuid na n-eagraíochtaí táirgeoirí ar baill iad atá leagtha síos in Airteagal 7, a fheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla agus inbhuanaithe;
comhordú agus forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhleasa bhall na n-eagraíochtaí táirgeoirí.
Airteagal 11
Eagraíochtaí idirchraoibhe a bhunú
Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe, féadfar iad a bhunú ar thionscnamh ó oibreoirí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar a dtionscnamh féin i mBallstát amháin nó níos mó agus féadfar iad a aithint i gcomhréir le Roinn II.
Airteagal 12
Cuspóirí eagraíochtaí idirchraoibhe
Cuirfidh na heagraíochtaí idirchraoibhe feabhas ar chomhordú chur ar fáil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar mhargadh an Aontais agus ar na coinníollacha faoina gcuirtear ar fáil iad.
Airteagal 13
Na bearta is féidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a úsáid
Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 12 a bhaint amach, féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe úsáid a bhaint as na bearta seo a leanas:
conarthaí caighdeánacha a luíonn le reachtaíocht an Aontais a tharraingt suas;
táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a chur chun cinn ar bhealach neamh-idirdhealaitheach trí úsáid a bhaint, mar shampla, deimhniúchán, go háirithe sonrúcháin tionscnaimh, séalaí cáilíochta, sonrúcháin geografacha, speisaltachtaí traidisúnta atá ráthaithe, agus fiúntas táirgí ó thaobh inbhuanaitheachta de;
rialacha a leagan síos maidir le táirgeadh agus margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ar rialacha iad atá níos déine ná na rialacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais nó sa reachtaíocht náisiúnta;
feabhas a chur ar an táirgeadh agus ar an margadh ó thaobh cáilíochta, eolais, agus trédhearcachta de, chomh maith le gníomhaíochtaí gairmiúla agus gairmoiliúna a dhéanamh, mar shampla maidir le cúrsaí cáilíochta agus inrianaitheachta, maidir le sábháilteacht bia agus chun tionscnaimh taighde a spreagadh;
taighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh, agus teicnící a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an margadh ar an mbealach is fearr is féidir, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide chomh maith le sonraí socheacnamaíocha a bhailiú;
an fhaisnéis is gá a sholáthar agus an taighde is gá a dhéanamh chun soláthairtí a sheachadadh a chomhfhreagróidh do riachtanais an mhargaidh agus d'ionchais tomhaltóirí ó thaobh méid, cáilíochta agus praghais de;
speicis arna saothrú ó stoic éisc shláintiúla atá i riocht inbhuanaithe, ag a bhfuil luach cothaithe suntasach agus nach gcaitear go forleathan a chur chun cinn i measc tomhaltóirí;
gníomhaíochtaí a gcuid ball a rialú agus bearta comhlíonta a ghlacadh i ndáil leis na rialacha arna mbunú ag an eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann.
ROINN II
Aitheantas
Airteagal 14
Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint
Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíochtaí a thabhairt do gach grúpa a cuireadh ar bun ar thionscnamh ó tháirgeoirí iascaigh nó dobharshaothraithe a iarrann an t-aitheantas sin, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
go gcomhlíonann siad na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 17 agus na rialacha a glacadh chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm;
go bhfuil siad gníomhach a ndóthain go heacnamaíoch ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, nó ar chuid di, go háirithe maidir le líon na mball nó maidir leis an méid táirgeachta is inmhargaithe;
go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go bhfuil siad bunaithe ann agus go bhfuil a gceanncheathrú oifigiúil ar a chríoch;
go bhfuil siad in ann na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 7 a shaothrú;
go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta dá dtagraítear i gCaibidil V;
nach ndéanann siad mí-úsáid a bhaint as seasamh ceannasach sa mhargadh; agus
go gcuireann siad sonraí ábhartha ar fáil faoina mballraíocht, faoina rialachas agus faoina bhfoinsí maoinithe.
Airteagal 15
Tacaíocht airgeadais d'eagraíochtaí táirgeoirí
Maidir le bearta margaíochta le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhfuil sé d'aidhm acu eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú nó a athstruchtúrú, féadfar tacaíocht airgeadais a thabhairt i gcomhréir le gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais amach anseo lena mbunófar na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais don bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.
