02008R0765 — GA — 16.07.2021 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

►M1  RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 ◄

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 218 13.8.2008, lch. 30)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/1020 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 169

1

25.6.2019




▼B

▼M1

RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93

▼B

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le creidiúnú comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmíonn gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a eagrú agus a oibriú.

▼M1 —————

▼B

4.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo prionsabail ghinearálta an mhairc CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M1 —————

▼B

3) 

ciallóidh ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

4) 

ciallóidh ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Chomhphobal a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann i dtaca le tascanna sainithe maidir le hoibleagáidí an mhonaróra faoin reachtaíocht iomchuí Chomhphobail;

5) 

ciallóidh ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail;

6) 

ciallóidh ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas monaróir nó allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

7) 

ciallóidh ‘oibreoirí eacnamaíocha’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir agus an dáileoir;

8) 

ciallóidh ‘sonraíocht theicniúil’ doiciméad lena bhforordaítear na ceanglais theicniúla a chaithfidh táirge, próiseas nó seirbhís a chomhlíonadh;

9) 

ciallóidh ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán arna ghlacadh ag ceann de na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na Rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise ( 1 ) bunaithe ar iarraidh arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin;

10) 

ciallóidh ‘creidiúnú’ fianú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta go gcomhlíonann comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos le caighdeáin chomhchuibhithe chun gníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach a chur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, aon cheanglais bhreise, lena n-áirítear ceanglais a leagtar amach i scéimeanna ábhartha earnálacha;

11) 

ciallóidh ‘comhlacht creidiúnaithe náisiúnta’ an t-aon chomhlacht amháin i mBallstát a dhéanann creidiúnú agus a mbeidh údarás faighte aige chuige sin ón Stát;

12) 

ciallóidh ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cibé ar comhlíonadh ceanglais shainiúla a bhaineann le táirge, próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht;

13) 

ciallóidh ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta, lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniúchán agus cigireacht;

▼M1 —————

▼B

16) 

ciallóidh ‘meastóireacht phiara’ próiseas ina measann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, agus a dhéantar i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, agus, i gcás inarb infheidhme, sonraíochtaí teicniúla earnálacha breise;

▼M1 —————

▼B

20) 

ciallóidh ‘an marc CE’ marc lena léiríonn an monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais atá infheidhme agus a leagtar síos sa reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú lena bhforáiltear maidir leis an marc sin a chur ar an táirge;

21) 

ciallóidh ‘an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú’ aon reachtaíocht lena ndéantar comhchuibhiú ar na coinníollacha do mhargú na dtáirgí.



CAIBIDIL II

CREIDIÚNÚ

Airteagal 3

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le creidiúnú, a úsáidtear ar bhonn éigeantach nó ar bhonn deonach, agus a bhaineann le measúnú comhréireachta, bíodh an measúnú sin éigeantach nó ná bíodh, agus gan spleáchas do stádas dlíthiúil an chomhlachta a dhéanann an creidiúnú.

Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1.  
Ceapfaidh gach Ballstát comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amháin.
2.  
Má mheasann Ballstát nach bhfuil sé fóinteach ná inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta de comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bheith aige nó seirbhísí creidiúnaithe áirithe a chur ar fáil, rachaidh sé, a mhéad is féidir, ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile.
3.  
Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile má théann sé, i gcomhréir le mír 2, ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile.
4.  
Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus in Airteagal 12, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta de chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, a chuirfidh sé ar fáil don phobal, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é.
5.  
I gcás nach mbeidh an creidiúnú á dhéanamh go díreach ag na húdaráis phoiblí féin, cuirfidh Ballstát oibriú an chreidiúnaithe faoi chúram a chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta amhail agus gur gníomhaíocht údaráis phoiblí é agus deonóidh sé aitheantas foirmiúil dó.
6.  
Beidh idirdhealú soiléir idir freagrachtaí agus tascanna an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta agus freagrachtaí agus tascanna na n-údarás náisiúnta eile.
7.  
Feidhmeoidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ar bhonn neamhbhrabúis.
8.  
Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta aon ghníomhaíochtaí nó seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta, ná ní sholáthróidh sé seirbhísí comhairliúcháin, ní bheidh scaireanna aige i gcomhlacht um measúnú comhréireachta ná ní bheidh leas airgeadais ná bainistíochta aige ann ar shlí eile.
9.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na hacmhainní airgeadais agus pearsanra iomchuí ag a chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta chun a chuid tascanna a fheidhmiú mar is iomchuí, lena n-áirítear comhlíonadh tascanna ar leith, amhail gníomhaíochtaí maidir le comhar Eorpach agus idirnáisiúnta maidir le creidiúnú agus gníomhaíochtaí a gceanglaítear iad chun tacú le beartas poiblí agus nach gníomhaíochtaí féinmhaoinithe iad.
10.  
Beidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ina chomhalta den chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.
11.  
Bunóidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta struchtúir chuí, agus coinneoidh siad ar bun iad, chun rannpháirtíocht éifeachtúil, chothrom na bpáirtithe leasmhara go léir a áirithiú, idir pháirtithe leasmhara laistigh dá n-eagraíochtaí faoi seach agus an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.

Airteagal 5

Oibriú an chreidiúnaithe

1.  
Measfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, nuair a iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta sin air, cibé an bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta inniúil ar an ngníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach sin a chur i gcrích. I gcás ina bhfionntar go bhfuil sé inniúil, eiseoidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta deimhniú creidiúnaithe chuige sin.
2.  
Nuair a chinnfidh Ballstát gan úsáid a bhaint as creidiúnú, soláthróidh sé don Choimisiún agus do na Ballstáit eile an fhianaise dhoiciméadach go léir is gá chun fíorú a dhéanamh ar inniúlacht na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh roghnaithe aige chun an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú a bheidh i gceist a chur chun feidhme.
3.  
Déanfaidh na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta monatóireacht ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh deimhniú creidiúnaithe eisithe acu dóibh.
4.  
I gcás ina bhfaighidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta amach nach bhfuil comhlacht um measúnú comhréireachta a bhfuil deimhniú creidiúnaithe faighte aige inniúil ar ghníomhaíocht measúnaithe chomhréireachta shonrach a chur i gcrích a thuilleadh nó go bhfuil sárú tromchúiseach déanta aige ar a chuid oibleagáidí, glacfaidh an comhlacht creidiúnaithe sin gach beart is iomchuí laistigh de fhráma ama réasúnta chun an deimhniú creidiúnaithe a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar.
5.  
Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta chun achomhairc a réiteach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, réitigh dhlíthiúla i gcoinne cinntí creidiúnaithe nó i gcoinne easpa cinntí creidiúnaithe.

Airteagal 6

Prionsabal na neamh-iomaíochta

1.  
Ní rachaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in iomaíocht le comhlachtaí um measúnú comhréireachta.
2.  
Ní rachaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta in iomaíocht le comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile.
3.  
Beidh cead ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta feidhmiú trasna teorainneacha náisiúnta, laistigh de chríoch Ballstáit eile, ar iarratas ó chomhlacht um measúnú comhréireachta sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 7(1), nó, má iarrann comhlacht creidiúnaithe náisiúnta orthu sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 7(3), i gcomhar le comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit sin.

Airteagal 7

Creidiúnú trasteorann

1.  

I gcás ina n-iarrfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta creidiúnú, is chuig comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina mbeidh sé bunaithe nó chuig an gcomhlacht creidiúnaithe a mbeidh an Ballstát dulta ar a iontaoibh a dhéanfaidh sé an t-iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 4(2).

Féadfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta, áfach, creidiúnú ó chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh, seachas na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, in aon cheann de na himthosca a leanas:

(a) 

i gcás inar chinn an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe gan comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a bhunú agus nach ndeachaidh sé ar iontaoibh comhlachta creidiúnaithe náisiúnta Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 4(2);

(b) 

i gcás nach ndéanann na comhlachtaí creidiúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír creidiúnú i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil creidiúnú iarrtha ina leith;

(c) 

i gcás nach bhfuil meastóireacht phiara faoi Airteagal 10, i dtaca leis na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a bhfuil an creidiúnú iarrtha ina leith, déanta go rathúil ar na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  
I gcás ina bhfaighidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta iarratas de bhun mhír 1 (b) nó (c), cuirfidh sé é sin in iúl do chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um measúnú comhréireachta iarrthach bunaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.
3.  
Féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta a iarraidh ar chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta eile cuid den ghníomhaíocht mheasúnaithe a chur i gcrích. Sa chás sin, eiseoidh an comhlacht iarrthach an deimhniú creidiúnaithe.