Airteagal 16
Eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint
Féadfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíocht idirchraoibhe a thabhairt do gach grúpa oibreoirí, atá bunaithe ar a gcríoch agus a dhéanann iarratas ar an aitheantas sin, ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:
go gcomhlíonann siad na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 17 agus na rialacha a glacadh chun na prionsabail sin a chur i bhfeidhm;
go ndéanann siad cion sonrach den ghníomhaíocht táirgthe agus ceann amháin de na gníomhaíochtaí próiseála agus na gníomhaíochtaí margaíochta nó iad araon, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó táirgí a phróiseáiltear as táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
nach bhfuil siad féin ag gabháil do tháirgeadh, próiseáil ná margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó táirgí a phróiseáiltear as táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
go bhfuil pearsantacht dhlítheanach acu faoi dhlí náisiúnta Ballstáit, go bhfuil siad bunaithe ann agus go bhfuil a gceanncheathrú oifigiúil sa chríoch sin;
go bhfuil siad ábalta na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 12 a chur i gcrích;
go gcuireann siad leas na dtomhaltóirí san áireamh;
nach gcuireann siad bac ar dhea-fheidhmiú CEM; agus
go gcomhlíonann siad na rialacha iomaíochta is infheidhme.
Airteagal 17
Feidhmiú inmheánach eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe
Beidh feidhmiú inmheánach eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus in Airteagal 16 bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:
go gcomhlíonann na baill na rialacha a ghlac an eagraíocht i dtéarmaí saothrú, táirgeadh agus margaíocht iascaigh;
nach ndéantar idir-dhealú ar bith idir na baill, go háirithe bunaithe ar náisiúntacht nó áit bunaithe;
go ndéantar ranníocaíocht airgeadais a thobhach ar a mbaill chun an eagraíocht a mhaoiniú;
feidhmiú daonlathach lena gcuirtear ar cumas na mball dianscrúdú a dhéanamh ar a n-eagraíocht agus ar na cinntí a dhéanann sí;
go ndéantar pionóis átá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a fhorchur le haghaidh shárú na n-oibleagáidí faoi rialacha inmheánacha na heagraíochta lena mbaineann, go háirithe i gcás neamhíocaíocht na ranníocaíochtaí airgeadais;
go ndéantar na rialacha maidir le cead isteach ball nua agus le baill a tharraingt siar a shainmhíniú;
go ndéantar na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha atá riachtanach chun an eagraíocht a bhainistiú a shainmhíniú.
Airteagal 18
An t-aitheantas a thugann na Ballstáit a sheiceáil agus a tharraingt siar
Airteagal 19
Deiseanna iascaireachta a dháileadh
Agus a cúraimí á ndéanamh, comhlíonfaidh eagraíocht táirgeoirí ar náisiúnaigh de chuid Ballstát éagsúla a mbaill nó aon chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta i mBallstáit éagsúla, na forálacha lena rialaítear leithdháileadh deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 20
Seiceálacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún
Airteagal 21
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:
na spriocdhátaí agus na nósanna imeachta agus cineál na n-iarratas chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe de bhun Airteagal 14 nó Airteagal 16 faoi seach, nó chun an t-aitheantas sin a tharraingt siar de bhun Airteagal 18;
an fhormáid, na spriocdhátaí agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus iad ag cur in iúl don Choimisiún aon chinneadh an t-aitheantas a thabhairt nó a tharraingt siar de bhun Airteagal 20(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi phointe (a) a oiriúnú, i gcás inarb iomchuí, do na saintréithe speisialta an iascaigh agus an dobharshaothraithe ar scála beag.
ROINN III
Rialacha a shíneadh
Airteagal 22
Rialacha eagraíochtaí táirgeoirí a shíneadh
Féadfaidh Ballstát na rialacha a comhaontaíodh laistigh d'eagraíocht táirgeoirí a chur de cheangal ar tháirgeoirí nach baill den eagraíocht iad agus a mhargaíonn aon cheann de na táirgí laistigh den limistéar a bhfuil an eagraíocht táirgeoirí ionadaitheach dó ar choinníoll:
go bhfuil an eagraíocht táirgeoirí bunaithe le tréimhse bhliain amháin ar a laghad agus go meastar go bhfuil sí ionadaitheach do tháirgeadh agus do mhargaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an earnáil mhionscála agus cheardaíochta ar mhionscála, i mBallstát amháin agus go gcuireann sí iarratas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta
go mbaineann na rialacha atá le síneadh le haon cheann de na bearta is féidir leis na heagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh atá leagtha síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 8(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 8(2) agus pointe (a) go pointe (e) d'Airtegal 8(3);
go gcomhlíontar na rialacha iomaíochais dá dtagraítear i gCaibidil V.
Airteagal 23
Rialacha eagraíochtaí idirchraoibhe a shíneadh
Féadfaidh Ballstát roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh d' eagraíocht idirchraoibhe a chur de cheangal ar eagraíocht idirchraoibhe eile sa limistéar sonrach nó sna limistéir shonracha, ar oibreoirí nach baill den eagraíocht sin iad, ar an gcoinníoll:
go gcumhdaíonn an eagraíocht idirchraoibhe ar a laghad 65 % de gach ceann ar a laghad de dhá ghníomhaíocht ar a laghad díobh seo a leanas: táirgeadh, próiseáil nó margaíocht an táirge ábhartha le linn na bliana roimhe sa limistéar nó sna limistéir lena mbaineann de Bhallstát, agus go gcuireann sé iarrtas isteach chuig na húdaráis inniúla náisiúnta; agus
go mbaineann na rialacha atá le síneadh chun oibreoirí eile le haon cheann de na bearta is féidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a dhéanamh atá leagtha síos i bpointe (a) go pointe (g) d'Airteagal 3 agus nach ndéanann siad dochar d'oibreoirí eile sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas.
Airteagal 24
Dliteanas
Nuair a shíntear rialacha chuig eagraíochtaí nach baill iad i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 23, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cinneadh a dhéanamh go bhfuil eagraíochtaí nach baill iad faoi dhliteanas ag an eagraíocht táirgeoirí nó ag an eagraíocht idirchraoibhe i leith choibhéis na gcostas ar fad nó cuid díobh a d'íoc na baill de thoradh chur i bhfeidhm na rialacha a chuig eagraíochtaí nach baill iad.
Airteagal 25
Údarú ón gCoimisiún
Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údarófar síneadh na rialacha dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll:
go gcomhlíontar forálacha Airteagal 22 agus Airteagal 23;
go gcomhlíontar na rialacha iomaíochta dá dtagraítear i gCaibidil V;
nach gcuireann an síneadh saorthrádáil i mbaol; agus
nach gcuirtear baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE i mbaol.
Airteagal 26
Údarú a tharraingt siar
Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh sé an t-údarú a thug sé na rialacha a shíneadh a tharraingt siar sa chás ina suíonn sé nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais maidir leis an údarú. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas i dtaobh tarraingt siar den sórt sin.
Airteagal 27
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le formáid agus nós imeachta an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 25(1). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
ROINN IV
Táirgeadh agus margaíocht a phleanáil
Airteagal 28
Plean táirgthe agus margaíochta
Beidh na nithe seo a leanas sa phlean táirgthe agus margaíochta:
clár táirgthe le haghaidh speiceas gafa nó feirme;
straitéis margaíochta chun cainníocht, cáilíocht agus cur i láthair an tsoláthair a chomhoiriúnú le ceanglais an mhargaidh;
bearta atá le déanamh ag an eagraíocht táirgeoirí chun cur leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 7;
réamhbhearta speisialta chun an soláthar speiceas a choigeartú a mbíonn deacrachtaí margaíochta ag baint leo de ghnáth i rith na bliana;
pionóis is infheidhme maidir le baill a sháraíonn na cinntí a glacadh chun an plean lena mbaineann a chur chun feidhme.
Nuair a dhéanfaidh siad na seiceálacha a cheanglaítear le mír 7 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí táirgeoirí.
Airteagal 29
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:
an formáid agus do struchtúr an phlean táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28;
an nós imeachta agus na teorainneacha ama le haghaidh na bpleananna táirgthe agus margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 28 a bheith curtha isteach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus faofa ag Ballstáit.
ROINN V
Na margaí a chobhsú
Airteagal 30
Sásra stórála
Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe tacaíocht airgeadais a fháil chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a stóráil, ar choinníoll:
go gcomhlíontar na coinníollacha a bhaineann le cúnamh stórála a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );
gur chuir eagraíochtaí táirgeoirí na táirgí ar an margadh agus nach bhfuarthas aon cheannaitheoir dóibh ag an truicearphraghas dá dtagraítear in Airteagal 31;
i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann na táirgí na comhchaighdeáin mhargaíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 33 agus gur de cháilíocht ard go leor iad lena gcaitheamh ag an duine;
go ndéantar na táirgí a chobhsú nó a phróiseáil agus a stóráil in umair nó i gcaighin, nó trína reo, ar bord soitheach nó i saoráidí ar tír, trína sailleadh, trína dtriomú, trína maranáidiú nó, más ábhartha, trína mbruith agus trína bpaistéaradh, cibé acu an ndéantar nó nach ndéantar na táirgí a fhilléadú nó a ghearradh nó, i gcás inarb iomchuí, sciotadh cinn orthu, de bhreis ar na próisis sin;
nach stóráiltear beo na táirgí dobharshaothraithe;
go ndéantar na táirgí a thabhairt isteach sa mhargadh arís ón stóráil níos faide anonn lena gcaitheamh ag an duine, agus
go bhfanann na táirgí sa stóráil ar feadh cúig lá ar a laghad.
Airteagal 31
Praghsanna ag a gcuirfear an sásra stórála ag obair
Agus an truicearphraghas á chinneadh, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
treochtaí táirgthe agus éilimh;
cobhsú praghsanna margaidh;
cóineasú na margaí;
ioncaim táirgeoirí;
leasanna tomhaltóirí.
Airteagal 32
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis an bhformáid ina bhfoilseoidh na Ballstáit na truicearphraghsanna de bhun Airteagal 31(4). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).