Airteagal 8

Ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

Comhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta na ceanglais seo a leanas:

1) 

beidh sé eagraithe ar shlí go mbeidh sé neamhspleách ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh measúnú á dhéanamh aige orthu agus ar bhrúnna tráchtála, agus ar shlí a áiritheoidh nach mbeidh aon choinbhleachtaí leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta ann;

2) 

beidh sé eagraithe agus riartha ar shlí a dhéanfaidh coimirce ar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí;

3) 

áiritheoidh sé go mbeidh gach cinneadh a bhaineann le fianú na hinniúlachta glactha ag daoine inniúla nach iad na daoine céanna iad a rinne an measúnú;

4) 

beidh socruithe leordhóthanacha déanta aige chun coimirce a dhéanamh ar rúndacht na faisnéise a gheofar;

5) 

aithneoidh sé na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a bhfuil sé inniúil ar chreidiúnú a dhéanamh orthu, ag tagairt, nuair is iomchuí, don reachtaíocht Chomhphobail nó don reachtaíocht náisiúnta agus do chaighdeáin;

6) 

bunóidh sé na nósanna imeachta is gá chun bainistíocht éifeachtach agus rialuithe inmheánacha iomchuí a áirithiú;

7) 

beidh líon comhaltaí foirne inniúla ar fáil dó ar leor é chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh mar is iomchuí;

8) 

déanfaidh sé tuairisciú ar dhualgais, ar fhreagrachtaí agus ar údaráis an phearsanra a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do cháilíocht an mheasúnaithe agus d'fhianú na hinniúlachta;

9) 

déanfaidh sé na nósanna imeachta maidir le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar inniúlacht na gcomhaltaí foirne lena mbaineann a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil;

10) 

fíoróidh sé go bhfuil measúnuithe comhréireachta á ndéanamh ar shlí chuí, rud a chiallaíonn nach gcuirfear ualaí nach bhfuil gá leo ar ghnóthais agus go dtugtar aird chuí ar mhéid gnóthais, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr, ar a chasta a bhíonn an teicneolaíocht táirge a bhíonn i gceist agus ar chineál olltáirgthe nó ar chineál sraitheach an phróisis táirgíochta;

11) 

foilseoidh sé cuntais iniúchta bhliantúla i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go coitianta leo.

Airteagal 9

Na ceanglais a chomhlíonadh

1.  
I gcás nach gcomhlíonfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta ceanglais an Rialacháin seo nó go mainneoidh sé a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomh ceartaitheach iomchuí nó áiritheoidh sé go ndéanfar an gníomh ceartaitheach sin, agus cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit monatóireacht ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta go tráthrialta lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 ar bhonn leanúnach.
3.  
Beidh lánaird ag na Ballstáit ar thorthaí na meastóireachta piara faoi Airteagal 10 agus iad i mbun na monatóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
4.  
Beidh na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun déileáil le gearáin in aghaidh na gcomhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhíonn creidiúnaithe acu.

Airteagal 10

Meastóireacht phiara

1.  
Cuirfidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta iad féin faoi réir meastóireachta piara a eagróidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14.
2.  
Beidh de cheart ag na páirtithe leasmhara a bheith páirteach sa chóras a bheidh curtha ar bun i gcomhair mhaoirseacht na ngníomhaíochtaí meastóireachta piara, ach ní bheidh de cheart acu a bheith páirteach i nósanna imeachta meastóireachtaí piara aonair.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar meastóireacht phiara go tráthrialta ar a gcomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, faoi mar a cheanglaítear le mír 1.
4.  
Oibreofar an mheastóireacht phiara ar bhonn critéar agus nósanna imeachta iontaofa agus trédhearcacha, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le ceanglais struchtúracha, acmhainní daonna agus próisis, rúndacht agus gearáin. Déanfar foráil maidir le nósanna imeachta achomhairc iomchuí i gcoinne cinntí a ghlacfar mar thoradh ar mheastóireacht den sórt sin.
5.  
Trí mheastóireacht phiara gheofar amach an bhfuil na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 8, ag cur na gcaighdeán comhchuibhithe iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 11 san áireamh.
6.  
Foilseofar toradh na meastóireachta piara agus cuirfidh an comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 in iúl do na Ballstáit uile agus don Choimisiún é.
7.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, maoirseacht ar na rialacha agus ar fheidhmiú iomchuí an chórais um meastóireacht phiara.

Airteagal 11

Toimhde na comhréireachta do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta

1.  
Toimhdeofar go ndéanann comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta lena léirítear comhréireacht leis na critéir a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe ábhartha ar foilsíodh tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, trí mheastóireacht phiara a dhéanamh go rathúil orthu faoi Airteagal 10, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 a chomhlíonadh.
2.  
Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta aitheantas do choibhéis na seirbhísí a thugann na comhlachtaí creidiúnaithe sin a ndearnadh meastóireacht phiara go rathúil orthu faoi Airteagal 10, agus leis sin, bunaithe ar an toimhde dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, glacfaidh siad le deimhnithe creidiúnaithe na gcomhlachtaí sin agus leis na fianuithe a eiseoidh na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bheidh creidiúnaithe acu.

Airteagal 12

Oibleagáid faisnéise

1.  
Cuirfidh gach comhlacht creidiúnaithe náisiúnta in iúl do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile na gníomhaíochtaí measúnaithe chomhréireachta a ndéanann sé creidiúnú ina leith agus aon athrú a dhéantar orthu.
2.  
Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún agus don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta atá aige agus na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta uile a ndéanann an comhlacht sin creidiúnú ina leith chun tacú leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú, agus aon athrú ar an reachtaíocht sin.
3.  
Déanfaidh gach comhlacht creidiúnaithe náisiúnta faisnéis a bhaineann le torthaí a mheastóireachta piara, na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a bhfeidhmíonn sé creidiúnú ina leith agus aon athrú orthu sin a chur ar fáil go rialta don phobal.

Airteagal 13

Iarrataí chuig an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE, a éileamh ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 go gcuirfeadh sé le forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme an chreidiúnaithe sa Chomhphobal.
2.  

Féadfaidh an Coimisiún freisin, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 1 á leanúint aige:

(a) 

a iarraidh ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 critéir agus nósanna imeachta meastóireachta a leagan síos don mheastóireacht phiara agus scéimeanna creidiúnaithe earnálacha a fhorbairt;

(b) 

glacadh le haon scéimeanna atá ann cheana agus a leagann síos critéir agus nósanna imeachta meastóireachta don mheastóireacht phiara.

3.  
Áiritheoidh an Coimisiún go n-aithneoidh na scéimeanna earnálacha sin na sonraíochtaí teicniúla is gá chun an leibhéal inniúlachta a cheanglaítear leis an reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú a chomhlíonadh i réimsí lena ngabhann ceanglais shonracha a bhaineann leis an teicneolaíocht, ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó ceanglais chomhshaoil nó aon ghné eile de chosaint leas an phobail.

Airteagal 14

An bonneagar creidiúnaithe Eorpach

1.  
Tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát, aitheantas do chomhlacht a shásaíonn na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2.  
Chun go dtabharfar aitheantas do chomhlacht de bhun mhír 1, cuirfidh sé comhaontú i gcrích leis an gCoimisiún. Sonrófar sa chomhaontú sin, inter alia, tascanna mionsonraithe an chomhlachta, forálacha maoinithe agus forálacha maidir lena mhaoirseacht. Beidh an Coimisiún agus an comhlacht araon in ann an comhaontú a fhoirceannadh gan chúis, ar thréimhse fógartha réasúnta a shonrófar sa chomhaontú do dhul in éag.
3.  
Cuirfidh an Coimisiún agus an comhlacht lena mbaineann an comhaontú ar fáil don phobal.
4.  
Cuirfidh an Coimisiún an t-aitheantas do chomhlacht de bhun mhír 1 in iúl do na Ballstáit agus do chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta.
5.  
Ní fhéadfaidh an Coimisiún aitheantas a thabhairt do níos mó ná comhlacht amháin san aon am amháin.
6.  
Is é an chéad chomhlacht a gheobhaidh aitheantas faoin Rialachán seo an Comhar Eorpach um Chreidiúnú, ar an gcoinníoll go gcuirfidh sé comhaontú i gcrích de réir mar a shonraítear i mír 2.