CAIBIDIL III
COMHCHAIGHDEÁIN MHARGAÍOCHTA
Airteagal 33
Comhchaighdeáin mhargaíochta a bhunú
Féadfaidh baint a bheith ag na caighdeáin dá dtagraítear i mír 1 le cáilíocht, méid, meáchan, pacáistiú, cur i láthair nó lipéadú na dtáirgí, agus leis na nithe seo a leanas go háirithe:
íosmhéideanna margaíochta a ceapadh i bhfianaise na comhairle eolaíche is fearr; beidh íosmhéideanna margaíochta den sórt sin ag teacht, i gcás inarb ábhartha, le híosmhéideanna tagartha caomhantais i gcomhréir le hAirteagal 15(10) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;
sonraíochtaí táirgí leasaithe atá i gcomhréir le ceanglais chaomhantais agus oibleagáidí idirnáisiúnta.
Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 gan dochar do na nithe seo a leanas:
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
Rialachán (CE) 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );
Rialachán (CE) 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
Rialachán (CE) 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 );
Rialachán (CE) 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 );
Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle ( 13 ); agus
Rialachán (CE) 1224/2009.
Airteagal 34
Comhchaighdeán margaíochta a chomhlíonadh
CAIBIDIL IV
FAISNÉIS DO THOMHALTÓIRÍ
Airteagal 35
Faisnéis shainordaitheach
Gan dochar do Rialachán (AE) 1169/2011, táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (e) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a mhargaítear san Aontas, beag beann ar a dtionscnamh, ná ar a modh margaíochta, ní fhéadfar iad a thairiscint lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh ná le holl-lónadóir mura mbeidh curtha in iúl orthu le marcáil nó le lipéad iomchuí an méid seo a leanas:
ainmníocht tráchtála an speicis agus an t-ainm eolaíoch atá air;
an modh táirgthe, trí úsáid na bhfrásaí seo a leanas go háirithe: "…arna ghabháil…", "…arna ghabháil i bhfíoruisce", nó "…arna shaothrú…";
an limistéar inar gabhadh an táirge nó inar saothraíodh é, agus an catagóir trealaimh a úsáideadh le hiascaigh ghabhála, mar a leagtar síos sa chéad cholún d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;
cibé ar dí-reodh an táirge.
an dáta íosmharthanachta.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas i bpointe (d) maidir leis an méid seo a leanas:
comhábhair atá sa táirgeadh deiridh;
bianna a bhfuil gá le hiad a reo ó thaobh chéim phróiseála na teicneolaíochta de;
táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe arna reo roimhe sin chun críocha sábháilteachta sláinte, i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Roinn VIII, de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
táirgí iascaigh agus dobarshaothraithe atá díreoite sula ndéantar an próiseas deataithe, saillidh, cócaráilte, piclithe, triomaithe orthu nó teaglaim aon phróisis de na próisis sin.
Airteagal 36
Tuairisciú um éicilipéadú
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, déanfaidh an Coimisiún, faoin 1 Eanáir 2015, tuarascáil féidearthachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, maidir le roghanna le haghaidh scéim éicilipéad do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, go háirithe maidir le scéim den chineál sin a bhunú mar scéim ar fud an Aontais agus maidir le híoscháighdeáin a leagan síos d'éicilipéad Aontais a bheadh le húsáid ag na Ballstáit.
Airteagal 37
Sonrúcháin tráchtála
Chun críocha Airteagal 35(1), déanfaidh Ballstáit liosta de shonrúcháin tráchtála a nglactar leo ar a gcríoch a tharraingt suas, agus foilseoidh siad an liosta sin in éineacht lena n-ainmneacha eolaíocha. Beidh an méid seo a leanas sa liosta:
ainm eolaíoch gach speicis de réir an Chórais Faisnéise FishBase nó bhunachar sonraí AFSIS Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT), i gcás inarb ábhartha;
an sonrúchán tráchtála:
ainm an speicis i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann;
i gcás inarb infheidhme, aon ainm nó aon ainmneacha eile a bhfuil glacadh leo nó a cheadaítear go háitiúil nó go réigiúnach.
Airteagal 38
Tásc ar limistéar na gabhála nó ar limistéar an táirgthe
Is éard a bheidh sa tásc ar limistéar na gabhála nó ar limistéar an táirgthe i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 35(1), na nithe seo a leanas:
i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, ainm an fho-limistéir, nó na roinne, i scríbhinn, atá liostaithe i measc limistéir iascaighEBT, chomh maith le hainm zóin den chineál sin arna chur in iúl ar bhealach a dtuigfidh tomhaltóirí é, nó léarscáil nó picteagram a thaispeánann an zón sin nó de mhaolú ar an gceanglas sin, i gcás táirgí iascaigh a gabhadh in uiscí seachas uiscí an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Limistéar Iascaigh EBT 27) na Meánmhara nó na Mara Duibhe (Limistéar Iascaigh EBT 37), táscaire ar ainm Limistéir IascaighEBT.
i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil i bhfionnuisce, tagairt do dhobharlach tionscnaimh Bhallstát tionscnaimh nó thríú tír tionscnaimh an táirge;
I gcás táirgí dobharshaothraithe, tagairt don Bhallstát nó don tríú tír ina bhfuil níos mó ná leath a mheáchain dheiridh bainte amach ag an táirge nó inar fhan sé ar feadh níos mó ná leath dá thréimhse saothraithe, nó, i gcás sliogiasc, gur mhair an chéim dheiridh dá thógáil nó dá shaothrú sé mhí ar a laghad.
Airteagal 39
Faisnéis bhreise dheonach
De bhreis ar an bhfaisnéis sainordaitheach a cheanglaítear de bhun Airteagal 35, féadfar an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar bhonn deonach, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin soiléir agus gan athbhrí:
an dáta gabhála i gcás táirgí iascaigh nó an dáta buainte i gcás táirgí dobharshaothraithe;
dáta chur i dtír gabhála i gcás táirgí iascaigh nó faisnéise maidir leis an gcalafort ag ar tugadh na táirgí i dtír.
faisnéis níos mionsonraithe ar chineál an trealaimh iascaigh, mar atá liostaithe sa dara colún d'Iarscríbhinn III;
i gcás táirgí iascaigh arna ngabháil ar muir, sonraí maidir le bratstát an tsoithigh a rinne na táirgí sin a ghabháil;
faisnéis maidir leis an gcomhshaol;
faisnéis eiticiúil nó shóisialta;
faisnéis maidir le teicnící agus cleachtais táirgthe;
faisnéis maidir le cion cothaithe an táirge.
CAIBIDIL V
RIALACHA IOMAÍOCHTA
Airteagal 40
Na rialacha iomaíochta a chur chun feidhme
Beidh feidhm ag Airteagal 101 go hAirteagal 106 de CFAE agus ag a bhforálacha cur chun feidhme maidir le comhaontuithe, cinntí, agus cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó margaíocht táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
Airteagal 41
Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta
D'ainneoin Airteagal 40 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais de chuid eagraíochtaí táirgeoirí a bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó le húsáid comhshaoráidí chun táirgí den sórt sin a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil, agus ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad:
atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE a bhaint amach;
nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo praghsanna comhionanna a mhuirearú;
nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de shaghas ar bith sna margaí laistigh den Aontas;
nach gcuireann cosc ar an iomaíocht; agus
nach ndíchuireann an iomaíocht i ndáil le sciar mór de na táirgí i gceist;
D'ainneoin Airteagal 40 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe:
atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE a bhaint amach;
nach bhfuil aon oibleagáid ag baint leo praghas socraithe a chur i bhfeidhm;
nach mbeidh mar thoradh orthu deighilt de shaghas ar bith sna margaí laistigh den Aontas;
nach gcuireann coinníollacha neamhchosúla i bhfeidhm maidir le hidirbhearta coibhéiseacha a dhéantar le páirtithe eile trádála i slí go gcuirfear faoi mhíbhuntáiste iomaíochta iad;
nach ndíchuireann an iomaíocht i ndáil le sciar mór de na táirgí i gceist; agus
nach gcuireann srian ar an iomaíocht ar bhealaí nach bhfuil sár-riachtanach chun cuspóirí CBI a bhaint amach.
CAIBIDIL VI
FAISNÉIS MAIDIR LEIS AN MARGADH
Airteagal 42
Faisnéis maidir leis an margadh
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
eolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargadh an Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bhailiú, a anailísiú agus a chraobhscaoileadh feadh an tslabhra soláthair, agus an comhthéacs idirnáisiúnta á chur san áireamh;
tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil d'eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe chun sonraí a chomhordú níos fearr idir oibreoirí agus próiseálaithe.
suirbhéanna a dhéanamh go tráthrialta ar phraghsanna táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe feadh shlabhra soláthair an Aontais, agus a anailísa dhéanamh ar threochtaí margaidh;
staidéir ad hoc ar an margadh a dhéanamh, mar aon le modheolaíocht a sholáthar chun suirbhéanna ar phraghasmhúnlú a dhéanamh.
Chun mír 1 a chur chun feidhme, úsáidfidh an Coimisiún na bearta seo a leanas:
rochtain a éascú ar na sonraí atá ar fáil maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe arna mbailiú de bhun dhlí an Aontais;
faisnéis margaidh amhail suirbhéanna praghais, anailís margaidh agus staidéir a chur ar fáil do na geallshealbhóirí uile agus don phobal i gcoitinne ar bhealach inrochtana agus intuigthe, faoi réir Rialachán (CE) 45/2001ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 )
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 43
Nós imeachta coiste
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 44
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006:
"Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagail 101 go 106 agus Airteagal 108(1) agus (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE a tháirgeadh nó trádáil a dhéanamh iontu cé is moite de na tairgí a liostaítear in Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ( *1 ) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ).