CAIBIDIL III

CREAT AN CHOMHPHOBAIL MAIDIR LE FAIREACHAS MARGAIDH AGUS RIALUITHE NA dTÁIRGÍ A THAGANN ISTEACH I MARGADH AN CHOMHPHOBAIL



ROINN 1

Forálacha Ginearálta

▼M1 —————

▼B



ROINN 2

Creat an Chomhphobail Maidir le Faireachas Margaidh

▼M1 —————

▼B



ROINN 3

Rialuithe ar Tháirgí a Thagann isteach i Margadh an Chomhphobail

▼M1 —————

▼B



CAIBIDIL IV

AN MARC CE

Airteagal 30

Prionsabail ghinearálta an mhairc CE

1.  
Is é an monaróir nó a ionadaí údaraithe amháin a ghreamóidh an marc CE de tháirgí.
2.  
Ní chuirfear an marc CE a léirítear in Iarscríbhinn II ach ar tháirgí a bhforáiltear an marc sin a chur orthu le reachtaíocht Chomhphobail shonrach um chomhchuibhiú agus ní chuirfear ar aon táirge eile é.
3.  
Tríd an marc CE a ghreamú de tháirge, nó tríd an marc CE a chur á ghreamú de tháirge, cuireann an monaróir in iúl go nglacann sé de fhreagracht air féin go bhfuil an táirge sin i gcomhréir leis na ceanglais uile is infheidhme a leagtar amach sa reachtaíocht Chomhphobail iomchuí um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an marc a chur ar tháirgí.
4.  
Is é an marc CE an t-aon mharc lena bhfianófar go bhfuil an táirge ar comhréir le ceanglais infheidhme na reachtaíochta ábhartha Comhphobail um chomhchuibhiú lena bhforáiltear an marc a chur ar tháirgí.
5.  
Toirmiscfear marcanna, comharthaí nó scríbhinní ar dócha go gcuirfeadh siad tríú páirtithe ar mhíthreoir maidir le brí nó foirm an mhairc CE, a ghreamú de tháirge. Féadfar aon mharc eile a ghreamú den táirge ar an gcoinníoll nach mbaineann siad d'infheictheacht, d'inléiteacht agus de bhrí an mhairc CE.
6.  
Gan dochar d'Airteagal 41, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme i gceart an réim lena rialaítear an marc CE agus gníomhóidh siad go hiomchuí i gcás go mbaintear úsáid mhíchuí as an marc. Forálfaidh na Ballstáit freisin do phionóis i leith sáruithe, a bhféadfadh smachtbhannaí coiriúla as sáruithe tromchúiseacha a bheith ina measc. Beidh na pionóis sin i gcomhréir le tromchúis an chiona agus beidh siad ina ndíspreagadh éifeachtúil ar úsáid mhíchuí.



CAIBIDIL V

MAOINIÚ COMHPHOBAIL

Airteagal 31

Comhlacht a mbeidh aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige

Comhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14, measfar gur comhlacht é a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú aige de réir bhrí Airteagal 162 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 a chur chun feidhme ( 2 ).

Airteagal 32

Gníomhaíochtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail

1.  

Féadfaidh an Comhphobal na gníomhaíochtaí a leanas a mhaoiniú i ndáil leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm:

(a) 

táirgeadh agus athbhreithniú na scéimeanna creidiúnaithe earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 13(3);

(b) 

gníomhaíochtaí rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14, amhail comhordú gníomhaíochtaí creidiúnaithe, próiseáil oibre teicniúla atá nasctha le hoibriúchán an chórais mheastóireachta piara, soláthar faisnéise do pháirtithe leasmhara agus rannpháirteachas an chomhlachta i ngníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an chreidiúnaithe;

▼M1

(c) 

ábhar a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta a bhaineann le treoirlínte sna réimsí a bhaineann le creidiúnú, le fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chomhlachtaí um measúnú comhréireachta agus le measúnú comhréireachta;