Airteagal 45
Leasuithe ar Rialachán (CE) 1224/2009
Leis seo leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 mar seo a leanas:
cuirtear na habairtí seo a leanas le hAirteagal 57(1):
"Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun comhlíonadh a áirithiú. Féadfar na seiceálacha a dhéanamh ag gach céim den mhargú agus le linn an iompair.";
leasaítear Airteagal 58(5) mar a leanas:
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
an fhaisnéis do thomhaltóirí dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 );
scriostar pointe (h).
Airteagal 46
Aisghairm
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 104/2000. Beidh feidhm ag Airteagal 4 go dtí an 12 Nollaig 2014, áfach.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 47
Rialacha lena mbunaítear comhchaighdeáin mhargaíochta
Airteagal 48
Athbhreithniú
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoin 31 Nollaig 2022.
Airteagal 49
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014, cé is moite de Chaibidil IV agus d'Airteagal 45 a mbeidh feidhm acu ón 13 Nollaig 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
TÁIRGÍ IASCAIGH AGUS DOBARSHAOTHRAITHE A CHUMHDAÍTEAR LE CEM
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
|
(a) |
0301 |
Iasc beo |
0302 |
Iasc úr nó fuaraithe, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 |
|
0303 |
Iasc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304 |
|
0304 |
Filléid éisc agus feoil eile éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) atá úr, fuaraithe nó reoite |
|
(b) |
0305 |
Iasc triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúir, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
(c) |
0306 |
Crústaigh bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bíodh; plúir, min agus millíní crústach, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
0307 |
Moilisc bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; inveirteabraigh uisce, seachas crústaigh agus moilisc, bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; plúir, min agus millíní inveirteabrach uisce, seachas crústaigh, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine |
|
(d) |
|
Táirgí ainmhíocha nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 1 nó i gCaibidil 3, atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine: |
– Eile: |
||
– – Táirgí éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 3: |
||
0511 91 10 |
– – – Dramhaíl éisc |
|
0511 91 90 |
– – – Eile |
|
(e) |
1212 20 00 |
– Cineálacha feamainne agus algaí eile |
(f) |
|
Saill agus olaí éisc agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bíodh, nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu: |
1504 10 |
– Olaí aenna éisc agus a gcodáin |
|
1504 20 |
– Saill agus olaí éisc, agus a gcodáin, seachas olaí aenna |
|
(g) |
1603 00 |
Úisc agus súnna ó fheoil, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce |
(h) |
1604 |
Iasc ullmhaithe nó leasaithe; caibheár agus caibheár ionaid a ullmhaíodh ó uibheacha éisc |
(i) |
1605 |
Crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh eile uisce, ullmhaithe nó leasaithe |
(j) |
|
Pasta, bíodh sé cócaráilte nó stuáilte (le feoil nó le substaintí eile), nó bíodh sé ullmhaithe ar bhealaí eile nó ná bíodh, mar shampla spaigití, macarón, núdail, lasáinne, gnocchi, ravioli, cannelloni; cúscús, bíodh sé ullmhaithe nó ná bíodh |
1902 20 |
– Pasta stuáilte, bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile: |
|
1902 20 10 |
– – ina bhfuil níos mó ná 20 %, de réir meacháin, iasc, crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce |
|
(k) |
|
Plúir, min agus millíní, ó fheoil agus ó mhiodamas feola, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce, nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh: |
2301 20 00 |
– Plúir, min agus millíní, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach eile uisce |
|
(l) |
|
Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe |
2309 90 |
– Eile: |
|
ex 2309 90 10 |
– – Ábhair intuaslagtha éisc |
IARSCRÍBHINN II
TÁIRGÍ IASCAIGH FAOI RÉIR NA MEICNÍOCHTA STÓRÁLA
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
0302 22 00 |
Leathóga (Pleonectes platessa) |
ex 0302 29 90 |
Dabaí (Limanda limanda) |
0302 29 10 |
Scaoilteáin (Lepidorhombus spp.) |
ex 0302 29 90 |
Leitheanna (Platichthys flesus) |