▼M1 —————

▼M1

(f) 

réamhobair nó obair choimhdeach a dhéanamh i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, méadreolaíochta agus creidiúnaithe atá nasctha leis an reachtaíocht Chomhphobail a chur chun feidhme, amhail staidéir, cláir, meastóireachtaí, treoirlínte, anailísí comparáideacha, comhchuairteanna frithpháirteacha, obair thaighde, bunachair sonraí a fhorbairt agus a chothabháil, gníomhaíochtaí oiliúna, obair saotharlainne, promhadh inniúlachta, tástálacha idirshaotharlainne agus obair measúnaithe comhréireachta;

(g) 

gníomhaíochtaí a dhéantar faoi chláir um chúnamh teicniúil, comhoibriú le tríú tíortha, agus an measúnú comhréireachta Eorpach agus beartais agus córais creidiúnaithe i measc na bpáirtithe leasmhara sa Chomhphobal agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a fheabhsú..

▼B

2.  
Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(a) incháilithe le haghaidh maoiniú Comhphobail ach amháin i gcás ina rachfar i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE maidir leis na hiarratais a chuirfear faoi bhráid an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.

Airteagal 33

Comhlachtaí atá incháilithe do mhaoiniú Comhphobail

Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32 a chur chun feidhme.

Féadfar maoiniú Comhphobail a dheonú, áfach, do chomhlachtaí eile freisin chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 32, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach i mír 1(a) agus (b) den Airteagal sin, a chur i gcrích.

Airteagal 34

Maoiniú

Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí arna gcionroinnt ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais a bheidh i bhfeidhm.

Airteagal 35

Socruithe airgeadais

1.  

Cuirfear maoiniú Comhphobail ar fáil:

(a) 

gan glao ar thograí, don chomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a) go (g) ar féidir deontais a dhámhachtain ina leith i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais a chur i gcrích;

(b) 

i bhfoirm deontas tar éis glao ar thograí, nó trí nósanna imeachta um sholáthar poiblí, do chomhlachtaí eile chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(c) go (g) a chur i gcrích.

2.  
Féadfar gníomhaíochtaí rúnaíocht an chomhlachta a aithnítear faoi Airteagal 14, dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(b), a mhaoiniú ar bhonn deontas oibriúcháin. I gcás athnuachana, ní laghdófar na deontais oibriúcháin go huathoibríoch.
3.  
Le comhaontuithe, féadfar deontais cumhdach bunráta d'fhorchostais an tairbhí a údarú go dtí uasmhéid 10 % de chostais dhíreacha incháilithe iomlána le haghaidh gníomhartha, ach amháin i gcás ina mbeidh costais indíreacha an tairbhí cumhdaithe trí dheontas oibriúcháin arna mhaoiniú as buiséad an Chomhphobail.
4.  
Féadfar na comhchuspóirí comhair agus na coinníollacha riaracháin agus airgeadais a bhaineann le deontais a dhámhtar ar an gcomhlacht a aithnítear faoi Airteagal 14 a shainmhíniú i gcomhaontú comhpháirtíochta réime arna shíniú ag an gCoimisiún agus ag an gcomhlacht sin, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon chomhaontú den sórt sin a bheith á dhéanamh.

Airteagal 36

Bainistíocht agus monatóireacht

1.  
Féadfaidh na leithreasaí a chinnfidh an t-údarás buiséadach chun measúnú comhréireachta, creidiúnú agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh a mhaoiniú caiteachais riaracháin a chumhdach freisin, ar caiteachais iad a bhaineann le hullmhúchán, monatóireacht, cigireacht, iniúchadh agus meastóireacht a bhfuil gá go díreach leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus foilseacháin, caiteachais a bhaineann le líonraí faisnéisíochta chun faisnéis a mhalartú agus aon chaiteachas eile ar chúnamh riaracháin agus teicniúil a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta agus creidiúnaithe.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, creidiúnaithe agus faireachais margaidh a fhaigheann maoiniú ón gComhphobal i bhfianaise cheanglais na mbeartas agus na reachtaíochta Comhphobail agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 1 Eanáir 2013 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 37

Cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail

1.  
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint agus gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo á gcur chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, i gcoinne an éillithe agus i gcoinne aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ( 3 ), le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanfaidh an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile ( 4 ) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a sheolann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 5 ).
2.  
Chun críocha ghníomhaíochtaí an Chomhphobail a mhaoinítear faoin Rialachán seo ciallóidh coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den reachtaíocht Chomhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach de dheasca gnímh nó neamhghnímh a dhéanann oibreoir eacnamaíoch a bhfuil d'éifeacht aige, nó a mbeadh d'éifeacht aige, go ndéanfadh mír chaiteachais nach bhfuil údar maith leis dochar do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid a bheidh á mbainistiú ag an Aontas Eorpach.
3.  
Forálfar in aon chomhaontuithe agus in aon chonarthaí a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, monatóireacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, ar an láthair, más gá.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 38

Treoirlínte teicniúla

Chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte neamhcheangailteacha a tharraingt suas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

Féadfaidh deimhnithe creidiúnaithe a eiseofar roimh an 1 Eanáir 2010 a bheith fós bailí go dtí a ndáta éaga, ach ní mhairfidh an bhailíocht sin níos faide ná an 31 Nollaig 2014. Beidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, i gcás síneadh a chur leo nó i gcás a n-athnuachana.

Airteagal 40

Athbhreithniú agus tuairisciú

Faoin 2 Meán Fómhair 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2001/95/CE agus maidir le cur i bhfeidhm aon ionstraime Comhphobail ábhartha eile a dhéileálann le faireachas margaidh. Déanfar anailís sa tuarascáil sin, go háirithe, ar chomhréireacht rialacha an Chomhphobail i réimse an fhaireachais margaidh. Más iomchuí, beidh tograí chun na hionstraimí lena mbaineann a leasú agus/nó a chomhdhlúthú, ar mhaithe le rialáil fheabhsaithe agus ar mhaithe le simpliú, leis an tuarascáil. Beidh meastóireacht inti maidir le raon feidhme Chaibidil III den Rialachán seo a leathnú chuig na táirgí go léir.

Faoin 1 Eanáir 2013, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 41

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis d'oibreoirí eacnamaíocha, a bhféadfadh smachtbhannaí coiriúla as sáruithe tromchúiseacha, a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, a bheith san áireamh iontu agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar iad a mhéadú má bhíonn sárú comhchosúil ar fhorálacha an Rialacháin seo déanta ag an oibreoir eacnamaíoch iomchuí roimhe sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 1 Eanáir 2010 agus tabharfaidh sé fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 42

Leasú ar Threoir 2001/95/CE

Cuirfear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE:

‘3.  
I gcás táirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach a bheith ag gabháil leo, glacfaidh na húdaráis inniúla le dithneas iomchuí na bearta oiriúnacha dá dtagraítear i mír 1(b) go (f). Is iad na Ballstáit a chinnfidh an ann do bhaol tromchúiseach, agus gach cás ann féin á mheasúnú acu ar a thuillteanas, agus aird á tabhairt acu ar na treoirlínte dá dtagraítear i bpointe 8 d'Iarscríbhinn II.’.

Airteagal 43

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

Ceanglais atá infheidhme maidir leis an gcomhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14

1. Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.

2. Faoi bhunreacht an chomhlachta, beidh comhlachtaí measúnaithe náisiúnta ó laistigh den Chomhphobal i dteideal a bheith ina gcomhaltaí de, ar an gcoinníoll go gcomhallann siad rialacha agus cuspóirí an chomhlachta agus go gcomhallann siad na coinníollacha eile a leagtar amach anseo agus a bheidh comhaontaithe leis an gCoimisiún sa chomhaontú réime.

3. Rachaidh an comhlacht i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir.

4. Cuirfidh an comhlacht seirbhísí meastóireachta piara ar fáil dá chomhaltaí lena sásófar ceanglais Airteagal 10 agus Airteagal 11.

5. Comhoibreoidh an comhlacht leis an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.




IARSCRÍBHINN II

An marc CE

1. Beidh an marc CE comhdhéanta de na túslitreacha ‘CE’ agus iad san fhoirm seo a leanas:

image

2. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an marc CE cloífear leis na comhréireanna a thugtar sa liníocht chéimnithe atá i mír 1.

3. I gcás nach bhforchuirfear toisí sonracha le reachtaíocht shonrach, beidh an marc CE 5 mm ar airde, ar a laghad.



( ) IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).

( ) IO L 357, 31.12.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 478/2007 (IO L 111, 28.4.2007, lch. 13).

( ) IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.

( ) IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

( ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.