0302 31 10 agus 0302 31 90 |
Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga) |
ex 0302 40 |
Scadáin de chuid an speicis Clupea harengus |
0302 50 10 |
Troisc de chuid an speicis Gadus morhua |
0302 61 10 |
Sairdíní de chuid an speicis Sardina pilchardus |
ex 0302 61 80 |
Salán (Sprattus Sprattus) |
0302 62 00 |
Cadóga (Melanogrammus aeglefinus) |
0302 63 00 |
Glasáin (Pollachius virens) |
ex 0302 64 |
Ronnaigh de chuid an speicis Scomber scombrus agus Scomber japonicus |
0302 65 20 agus 0302 65 50 |
Fíogaigh (Squalus acanthias agus Scyliorhinus spp.) |
0302 69 31 agus 0302 69 33 |
Péirsí mhara (Sebastes spp.) |
0302 69 41 |
Faoitíní (Merlangius merlangus) |
0302 69 45 |
Langaí (Molva spp.) |
0302 69 55 |
Ainseabhaithe (Engraulis spp.) |
ex 0302 69 68 |
Colmóirí de chuid an speicis Merluccius merluccius |
0302 69 81 |
Láimhínigh (Lophius spp.) |
ex 0302 69 99 |
Dorád (Coryphaena hippurus) |
ex 0307 41 10 |
Cudail (Sepia officinalis agus Rossia macrosoma) |
ex 0306 23 10 ex 0306 23 31 ex 0306 23 39 |
Séaclaí de chuid an speicis Crangon crangon agus séaclaí Artacha (Pandalus borealis) |
0302 23 00 |
Sóil (Solea spp.) |
0306 24 30 |
Portáin dhearga (Cancer pagurus) |
0306 29 30 |
Gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus) |
0303 31 10 |
Haileabónna Graonlannacha (Reinhardtius hipoglossoides) |
0303 78 11 0303 78 12 0303 78 13 0303 78 19 agus 0303 29 55 0304 29 56 0304 29 58 |
Colmóirí de chuid an speicis Merluccius |
0303 79 71 |
Garbhánaigh (Dentex dentex agus Pagellus spp.) |
0303 61 00 0304 21 00 0304 91 00 |
Colgáin (Xiphias gladius) |
0306 13 40 0306 13 50 ex 0306 13 80 |
Séaclaí de chuid na fine Penaeidae |
0307 49 18 0307 49 01 |
Cudail de chuid na speiceas Sepia officinalis, Rossia macrosoma agus Sepiola rondeletti |
0307 49 31 0307 49 33 0307 49 35 agus 0307 49 38 |
Scuideanna (Loligo spp.) |
0307 49 51 |
Scuideanna (Ommastrephes sagittatus) |
0307 59 10 |
Ochtapais (Octopus spp.) |
0307 99 11 |
Illex spp. |
0303 41 10 |
Tuinní colgacha (Thunnus alalunga) |
0302 32 10 0303 42 12 0303 42 18 0303 42 42 0303 42 48 |
Tuinníní buí (Thunnus albacares) |
0302 33 10 0303 43 10 |
Boiníotó aigéanach (Katsuwomus pelamis) |
0303 45 10 |
Tuinníní gorma (Thunnus thynnus) |
0302 39 10 0302 69 21 0303 49 30 0303 79 20 |
Speicis eile de chuid na ngéineas Thunnus agus Euthynnus |
ex 0302 29 90 |
Leathóga míne (Microstomus kitt) |
0302 35 10 agus 0302 35 90 |
Tuinníní gorma (Thunnus thynnus) |
ex 0302 69 51 |
Mangaigh (Pollachius pollachius) |
0302 69 75 |
Sáimhíní (Brama spp.) |
ex 0302 69 82 |
Faoitíní gorma (Micromesistius poutassou) |
ex 0302 69 99 |
Troscáin stopóige (Trisopterus luscus) agus miontroisc (Trisopterus minutus) |
ex 0302 69 99 |
Bogue (Boops boops) |
ex 0302 69 99 |
Picréil (Spicara smaris) |
ex 0302 69 99 |
Eascanna concair (Conger conger) |
ex 0302 69 99 |
Cnúdáin (Trigla spp.) |
ex 0302 69 91 ex 0302 69 99 |
Bolmáin (Trachurus spp.) |
ex 0302 69 99 |
Milléid (Mugil spp.) |
ex 0302 69 99 agus ex 0304 19 99 |
Sciataí (Raja spp.) |
ex 0302 69 99 |
Scabairdí (Lepidopus caudatus agus Aphanopus carbo) |
ex 0307 21 00 |
Muiríní móra (Pecten maximus) |
ex 0307 91 00 |
Cuachmaí (Buccinum undatum) |
ex 0302 69 99 |
Milléid cheannchothroma nó milléid dhearga (Mullus surmuletus, Mullus barbatus) |
ex 0302 69 99 |
Sáimhíní (Spondyliosoma cantharus) |
IARSCRÍBHINN III
FAISNÉIS MAIDIR LE TREALAMH IASCAIGH
Faisnéis shainordaitheach maidir le cineál an trealaimh iascaigh |
Faisnéis atá níos mionsonraithe ar threalamh agus cóid atá comhfhreagrach, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 (1) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (2) |
|
Saighní |
Saighní trá |
SB |
Saighní Danmhargacha |
SDN |
|
Saighní Albanacha |
SSC |
|
Saighní péire |
SPR |
|
Tráil |
Trál bíoma |
TBB |
Tráil dobharchú íochtair |
OTB |
|
Tráil phéire íochtair |
PTB |
|
Tráil dobharchúnna láruisce |
OTM |
|
Tráil phéire pheiligeacha |
PTM |
|
Dé-thráil dobharchú |
OTT |
|
Eangacha geolbhaigh agus eangacha cosúla |
Eangacha geolbhaigh socraithe (ar ancaire) |
GNS |
Sruthlíonta |
GND |
|
Eangacha geolbhaigh timpeallaithe |
GNC |
|
Traimlí |
GTR |
|
Traimlí agus Eangacha geolbhaigh cumasctha |
GTN |
|
Eangacha timpeallacha agus líonta ardaithe |
Saighní Peaslíon |
PS |
Eangacha Lampara |
LA |
|
Líonta ardaithe le bád |
LNB |
|
Líonta ardaithe do-aistrithe ar chladach |
LNS |
|
Duáin agus doruithe |
Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (láimhe) |
LHP |
Doruithe láimhe agus doruithe cuaille (meicniúla) |
LHM |
|
Doruithe fada socraithe |
LLS |
|
Doruithe fada (aistreacha) |
LLD |
|
Doruite trálála |
LTL |
|
Dreidirí |
Dreidirí báid |
DRB |
Dreidirí láimhe arna n-úsáid ar bord arthaigh |
DRH |
|
Dreidirí meicniúla lena n-áirítear dreidirí súite |
HMD |
|
Potaí agus gaistí |
Pótaí (gaistí) |
FPO |
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).
(2)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú. (IO: L 112, 30.4.2011, lch. 1). |
IARSCRÍBHINN IV
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagail 1 go 5 |
Airteagal 2, Airteagal 3 |
Airteagal 33, Airteagal 34 |
Airteagal 4 |
Airteagail 35 go 39, |
Airteagal 5(1) |
Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 |
Airteagail 5(2), 5(3), 5(4), agus Airteagal 6 |
Airteagail 14, 18 go 21 |
Airteagal 7 |
Airteagal 22 agus Airteagail 24 go 27 |
Airteagal 8 |
— |
Airteagail 9 go 12, |
Airteagal 28, Airteagal 29, |
Airteagal 13 |
Airteagail 11, 12, 13, 16, 18, 20 agus 21 |
Airteagal 14 |
Airteagal 41(2) |
Airteagal 15 |
Airteagal 23 |
Airteagal 16 |
Airteagail 24 go 27 |
Airteagail 17go 27 |
Airteagal 30, Airteagal 31 agus Airteagal 32 |
Airteagal 33 |
— |
Airteagal 34 |
Airteagal 20(2), Airteagal 21 agus Airteagal 32 |
Airteagal 35 |
— |
Airteagal 36 |
— |
Airteagal 37 |
Airteagal 43 |
Airteagal 38, Airteagal 39 |
Airteagal 43 |
Airteagal 40 |
— |
Airteagal 41 |
Airteagal 48 |
Airteagal 42 |
Airteagal 44, Airteagal 45, Airteagal 46 |
Airteagal 43 |
Airteagal 49 |
— |
Airteagal 40 |
— |
Airteagal 41(1) |
— |
Airteagal 42 |
( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1220/2012 ón gComhairle an 3 Nollaig 2012 maidir le bearta a bhaineann le trádáil chun an soláthar táirgí áirithe iascaigh le próiseálaithe an Aontais a áirithiú ó 2013 go dtí 2015 (IO L 349, 19.12.2012, lch. 4.)
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d'fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lch. 18).
( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Parlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 11 Nollaig 2013 ar an Comhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (Féach leathanach 22 den Iris Oifigiúil seo).
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE)847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, p. 1).
( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón Choimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón Choimisiún Eorpach, Treoir 200/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón Choimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12 2008, lch. 16).
( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
( 9 ) Rialachán (CE) 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
( 10 ) Rialachán (CE) 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
( 11 ) Rialachán (CE) 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch le caitheamh ag an duine (IO L 226, 25.6.2004, lch. 83).
( 12 ) Rialachán (CE) 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).
( 13 ) Rialachán (CE) 1005/2008 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus lena leasaítear Rialacháin (CEEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1)
( *1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 ón gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha do tháirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).
( *2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)".
( *3 ) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).)";
( 15 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín (IO L 212, 22.7.1989, lch. 79).
( 16 ) Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe (IO L 163, 17.6.1992, lch. 1).
( 17 ) Rialachán (CE) Uimh. 2406/96 ón gComhairle an 26 Samhain 1996 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le táirgí áirithe iascaigh (IO L 334, 23.12.1996, lch. 1).
( 18 ) Rialachán (CEE) Uimh. 3703/85 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 1985 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na comhchaighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm maidir le héisc áirithe atá úr nó fuaraithe (IO L 351, 28.12.1985, lch. 63).